A' DTÉIDHEANN AG DADAIDH AR AN
GCINNEAMHAINT?
Ann-san tsean-aimsir fad
ó do mhair lánamhain
fhiúntach nach rabh aon
chlann aca go rabhadar 
pósta seacht mbliadhna
agus budh mhór do ghoill an
uireasbhaidh seo ortha le chéile.  Ní rabh 
easbhaidh ar bith eile ortha mar go rabhadar
saidhbhir sáthach ann gach uile mhaoin saoghalta,
agus budh fial farsaing do bhíodar d'á thaobh 
leis na bochtáin.
Seacht mbliadhna ó oidhche a phósta bhí an 
fear amuigh ag cúl an tighe ag tuitim na
hoidhche agus tuagh i n-a láimh leis, nuair do 
tharla chuige sgoláire bocht do bhí ag gabháil
na slighe is d'iarr sé dídean go lá air.
“Maiseadh,” ars' an fear cóir, “is doiligh
liom do dhiúltughadh — rud nach ndearnas 
ariamh — acht tá teinneas cloinne ar an 
mhnaoi agus tá faitchíos orm nach mbeitheá acht
go mí-chomhgarach linn, acht má budh áil leat
fanamhaint tamall b'fhéidir go bhféadfainn
biadh is leabaidh ar foghnamh do thabhairt 
duit.”
“Fanfad agus fáilte,” ars' an sgoláire, “agus,
mar go bhfuilim-se beagán eolgach i bhfogh-
luim na réaltán, má fhaghaim fios ar uair 
bhreithe an leinbh is féidir liom a léigheadh 
ionnta an chinneamhaint atá i ndán dó.”
“Bíodh mar sin,” ars' an fear.
Fhad 's bhíodar ag fuireach le sgéal ó'n 
tigh thoisigheadar ag comhrádh is d'fiafhruigh
an sgoláire dhe cad do bhí le déanadh aige
leis an tuaigh.
 
“Atá,” ar fear a' tighe, “an sean-tor úd
thall do ghearradh is brosna do dhéanadh dhe
i n-aghaidh na hoidhche.”
Chuaidh an sgoláire thart thimcheall an
tuir agus dubhairt sé,
“Is cor-sgeachach atá innti siúd, is ní 
cóir a gearradh, acht cuartuigh go maith faoi 
n-a bun, mar is minic cisde faoi bhun na 
cor-sgeachaighe.”
Thug an fear ramhan leis agus bhain se poll
ag á bun, agus budh fíor an sgéal — níor bh'fhada
go dtainic sé ar bhuatais mhóir do bhí líonta 
lé ór 's lé airgead.  Thóig sé amach é agus ar
an mball thainic fuagradh aca gur rugadh 
inghean do fhear a' tighe, agus chuaidh se isteach 
ag rádh leis fhéin go rabh an sonas air anocht
go cinnte.
Budh mhór an t-áthas agus an sult do bhí aca 
ann-san teach an oidhche sin — mar budh 
dual — agus go h-áiridhe 'nuair d'innis an fear 
a sgéal is dhóirt sé an t-airgead as an 
sean-bhuatais amach ar bórd.  Bhíodar ag 
comhaireadh is ag láimhsiughadh na bpíosaidhe 
gur casadh ceann ortha d'a rabh sgríbhinn air
nár fhéad leó a léigheadh.  Chuimhnigh an fear 
ar an sgoláire bhocht agus tugadh isteach é gur 
léigh sé dhóibh é.
“Ní feárr an taobh so ioná an taobh eile.”
do bhí ann-sna litreacha, agus d'fhiafruigheadar
dhe,
“Cad do mheasair is ciall dó súd?”
“Atá,” ar seisean, “go mbudh cheart an 
taobh eile de'n sgeachaigh do chuartughadh.”
Ní dhearnadar mórán faillighe ag dul 
amach arís, is níor bh'fhada go dtainiceadar
thar n-ais agus buatais eile leó líonta mar a'
gcéadna, agus ní mór a rádh gur chuir sé méad-
ughadh ar a' ngáirdeachas aca.
Lá ar n-a bhárach thug an sgoláire litir do
fhear a' tighe nach rabh lé n' fhosgailt go 
rabh an páiste fiche bliadhain d'aois.
Ar sé, “Tá a cinneamhaint sgríobhtha ann 
agus is mór an léan agus an mí-ádh do bhéarfadh
sé uirthi fios d'fhághail air níos luaithe.”
Gheall an t-athair dó sin do chóimhlíonadh agus 
thairg sé an t-airgead do fuaradar do 
roinnt leis act ní ghlacfadh sé pighinn de,
ag rádh nár theastuigh sé uaidh-san, acht a 
thabhairt do'n inghin an lá céadna do bhris-
feadh sé séala na litreach, agus go mbudh dóigh 
leis go ndéanfadh sí úsáid mhaith dhe.  Ghluais 
sé leis annsin agus níor chualas sgéal air ní
budh mhó.
