AN TÁILLIÚR AGUS INGHEAN AN
BHUISTÉIRIDHE.
Gach uile Dhómhnach 'thréis dinnéir 'sé gnás
muinntir na tíre cruinniughadh ag na cros-
bhóithre agus damhsa a bheith ann. Do bhí
beirt i n-a measg, sé sin fear óg agus bean
óg, táiliúr do bhí inns an bhfear agus inghean
búistéiridhe do bhí inns an mnaoi óig.
'Sé an gnás inns an tír go d-tiucfaidh an
fear in tosuigh, agus go n-iarrfaidh sé páir-
tidhe le damhsadh leis, agus an bhean mar an
g-céadna ar an g-ceud uair eile.
Trathnóna Dómhnaigh ag cros-bhóthar Cathair
loistreán eidir Ath-cinn agus Tuaim i g-con-
dae na Gaillimhe do thuit sé ar an mnaoi óig
an t-am seo pairtidhe iarraidh. Do thainic sí
suas, agus d'iarr sí an fear óg seo 'n-a
pháirtidhe inns na foclaibh mí-mheasamhla
seo: “A shiosúir miosúr, meurachán! an
é do thoil damhsadh liom?”
“Agus fáilte, á phutóg, rioplóg, eudtro-
mán!” ar seisean. Do dhamhsuigh siad, agus
budh é sin an damhsa deire do rinneadar le
chéile.
Do bhí grádh mór acu d'á chéile roimhe sin,
acht mar gheall ar na foclaibh mí-mheasamhla
do labhradar ar gach taobh do criochnuigheadh
a n-gradh-siadsan.
Mar chloismid: “Ní'l grádh dhá mheud nach
bhfuaraigheann.”