BEAN AN FHIR RUAIDH.
AN SGÉAL.
Bhí dá tháilliúr ann agus iad ag obair i dteach
duine uasail agus bhí fear acú ruadh agus fear acú
dubh. Bhí an fear dubh ag brath ar inghin an
duine uasail.
Nuair a bhí an fear dubh ag imtheacht, chuir
an fear ruadh na sponógaí airgid i n-a
phóca a gan fhios dó. Annsin d'innis sé
do'n duine uasal i ndéidh a imtheacht gur
ghoid sé na sponógaí. Chuir an duine uasal
annsin buachaill nó beirt i ndéidh an fhir duibh
agus thainic siad suas leis, agus, nuair a chuartuigh
siad, fuair siad na sponógaí i n-a phóca.
Thug siad ar ais é agus cuireadh 'un an phríosúin
annsin é. Pósadh an fear ruadh agus inghean an
duine uasail sol má dtainic sé ar ais.
Nuair a bhí an chulaith éadaigh deánta ag
an fhear dubh, d'imthigh siad, é fhéin agus bean an
fhir ruaidh, agus d'fhág siad an fear ruadh annsin
's a pháiste. D'imthigh an fear ruadh 'na
ndéidh annsin agus lean an fear ruadh iad.
Sháruigh air teacht suas leóbhtha. Nuair a
thainic sé go Log na gCoileach, an áit i bhfuil
carraiceacha móra, bheir sé greim cos ar an
pháiste agus bhuail sé a chionn i n-aghaidh na
gcarraiceach go dtí gur bhain an inchinn as.
AN t-AMHRÁN.
Nuair a bhím-se thart thíos i bpríosún cean-
gailte cruaidh,
Boltaí ar mo chaol agus míle glas as sin suas,
Óró, bhéarfainn an sgríob sin, mar d'éir-
eachadh an eala de'n chuan,
Go sínfinn mo thaobh seal síos le bean an
fhir ruaidh.
'S tráth bhím-se thart thuas ar cuairt i
gCondae na Midhe
Is cluinim an fear ruadh d'á luadh le grádh
geal mo chroidhe,
Suaimhneas ní fhághaim ná támh a chodladh 'san
oidh'e, -
'Sí bean an fhir ruaidh a rinne gual díom
i n-aice mo chroidhe.
Tá crann ins an ghárrdhaidh a bhfásann air
an bláth buidhe, -
Nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach
mbristear mo chroidhe;
Ór buidhe na hÉireann 's bíodh agam-sa go
dtabhairfinn é uaim,
Ar acht síneadh síos seal míosa le bean an
fhir ruaidh.
A choinneal gan smál a bhfuil an deallradh
deas ar do ghruaidh,
An feasach tú nídh ar bith a chlaoidhfeadh
aigneadh an fhir ruaidh?
Gan éinneach ar ar ngaobhar acht Brighid agus
duilleabhar na gcrann,
An fear ruadh bheith 'sa' díogaidh sínte agus
leac os a chionn.
Ó's táilliúr beag aereach mé ag déanamh
éadaigh i dtigh an fhir ruaidh,
Thug mise spéis d'á béilín meala gan
gruaim;
Thug mé mo ghrádh go léir d'á béilín budh
bhinne 'ná an chuach,
'S a charaid mo chléibh, an é nach n-éalócha
liom-sa ó'n fhear ruadh?