DÁN BEAG.
Contributed by Mr. Patrick O'Leary, Inches, Eyeries,
Castletownbere, Co. Cork.
I.
“Cad é an dath,” ar bárd le Nádúr, tráth,
“Is deise ad' shúil, nó is teó ad' ghrádh?”
“An glas, gan amhrus,” ar Nádúr go tláith.”
“Is deise 's is annsa, óir ní eugann go
bráth.”
II.
“Dearg, bán, buídhe, agus gach uile dath tá,
Tigid am' thímchioll an fhaid is áil leó an lá;
Acht le teacht dubh na h-oidhche, a dhéanann
me chrádh,
Imthíghid uaim de phreab, am' fhágbháil gan
sgáth.
III.
Seasan an glas i lár sóigh is mí-ádh,
Agus fós 'sé is túisge a leíghiseann mo
cneádh;
Dá bhrígh sin, dar n-dóigh, ní misde dham rádh,
Gur “cuisle mo chroidhe” an dath glas go
bráth.
PADRUIG O LAOGHAIRE.