AMHARCA CLEASACHA: Uimh. 1.
BRIAN BOROIMHE:
Roimh a chath deigheanach.
Is mór an chúmhacht tá in mo láimh anois,
Is mór an clú air m'ainim tríd an tír:
Acht is mó an brón tá cnaoidheadh in mo chroidhe
'Ná cúmhacht, no glór na n-daoineadh. Chuir
mé síos
An sliocht a raibh árd-réim air Éirinn aca
Ó aois go h-aois gur éirigh mise. Acht ní h-é
Amháin gur sgriosas ins an g-cath a sluagh, —
Tá siad féin am' leanamhain! Ins an áit so,
Ós cómhair árd—bhaile mhóir na Lochlonnach,
Tá Clanna Néill am'dhiaigh teacht go toilteach:
Air mo láimh dheis atá Maoilsheachlainn* féin
An fear ó'r thógas-sa coróin na h-Éireann,
Tá sé-sean déanadh cogtha air mo shon,
Chó treunmhar agus air a shon féin cheana
An tan ro bhuaidh a mhór-chlaoidheamh óg
Air Righ na Lochlonnach na muince órdha.
Ní féidir leis na Lochlonnaighibh anois
Seasadh am' aghaidh. Atá mo bhuaidh cinnte,
Beidh sí an-mhór a's beidh ró-ghlórmhar freisin
Óir troidfidh an námhaid go h-eudóthchasach.
Beidh árd-chlú air an g-cath so, clú nach
raibh
Ariamh air chath air bith i d-tír na h-Éireann —
Agus 's na h-uile shaoghaltaibh le teacht
Is dil a bheidh a ainim a's a sgeul:
A's daoine fós nach m-beidh ár d-teanga aca,
Beidhid canadh agus beannughadh lae Chlu-
aintarbh;
Lá breágh, lá dóthchais, lá na h-Éireann féin.
Lá mór 'n-a d-tuitidh síos an chúmhacht budh
mheasa
De chréachdóraibh na mara 'gus na d-tír.
Acht ins an uair so féin, lán cúmhachta, clú,
Ní bh-fuil síothcháin in mo chroidhe. Tá eagla
orm,
An-mhór, uathbhásach, nach raibh ceart agam,
An méad a righneas air mo shon a dhéanadh.
B'fhéidir gur cionntach an lámh láidir so
I radharc Dé: 'gus air an adhbhar sin,
B'fhéidir go d-tuitfidh síos a dhíoghaltas
Go trom in uair na buaidhe air mo cheann.
Ro chan
Eoin Séamus Ua Cearbhaill.