Gabh, a Bhriain, liom fám lochtaibh,
ná hagair orm m'iomarcaidh,
tabhair síoth dhamh mar dhlighe,
sgar ré t'fhíoch ar m'impidhe.
Ód neoch féin ná fill do thoil,
gabh trá liom tar mo lochtaibh,
giodh fiú m'fhairbríogh cora im cheann,
a thogha airdríogh nÉireann.
Gabh tar ar lochtaibh linne,
maith dhúinn airde m'intinne,
má ataoi ar tí réidheachaidh rinn,
a rí as éineochair d'Éirinn.
Más di tháinig - tuar béime -
mar táim is tú i n-aimhréidhe,
is aithreach méad ar meanma,
a shéad caithreach claoin Teamhra.
Duit is cóir leigheas mo locht,
a Í Ruairc, a rí Connacht,
ceann m'aradhna ná leig linn,
anumhla dheid ní dhlighfinn.
Ó táim ag teacht ar do thoil,
mo chionta cuir im aghaidh,
maithim a rádh, a rí Breagh,
gach ní bhus ál le t'aigneadh.
Nírbh fhiú leat aoinbhéim oirne
ós aird d'eagla ar n-uabhairne
acht 'nar bh'ál libh a labhra,
a ghrádh gach fhir ealadhna.
Rem chairdibh, a chruth naoidhe,
a ndearnais orm d'éagcaoine
nír dhligh sinn ort a fholaidh,
ní ar olc rinn do-rónabhair.
Níor chan tú fá rún rumsa
go mbiadh d'fhiachaibh oramsa
beith tromdha tar aon eile,
a chraobh chomhdha ar gceirdine.
Is é a dheireadh, dia do bháidh,
nár chubhaidh éinbhéim d'fhagháil,
a shlat abhla d'fhiodh chumhra,
d'fhior m'anma agus m'ealadhna.
Dalta do bhí ag Fionn na bhFian,
Mac Lughach, lór do dhímhiadh,
do bhí sé ar tós mar táimne,
dom nós is é as ionáirmhe.
Ní gan fháth innisim dheit:
Mac Lughach i n-aois óigmheic
nír léig ar cairde a chionta,
téid i n-airde n-aigeanta.
Mac díoghaltach, dalta Finn,
ní thabhradh d'aoinneach uirrim,
do chách tré mhéad a mheanma,
a ghéag ó ráth ríTheamhra.
Go mac Muirne, fa mhór rath,
tigid an Fhian dá éagnach,
dár chinn a n-éanghlár uile
ar éanghrádh Fhinn Almhaine.
Do Mhac Lughach, lór do bhéim,
téid fios go hurlamh ainnséin
dá iarraidh go mac Muirne,
slat fa ciallaidh comhairle.
'Na cheann an tráth tháinig sin
do ráidh Fionn tré fheirg n-uaibhrigh,
'tig glár gach aoin i t'aghaidh;
is nár dhaoibh a ndearnabhair'.
"Léig ar gcúl cuid dod thréidhibh",
do ráidh Fionn an flaithfhéinnidh,
"mo rodhoilghe sul rabh rut,
gabh mo chomhairle chugat".
Car an chaomhlaoi do chaith soin
ag múnadh a mheic ionmhain,
bláth na gcraobh ó chathraigh Bhreagh
dá thaobh do athraigh aigneadh.
Nír léir ón lósain amach
taom do mhíghníomh Mhic Lughach;
mar do chreid forfhuighle Finn,
deid fád chomhairle creidim.
Mar do mhúin a dhaltán dil
Fionn mac Cumhaill, cruth faoilidh,
múin tar mo mhíbhéasaibh mé,
a ríghShéasair mhúir Mheidhbhe.
A Bhriain Í Ruairc, a rosg mall,
usaide leam í d'fhulang
do mhuin chroidhe an breath bheire
gach neach oile ar th'impidhe.
Ag creideamhain dod chruth sheang
ó táid ollamhain Éireann,
a dhamh ré finntighe Fáil,
mé ar th'impidhe níor bh'fholáir.
Fiú mo pháirt da-ríribh ruibh
tar ollamhnaibh fhóid Fhiontain,
a shlat do bhláth Cinn Choradh,
sinn tar chách do cheannsughadh.
Ní bhiú de ní as sia 'ná sin,
cuir mé ar aithearrach n-aignidh,
a dhreach shocair ó shíodh Breagh,
giodh gníomh docair a dhéineamh.
Dá mairthea, a Chuinn mo chridhe,
do-ghéabhainn uaid impidhe,
gach duine a-tú do thogha -
fa tú uile a n-aonrogha.
Ní mhaireann tú, truagh an neimh,
a Mhéig Aonghusa Uisnigh,
is gar do chriaidh sinn mar soin,
gabh, a Bhriain, linn fám lochtaibh.
Gabh.