CÚIRT NA DÁLA
AGUS SGÉAL EILE
Brún agus Ó Nóláin, Teor, do chlóvuel.
CÚIRT NA DÁLA
I.
I mbaile bheag áirithe i gCúige Mumhan do bhí fear 'na
chomhnaighe i dtig mhór annspianta go raibh fuinneóga
ar gach taobh de. Fear meadhon aosta ab eadh é, ach
níor phós sé riamh agus ní raibh bean ná clann aige. Ba
leis cuid mhaith des na tighthe sa bhaile bheag agus bhí
teacht isteach maith go leor aige. Ach ar chuma éigin do
cheap sé an' aigne féin go mbéidir go bhfaghadh sé bás don
ghortadh, agus gach sgilling a gheibheadh sé do chuireadh
sé i dtaisge í. Is ar éigin itheadh sé a dhóthain in aon chor.
Fear árd caol lom ab eadh é agus deallramh ocrach
air. Ach bhíodh sé ar a shástacht nuair a shuidheadh sé
chun búird agus a thosnuigheadh sé ar a chuid airgid a
chomhaireamh. Ceol breagh dho ab eadh gliogaireacht
na bpíosaí óir agus airgid. An Sprionnlóir an ainm a bhí
ag na comharsanaibh air.
Ní raibh éinne 'na chomhnaighe sa tig annspianta ach
é féin. Do thagadh bean isteach anois is arís chun an
tighe a ghlanadh, ach is é féin a dheineadh pé cocaireacht
agus obair eile a bhíodh le déanamh ann. Is é féin a chean-
naigheadh gráinne té agus bríc aráin sa tsiopa sa tsráidín,
agus ba dheacair é shásamh. Dá dtéigheadh sé isteach i
siopa chun rud éigin a cheannach, bheadh sé ag cnáimh-
seáil agus ghá rádh go raibh an rud ró dhaor nó ná raibh
an mheadhachaint cheart ann, i dtreo go mbíodh lucht
na siopaí bodhar aige agus nár lughar leo an diabhal ag
teacht isteach chúcha ná é.
Fuair sé gadhar ó dhuine éigin tráth agus bhí áthas air.
— Beidh compánach agam anois, ar seisean, agus ní
bheidh orm é dhíol. Ní bheidh uaidh ach an blúire iosfaidh
sé.
Ach sar a raibh coicthigheas caitte do bhí port eile ar
siubhal aige. Thug sé fé ndeara go raibh goile maith ag an
ngadhar agus nár bhfuláir cosc éigin a chur leis. Ar feadh
coicthighis eile 'na dhiaidh san ní raibh leath a dhóthana
len ithe ag an ngadhar mbocht. An coicthigheas 'na dhiaidh
san arís ní raibh leath an méid sin féin aige, agus ba ghearr
go bhfuair sé bas don ghortadh.
— Is mór an trua, arsan Sprionnlóir nuair a bhí an gadhar
bocht fén bhfód, gur chuimhnigh an gadhar craosach san
ar bheith ar céalacain.
II.
Do bhí Baintreabhach 'na comhnaighe sa tsráidín agus
mór-sheisear leanbhaí aice. Tionóntaí don Sprionnlóir
ab eadh í, agus nuair a théigheadh sí ag trial air leis an
gcíos gach ráithe ba ghnáth léi sicín nó lacha nó rud éigin
eile a bhreith léi mar bhrontanas. Nuair a chuaidh sí
ag trial air tamall tar éis bhás an ghadhair agus an cíos
aice do thug sí léi lacha bhreagh ramhar agus thug sí
don Sprionnlóir í.
Do chuir sé a lámh ar an lachain.
— Níl sí ró ramhar, ar seisean, go searbh, ghá leogaint
air ná raibh aon mhaith innte. Fuair an Bhaintreabhach
admháil uaidh ar an gcíos, agus d'imthigh sí.
