AMHARC ÓBANN.
An Chraoibhín Aoibhinn do chan.
Do bhí mé 'baint choirce 'ndé,
A's ag ceangailt na bpunann go dlúth;
A's a mhuirnín! ba thaithneamhach é
An lá sin, ó chonnairc mé thú.
Bhí an ghrian ag lasadh san spéir
Gan coinnlín da luasgadh lé gaoth;
Bhí fuighleach an drúchta 'r an bhfeur,
Bh an loch ann a chodladh 'na luidhe.
Bhí an mhaidin go ciuin a's go geal
Agus b'eudtrom, och! b'eudtrom m
chroidhe,
Lúghghaireach a's aerach lé seal,
Óir chonnairc mé, chonmnairc mé, í.
Do chuaidh sí tharm mar ala,
Mar reult do chrom sí a ceann
A's bhí sí an moimeud sin falaighth'
Air chúl acn chloidhe áird do bhí ann.
Do bhí sí mar bháidín breagh seoil
Go h-eudtroma ag snámh leis an ngaoith,
Níor dhubhairt sí aon fhocal acht ceol
A's d'fág sí ag damhsa mo chroidhe.
Chuir sí mo spiorad ag gáire,
A's d'fhág sí ag rince mo chroidhe
Mo shúile 'gá leanamhúint 's gá faire,
A's a Dhé! go g-cúitighidh tú í.