CLODHANNA NUA.
Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tSluaigh. - III.
I dTaoibh na hOibre. Eoghan Ó Neachtain do sgríobh.
Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge, i
mBaile Átha Cliath, 1901. Pinginn.
Tá aithne mhaith ar Eoghan Ó Neachtain. Tá fhios ag
mórán de dhaoinibh gur Gaedhilgeoir clisde ó Chuanna-
mara é. Ó 's fíor go bhfuil sé 'na sgoláire freisin,
ní baoghal nach dtiocfadh leis Gaedhilg do sgríobhadh
'na ceart. Is foghanta an leabhairín seo, agus is tair-
bheach. Tá súil againn go léighfid an-mhórán de mhuin-
tir Chonnacht é, - is mór an truagh gan mórán aca
dúlmhar i léigheadh agus i sgríobhadh na Gaedhilge - agus go
mbrostóchar iad chum an cleas céadna do dhéanamh.
Tá locht againn ar an leabhairín, .i. beagán d'fhoclaibh
Gaedhilge atá sáthach simplidhe d'á míniughadh as Béarla
ag bun na leathanach! Do'n taoibh eile tá mórán de
chorr-fhoclaibh canamhna (nó de chanamhnachas) gan aon
mhíniughadh. 'Pé míniughadh do theastuigh óna foclaibh,
badh cheart é do dhéanamh tré Ghaedhilg ghnáthaigh shim-
plidhe. Is aisteach nach dtug an t-ughdar fá ndeara a
neamh-oireamhnaighe atá a chuid mínighthe i leabhar d'á
shórt .i. leabhar Gaedhilge agus gan acht Gaedhilg ann.
Badh mhaith llinn go mbeadh an réim níos soiléire annso
agus annsúd. Ní hannamh breith ró-fhada ann.
Leabhráin an Irisleabshair. - I. Grádh agus Crádh: Úir-
sgéilín. Úna Ní Fhaircheallaigh do sgríobh. Baile
Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1901. Pinginn.
Seo chugainn leabhrán rígh-dheas do rinneadh de sgéal
atá fa chló i n-uimhir an Aibreáin. Nach ait ár gcás
anois! An ní do mholamar cheana le haghaidh an Iris-
leabhair, caithfimíd é do mholadh arís le n-a aghaidh
féin. Acht ní misde linn é, mar is deimhin gur fiú
gach aon mholadh an t-úirsgéilín foghanta so. Tá sé
curtha le chéile go deas, na focail féin toghtha mar
gheall ar a ndeise agus ar a simplidheacht agus dul ceart
na Gaedhilge ar fághail ins gach aon bhreith. Is iomdha
giota beag álainn 'sa' leabhrán. Seo ceann aca do-
bheirimíd mar dheismireacht: "An ghaoth do bhí ag
séideadh an tráth soin d'osgail sí dlaoi ómrach do
ghruaig an chailín nó go raibh sí ag tuitim ar a brághaid,
agus an ghrian do bhí ag taitneamh do sgairt a solas ar
a gné agus ar na súilibh glasa aici gur bh'amhlaidh do bhí
sí ioná cosamhail le maighdin mara nó le mnaoi ó
Thír na n-óg," l. 8.. Agus ar lár l. 11 'sé léighmíd:
"Nuair bhíos fuinedh na gréine thart, tig ciúineas i
n-aimsir an eadarsholais, agus i n-éinfheacht le ciúineas
an domhain nádúrtha tig socracht agus síothcháin i gcroidhe
an duine."
Nach fíor-dheas an trácht geárr so ar Loch Reamhair:
"Dá áilneacht Loch Reamhair agus a chomharsanacht 'san ló
le solas na gréine, bíonn an áit úd i bhfad agus i bhfad
níos deise ist-oidhche nuair bhíos an ghealach 'sna
spéarthaibh agus gach rud go ciúin socair. Samhluigheann
an loch ar a leithéid sin d'aimsir mar loch gloine agus
domhan eile faoi - an ghealach, na réalta, na crainn
agus uile." Ní hiongnadh é, ámh, mar is i bhfíor-ghar do
Loch Reamhair do rugadh an t-ughdar. Aoibhinn do'n
té mholas a dúthaigh féin.
Tá sgéilín beag eile fa'n úirsgéilín féin. A
leithéid seo, do sgríobh Inghean Uí Fhaircheallaigh i
gcomhair chóimhthionóil d'Árd-Chraoibh an Chonnartha é, agus
is ar ár n-impidhe féin do thug sí dhúinne é le n-a chur
'san Irisleabhar so. Tá bród mór orainn sa déantús
ár gcéad-bhan-ughdair. 'sé deirimíd léithe, dálta
Dhéirdre, "Beir-se buaidh agus beannacht feasta," agus is é
ár rádh leis an leabhrán féin, ar lorg an Charsalaigh:
Gluais romhat, a leabhráin bhig,
I n-iath Gaedheal tig id réim;
Gluais siar os comhair a súl,
go léightear ann thú le spéis.