AN BHAINIS PÓSTA BHÍ i gCÁNA.
Gléas F. Caintic Ghreagórach (?). Máirghréad Ní Bhuain do ghléas.
I. Bhí Íosa 'gus an Óigh nachar dhána Ar bhainis pósta bhí i gCána.
II. Do theastuigh fíon ó fhear an fhéasta; Do labhair a mháthair 's ba chiúin a béasa.
III. "A Mhic mo chroidhe, ó's tú tá críonna, Tá'n áit seo buaidheartha dh'easbhaidh fíona."
IV. "Goidé sin dúinne cás an bhuaidheartha; Ní thainic m'uair-se, tús gach tréartha."
V. D'éirigh an Óigh do thuill gach buaide,
'S le comaoin an fhéasta ghlac sí truaighe.
VI. "Ins an chruinniughadh so tá buachaill bláthmhar;
Iarr thusa cuidiughadh air, agus tá sé ádhmhar."
VII. Ghlac lúthgháir mhór an fear fá'n nídh sin,
Agus labhair sé go leathtaobhach le hÍosa.
VIII. "Tá míochomhgar fíona ins an áit seo;
Tá mé folamh, a mhic, 's mé cráidhte."
IX. D'éirigh Sé suas gan sgléip gan iongnadh,
Is d'iarr ortha a gcuid soightheach folamh do líonadh.
X. Do líon siad suas le huisge lán iad,
'S do bheannuigh Seisean le n-a láimh iad.
XI. Do rinne dhíobhtha fíon glan blasda láidir;
Do chuaidh a threis os cionn an nádúir.
XII. Sin an chéad mhiorbhailte rinne Mac na hÓighe,
Go molfadh an saoghal Mac Ríogh na Glóire.
Amén.
TAGRA.
Ó bhéal-aithris Chonaill Mhig Eántaigh ("Conall Gaedhealach") i dTamhnach Mhullaigh i neasacht do
Dhún na nGall.
IV. Tréartha .i. gníomh mór, cearduigheacht, stuaim. VIII. Míochomhgar .i. angar, díth. IX. sGLÉIP:
"stráic" is mó deirtear i dTír Chonaill; "tá sgléip mhór leis" = "tá stráic mhór leis" (C. Mag E.)
XI. Treis .i. láidre. XII. Miorbhailte = miorbhail, miorbhaile; cmh. biotáilte = biotáille.