DINNSEANCHAS.
Connradh na Gaedhilge,
Mainistir Fhearmuighe,
12/10/02.
A chara, - Tháinig an tIrisleabhar ar maidin agus chím
Domhnach Gharbáin i measc bhailte Phortláirge.
N'fheadar féin an ceart é sin. An bhfuil aon
ughdarás leis acht go dtugaid muintir na nDéise -
cuid aca - "domhn" air? Tugaid na daoine céadna
"abhsáid" ar "úsaid" "bonntaiste" ar "búntáiste"
"abharlár" ar "úrlár," etc., agus deir mór-chuid de
mhuintir na nDéise agus muintir Chorcaighe go léir "Dún."
Rud eile: is "Dún" bhí ag Tadhg Gaedhealach: "Mo
shlán le Dún na méith-bhreac;" agus ag Uilliam Inglis
Cois na Brighde) "buachaill bríoghmar ó Dhún na
mbád," agus do réir an tSeóghaigh is "Dún" atá i
nAnnálaibh Ríoghachta Éireann.
An bhfuil "Domhnac Gharbháin" ins an litridheacht
i n-éan-áit?
Níor mhór dúinn iarracht mhaith do tabhairt ar gach
ainm do bheith go cruinn beacht againn, agus táir-se 'ghá
dhéanamh soin an fhaid atáir i mbun an Irisleabhair acht
éan-ainm atá socair ní bhainfinn léi go bhfaghainn cúis
mhaith 'n-a choinne.
Chím go bhfuil Tórna i mbun an Irisleabhair anois
acht measaim gur fearr an líne seo chur ag triall ort
féin.
Mise,
PÁDRAIG MAC SUIBHNE.
Seósamh Laoide.
Is fíor do Phádraig Mac Suibhne "Dún-Gharbháin"
an ceart, dar ndóigh. - S. L.