AN CHORR ÉISG.
Bhí an chorr éisg tamallt agus cha rabh éan
ar bith ab' fhéarr snámh nó í agus cha rabh snámh
ar bith ag an fhaoileadán. Chuaidh an faoi-
leadán chuici agus d'iarr sé tamallt do'n
tsnám uirthi go deireadh an lae. Thug an
chorr éisg dó é. Thainic an chorr éisg chuige
i ndeireadh an lae 'un a cuid snámha a
dh'fhagháil ar ais.
"Oro, a amadáin chóir," ars' an faoi-
leadán léithi, "'ar ndóigh, chan go deireadh
an lae a d'iarr mé do chuid snámha, acht go
deireadh an domhain!"
Agus ó'n lá sin go dtí an lá seo cha
dtige leis an chuirr éisg snámh.
An faoileadán bán is a chionn ar a' tsnámh,
Agus é 'g dul a shnámh le sailor.