Caoine.
A phlúir 's a sgoith na Féinne,
Budh tú an t-úghdar ceart ar Bheurla,
Budh tú an buinneán breágh gan aon lochd
Ó'n ngréin go dtí an bárr;
'S é mo bhrón mar d'eug tú
Shiar i bhfad i n-Éirinn,
A's gan aon-neach dod' ghaoltaibh
Led' chaoine ós cionn an chláir.
Is iomdha marcach spéireamhail
A's cúlóg dhathamhail ghleusta
Do thiocfadh fód' dhéin
A's tú bheith déidheanach, a bháis!
A's mar bheith cinneamhaint gheall Mac Dé
dhuit
'God' shochraid go leith Éire(?),
Go gcomhnuighidh beannacht Dé leat,
A's go dtéidh tú i staid na ngrás.
II.
Ní binne labhras eunlaith
Faoi bhruach na coille craobhdha;
Tá an chuach 'san lon 's an chéirseach
Gan aon smigeadh amháin;
Tá an smóilín mhilis bhéil-bhinn
'S an faoileán geal ag geur-ghol,
'S an eala ar bhruach locha Éirne
A's ní féidir léithi snámh.
Ní fhuil meas a' teachd ar gheugaibh,
A's ní fhuil toradh a'teachd i n-éifeacht,
Ní fhuil teas ar bith 'san ngréin, a's
Ní fhuil an feur glas a' fás:
Tá an ghealach a's na reulta
Faoi dhuibhthin a's faoi éicliops,
Ó cailledh croidhe na féile
Thug an réim leis as gach áit.
F.W. O'CONNELL
Asleagh, Leenane,
Co. Galway.