Mo Rún Geal Díleas
Mo rún geal díleas, díleas, díleas,
Mo rún geal díleas, nach bhfillfidh tú anall;
Ní fhillfead féin leat, a ghaoil, ní fhéadainn,
Ochón an ghaol sin, tá mise tinn.
Is truagh nach raibh mé 's mo rogha chéile,
Air mhullach sléibhte na mbeannta mór,
'S gan bheith 'gár n-éisteacht acht éin na spéartha
'S go dtugfainn féin dí na ceudta póg,
Mo rún geal díleas, agus rl.
Thug mé corr agus naoi míosa,
Ins na hInnsibh ab fhuide thall,
'S bean ba bhóidhche d'éadan ní raibh le faotainn,
'S ged gheobhaim saoghal ní fhanfainn ann,
Mo rún geal díleas, agus rl.
Thug mé mí ann im' fhiabhrus claoidhthe,
Gan dúil liom oidhche go mbéidhinn beó,
B'é fáth mo smaointe de lá is d'oidhche,
Go bhfuighinn faoiseamh 's tú bheith im' chóir.
Mo rún geal díleas, agus rl.
[Dán ó'n nGaedhealtacht an dán so as "Amhránuidhe
Mac Léighinn na hAlbann." D'atharruigh an tOllamh
Blackie go Béarla é.]
Faotainn, fagháil; faoiseamh, biseach; leasughadh,
im' chóir, im' fhochair, i ngar dom.
Giolla Bhrighde Ua Catháin.