Nuair a bhí sí imthithe dubhairt an Sprionnlóir leis féin
go mbeadh dínnéar breagh aige an lá san. Do mhairbh
sé an lacha, agus do bhain sé na cleití agus an clúmh di,
agus do ghlan sé í agus do chuir sé i n-oidhean í chun
í rósta.
Níor bhfada go raibh baluith breagh na lachan ar fuaid
an tighe agus lasmuigh den tigh. Bhí an Sprionnlóir chomh
bruideamhail sin nár thug sé fé ndeara gearrachaile ag an
bhfuinneoig agus a srón buailte leis an ngloine agus í ag
slugadh baluith na lachan isteach trín a sróin agus trín
a béal. Inghean na Baintreabhaighe a bhí ann, an inghean
ba shine. Féachaint dá dtug an Sprionnlóir amach do
chonaic sé an ghearrachaile agus do labhair sé léi go
feargach.
— Imthigh as san nó basgfar thu, ar seisean agus é ar
buile le feirg.
D'imthigh an ghearrachaile agus scannradh uirthe, ach
do tháinigh sí thar n-ais arís go dtí taobh eile den tigh agus
d'fhéach isteach an fhuinneóg ar an dtaobh san.
Do bhí an lacha ar an mbórd agus an Sprionnlóir ghá
ithe ar a shástacht, ach bí an baluith ann fós agus d'fhan
an cailín ag an bhfuinneóig ag féachaint isteach ar an nduine
istigh agus ag cuimhneamh ar lachain a máthar féin a bhí
imthithe uaithe. D'eirig an fear lom ó'n mbórd agus sar
a raibh fhios ag an gcailín cá raibh a thrial bhí sé 'na sheasamh
lena taobh agus greim daingean aige ar ghualainn
uirthe.
— A ghaduidhe bhig, ar seisean, caithfir-se díol as so,
nó díolfaidh do mháthair as.
III.
Do rug sé leis í go tigh na baintreabhaighe agus í ag gol
go truaighmhéileach. Tháinig an Bhaintreabhach amach
agus dubhairt an Sprionnlóir léi gur ghoid a hinghean
cuid den lachain uaidh.
— A inghean mo chroidhe 'stigh, arsan mháthair, cad
chuighe gur dheinis é sin?
— Níor ghoideas aon rud, arsan cailín bocht.
— Do ghoidis, arsan Sprionnlóir.
— Níor ghoideas, arsan cailín. Ní rabhas ach ag féach-
aint isteach tríd an bhfuinneoig.
— Do ghoidis an baluith, arsan Sprionnlóir, agus d'innis
sé don mháthair conas mar a chonaic sé an cailín ag an
bhfuinneoig.
D'iompuigh an Bhaintreabhach air agus hug sí aghaidh
na muc is na madraí air, agus nuair airigh na comharsain
an gleo ar siubhal do bhailigheadar i dteannta chéile agus
bhíodar ag cabhrú leis an mbaintreabhaigh.
— Seo chughainn an Breitheamh, arsa duine aca, nuair
a bhuail Breitheamh na Dála sa cheanntar san an treo.
Cuirimís an sgéal os a chomhair.
Do hinnseadh don Bhreitheamh cnámha an sgéil.
Beidh cúirt agam Déardaoin seo chughainn arsan
Breitheamh, cuirtear an chúis os mo chomhair an lá san
agus tabharfad breith uirthe.
B'é b'fhada leis na daoine go raibh an Déardaoin ann
go bhfeicidís cad a dhéanfadh an Breitheamh nó conas
eirigheóchadh leis an Sprionnlóir. Nuair a tháinig an lá
bhí tig na cúirte lán go doras. Bhí an Sprionnlóir ann
agus an Bhaintreabhach agus a hinghean agus na comhar-
sain go léir, agus Óglaigh ag stiúradh na hoibre.
Ar a haon déag a chlog tháinig an Breitheamh amach
ar an árdán. Do ghlaoidh an Cléireach ar an Sprionnlóir.
