VOYAGE OF MAELDUIN.
(conclusion.)
76. Iar dteach dóibh as sin, rángadar
inis in a raibh mór-chuid eallaigh, daimh agus ba
agus caoirigh. Ní raibh tighthe nó dúnta innte;
agus ithid annsin feola na gcaorach. Is ann-
sin adubhairt duine dhíobh, ar fheicsin seabaic-
mhara dhó, “is cosamhail an seabhac lé sea-
bhacaibh Éireann.” “Is fíor sin, go deimhin,”
ar dream eile dhíobh. “Deunaidh faire air,”
ar Mael Dúin, “go bhfeicthí cá dtéid an
t-eun uaibh.” Chonnacadar ar eitioll uatha
é, soirdheas.
77. Do iomradar annsin i ndiaidh an
éin, an taobh do chuaidh sé uatha; do iomra-
dar an lá sin go feasgur. Tosach oidhche
dhóibh annsin, do chidhid talamh cosamhail lé
talmhain na h-Éireann: do iomradar chuici.
Do gheibhid inis bheag; agus is uaithe so rug an
ghaoth léi iad ar an aigeun ar dtús, an tan
thángadar i dtosach ar muir. Do chuireadar
a mbraine(tosach curaigh) i dtír annsin, agus
do chuadar do'n dún do bhí ar an inis agus do
bhidheadar ag éisteacht; agus is annsin do bhí
áitreabhthaidhthe an dúna ag caitheamh a
bproinne, go gcualadar daoine dhíobh(ag
caint). Adeiridís: “Is maith dhuinn muna
bhfeicimis Mael Dúin.” “Do báthadh an
Mael Dúin sin,” ar fear eile. “Acht dá
dtagadh anois, cad do dheunfamuis?” ar
fear eile. “Ní deacair sin,” ar toiseach
an tighe, “fáilte mhór roimhe, dá dtagadh;
óir do bhí móir-imnidhe air lé fada.
78. Leis sin, buailidh Mael Dúin an
bos-chrann leis an dorus. “Cia atá ann?”
ar an dorusaidhe. “Mael Dúin sonn,” ar
se fein. “Osgail mar sin,” ar an toiseach,
“fáilte romhat?” Do chuadar annsin ins
an teach, agus cuirtear fáilte mhór rómpa, agus do
bheirtear eudaigh nuadha dhóibh. Do innisea-
dar annsin gach uile iongantus do fhoillsigh
Dia dhóibh, do réir bhréithe an fhátha naoimh
adeir “haec olim meminisse iuuabit.”
79. Do chuaidh Mael Dúin annsin dá
chrích féin. Agus thug Diurán 'file na cúig
leath-unsaidhe thug sé leis do'n líon, gur
chuir ar altóir Áird Mhacha iad i g-cuimhne
bhuadhaigh, agus i gcomhmhaoidheamh na bhfeart agus
na móir-mhíorbhuil do righne Dia dhóibh. Agus
do innseadar a n-imtheachta ó thús go deir-
eadh, agus a bhfuaradar do ghábhadh agus do ghuasacht
ar muir agus ar tír.
80. Do chóruigh annsin Aodh Fionn, áird-
eagnuidhe Éireann, an sceul so amhail atá
sonn — ar ghárideachadh meanman do righne é,
agus do dhaoinibh na h-Éireann in a dhiaidh.
Críoch.