LOCH BHEIL SÉAD AGUS A DHRAOIDHEACHT.
Bhí cúipéaraidhe éigin 'na chomhnaidhe i 
n-Albain uair agus buachaill ar aimsir aige.
Bhí an buachaill thall i n-Albain ag obair.  Bhí,
agus d'iarr an cúipéaraidhe air na fonnsaidhe 
chur anonn d'ionnsuidhe air.  Dubhairt an 
buachaill nach raibh a fhios aige goidé mar 
gheobhadh seisean anonn na fonnsaidhe go 
hAlbain.  D'iarr an cúipéaraidhe air dórnán
maith a bhaint aca agus a gcaitheamh amach i Loch
Bheil Séad agus go rachadh siad go hAlbain - 
go bhfuigheadh seisean i nAlbain iad, dá 
gcaitheadh sé amach ins an loch iad.
Gheárr an buachaill a shean-ualach de na 
fonnsaidhibh agus rinne beart díobh.  Chaith sei-
sean an beart amachins an loch agus d'fhág a 
sgein phóca istigh 'sa' bheart.
Dar ndóigh, nuair a chuaidh sé anonn go 
hAlbain, d'fhiafruigh sé de'n fhear a' bhfuair
sé na fonnsaidhe, agus dubhairt sé go bhfuair, agus 
ar a chomharthuigheacht go bhfuair sé iad go 
raibh an sgein istigh ins an bheart.  Gur 
cheart a chuaidh siad anonn.
TAGRA.
Cúipéaraidhe, also cúipéir, cooper.  Fonnsa, a hoop,
pl. -aidhe.  D'ionnsuidhe air = chuige, ag triall air, to
him.  Dórnán (lit. a handful), a large number.  A
shean-ualach, his full load, as much as he could carry.
Beart, a bundle.  Sgein phóca (lit. pocket-knife), pen-
knife; sgein is the dative form used here as nom. (and
accus.).  Ar a chomharthuigheacht, in proof of it; comhar-
thuigheacht from comharthuighim, I mark or note.
Loch Bheil Séad is situate about half-way between
Lough Eske and Gaugin Mt., in the north-eastern ex-
tremity of the barony of Banagh, in Co. Donegal.