"SÚIL UÍ DHÚDA LE ÁRD NA RÍOGH".
Seo sean-fhocal do bíodh 'ghá rádh le mo
linn-sa i measg na ndaoinidh fad ó i
dtuaith-Chonnacht le aon duine do bheadh ag
súil le rud ar bith míodhoicheamhail, do réir
cáil. Ba mhinic adubhradh liom fhéin é go
deimhin, acht fágamuid sin mar atá sé.
An sgéal seo thíos mar ádhbhar leis do
chualas ó chailín óg nuair do bhí mé 'mo
ghasúr, is tugam doíbh é mar d'innis sí dham
é.
Fad ó ba le muinntir Dhúda dúithche Thír
Amhalghaidh is bhíodar 'n-a gcomhnuidhe i nÁrd
na Ríogh ar bhruach na Muaidhe cois na
fairrge leis na cianta faoi chliú agus
onóir. Thárlaidh tra, go mba fear óg an
tighearna do bhí os a gcionn agus ba fear
breagh cródha geanamhail é acht ní raibh sé
pósta, cí go mb'fhurus dó a rogha de mhnaoi
fhagháil i measg uaisle na hÉireann. Bhí a
mhuinntir a' síor-ghabháil do chleamhnais do
dhéanamh dhó, acht ní raibh deifir ar bith air
féin, b'fhearr leis bheith ag fiadhach 's ag
iasgaireacht leis fhéin cois na trágha nó
a bheith ag éisteacht leó.
Lá dá raibh sé ag dul amach mar seo le
n'adharc 's a ghadhar le n-a chois lean a
chomhdhalta é go bhfeicfeadh sé cad do bhí ar
cois aige, mar go raibh imnidhe air dá thaobh.
Chualaidh sé adharc Uí Dhúda Óig dá séideadh
gan mhoill ar an tráigh is dhruid sé suas
leis i gan fhios dó faoi sgáth na carraicne,
is cad do chífeadh sé acht maighdean mara
ag tigheacht ar bharr an uisge 's ag siubhal
isteach chuig an tighearna óig. Chuir seisean
fáilte go caoin roimpi, is b'fhurus do'n
ghiolla aithneachtáil go mba mór an grádh
do bhí aca ar a chéile.
Bhí falluinn dearg ar a brághaid is
cochuilín glas-uaithne ar a ceann ar dhath
dhoimhneacht na fairrge, 's an cúl gruaige
ba bhreaghdha dá bhfacaidh sé ariamh a' tuitim
síos taobh thiar dhí. Thug sí barr ar mhná
saoghalta an domhain, le sgéimhacht is áil-
neacht, acht amháin go mba léur do'n comh-
dalta go raibh a dá shúil ar dhath chéadna na
fairrge do bhí i gcochuilín a cinn. D'fhan-
adar ag comhrádh le chéile ar feadh tamaill
fada, acht faoi dheireadh sgaradar ó chéile,
is chuaidh an mhaighdean mara amach ar an
sáile as a radharc, is thiompuigh Ua Dúda
ar a chois le dul abhaile. Chonnaic sé an
giolla air chúl na carraice, 's ba mhór
an fhearg do bhí air leis ar é leanamhaint.
Acht má bhí thug seision musán 's comhairle
dhó, nár chóir nó ceart dho fhear dá shliocht
agus dá chreideamh caidreamh ar bith do
bheith aige le bean draoidheachta; acht ní
raibh mórán maitheas dó ann. D'iarr sé
air comhairle do ghlacan ó shean-draoi do
bhí 'n-a chomhnuidhe leis féin i mbothach i
lár coille i n-aice leó, mar dubhradh go
raibh fios aige. (1).
Rinne Ua Dúda ann, 's ba hé comhairle
an draoi an cochuilín fhagháil uaithi ar chaoi
éigin, is gan é a leigean as a radharc, ó is
ann do bhí an draoidheacht, is go mbéadh sí
toilteanach maireachtáil ar thalamh ó shin
amach, gan tnúgh dul ar a hais dá tír fhéin
choidhche, acht gan é dhóghadh mar go mba
baoghalach gur bh'ionann saoghal di fhéin is
do'n bhairéidín.
