Láimh-scríbhinne i gCambridge. - I.
Giollabrighde Ó Catháin do scríobh.
I leabharlainn móir na hIol-scoile i gCambridge
tá timcheall leath-dhosaon láimh-scríbhinne Nuadh-
Ghaedhilge. Ní ceart do Ghaedhealaibh léigheann agus
filidheacht a n-aithreacha a leigint uatha. Rinne
aimsir an Ghorta scrios a ndóthain ortha, agus badh
chóir dúinn greim a choinghbháil ar a bhfuil fágtha
againn. Seo clár dá bhfuil i gceann de na leabhraibh
úd. Leabhar breágh, quarto, fá chumdach leathair is
eadh é. Ag bun leathanaigh áirithe, tá ainm an scríbh-
neóra san Ogham Órdha: "A gCorcaigh an 9 lá den mhí
August, 1825, Tadhg Ó Cuarthnáin an scríbhneoir." Do
réir dheallraimh, bhí leabhar do scríóbh Donnchadh Ó
Súilliobháin éigin aige, agus leabhar eile do scríobh Micheál
Óg Ó Longáin, mar tagrann sé i nótaíbh do chóip
Mhíchíl Óig agus do scríbhinn Dhonnchadha: Níl san leabhar
so acht amhráin filidhe Muímhneach acht amháin Donnchadh
Mór Ó Dálaigh. Daltaí de Chúirt na mBúrdún an
chuid is mó aca. Tá cunntas cruinn ar an gCúirt
léigheanta so i "Loch Léin" Mhí Shamhna, 1903, agus Mí
Eanair, 1904, ó láimh Riseáird Uí Fhoghludha. Tá a
thuilleadh eólais le fagháil i dtaobh na bhfilidhe so i
Leabhar an Dálaigh "Poets and Poetry of Munster" agus
san "Dictionary of National Biography."
Leathanach 1-8. - Laoi na Seilge. 196 líne:
"A Phádruig gidh adhbhar caoi
Dam bheith riamh i n-éachdaibh árd."
Leathanach 9-17. - Laoi an Deirg. Caithréim an Fhir
Mhóir sonn. Oisín cct. 240 líne:
"D'athreósainn caithréim an fhir mhóir,
Tháinig anonn i gcéadóir."
Tá an laoi so i gcló i "Reliques of Irish Poetry," ag
Charlotte Brooke. Tá a cóip-se níos fuide; tá 300
líne innti
Leathanach 18-22. - Follamh.
Leathanach 23-26. - Agallamh Phádraig is Oisín:
"'Oisín is fada do shuan,
Éirigh suas agus éist an tsailm."
Leathanach 27-29. - Follamh.
Leathanach 30-43. - "An tAgallamh" ar leanmhaint.
Níl an laoi so go léir ann acht amháin timcheall dhá
dtrian de. Tá 21 rann san gcéad chuid: annsoin
fágtar follamh trí leathanaigh agus adeir an scríbhneóir
i nóta Béarla go bhfuil leathanach ar iarraidh 'san
leabhar as a bhfuil sé ag obair. Annsoin leanann sé
air arís, 83 bhéarsa eile. Tá an laoi so i gcló ag
Seághán Ó Dálaigh i leabhar III. de "Publications of
the Ossianic Society." Tá deifridheacht mhór ar fad
idir an dhá chóip. Seachas cora cainnte agus corr-fhocal
i ngach aon bhéarsa beagnach, i n-áiteannaibh áirithe tá
32 rann san leabhar so nach bhfuil ag an nDálach ar
éan-chor. Ar a shon soin is uile is fearr an chóip atá
ag an nDálach ná an ceann so.
Leathanach 44-6. - Follamh.
Leathanach 47-51. - Seanchuidhe suairc éigin cct. 124
líne:
"Fuaras i Saltair Chaisil,
Sean-leabhar áluinn ársaidhe."
SLeathaanch 51-5. - Tuarasdal gach taoisigh san
Mumhan ó Rígh Caisil, an tráth a bheidheas cathughadh
air ó Leath-Chuinn nó ó Allmhuraibh:
"Atá san seanchus suairc sreath,
Ní hainbhfios do gach eolach."
Leathan 56. - Follamh.
Leathanach 57. - Trí haontuighe na hÉireann (cloth-
raigh, dún, machaire, agus rl.) annso.
