AN DIABHAL, AN CHLANN, AGUS AN
CNUMH.
Triúr atá ag bráth air mo bhás,
Cídh táid go bráth am' bhun:—
Is truagh gan a g-crochadh as chrann,—
An diabhal, an chlann 's a' cnumh.
Ní thiúbhrach aon do'n triúr,
Do'n dís eile tá ullamh claon,
An chuid do roicheadh é féin,
Air a g-cuid súd araon.
An diabhal, an spiorad dorchadh dall,
An spiorad leis nach áil acht olc,
An t-anam sultmhar, séimh,
Ní thabharfadh air mo spré 's mo chorp.
An cnumh, gídh geárr súd,
Go rachadh mo chúl 's an g-cré,
Do d'fheárr léi aici mo chorp
'Ná m-anam bocht a's mo spré.
Dob'fheárra le'm chlann mo spré
A bheith aca féin anocht,
Damh-sa cídh fogus a ngaol,
'Ná m-anam mar aon le m'chorp.