THE WEARIN' O' THE GREEN.
CATHADH AN GHLAIS.
I.
A Pháid, a stóir, an g-cualais fós go
ndeárnadh aithne 's dlighe
Gan Seamróg bheith ag fás i g-cré na Éireann
feasta choidh'?
Gan la fhéil Pádraig chathadh, gan duille
glas beith 'r faghail
Air fhear nó mhnaoi — súd é an dlighé as
Sagsana análl!
O! casadh Napper Tandi dham, a's rug sé
air mó láimh,
“Cia 'n chaoi,” ar sé “bh-fuil Eire bhocht? nó
bh-fuil sí fós dá cradhamh?”
“Sí an tír is boichte, cráidhthe, í dá bh-fuil
san domhan air fad,
Gach fear a's bean a chaitheas Glas dá g-
crochadh suas gan stad.”
II.
Má 'sé 'n dath atá le cathadh, a ndearg
fuilteach féin,
O! cuirfidh sé i g-cuimhne dhúinn an fhuil do
dhóirt na tréin;
Cuir dhíot, mar sin, an t-Seamróg, caith uait
í, acht ná saoil
Nach g-cuirfidh sí a freumha síos: ní h-eagal
dí, ní baoghal.
Nuair a choisgfeas dlighe na Sagsannach an
feur ó bheith ag fás,
Nuair a choisgfeás sé an duilleabhar ins an
samhradh ó bheith glas,
O, bainfid mé an t-Seamróg de mo cháibín
an lá úd,
Acht leanfaidh mé, le congnadh Dé do'n
duille glas go súd.