AN GOIRTÍN EÓRNADH.
Gléas F. An tAthair Tomás Mac 'Liam
do sholáthruigh agus do ghléas.
Ní dod' ghoirtín eórnadh, a stóirín do thugas grádh, Ná
dod' chúpla cóifrín de'n ór bhuidhe dá mbéidís lán; Do
chapaill ná do bhólacht go deó deó ní chuirfinn i bfáth, Acht
blas do chúpla póigín ba dhóigh liom gur b'iad do b'fhearr.
II.
Is buachaillín fíor-óg mé, go bhfóiridh orm Rí na nGrás,
Do thug searc do cailín óg i dtigh 'n ósta le comhrádh gearr;
Ní raibh hata uirthi ná clóca ná búclaí buidhe déanta 'phrás,
Acht téip i gcluais a bróige, sí mo stór í go bhfaghaidh mé bás.
III.
Móra dhuit-se éinín ag léimrigh ó thonn go tonn,
Dá 'neosainn brigh mo scéil duit dob' fhéidir go ndéanfá rún;
Beir litir uaim fé shéala go cúl-chraobhach na bhfolta fionn,
Go bhfuil mo chroidhe dá chéasadh, is nach féidir liom codladh ciúin.
IV.
Do raghainn-se do'n Ghréig duit, mo chéadshearc 's mo mhíle stór,
'S do thiocfainn thar n-ais dod' fhéachaint, 's ag éisteacht le fuaim do cheóil
Ní iarrfainn-se mar spré leat acht céad agus dá mhíle póg,
'S a rúin na mban gan éan-locht ná tréig-se do bhuachaill óg.
V.
Tá gaoth a ndeas is tóirneach is mór-shruth le habhainn na Laoi,
Sneachtadh ar na mbóithribh 'gus mór-shioc dá mheascadh tríd;
Ní fhanann fuaim ag róintibh na ceólta ag éin ar chraoibh,
Ó chailleas-sa mo stóirín, sí thógfhadh an ceó dem' chroidhe.
Nóta. - Tá an fonn so i gcló cheana, acht amhrán Béarla atá leis agus loiteadh scóip an fhuinn fé'n
ngléas do cuireadh air. Cuireadh an fonn síos i n-áit éigin i gCo. Chorcaighe timcheall na bliadhna 1840.
Fuaras na focail thuas i "bhFáinne an Lae."
T. Mac L.