MAIDIN BHÉALTAINE.
I.
Maidin Bhéaltaine
Go moch ag éirghe damh
A chur na gcaoirigh as an díoghbháil
'Sé chas mo théagar orm
Go sona séanamhail
Ar thaoibh na gréine gan íneadh;
Thárla maighdean,
Ba cosmhail réidh í,
Ba rithte faobhtha a híochtar;
Bhí sí gruamdha,
Gan chaint gan chruadal,
Le linn na gcuach bheith 'g éirghe.
II.
Dá bhfeicteá an stánaidhe
'Na seasamh láimh liom,
I ndóigh 's go dtráchtfainn léi ar shuirghe:
Bhí cúláirde uirthi
Réidh de'n cháitigh,
'S a Mhuire, ba státamhail faoi í!
Beag-lán mála léithi
De líon 's de lámhthoradh,
Córda fáisgthe ar an phíobán;
Bhí barr áithe aici
De mhin 's de cháithleach
A rinneadh i dtráighthibh na Feil' Brighde.
III.
Dá bhfeictheá an stuaire
Ag teacht an uair sin —
Caidé a ruaig 'un na tíre í?
Ba rithte uathbha í,
Ag teacht ar cuairt di,
Gan snáithe gruaige dá dídean;
Sgéal is truaighe
'Ná sin naoi n-uaire,
Cha rugadh cluas ar an fhaoilinn!
Mo mhallacht uaim-se
Anois is an uair sin
Ar an té a ruaig in mo shlighe í.
ATHRUGHADH.
Seo mar fuair mé tús an abhráin ag Eóghan Mac
A'Bháird seanathair Énrí Uí Mhuirgheasa; tá sé comh
deas sin nach bhféadaim a léigean díom gan é do chur
síos i n-áit leis féin.
Maidin Bhéaltaine,
Má's moch a d'éirigheas
Lé 'cheasda caoirigh bheith i ndíoghbháil,
'Sé chas damh an spéirbhean,
Agus í go spéireamhail
Ar thaoibh na gréine gan íneadh.