Leathanach 58. - Trí gártha an Domhain annso.
"Gáir Mhac nIsreal ag a dteannadh i Muir
Ruadh le Maois Mac Amhra ar treitheamh dóibh as an
ndaoisse Éigiptachta.
"Gáir Ifrinn ag á arguin do Chríosd an tan tug
an bhroid as.
"Gáir is truime agus is mó 'na an dhá gháir so .i.
gáir lae bhrátha ag scarthain na bhfíoraon fris na
peacachaibh .i gáir na bhfíoraon ag moladh an
Cóimhdeadh agus ag breith buidhe an choscair agus na
buaidhe rugsat ó dheamhuin: agus nuaill na bpeachtach
ag imtheacht chum péine Ifrinn."
Re ceithre neithe samhaltar glóir an tsaoghail seo
.i. gaoth, deatach, suan agus sruth.
An t-aonnídh ar a measa bheith .i. ar stáid pheaca; agus
An t-aonnídh ar a fearr bheith .i. ar stáid grás.
"Graidh Dia os cionn gach uile nídh, agus chomhursa
mar thú féin." - ÍOSA XRT (Críost).
Leathanach 59-60. - Follamh.
Leathanach 61. - An Dochtúir Céitinn ag cur slán
go hEirínn agus é sa bhFrainnc. 24 líne:
"Mo bheannacht leat a scríbhinn
Go hInis aoibhinn Ealga."
Mícheál Óg Ó Longáin, cct., ar chéithre ráithe na
bliadhna. 16 líne:
"Naoimh an earraigh dom chabhair gach lá le Pól."
Leathanach 62. - Ní fheadar cia chan na rainn seo:
"Ní truagh galair acht grádh folaigh
Uch is fada gur smuain mé
Ní bhead níos sia gan Nóra
Mo ghrádh folaigh don teanga shéimh.
"Thugas grádh, ní fhéadaim d'fholach,
Dá folt cochallach, dá rún leasc,
Dá mailín caol da rosc gorm,
Dá déid shocair dá gnúis tais.
"Tugas fós, gion go n-adhmhaim,
Grádh mar m'anam da píp réidh,
Dá guth ró-bhinn dá béal blasda.
Da hucht sneachtmhar dá cídh géir.
"Uch monuar, ní théid i ndearmad
Mo ghrádh scamallach dá corp geal,
Dá troighthe slím-cheart trácht-thana,
Dá gáire righin, dá crobh tais.
"Bíodh na fionnadh riamh roimhe
Méad mo chumainn di thar cách,
Ní bhfuil, ní bheidh, is níor imthigh
Bean is troime ghoid mo ghrádh."
Leathanach 63. - Micheál Óg Ó Longáin ar bhás an
Athar Phóil Uí Bhriain. 4 ranna:
'Is mó an easbaidh feasda i gCríochaibh Fáil.'
Rugadh Pól Ó Briain i Magh n-Ealta i gConntae na
Midhe, timpeall 1750. Dearbhráthair do Thoirdhealbhach
Ó Cearbhalláin do b'eadh a shean-athair, agus bhí a athair
n-a fheirmeóir beag. Rinne Pól cúrsa staidéir i
gcómhair na sagartachta agus do rinneadh sagart de sa
mbliadhain 1802. Bhí sé n-a Ollamh re Gaedhilg i
gColláiste Mhaighe Nuadhat ar feadh roinnt bhliadhain.
San mbliadhain 1809, do scríobh sé Graiméar Gaedhilge.
Tá amhráin a chum sé le fagháil i dtosach trí nó
ceathair de leabhraibh Gaedhilge a cuireadh i gcló an
t-am úd. Fuair sé bás i Mí na Bealtaine 1820.
Leathanach 64. - An t-Athair Eoghain Ó Caoimh ar bhás
a mhic Artuir.
"An tan nach bhfaicim fear."
agus ranna. Níl acht blúire dhe annso.
Leathanach 65-6. - Uilliam an Dúna cct ar bhás mhic
an Athar Eoghan. 6 ranna.
"A fhir chroidhe mo chléibh, is géar-ghoin ghruama
liom."
