ABHRAN ULTACH.
Conall Mag Fhionnlaoigh i nGlaise Dhaibhit, láimh
leis an gClochán i dTír Chonaill do sheol chugainn an
t-abhrán so agus tuilleadh dá ndearna féin agus dá thiomsuigh
fá'n dúthaigh sin. Is follus ar an dán so gur “de
mhuintir cháinte” do'n té do rinne é. Is cosmhail go
raibh ar bun san áit sin, le linn an abhráin do chumadh,
obair chráibhtheach éigin ba gheall ris na h-open air
missions ar a gcluinimid trácht go minic 'san am so,
agus cia gur bh'iad cliar a chreidimh féin do bhí i mbun na
hoibre, níor thaithin an nós nua sain leis an bhfilidh, go
ndearna an laoidh seo thíos dá gcaon-cháineadh, ar nós
agallmha idir bheirt charad.