Anois bhí an fear 's a bhean go séanmhar
sásta.  Thóigeadar an inghean go cúramach
lé oideas agus múnadh ar a bhfeabhas agus go 
deimhin budh mhaith an díol uirthi é.  D'fhás sí 
suas 'na cailín breagh gléigeal geanamhail, 
is budh ionann áilneacht is maitheas di nuair 
do chuaidh sí i méid, is bhí sí faoi mheas agus 
grádh ag na comharsnaibh, ní hé amháin ag a 
hathair 's a máthair.
An lá do bhí sí fiche bliadhain tugadh an 
t-airgead di a d'fhág an sgoláire bocht
aici, agus do h-innsigheadh a sgéal di.  Agus 
thar a éis sin fosgluigheadh agus léigheadh an 
litir, acht 'sé do bhí ann go rabh sí lé n-a 
marbhadh sul má dtí ceann bliadhna agus nár
mhór di úsáid mhaith do dhéanadh d'á 
haimsir.
Is do-labhartha an t-amhgar agus an buaidh-
readh do chuir an chinneamhaint chruaidh seo
ar an tsean-mhuintir acht ghlac sí fhéin leis 
go sáimh socair meisneamhlach.  Gibé ar bith,
bhí a sáith le déanadh aici lé sólás do 
thabhairt dóibh agus foighid do chur ionnta acht
chuaidh aici ortha faoi dheireadh le mórán 
dochair, agus shocruigheadar síos go buaidheartha.
Níor leigeadar a rún le neach agus, mar go 
rabh an cailín óg í féin chomh fáilteach subháil-
ceach is bhí sí ariamh, ní rabh buaidhreadh 'ná
imnidhe le n' aithneacht uirthi.
 
Chuaidh an bhliadhain tharsta go mall roighin
gan anachain ar bith do tharlaigeadh di go 
dtainic an lá déidheanach agus dob' é Domhnach
é.  Chuaidh sí chum an chéad aifrinn agus, ar 
fhilleadh dhi, chuaidh an bheirt eile chum an 
dara aifrinn, cidh go mbudh olc leó í fhágáil 
léi fhéin, acht ní leigfeadh sí do cheachtar
aca fanamhaint aici.  'Réis imtheact dóibh,
bhí sí go gnoitheach ar fud an tighe, d'á
dheasughadh agus ag fághail an dínnéir réidh i 
n-aghaidh iad do theacht a bhaile.
Sul má rabhadar i bhfad imthighthe, seo
chuici isteach oll-phéist uathbhásach mhór ghráin-
eamhail is ceithre crúba ísle faoi agus béal 
cíocrach fada air.
“Is dearbhtha,” ar sise léi fhéin, ”gur'b é
seo mo chinneamhaint.”
Thainic an rud gránda aníos go dtí an 
teallach agus shín é fhéin trasna air i n-éadan 
na teineadh agus dubhairt sé léi deoch the do 
thabhairt dó mar go rabh sé ar chun crithe lé 
fuacht.  Chuir sí deoch anbhruith the amach ar 
mhéis agus chongbhuigh sí é lé n-a shoc chraosach 
gur ól sé é.
“Anois,” ar sé, “cumail mo thaobh atá
leis an tinidh go bhfuighidh mé támh chodlata 
agus déan mo thochas go ndúisighim arís.”
Rinne sí siúd cidh go mbudh gráin léi, 's
a chroiceann foluighthe le slám is salchar.
Níor bh'fhada gur dhúisigh sé agus dubhairt sé
léi.
“Téirigh amach ar an mbóthar agus fiafhruigh
de'n chéad duine ghabhas tharat a' dtéidheann
ag dadaidh ar an gcinneamhaint.”
“Rachad,” ar sise.
Chuaidh sí amach agus níor bh'fhada gur casadh
neach uirthi is chuir sí an cheist air.
“Téidheann ag an bhfoighid,” ar sé, is
chuaidh sí isteach is d'innis sí do'n bheithidheach
an fhreagairt do fuair sí.
“Is cinnte gur fíor dhó sin,” ar seisean,
agus d'imthigh sé 'na thoit deataigh suas an
tsimiléir.
Budh goirid 'na dhiaidh seo go dtainic a
hathair 's a máthair a bhaile ó'n aifreann agus ní 
móide go rabhadar go buidheach lúthgháireach
nuair do chualadar uaithi gach ar éirigh dhi ó
d'imthigheadar.  Ar thrácht d'á hathair i 
dtaobh airgid an sgoláire bhoicht, chrom sí a 
ceann go náireach is dubhairt sí go ndearna
sí úsáid de i gcaitheamh na bliadhna.
“Ní acht tráthnóna indé do thugas an chros 
deiridh dhe do mhnaoi bhoicht lé folach do chur
ar a páistíbh,” ar sí.
Do chuir so iongnadh ortha acht dubhairt an 
t-athair go rabh tuilleadh go fóil aige agus thug
sé an tsean-bhuatais eile leis is d'fhosgail
sé cófhra na h-inghine le n-a chur isteach ann,
acht do fuaradar an bhuatais eile annsin os 
a gcoinne agus i n-áit dó bheith folamh bhí sé
líonta go bárr mar do bhí ó thúis.  Bhíodar 
saoghlach séanmhar sásta ó shoin amach gan
lioma, gan léan, gan leathtrom, agus go mbudh
hamhlaidh dhúinne.
SEAGHÁN UA RUAIDHRÍ.