MION-CHOMHRADH
GAEDHILGE. VI.
MOR.
Is mór le rádh é.
Ní mór le rádh é.
Is suarach le rádh e.
Ní mór le rádh é.
Is mó an sgéal é.
Ní mór dhom gluaiseacht.
Ní mór dhom filleadh.
Ní mór linn duit.
Ní mór liom dó é.
"'Pé théidheas an ród
Agus ghéilleas dó
S'an am i bhfuil sí i gcaoi,
Lá nó dhó
Níor mhór liom dó
Go ndearcfadh í go
cruinn."
Ní mór ná go bhfuil sé
ithte.
Ní mór ná go raibh sé
déanta.
Ní ná go mbeidh sé
críochnuighthe.
Ní mór liom é.
Is mór an náire dhuit é.
Nach mór a d'éirigh tú!
Daoine móra.
Go mór mór, go mór-mhór.
Ní móide go rachad.
Is sleamhain táirseach an
tighe móir.
BEAG.
Is bád beag é.
Is beag an bád é.
Is lugha an bád eile 'na é.
Is beag orm é.
Is beag liom é.
Is beag atá ann díobh.
Is beag ná go bhfuilim
sásta.
Is beag má tá aon'ne i
nEirinn d'fhéadfadh é
dhéanamh.
Is beag an sgéal é!
Badh bheag an sgéal é, dá
n-imthigheadh sé níos
measa air.
Is beag an iongnadh.
Is beag a 'bhrígh é.
Is beag a' mhaith é.
Is beag an chabhair thu.
Ní beag dhom sain.
Ní beag liom é.
Beag a mhaith sagart gan
cléireach.
Tabhair déirc do'n mhnaoi
bhoicht, a bheag nó a mhór.
Ní'l a bheag ná a mhór
agam.
Is beag d'á mhearbhall
ort.
Is beag d'á fhios agat.
NOTES.
1. Suarach, trivial, trifling. Suarachán, a worthless
person.
2 Filleadh, also tilleadh, and in some districts, pilleadh,
act of returning. Fill also means "fold," ceathair-
fhillte, folded in four.
3 Ná go (M.) = nach (C.U. and literature).
4 Is bád beag é supposes that the person addressed
does not know that the object is a boat. Is beag an
bád é supposes that the thing is known to be a boat, and
tells what kind of a boat it is. In this Irish is more
precise than English.
5 Aon'ne = aonduine.
6 Cad d'imthigh ort? what happened to you?
7 Iongnad, pronounced iughnadh (oona), M., ioghnadh
(ee'nuw), C.U. An t-iongnadh is also said.
8 A, its, refers to the whole subject of the thought,
sagart gan cléireach.