AN CAILÍN RUADH.
AMHRÁN Ó ÍOCHTAR LAIGHEAN.
Dá mbéidhinn-se i mbliadhna mar bhí me i
n-uraidh,
Is tigh mór a bheith agam a chois an chuain,
Chuirfinn mo bhád amach fá'n tSeanainn
Go dtabhrainn abhaile an cailín ruadh.
Shiubhail sí liom ó bhaile go baile,
Thríd Baile Átha Cliath chum na ngeata
cruaidh;
Ní'l aon mhíle ó d'fhág me an baile
Nár bhain me póg de mo chailín ruadh.
Bhí cúl gruaige léithi go talamh
Agus bárr ar an bhfinne do dtug sí buaidh.
Nár bh'aoibhinn do'n fhear óg a gheabhadh le
mealladh í;
Rogha na gcailín an cailín ruadh.
TAGRA.
Chum: “in” an fhuaim. Agus bárr, &c.: is dóigh
liom gurab ionann gléas dó so agus do “chuaidh sé amach
an dorus, &c. Rogha: “rae” an fhuaim annso. Ó
Bhrighid Ní Anluain (Bean Chonghalaigh í, ámh) fuaras an
t-amhrán beag so i nDruimmhullach Ó Méith.
Mac Tíre.