ABHRÁN GRÁDHA.
An Gabhar Donn cct.
Fonn — “Carraig Dhonn.”
Atáim fá ghruaim ó chonncas thú,
A chailín chiuin de 'n fholt donn réidh;
Óir rug do shúile gorma uaim
Mo neart, mo lúth, mo mheisneach treun.
'Nois bím ag siubhal 'san oidhche fhuair
An ród, lé súil im' chroidhe lag tréigh
Go bhfeicfinn thú arís, a rúin,
Go gcluinfinn fuaim bhinn shuairc do bhéil.
Ochón-í-eo! mo chreach! mo bhrón!
Nach liom i gcomhnuidhe thú mar rún;
Éist, éist lem' ghlór, 's ná bí go déo',
A bhláithín óig, ag magadh fúm.
Tabhair grádh gan gó dham feasda, a stóir,
Cuir áthas mór im' chroidhe indiú,
Tabhair smigeadh órdha dham a's póg,
A's ruaig an gleo i bhfad 'bhfad uaim.
Nach saoileann tú, gidh mór mo ghruaim,
Go bhfaghaim-se suairceas sámh dom' chroidhe
I smaointibh suaimhneacha sár-shuairc'
A bhíos go buan im' chliabh istigh?
a mhaidin chiuin go hoidhche fhuair
Isé so mhúineas dam-sa foíghid
Gur tú mo rún, mo mhúirnín, m' uan,
A bhláith an ubhaill — éist, éist lem' ghuidhe!
Tá glóir na gréine ar gach taobh —
'Sé tús an lae fá shult ag teacht!
Ó bí-se féin dam mar an ngréin
Ag sgaipeadh séin ghil orm gan bac.
Bheidheadh áthas gléigeal orainn araon
Dá ndéarthá féin “Is tú mo shearc,”
'S ní bheidhinn tréigh, acht láidir treun
Im' shuidhe led' thaobh ó sin amach.