Scoil
na
Suadh.
RAGHAINN-SE 'GUS CITÍ 'BHÁLCAEREACHT.
Go subháilceach. An tAthair Tadhg Ó Súilliobháin.
1.
Ó Raghainnse 'gus Cití 'bhálcaeracht faoi fhairseag an t-sléibhe ó thuaidh
Mar a mbíonn an nead ag an ngéirsigh san fiolar ag éighamh sa chuas
Nó 'ngarráinín choille nár n-aonar mar a d-téidhid na h-éin chun suain
As mise a guidheachtaint cun Dé - Óigh solas an lae bhreith uainn.
2.
Tá sneachta 'gus sioc ar na sléibhtibh is mise liom féin dá siubhal
Féachaint cá bhfeicfinn mo laogh geal go triopalach phéarlach fionn
Ba ghile liom chugham í na Bhéanus 's ba bhinne í air a beal ná an lúit
'Sdá bhfaghain-se mo chumann do bhréagadh do lubfainn a géaga chugham
3.
Ó ceannóghad-sa bheiste 'gus bríste a mhairfidh fead síl na bhfear
An fhéasóg ní bhearrfaidh mé díom féin go bfásfaidh sí míle ar fad
Fagfaidh mé 'r sileadh liom síos í mar a bheadh lonnradh ar chaora ghlas
Mar a bhfaghadh-sa bheaninsan tír seo go rachaidh mé síos amach.
Fuaireas an t-amhrán so idir ceol agus focail san mbaile i nUíbh Ráthaigh cúpla bliadhain ó shoin agus me
ar laetheanta saoire ann ó Lunndain. Tá na céadta eile i gCiaruidhe fós gan scríobhadh, agus badh cóir
iarracht a dhéanamh chun iad do chur síos. Ná dheintar ath-chló-bhualadh ar an amhrán so gan cead.
T. Ó S.