Greann.
Bhí poll prátaoi ag duine
éigin agus do polladh é. (.i. do
goideadh na prátaoi as.) Ní
fheadair sé cia ba chionntach
leis acht súd é ag triall ar dhuine bhí 'n-a
Cháirdeas Críost do agus cuireann sé an
cheist chuige.
“An thusa pholl mo pholl, a Cháirdis?”
Fuair sé freagra greannmhar.
“Ní mise pholl do pholl, ná chuir aoinne
a pholladh do phuill, agus go bpollathar mo
pholl dá mbadh mhaith liom aoinne a pholladh
do phuill acht fear puill a pholladh go
mbíodh poll aige, go bpollainn a pholl do
bhárr do phuill a pholladh.”
Diarmad Ua Ríoghbhardáin
do sholáthair.