CIAN MAC MHAOLMHUAIDH.
Ba mhór an sgeul Cian Mac Maolmhuaidh
do thuitim (i gcath Mhuighe Guile), óir ní
raibh ina aimsir i nÉirinn duine ba fearr
oineach ná uaisle 'ná é. Amhail adubhairt
MacCoise, árd-ollamh Éireann, air ndiúl-
tadh an tsaoghail dó féin, agus é i gCluain
Mhic Nóis, agus gan a chead aige dol tar ceithre
doirsibh an tighe:
Inneósad mo theist ar Chian
Mac Maolmhuaidh na n-eachradh ndian:
Cé chuarduigheas thiar agus thoir,
Ní fhaca a shamhail de shíol Éibhir.
Agus amhail adubhairt Mac Liag, árd-
ollamh Éireann, agus é iar dtabhairt mór-
chuarda ar feadh Deas-Mhumhan; agus iar
rochtain dó go Ceann Corann, d'fhiarfaigh
Brian Bhóramha dhe mar leanas.
“Cia darab buidheach tú, a ollaimh, de'n
chuaird seo?”
“De Dhomhnall mac Duibh-dá-bhoireann,”
do ráidh an t-ollamh.
“An bhfaca tú Cian mac Maolmhuaidh nó
Sadhbh a bhean?” ro ráidh Brian.
“Do chonnarc,” ar Mac Liag.
“An bhfuarais aon ní uatha?” do ráidh
Brian.
“Inneósad sin duit,” do ráidh an t-ollamh.
“Iar rochtain damh-sa go faithche Rátha Raith-
leann, do hinniseadh do Chian agus do Shaidhbh
mé bheith ann. D'éirgheadar araon i n-éin-
fheacht amach, agus do hiomchuireadh ar mhuin
daoine mé gus an dún. Agus an caoga de
bhuidhin do bhí im' fhochair, do tugadh beart
nua do gach duine dhíobh, idir shlabhradh, léine,
agus bhrat. Agus tug Cian a dheise féin, idir
shlabhradh agus léine, idir each agus éadach agus bhratach,
go n-a dheilg óir agus go n-a naoi gcearnaibh
de losaibh óir, go n-a lainn agus go n-a
bhrandubh deud, agus naoi bhfichid bó, dhamh-sa
féin; agus caoga each dom' chléir, caoga unga
n-óir, agus caoga fáinne n-óir.”
“Creud fuarais ó Dhomhnall mac Duibh-
dá-bhoireann?” ar Brian.
“Fuaras crios agus teine chreasa,” do ráidh
Mac Liag.
“Is iongnadh,” do ráidh Brian, “gur mó
do bhuidheachas ar Dhomhnall mac Duibh-dá-
bhoireann 'ná de Chian, mar sin.”
“Ní hiongnadh,” do ráidh an t-ollamh,
“óir ba deacraide le Domhnall sgaramhaint
ris an gcrios agus ris an teinidh chreasa, 'ná le
Cian dealughadh re a ndubhart.” Amhail
adubhairt Mac Liag féin, agus é ina sheanóir
i nInse an Ghoill Duibh, iar mbás Bhriain,
Mhurchadha, agus Chéin:
Fada bheith gan aoibhneas án,
Mar nár shaoileas go bráth bheith:
Mar bhíos i gCeann Coradh caomh
Níor bh' omhan liom aon dom' chreich.
Dá maireadh Brian Binne Builg,
Nó Murchadh ó Luirg na long,
Ní bheinn i nInse an Ghoill Duibh
Mar a dtuiteann tuille is tonn.
Dá maireadh Conaing na gcuan,
Ar armáil sluagh laoch nár lag,
Fear mar Heactor isan ruaig,
Ní leigfeadh mé uaidh i bhfad.
'Sé dobheir mé doilbh dealbh,
Nocha cluinim tairm na dtriath:
Níor bh' ionann 's an siubhal suairc
Do rinneas-sa ar cuairt go Cian.
Do chuadhas go Cian an Chairn, —
Níor triath gan tairm an turr teann;
Ní raibh acht Brian na mbrat sróil
Triath badh chóir do chur 'na cheann.
Agus mar adubhairt Giolla Caomh, árd-
ollamh eile, iar mbeith dhó trí ráithe i
gCúigeadh Uladh i bhfochair Aodha Uí Néill,
go dtáinig go teach Chéin mhic Mhaolmhuaidh.
Agus do bhí Brian, rí Éireann, 'san mbaile
roimhe. Do chuir Brian agus Cian fáilte ré
Giolla Caomh agus adubhairt Cian gur bh'fhada
do bhí i n-éagmais Mumhan, agus d'fhiarfuigh dhe
creud do fuair ó Ó Néill.
