An Gruagach Uasal.
Gléas f. Dearbh-cheól sídhe. Éamonn De hAlbha do ghléas.
I.
Bhí mé lá breagh 'g dul an bóthar,
'S óró, lionn dubh buidhe,
Agus casadh 'n gruagach uasal óg damh,
'S óró, grádh mo chroidhe.
II.
D'fhiafruigh sé díom an inghean damh an óigbhean,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Agus dubhairt mé féin gur bh'í mo bhean phósta,
'S óró' grádh mo chroidhe!
III.
D'iarr sé iasacht bliadhain nó dhó orm,
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Ó, cha deánaim sin, acht deánfaidh mé an chóir leat,"
'S óró' grádh mo chroidhe!
IV.
"Téidh thusa an t-ísleacht agus rachaidh mise an bóthar,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Agus cibé leanfas sí bíodh sí go deó aige,"
'S óró, grádh mo chroidhe!
V.
Chuaidh seisean an t-ísleacht agus chuaidh mise an bóthar,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Agus lean sí an gruagach, ó's aige bhí an óige,
'S óró' grádh mo chroidhe!
VI.
D'fhan sí ar siubhal annsin lán a trí ráithe,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Agus thainic sí a bhaile ar ais, Máire gan náire,
'S óró' gradh mo chroidhe!
VII.
D'fhiafruigh sí díom fhéin caidé mar bhí an tsláinte,
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Mar is maith le mo charaid 's is olc le mo námhaid,"
'S óró, grádh mo chroidhe!
VIII.
"Caidé dheánfá dá bhfuighinn-se bás uait?"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Tá, go gcuirfinn comhra breagh na gcúig clár ort,"
'S óró' grádh mo chroidhe!
IX.
Nuair a chuala mé féin na briathra breághtha,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Luigh mé siar is fuair mé an bás sin,
'S óró' grádh mo chroidhe!
X.
Chuaidh beirt chum na coilleadh fá choinne an ádhmaid,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Leath-mhaide cuilinn agus leath-mhaide feárnais,
'S óró' grádh mo chroidhe!
XI.
Chuir siad isteach i gcómhra chláir mé,
'S óró, lionn dubh buidhe!
Agus i gceithre slataibh de'n tsacadh budh ghráice,
'S óró, grádh mo chroidhe!
XII.
"Tógaidh suas ar bhar nguailnibh go hárd é,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Agus caithidh 'sa' pholl is deise de'n tsráid é,"
'S óró, grádh mo chroidhe!
XIII.
"Fan! fan! leigidh sios arís ar lár mé,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Nó go n-innsidh mé sgéal beag eile ar na mnáibh díbh,"
'S óró, grádh mo chroidhe!
XIV.
"Sgéal beag indiu agus sgéal beag i mbárach,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Agus sgéal beag eile gach aon lá ar an ráithe,"
'S óró, grádh mo chroidhe!
XV.
"Is minic a chuaidh bó mhaith thar an tórainn,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"Is d'fhill sí arís 'san dóigh ar chóir dhi,"
'S óró, grádh mo chroide!
XVI.
"Munab é gur bean a bhí in mo mhaithrín,"
'S óró, lionn dubh buidhe!
"D'innseochainn sgéal beag eile ar na mnáibh díbh,"
'S oro, grádh mo chroidhe!
XVII.
Cuach indiu agus cuach i mbárach,
'S óro, lionn dubh buidhe!
Is cuach bheag eile go ceann trí ráithe
'S a cuach mo lionn dubh buidhe!
Tagra.
Fuair Éamonn De hAlbha an t-amhrán seo i dToirinis
nó i n-Oileán Toraidhe, mar glaodhtar anois air, agus
chuir sé i gcló é, idir cheól agus focail, 'san Irish Home-
stead (A Celtic Christmas, 1901). Do dhearbhuigh na
hoileánaigh go léir dó gur cheól sídhe dáríribh an port,
.i. gurab ó'n sluagh sidhe do foghluimeadh é oidhche éigin.
Do cuireadh na focail i gcló ar chuma eile i n-Iris-
leabhar na Gaedhilge, Iúl, 1892 - ó Dhún na Manach i dTír
Eoghain an chuma sain. Do churieas i gcóimhmeas le
n-a chéile an déanamh sain agus déanamh Oileáin Toraidhe
de réir mar fuair Éamonn de hAlbha é, agus fuaras XV.
agus XVII. 'sa' bhreis ó Dhún na Manach ("Cuach mo lionn
dubh buidhe" atá i ndeireadh gach ceathramhan ó'n áit
úd). Ní raibh mórán deithbhire eatorra: "fearnóige
i n-áit "fearnais" X. agus "gnáthaighe" i n-áit "ghráice"
(= níos gránda) an cuid is mó dhi. S.L.