AN ÓIG-BHEAN GAN BHÉIM.
Tá óig-bhean gan bhéim,
'S is ró-dheas a céibh,
'S í deánta 'na méid scafánta;
A súile 's a béal,
A lámha 's a méar,
Gáire 's déad deas aicí;
Fáinne faoi an ghréin,
Deallradh de'n sgéimh,
Cuachta i n-a céibh bachallaigh;
'Sé monuar ghéar!
Gan mé 'mo luighe lé n-a taobh,
Dúiscthí lé chéile aigionta.
Suidh lé mo thaobh,
Deanamuid é.
Ná smuainigh gur mé an malairteach;
Ná taobh leis a' té
A d'ólfadh do spré,
Plásaidhe 's a bhéal carthannach;
Sheolfainn-se féin
Bólacht is sréad,
Is chóireochainn céachta ceartuighstí;
'S nach cóir, socair, séimh,
A phógfainn do bhéal,
Trathnóna 'gus mé geal-ghnúiseamhail?
Má phósann tú léab
De óig-fhear gan fhéidhm,
Is dóigh liom go mbéidh ort aithreachas;
Béidh srón air 'do dhiaigh
A' cródán 's ag éad,
Breoightí go héag, aircíosach:
B'fhearr dhuit-se Gaodhal
Stuama mar mé,
Suairceas nach mbéidheadh ceachardhach,
Ná tuata gan fhéidhm,
Gan saidhbhreas, gan séimh,
Smúideamhail go héag, aircíosach.
'Sé monuar géar!
Gan mé 's rúin-searc mo chléibh,
I ngleanntán na raegh scaillteánach;
Ná i lúbaibh na n-éan,
A bhfásann sugh-craobh,
A mbidheann londubh 's gé is is nead acú,
Pléráca dhúinn féin,
Craobhacha 's géag,
Luachair is féar craithtí orthuí;
'S nár bh'aoibhinn ar ngléas,
Ráithe linn féin,
Dúiscthe lé céile, aigionta?
Conall Mac Néillis as a' t-Sealgán a thug domh a'
t-amhrán seo. Deir sé gur'b é Tadhg Ó Tiománaidhe,
file fíor-chliuiteach a bhí 'na chomhnaidhe i nGleann
Fhinne, bliadhanta ó shoin, a rinne é.
D. Ó M.