“Fuaras,” ar sé, “deich bhfichid bó agus fiche
each, naoi bhfichid uinge n-óir, agus deise airm
is eudaigh Uí Néill.”
“Dobhéar-sa agus Sadhbh níos mó 'ná sin duit
sul choideólam anocht,” ar Cian, “i n-éag-
mais a dtiubhra Brian, Murchadh, agus maithe
Dáil gCais duit.” Amhail do chuimhnigh
Giolla Caomh féin, agus é i n-oileán ar an
taobh bha thuaidh de'n Ghréig, ag cuimhniughadh
ar Bhrian, ar Mhurchadh, agus ar Chian:—
Uathmhar an oidhche anocht,
A chuideachta bhocht gan bhréig!
Crodh ní sílte dhaoibh ar dhuain
Ar an taoibh seo thuaidh de'n Ghréig.
Is é Dia fá deara dhúinn
Gan ár súil re duais na rann;
Ró-mhór fuaramar dá gcionn!
Baoghal dúinn a aithbhir thall.
Oidhche dhamh-sa do fhios Bhriain
Is é ar fleidh i dtigh mhic Mhaolmhuaidh;
Fada leis bheith 'n-ár n-eugmais —
Ní mhaireann anois, is truagh.
Dia bhur mbeatha i bhfus!” ar Cian,
“A chliar thig as tigh Uí Néill;”
“A éigis!” do ráidh an bhean,
“Suail nár thréigis do thigh féin.”
“Atáir trí ráithe amuigh
Acht a bhfuil ó so go Máirt;
Is é sin,” ar Murchadh mac Briain,
“Teachtaireacht an fhiaigh ó'n áirc.”
Innis dúinn t'éadáil thuaidh,”
Ar árd-rí sluaigh Chairn Uí Néid,
Anois do mhaithibh Fear bhFáil
Luighim fám' láimh ná déanfad bréag.
“Dar an rígh fil os mo chionn,”
Ar sé, “thugas liom adtuaidh
Fiche each, deich n-uinge óir,
Is deich bhfichid bó de bhuaibh,
Agus úir-éideadh Uí Néill
Thug dam féin ag teacht adtuaidh.”
“Do-bhéaram-na, an dís seo, anocht
Níos mó d'eachaibh is de bhuaibh,
I n-eugmais a dtiubhra Brian,”
Adubhairt Cian mac Maolmhuaidh.
Dar an rígh,” do ráidh mé i socht,
“Do dhorchuigh anocht mo niamh!”
Fuaras a dheich n-oiread sain
Ar an bhfleidh, sul do luigh Brian.
Seacht mbaile um Chomar na gcraobh
Rí na ríogh dom-rad aniar,
Agus leath-bhaile de shíor
In gach port ina mbíodh Brian.
Do ráidh Murchadh, deagh-mhac Bhriain
Iar-n-a bháireach, is níor gheall uaidh,
“Oiread is fuarais aréir
Do gheabhair uaim féin, is ní dod'
fhuath.”
A fhir théid go hÉirinn siar,
Agaill mac Bhriain Bhinne Cua
Agus beir mo bheannacht leat
Ar a mhac agus ar a ua!
Uathmhar.
Ní raibh Ráith Raithleann aon lá riamh gan
ocht bhfichid mac míne do theacht innti, amhail
adubhairt Giolla Caomh ceudna, agus é ag
triall ina oilithre fá 'n domhan mór amach, ag
feuchaint uaidh ar Ráith Raithleann:
Ráith Raithleann an ráith seo thoir
I mbíodh mac mic Bhroin na sluagh;
Ba hiomdha ríoghradh dom' réir
I n-aimsir Chéin mhic Mhaolmhuaidh.
Bóthar na gCarbad so thuaidh,
'Gá dtigdís sluaigh Chloinne Cais
Um Chian mac Maolmhuaidh mhic Bhroin
Nár fhill riam troigh tar ais.
Dún Saidhbhe an dún so thiar,
Inghean sin do Bhrian mac Táil;
Trí cheud bean do dhíoladh báird
Do thigeadh gach lá le Sáidhbh.
Áth na gCreach an t-áth so thoir,
Áth ina ndeuntaoi gníomha áigh;
Trí cheud each re' gcurthaoi srian
Do thigeadh le Cian do'n ráith.
Bóthar na Múillte an bóthar thíos
Thug sgís ar ar mhair de mhnáibh;
Ceathracha mac ba mhaith gnaoi
Do thigead gach laoi do'n ráith.
Is mise Giolla Caomh cóir;
Rachad do'n Róimh d'á dtéid cách;
Do choimhbhris mo chroidhe im' chliabh
Gan Cian do bheith isan ráith.
