Slainte na bh-Fear Fior.
So sláinte na ndaoineadh thóg teanga ár dtíre
O'n dearmud 'gus sgáile 'na raibh sí 'na luidhe;
Bhí a bás-caoin ag eirghe mar ghul "ingin' Líre,"
'S bhí a namhuid ag gáireadh le nimh in a gcridh.
So sláinte na ngáisgidh nach fuileóngadh bás di,
Acht d'eirigh in am ceart dá coimeud fós beó,
A dubhairt leis na daoinibh a ngeuga do shíneadh,
Do chur brighe agus beathadh 'san Gaedhilig go deó.
So sláinte na muintear nach dtréigfeadh a sinnsear,
'Nuair bhí sgáile na h-oidhche teacht orra go trom,
'Nuair dubhradh le daoinibh dubh-chridheach' nach gcluinfidhe,
Focal eile na Gaedhilge san oileán lag lom.
So sláinte na ndaoineadh ag nach bh-fuil fhios claoite,
A d'eirigheas ó bhriseadh mar an ghréin tar éis ceó,
Dar cuma a namhuid do bheith molta nó maoite
Le tráillibh ann sud no le cladh'raibh annso.
So sláinte na ndaoineadh nar thréig dóchas saoirse,
'San aimsir ba duibhe a d'fhulaing a dtir,
Nach mbeidh sásta go deo deo le bruid na le daoirse,
A throidfeas an sean-chath a gcómhnuidhe 's go síor.
So sláinte 'gus fine le gach uile dhuine
Nar dhearmaid sean-thalamh a shinnsear go fóil,
A charas a thír fein, a shliocht 'gus a chine,
A dteanga, a saoirse, a gclú, 'gus a gceól!
T. O. R.