TIOBRAID-ARANN.
Tá meas ag Breatain faoi n-a réim -
Is beag ár m-beann air a gárthaibh
Fad a bheidheas in aon áit faoi'n ngréin
Aon fhear d'fhuil Thiobraid-Arann.
Is carthanach seasmhach a chroidhe,
'Sis teann a chruth 'sis láidir,
A -eud tá chomh dian leis an ngaoith
A scuabas cnuic Thiobraid-Arann.
Seol é chum aon cath atá cóir
Is cuma leis beatha no bas ann;
Oir sluagh nior chuir Dia riamh i g-clodh
Bheurfadh bárr air fhir Tiobraid-Arann.
Acht buail leis 'nna bhóithin deas tuighe,
No aig rinceadh fós le n-a Mháire,
Ba dhóigh leat ná'r bh'eól dóibh aon chaoi
Acht aiteas i d-Tiobrait-Arann.
Cuirfeadh sé rómhat fior-fháilte caoin,
'S ní mheallfaidh a fhocal go bráth thú;
'S ni chlaonfadh air bhaireud d'ór-bhuidhe
Croidhthe daingne Thiobraid-Arann.
Is gléineach súil a chailin féin —
A meón atá go séimh a's mánla,
'Sa croidhe chomh dil le gath de'n ngréin —
O! is clú i do Thiobraid-Arann.
Arduigheadh Breatain a h-ortha bróid';—
Suas go deo leis an brat gan cháidhe ann!
Taisbéan an sámhthach soin am' dhóid,
Aig treórughadh fear Tiobraid-Arann.