NUID NA GAEDHILGE XI.
--
Cuirimíd os comhair léightheóirí an
IRISLEABHAIR an mhí seo, leathanach eile
den leabhar n-a bhfuaramair cuid an mhí seo
ghaibh tharainn. Ní bhfuighmíd ainm an
scríbhneóra fá bhun an dáin seo acht tá
"Risdeard Pluincead" i n-áit eile ann.
Ní féidir a bheith deimhnitheach dhe gur bh'é
Risteard a scríobh an leathanach so. Is é
rud atá ann tosach an tuirimh do cheap an
tAthair Cathal Mac Ruaidhrígh ar bhás Eoghain
Ruaidh Uí Néill.
TUIREADH EOGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL -
An tAthair Cathal Mac Ruaidhrigh, cct.
Do chaill Éire a céile fíre
Teasgadh a fréamha a haen-chrann díona
Do briseadh sdiúir iúil (?) na críche
Tá sí déarach tré(ith)lag claoite
Is ní thé (hé a) héagnach ar é(a)n-chor do
ním-si.
Acht mo chréacht-ghoin niur (nuair) thréig sí
na saoir-fhir
An mhéirdreach ler tréigeadh na mílte
Do tréigeadh Conn Céad-chathach tríthi
Art Aenfhir an tréan-fhear ba chaoimhe
Cormac a mhac ba thait (hait) an righ sin
Cairbre is Art i gcath Uí Bhaoisgne
'S gach trean-fhear tug Éire ó dhaoirse
'S nach ráinic a dean ar an aoise
Thug fuath do mhacaibh dleachta dísle
Is thug sí searc dar leat do dhaoithibh
Nar dhual ó cheart neart na tíre
As ní fhuil fear dar char don mhnaoi-si
D'fhuil Éireamhon Émhir no Ír ghil
Dá dhaoire chaith seal dá dídean
Nár thréig sise an mhéirdreach mhí-ghlic
Tugadh an léightheóir fe ndeara ná fuil
acht líne amháin don gceathramhain deiridh
thuas san leathanach thall; acht measamair
gur chóir an rann iomlán a thabhairt annso
ar mhaithe leis an gcéill. Tá timcheall 40
rann ar fad ann.