Gheall Ua Dúda gach nídh de sin do
chóimhlíonadh, is lá ar n-a bhárach nuair do
tháinic siad le chéile ar an tráigh, d'iarr sé
uirthi an cochuilín do thoisbeint dó. Thug sí
dhó é i n-a láimh is chuir sé i n-a phóca é.
Ar an bhall bhreathnuigh sé gur thiompuigh
dath a súile ó'n ghlas-uaithne a bhí ionnta go
dath nádúrtha, mar shúile dhuine shaoghalta.
Thug sé leis í 'un an eaglais annsin agus
baisteadh í, is 'réis tamall pósadh iad agus
mhaireadar le chéile faoi shéan is aoibhneas
ar feadh roinnt mhaith do bhliadhanta. Ní rabh
de chloinn aca acht aon mhac amháin, a rabh
stró mór aca as, acht choinnigh an t-athair
an cochuilín draoidheachta i bhfalach uatha go
cúramach faoi ghlas i gcófra iarainn i n-a
sheomra fhéin.
Nuair do bhí an mac seacht nó ocht
mbliadhanta d'aois thárlaidh lá go rabh
muinntir Dhúda le sealg mór a dhéanamh, agus
ar imtheacht amach do'n tighearna theastuigh
earra éigin uaidh as an gcófra. D'fhosgail
sé é is thóig sé leis an rud a rabh sé 'na
dhiaidh, acht d'fhág sé an eochair sáithte ins
in bpoll 'na dhiaidh leis an mhéid deifreach
do bhí air.
Bhí sé tamall maith ó'n dún nuair do
chuimhnigh sé ar an dearmad do rinne sé, is
chogruigh sé leis an gcomhdhalta a leith-
sgeul do ghlacan le muinntir na sealgan
mar b'éigin dó fhéin filleadh ar ais. Thiom-
puigh sé ar an ball is thiomáin sé a bhaile le
luas reatha a chapaill. Nuair do thúirling
sé ag a thigh ruith sé isteach, is d'iarr sé
de'n mhalrac: "A mhic mo chroidhe, cá
bhfuil do mháthair"?
"Bhí sí ag an gcófra dubh tá tamhaill ó
shin," ar san páiste, "agus fuair sí bar-
éidín glas-uaithne deas ann, acht chomh luath
is chuir sí ar a ceann é ruith sí amach go
tapaidh gan labhairt liom."
"Teanam liom-sa 'na diaidh," ag breith
greim láimhe ar an malrach. Chuadar síos 'un
na trágha go dtí an cuan 'nar chasadh leis í
ar túis. Ní rabhadar abhfad ann go dtáinic
sí 'aca os cionn an uisge is d'iarr a fear
uirthi teacht a bhaile leis. "Ní rachad," ar
sise, acht tarraigh thusa liom-sa 'dho mo thír
fhéin is ní thiocfaidh aois nó meath ort fhad is
bhéas uisge ins an fhairrge mhóir. Chuir sí
i n-umhail dó an t-aoibhneas is an t-áthas do
bhéadh aca ann.
"Leat-sa ní rachad," ar seisean, "mar
go mb'fhearr liom-sa aon lá amháin i dTír
Amhalghaidh, is oidhche i nÁrd na Ríogh nó
bliadhain is fiche i dtír eile, dá mhéid a
áilneacht is e aoibhneas."
"Muna dtiocfaidh tú fhéin leig mo mhac
liom," ar sí.
"Ní leigfead," ar sé, "mar nach bhfuil
agam de oighre acht é le fágáil 'mo dhiaidh
os cionn muinntir Dhúda nuair rachas mise
faoi an gcré."
"Dá mhéid bhur ngean ar Árd na Ríogh,"
ar sí, "geallaim-se anois duit go gcaithfidh
do shliocht a thréigean is a fhágáil faoi réim
na gcoimhthigheacht is na nGall; is cuirim
mar gheasa ortha nach mbéidh duine aca nach
mbeidh súil aige ar ais leis, gan a fhagháil
choidhche go dtiocfadh mise ar ais."
D'imthigh sí léi ar bharr an uisge ag
caoineadh ós árd a cinn go ndeachaidh sí as
a n-amharc agus ní facas ó shin í.