AN TEANGA GHAEDHILGE A G-CATH
CHLUAIN TAIRBH.
Is í seo an teanga do labhair Brian
Bóroimhe,
Air mhagh Chluain Tairbh a lár a shlóighte,
D'Árdoghaid sé cros Chríost 'nna chlé-láimh
fhóghanta,
Agus dubhairt gheabhfad bás a g-cás cho
glormhar.
Do labhair arís go bríoghmhar cneasda,
In sa teanga bhínn do bhí faoi cheannas,
A chlaidheamh 'nna dheas-láimh go h-ard do
tharraing,
Ní bheidh mo righeacht go bráth faoi tháir aig
Danair.
D'fhreagar na tréin a ngaedhilge bhlasda,
Orainn ní'l baoghal faoi do réim 's
ceannas,
Feuch fir Eoghain mhóir go buan 'nna seasamh,
Aig forai ar an am a namhad do threas-
gairt.
A n-deogh-laoi chuaidh iar m-buaidh an chatha,
Air a ghluainnibh uaisle gan buairt no
fearg,
Is duit-si an buidheachas go léir a Athair,
O tá mo thír-si saor chugad féin beir m'
anam.
Do thóg Dia air a fhocal go h-obann an rígh,
Go Flaitheas na ngrás go h-árd'nnarígheacht,
A measg na n-Aingeal, na n-Apstol, na
Naoimh,
A g-caradas Mhuire agus a g-cumannach
Chríost.
A Rígh na bhfeart an t-anam ní mhaoidhim
ort,
Do cheannuighthes led' bhás in sa Pháis Dia-
haoine.
Gidh gur thógais Morogh a bh-fochair a
shínnsior,
Bhí an t-athair 's an mac re chéile sínte
D'fhág Éire go bráth le grádh d'a g-cuimhne.
AMHLAOIBH O'SÚILLEABHÁIN.
Holliston, Mass.,
March 5th 1890.