inghean, agus tháinic a fhios dó go raibh siad
sean go leór le pósadh. Bhí trioblóid mhór
air i n-a intinn, ca háit i bhfuigheadh sé
céilidhe dhóibh.
Bhí sean-duine críonda 'san ríoghacht, 'a
dtug siad an Sean Dall air mar leas-
ainm, agus chuaidh an rí chuige le n-a chomhairle
d'fhagháil caidé an gleus pósta b' fhearr do
chur ar a sheisear chloinne. Dubhairt an
Sean Dall leis go gcaithfeadh sé trí laethe
agus trí oidhche thabhairt dó le smuaineadh air
féin, agus nach dtiucfadh leis ithe acht trí grea-
manna aráin, agus gan ina ól acht trí bolgaim
uisge gach aon lá de na trí laethibh; agus go
gcaithfeadh sé é féin do dhúnadh suas i
seomra, i n-áit nach bhfuigheadh aon duine 'na
chomhair i rith na dtrí laethe.
An tríomhadh lá, tháinic an Sean Dall chum
an ríogh. “Anois,” adeir sé, “ní'l aon
bhean ins an tír seo saidhbhir go leór ag do
chloinn mhac, agus ní'l aon fhear ins an tír
saidhbhir go leor ag do chloinn inghean; agus
má thugann tú ar siubhal do chuid maoin,
fuigfidh sin beó bocht thú féin agus do chéile.
'Sí mo chomhairle-se dhuit iad uile do phósadh
ar a chéile, agus fuigfidh sin an saidhbhreas
taobh 'stigh dhíobh féin i gcomhnuidhe.”
Dubhairt an rí go raibh sin fíor, agus go
ndeunfadh sé i réir mar dubhairt sé. Sgairt
sé ar aghaidh ar an mhac ba shine agus ar an
inghin ba shine, agus ghéill siad do chomhairle a
n-athar do dhéanamh. Sgairt sé ar aghaidh ar
an dara mac agus ar an dara hinghin, agus ghéill
siad dó mar an gcéadna agus pósadh iad.
Sgairt sé annsin ar an tríomhadh mac agus ar
an inghin a b'óige, acht cha ghéillfeadh an
tríomhadh mac dhó ar chor ar bith, óir chuir sé
suas de leithéidh a dhroch-chomhairle.
“Mur ndéanaidh tú mo thoil-se,” ars' an
rí, “cuirfidh mé amach i mbeul do chinn thú,
agus do dheirbhshiúr leat.”
D'fhreagair an mac gur chuma leis.
Dhíbir an rí ar siubhal ó 'n phálás é féin
's an bhain-phrionnsa. Shiubhail siadh leó go
dtáinic an oidhche ortha. D'éirigh an tráth-
nóna fior-dhoineannta le gaoith mhóir agus le
cur fearthainne. Bhí siad anois le taobh
coilleadh, agus iad sáruighthe fliuch fuar ocrach,
agus gan d' fhios aca cé bhfuigheadh siad biadh
nó deoch nó dídean na hoidhche sin. Thosuigh
an óig-bhean ag caoineadh, agus dubhairt gur bh'
fhearr tionntódh ar ais agus toil a n-athar do
dhéanamh, mar rinne a mbeirt dearbhráthar agus
a mbeirt deirbhseathar. D'fhreagair an mac
ríogh nach ndéanfadh sé sin choidhce, cia ar
bith cruadh-chás d'éireóchadh dhó. Ag amharc
uaidh anois, thug sé faoi deara solus beag
'san choill, agus d'éirigh siad agus tharraing siad
air. 'Nuair tháinic siad chuige, bhí teach mór
ann, agus chuaidh an mac ríogh isteach, agus d'fhiar-
fuigh an bhfuigheadh sé lóisdín na hoidhche
sin ann.
Bhí sean-duine agus sean-bhean 'na suidhe
cois na teineadh, agus dubhairt an sean-duine
go bhfuigheadh agus fáilte.
Taken down from Michael Doohan, Bun na dTrí
Sruthán, Fanad, by J. N. Deeney, and communicated by
P. T. MacGinley.
(Ní críoch).