TUIREAMH SHIUBHÁN NIC AN ÉANAIGH
I
Tá an ghealach gheal faoi smúid ann 's a' ghrian i gculaidh chumhaidhe,
'S na réalta 'lic ag umhlú i do dhiaidh-sé, a mhíle stór;
Ní bhfuil ubhlaí cruinne cumhartha air choillte glasa dlúith-cheart
Ó dúnadh insan úir í faoi liag i gCill Eachaidh.
II
An lá do cóirigheadh an chraobh gheal air Lios na Corra i gCréabhaidh,
Is annsin a bhí na céadtha ag éirghe amach faoi smál;
Bhí na hosnaidh mór' dá mbuaireadh 's a gcroidhe 'stoigh dá réabadh,
'S a Thighearna, is dóigh nárbh' iongnadh mar a thug sí an sgéimh léith ó mhná.
III
Nuair a shíl mé dhol 'da bréagnú air eachraidh geala glégheala,
Air a ndúil 's a dhol 'un na cléir' léith is fair words a rádh,
Ní hé sin a gheall Mac Dé dhi ach i bpárrthas fhlaithis naomhtha,
'S go n-arduighidh Críosd i gcéim í, Siubhán, rún na ngrás.
IV
Cha dtig cruithneacht bhán i ndéis i gConndae Mhuineacháin 'na déidh-se,
Nó duilliúr air na crannaibh nach dtuiteann díobh a mbláth;
Tá an Charraig uilig go léir is tá sé anois gan phléisiúr,
Agus Searcóig 'na dhéidh sin nach bhféadaim a rádh.
V
Is iomdha casán déanta fá Lios na Corra i gCréabhaidh
Nach seasann sí go héag air 's nach dtig feár ann nó bláth,
Ó d'imthigh craobh an phléisiúir ó mharcaigh Bhéal Áth' Tréin -
A Shiubhán Nic an Éanaigh, is tú an péarla 'tá mé a rádh.