An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 13, 1899
Sasanaigh agus Seóiníní
Ní'l ann acht tamall geárr ó bhí buidhean d'fhearaibh
óga agus de mhnáibh óga ag dul ar choimhtionól ag cur
craoibhe de Chonnradh na Gaedhilge ar bun sa mbaile
mór ba ghoire d'á n-áit-chomhnuidhe féin. Tháinig drong
de mhuinntir éirghe i n-áirde na háite sin agus thosuigheadar
ag magadh agus ag gáire fútha. Níor chuir sin ceann faoi
ná náire ar bith ar na Gaedhilgeoiribh, acht is baoghlach
go gcuirfeadh sé toirmeasg ar chuid éigin de na chómh-
ursanaibh fá dhul i bpáirt leó.
Ní'l aon smaoineadh is treise i n-aigneadh Gaedheal
ná an náire. Nuair do bhí an réim acu féin i nÉirinn
fad ó, masladh dá laighead dá gcuirfeadh deargadh ar
ghnúis duine, b'éigin do'n mhasluightheoir íoc as.
Againn-ne badh cheart congnamh na náire do bheith agus
ní ag ár námhaid. Caithfimíd cumhachta na náire do
chasadh i n-aghaidh lucht tréigthe na Gaedhilge. Sasanaigh,
Goill, Seóníní, Buicíní, agus gach ainm de'n tsórt soin,
badh cheart dúinn do thabhairt ortha i gcomhnuidhe. Má
bheirmid is gearr go mbeidh a mhalairt de ghnó acu
seachas magadh fá'n nGaedhilg.