Rugadh Eoghan Ó Caoimh i nGleann an Phréacháin, i
gConntae Chorcaighe, 1656. Do phós sé nuair a bhí n-a
ógánach, agus bhí mac aige, Art do b'ainm dó. Bhí sé
curtha roimh an mac so bheith 'na shagart agus chuaidh sé
anonn don bhFhrainnc chun staidéir a dhéanamh; acht
fuair sé bás sul a bhfad i Rochelle san
mbliadhain, 1709. Do scríobh a athair dán go bhfuil
sé bhéarsa déag is dafhichid ann ar bhás a mhic óig,
"An tan nach bhfaicim fear." I gceann tamaill
fuair a bhean bás leis. Do ghlac Eoghan an sagartacht,
agus bhí se n-a shagart paróiste nDún ar Aill, mara
bhfuil sagart léigheannta n-a ionad anois. Sular
dheineadh sagart de, bhí sé n-a Uachtarán ar an
gCúirt filidheachta i Ráth Luirc. Fuair sé bás
Bealtaine 5, 1726.
Leathanach 67. - Ar sheacht lá 'na seachtmhaine. 8
ranna:
"Mar fhoghluim cé thoghas-sa bheith im pheacach de shíor."
Leathanach 68.- Ag so mar ráidhtear ar 12 mhí na
bliadhna. 12 rann:
"A Rígh áluinn fhíor-ghrásaigh is athair na bhfeart."
Leathanach 71-5. - Machtnamh an Duine Dhoilgheasaigh,
Seaghán Ó Coileáín do chum:
"Oidhche dham go doiligh duairc."
Rugadh Seaghán Ó Coileáin i gConntae Chorcaighe,
1754. Bhí a athair n-a fheirmeóir beag, acht tugadh
oideachas maith dá mhac, mar bhí sé siúd ar nós a lán
eile filí Gaedhealacha san am so, ag brath ar bheith n-a
shagart. Acht ní fhuair sé na hÚird Naomhtha: do phós
sé agus bhí clann aige. Bhí sé 'na mhúinteóir scoile i
Maigh Ros i gCáirbreacha. Scríobh sé cuid de Stair
na hÉireann agus Foclóir beag Gaedhilge. Is é chum an
t-amhrán thuas; tá sé i gcló ag an nDálach san
"Irish Miscellany." Chum sé amhráin eile leis.
Fuair sé bás i Scibirín sa mbliadhain 1816(7).
Leathanach 75-80 - Aistriughadh ar an Machtnamh i
mBéarla le Domhnall Ó hIarfhlatha: ceann eile le
Seaghán Caesar.
Leathaanch 81-3. - "Mo bhéith pé 'nÉirinn í." Eoghan
Ó Súilliobháin do chum:
"Is atuirseach géar mo scéal, fóríor!"
Leathanach 84-6. Follamh.
Leathanach 87. - Séafradh Ó Donnchadha an Ghleanna
cct."
"Sin orchradh fa ndoirtim-se mo dhéara dearc."
I líne 8 tá "Dún Mona" i n-iomad "Dún
Meanainn."
Diarmuid Óg Ó Murchadha ag freagradh:
"Ní hí Sorcha is orchradh dom dhéaraibh dearc."
Deir leabhar an Athar Uí Dhuinnin gur Diarmaid Óg
Ó Súilliobháin do b'ainm do'n ughdar so.
L. 18 - 'Ná aen-rud leamh' i n-ionad 'na
claon-rún as.'
L. 19. - 'Ar foirtileacht is forustacht' i n-ionad
'ar forustacht is foirtileacht.'
Leathanach 29. - 'Do ghoineadar' i n-ionad 'má
ghoin.'
Leathanach 32. - 'Is dom chosmhaileacht noír
bh'oircheas duit é mar chath' i n-ionad 'Don chosmhaile-
acht níor loirghthe dhuit.'
Leathanach 89. - An fear céadna cct:
"An suairc-fhear séimh de phréimh-shliocht Lughaidh
na Lann."
Leathanach 90. - Broid Mhuscruidhe:
Is congnamh galair 's is dearbh gur fáth bróin dam
An tan smúinim sealad an mhalairt seo i ndán dóibh
sean
Fúinn na gCaratach seasmhach sáir-cheóltach
I gcunncus Gearaltach feasta go n-áirmheóchar.
