MO MHALLAÍ BHEAG ÓG.
I gcuirmibh cheóil nuair a cabhruigheann Gaedhil n-a
hAlbann le Gaedhealaibh na hÉireann is minic a
chloisimíd an dán fíor-áluinn seo. Fuaras i gcló é
agus cúntas gearr 'n-a thaobh i leabhar Albanach ar a
dtugthar "Sár-obair na mBárd Gaedhealach." Bhí
óigfhear ann timcheall céad bliadhain ó shoin, agus
chuaidh sé 'n-a shaighdiúr i n-arm Shasanna. D'éirigh an
t-ádh go maith leis, agus rinneadh leiftineant de.
Tháinig sé ar ais do'n Ghaedhealtacht, agus thug sé
grádh mór d'inghin tighearna talmhan 'n-a áit dhúthchais.
Acht níor thaithin an t-ogánach le n-a hathair; bhí sé ró-
dhealbh, agus 'n-a dhuine úirísiol. Fá dheireadh, ar
maidin Dhomhnaigh éigin, d'éaluigh an cailín uasal leis,
agus pósadh iad. Tar éis bhreicfheasta thug a hathair
fé ndeara go raibh a inghean imthighthe. Chruinnigh sé
a mhuinntir féin, agus amach leó 'n-a ndiaidh. Bhíodar
ag leigint a sgíthe i ngleanntáinín nuair tháinig an
duine uasal suas leó. Do chosain an t-ógánach é
féin agus a chéile, acht i gan-fhios dó féin, sháith sé a
chlaidheamh tré ucht an chailín, agus thuit sí marbh.
Cuireadh i bpríosún é, acht is amhlaidh bhí sé as a
mheamhair. Sular chrochadh é rinne sé an t-amhrán so.
Deirtear gur fonn Éireannach atá air: -
Nach truagh leat mé 's mé i bpríosún,
A Mhallaí bheag óg.
Do cháirde ag cur binn'orm,
Mo chuid de'n tsaoghal thú.
A bhean na malaí míne,
'S na bpóga mar na fióguis,
'S tú nach bhfágfadh síos mé
Le mí-rúin do bheóil.
Dia Domhnaigh ins an ghleann dúinn,
A Mhallaí bheag óg,
Nuair thoisigh mé ar chainnt leat,
Mo chuid de'n tsaoghal mhór.
Nuair d'fhosgail mé mo shúile,
'S a sheall mé ar mo chúl-taobh
Bhí marcach an eich cruthaigh
'Teacht dlúth ar mo lórg.
'S mise bhí ar mo bhuaidhreadh,
A Mhallaí bheag óg,
Nuair théidheann an sluagh ar chuairt dúinn,
A ríbhinn ghlan, úr.
Is truagh nach ins an uair úd
A thuit mo lámh óm' ghualainn.
Nuair thárla dhom thú bhualadh,
A Mhallaí bheag óg.
Gur bóidhche liom a d'fhás tú,
A Mhallaí bheag óg,
Ná 'n lile ins an fhásach,
A chéad-ghrádh is a rúin;
Mar aiteal geal na gréine,
Ins an mhaidiin chiúin ag éirighe,
Ba súd do dhreach is d'éagais,
A Mhallaí bheag óg.
'S mise a thug an gaol
Do mo Mhallaí bhig óig,
Nach dealfaidh liom san tsaoghal,
Mo nighean bhóidheach thú,
Tá d'fholt ar dhreach na dtéada,
Do ghruadha mar na caora,
Do shúile flaitheamhail, aobhach,
'S do bhéal-labhairt ciúin,
Shiúbhlfainn leat an saoghal,
A Mhallaí bheag óg!
Chomh fad is cúl na gréine,
A ghéag is áille gnúis!
Rithfinn agus léimfinn
Mar fiadh ar bhárr na sléibhte,
Ar ghaol 's go mbeidhinn réidh 's tú,
A Mhallaí bheag óg.
'S truagh a rinn do cháirde,
A Mhallaí bheag óg,
Nuair thoirmisc siad do ghrádh dhom,
Mo chuid de'n tsaoghal thú;
Dá dtugfadh siad do lámh dhom
Ní bheinn-se ins an am so
Fá bhinn ar son mo ghrádh dhuit,
A Mhallaí bheag óg.
Gid 'bheirtí mé ó'n bhás so,
A Mhallaí bheag óg,
Ní iarrfainn tuilleadh dálach,
A chéad ghrádh 's a rúin,
B'annsa an saoghal so fhágail,
'S go bhfeicfinn d'éadan grádhach,
Gan chuimhne bheith ar an lá sin
'Nar fhág mé thú i n-úir.
Binne = breitheamhntas; mala, eyebrow; fíoguis;
figs (?); Bóidhche = níos áilne; aiteal, ray; coara
(coaran), cranberries; gaol = grádh; seall, look;
gid bheirtí = dá dtugtaoi.
GIOLLA BRIGHDE UA CATHÁIN.
Tá fonn an amhráin áluinn thuas maraon leis an
gcuma n-a raibh an t-amhrán i measc muinntir na
hÉireann ar fagháil san dara roinn de'n "Irish
Minstrel." Geobhthar ar leath-thuistiún ó Chonrnadh na
Gaedhilge é.