Ráith Raithleann.
[Ní shamhluighid na dánta so romhainn bheith
comh arsaidh, do réir a n-urlabhra, leis na
fileadhaibh luaidhtear leó ag an sgríbhneóir.
Má's fíor gurab ó láimh na bhfileadh sain
do cumadh iad, ní fuláir go ndearnadh
athrughadh nór isna foclaibh. So duan eile
ar árus Chéin mhic Mhaolmhuaidh, i n-a
n-abrann an file gurab é féin Mac Liag.]
Ráith Raithleann, ráith Chuirc is Chéin,
Truagh, a Dhé, mar atá anocht!
Gér' iomdha giolla glan caomh
Do bhíodh taobh re taobh 'san bport.
Creud fá sloinntear í ó'n triúr,
Raithleann agus Cian is Corc,
A lomadh má's fearrde libh,
Do gheabhthar uaim sin gan locht.
Do ríoghadh i gCaiseal chóir
Corc mac Luighdheach na gcrann bhfiar;
Cíos is cáin Mumhan d'á thigh
Do beirthí sin ó'n tigh thiar.
Do chinneadh Muimhnigh na slógh
Ar chomhairle ba mór maith —
A rádh dhóibhle Corc na gcliar,
“Druid siar i gcoinne na gcreach.”
Raithleann, buime Chuirc na gcliar,
Bean Tórna, d'ár ghiall dáimh,
Do chuaidh leis na fuighlibh sin;
Do chan sisi a ndubhairt cách.
“Do-ghéan do chomhairle, a bhean,”
Ar mac Luighdheach na bhfleadh bhfuar,
“Dá bhfaghthaoi longphort fám' mhian
Dom' thiar i ngoire do'n tsluagh.”
Do tochladh caisil na ráth
Le Muimhneachaibh nár mhuidh mionn
I gcomhair Chuirc Chaisil chaoimh
Do bhain a mhaoth de gach fior.
Sul ráinig go raith na gcuach,
Naisgis Raithleann luach ar Chorc,
An ráith d'ainmniughadh dhi féin,
Gidh ainm eile atá uirthi anocht.
Do'n mhnaoi d'oil é ina dún
Faomhas mac Lughdhach a rún,
“Ráith Raithleann” do bheith mar ainm
Go bráth d'á ghairm de'n dún.
Ríoghaid Muimhnigh dá éis sin
Cian mac mic Bhroin, dar bha shéimh,
Is uime sin tar éis cáich
Tugadh ar an ráith “Ráith Chéin”.
Trí hainmneacha Rátha Cuirc
Do lomas daoibh, gibé fáth;
D'á éis sin, 'sé rug mo shnuadh
Gan Cian mac Maolmhuaidh san ráith.
Ráith Shaidhbhe inghine Briain,
Diaidh ar ndiaidh, is Ráith Chéin,
Ó do thuit siad leath ar leith,
Truagh mo bheatha bheith d'á ndéis!
Ráith na bhFileadh, Ráith na mBan,
Dá ráith do char mac Maolmhuaidh,
Gan acht a dtaise d'á ndéis,
is é do bheir mé gan snuadh.
Ráith Chuain an ráith seo thoir,
Ó ollamh mhic Bhroin go mbuaidh,
Ó Locháin, ba mhaith an saoi
Do thigeadh gach laoi fá chuaird.
Dún Draighneáin an dún so thuaidh
Uí Sheicinn nár chruaidh le dáimh;
Fosdadh a stuic mhúirnigh mhóir
Do chluinidís na slóigh san ráith.
Ráith Chuilchinn, cruitire an chnuic,
Truagh mar do thuit tar éis cáich;
Maolán is Mearagán mór,
Dá óinmhid na slógh rem' chrádh;
Ba mhinic iad fairre Cian,
Is ba mhinic Brian san ráith.
Ráith an Doirseóra do-chím;
Is truagh mar bhím agus táim!
Ní thig Dubhthach gus an tigh,
'S ní thigim-se fós do'n ráith.
Marthain do chloinn Eachach Chaoimh,
Do'n droing ba mhór aoibh is áigh!
Ba hiomdha creach agus giall
Do bheiridís go Cian 'san ráith.
Mise Mac Liag na gcreach;
Is maith an bhreath mo bheith mar táim;
Ní rabhas taithleach le neach riamh
An fad do bhíodh Brian 'san ráith.
Fil trí rígh i Mumhain mhóir,
A gcáin do Chaiseal ní cóir,
Rí Gabhran, ná gabhthar géill,
Rí Raithleann, rí Locha Léin.
PIARAS MAC GEARAILT.-I.