Is gach cúil do'n fhearann bean mhasgalach bhláth-
chóisteach
Go rúghach seascair iar n-eascair na n-ár dtreónach
Gan chongnamh leasa i n-eagar ár nglamhóide
Ach tsúil le leanbh 'sa bharra chum mná óige.
Is gur túisge measas-sa sealadh do dhail dóibh-sean
San Mumhain mhir mhaisigh feadh léathnaighthe daín
Eoghain
Le Conn do fealladh i Machaire Maigh Leóna
Na nduthcas d'fhaicsint na dtreubhaibh ar lán-
deóra.
Éamonn Ó Rinn do Chormac Mac Cartha Duindeag-
radhairc, cct.
Leathanach 92-101. - Críocha Déigheannacha an Duine.
256 líne:
"Á dhuine, cuimhnigh ar do chríochaibh déigheannacha."
Tá an dán so i gcló ag an nDálach san Irish
Miscellany.
Leathach 101-116. - Donnchadh Mór Ó Dálaigh, cct.,
ar an mbBreitheamhnas nDéidheannach agus na comharthaí a
thiocfas roimhe. 106 ceathramhna:
"Níor thug an tAthair da ainglibh dísle."
Do chomhnuigh an file mór so i bhFine Bhearra i
gConndae an Chláir. Taoiseach de mhuinntir Dálaigh
i gCorcomruadh do b'eadh é. Deirtar go bhfuil deich
ndán ar fhichid da chuid ar fagháil. Fuair sé bás i
1277 san mBuaille i gCo. Roscomáin: agus tá a uaigh
le feicsint san mainistir mhóir annsoin fós.
Leathanach 116. - A chonntráil so do'n anam bheann-
uighthe ag glacadh a chlídh uime. 7 gceathramhna.
"Adeurfaidh le luthgháir an dólás roimhe sin."
Leathanach 118. - COmhradh an Bhreitheamhan.
ceathramhna:
"Tagaidh fa sheán adéarfaidh an rí ceart."
Leathanach 119. - Do phiantaibh Ifrinn. 19 ceath-
ramhna:
"Beidh le glacadh na gcarn tuigh cíor dubh."
Leathanach 122. - Uilliam Mac Coitir cct:
"Na bearta sin do chleachtainn-se mo chiach de ghnáth
Cearrbhus gan dearmad mar iarsma im dheaidh
Easurruim nach taithneamhach gan fiacha i náit
Is mar bharr air sin ní seachnainn gan iasacht mná.
"Acharann do tharrainginn go dian ar chách
Is teasragan eatortha ní iarrainn tráth
Sparuinneach le caraid is le cliaraibh cháidh
Gallamhain is cailleamhain n-a dhiaidh gan tlás.
"Easpartha ní chanainn-se ná riamh 'na tráith
'S na salma do chanuid fir mar iarraidh crá
Chuim Aifrinn dá ndeachainn is mar mhian do
mhnáibh
Le taithneamh chum a bhfaicsiona 's chum bheith 'na
bpáirt.
"Admhuighim le haitherachas, a Dhia na nGrás,
Freagra do thagra chirt ná fiadaim d'fhagháil
Acht an t-anam so do cheannachais i bpiantaibh
bháis
Ná hagaraidh-se i mbeartaibh clis mo chlia-
chorpáin."
Leathanach 122. - N'fheadar cia chan na ranna so. 4
ceathramhna:
"Atáim ag tuitim, ní hionann is reamh anois."
Leathaanch 123. - Creidim gurab é Donnchadh Mór Ó
Dálaigh do chan na ranna so. 18 ceathramhna:
"Béidh lá díoghaltais d'íoc ar feadh an tsaoghail."
Leathaanch 126. - Donnchadh Mór Ó Dálaigh cct. 36
ceathramhna:
"Rem' cháirdibh cé thráchtaim bheith fíor-aonta."
[Ní críoch.]
Ní hé Dia chum riamh a dhealbh,
Ná d'órduigh an glór n-a theangain,
Acht an d----l do chuir n-a thiarach cealg,
Is beidh go deó aige beó agus marbh.
* * *
An tamall im ghlaic do mhair an ghlé-phinginn,
Ba ghreannamhar gart' dar leat mo thréithe-se,
Do labharainn Laidean ghasta is Béarla glic,
Is do thairnginn dais badh chleas ar chléireachaibh.
--