THE
SHAN VAN VOCHT
VOL. II. — No. 7.
<121>
Máirín.
Is iomdha abhrán binn
Do rinneas le mo linn,
Agus leanfaidh mé dó sin, má mhairim béo;
Acht éist, a bhuachaillidh,
Le rann anois do mhnaoi,
Do'n chailín deas do ghoid mo chroidhe go déo.
Cur-fá.
Grádh mo chroidhe mo chúilín;
sláinte geal mo mhúirnín,
'Olfaidh mise sin gloine lán;
Do rug tú leat an chraobh
'O'n tir o thaobh go taobh,
Agus grádh mo chroidhe do chúilín bán.
Má tá sí bocht gan stór
Ta sláinte 'ci go leór,
Is díol fir ar bith i n-Eirinn i,
Acht dá m-beidh' lásaidh óir
Ag lasadh ar mo stór
Ní bhéidh' sí níos áille na tá sí. — Cur-fá.