Do chuaidh seisean i n-áirde ar chlár na mionn. Do chuir sé
an ghadaidheacht i leith an chailín, agus d'innis sé a sgéal
ó thúis deire gan sgáth gan eagla.
Do ghlac scannradh an Bhaintreabhach bhocht agus
nuair a glaoghadh uirthe níor fhéad sí labhairt.
— Bhfuil aon fhreagradh agat? arsan Breitheamh, ach
ní bhfuair sé focal uaithe.
— Tabhair coróinn dom, ar seisean.
Do chuir an Bhaintreabhach a lámh isteach 'na brollach
agus do tharaigh sí amach ciarsúir spotuithe. Do scaoil
sí snaidhm a bhí ar chúinne an chiarsúra agus do thóg sí
amach an taon phíosa coróinneach amháin a bhí ar an
saoghal aice, agus go bhfuair sí a lán dá dhuagh ghá chur
le chéile. Do thug sí don Bhreitheamh é agus ba dhóigh
leat gur bhraon d'fhuil a croidhe a bhí ag imtheacht uaithe.
Do thóg an Breitheamh an choróinn uaithe agus do
chaith sé ar an mbinnse í, agus do léim croidhe an Sprionn-
lóra le háthas nuair a airigh sé glór an airgid.
— Seadh, arsan Breitheamh, leis an Sprionnlóir, do
chuiris an ghadaidheacht i leith an chailín sin. Dá ngoid-
eadh sí cuid ded lachain, do thabharfainn an choróinn sin
duit. Níor thóg sí uait ach baluith na lachan, agus ní
bhfuighir de chúiteamh ach glór na coróinneach san,
agus do thug sé an choróinn thar n-ais don Bhaintreabh-
aigh. Do shleamhnaigh an Sprionnlóir amach as an
gcúirt agus náire air agus na comharsain ag gáirighe agus
ag magadh fé.
AN FEAR A BHEARRADH É FÉIN
I.
Fear a bhí 'na chomhnaighe i mBaile Átha Cliath, fear
deas ceannsa dathamhail. Ní fheadar-sa féin cé'r díobh
é, nú cár bh'as do, ach is minic a chidhinn é agus me im
chomhnaighe sa chathair fadó. Do bhí post breagh bog
aige fé'n Rialtas Gallda agus bhíodh sé ag obair sa chaisleán
úd ar a dtugtí nead na ceilge. Ní fheaca riamh é gan cluith-
éaduig deas air do réir an fhaisinn, agus bróga deasa agus
stocaí agus cluig ortha. Bhíodh sé piocaithe bearrtha i
gcomhnaighe.
Tráthnóna dá rabhas i gcafé áirithe ag ól cupán té
ar mo shuaimhneas cé thiocfadh isteach ach é féin agus
cailín deas lena chois. Ar ádhbharaighe an tsaoghal
do shuidh sé chun búird tamal beag anonn uaim i
dtreo go raibh lán mo dhá shúl de radharc agam air.
Do thugas fé ndeara an tráthnóna san a chúramaighe
a bhí sé i dtaobh a fhéachainte féin. An folt dubh ar a
cheann bhí sé scuabtha siar ó n-a éadan go dtí n-a chúl,
agus ní raibh fás dhá lá ar a smig marab ionnan agus mise.
Déarfainn go mbearradh sé é féin ar maidin agus um
thráthnóna, bhí sé chomh glan san.
Tamal 'na dhiaidh san do cuireadh go baile beag i
n-iarthar na hEireann ar ghnó an Rialtais é. Do bhí
doircheacht na hoidhche ann nuair a shrois sé an baile
beag. B'é an chéad uair riamh aige i n-áit mar sin é. Do
chuir sé fé i dtig ósta bheag ag ceann na sráide bige, agus
nuair a bhí an suipéar itte aige do chuaidh sé a choladh
mar bhí sé tuirseach go maith tar éis an lae.
Nuair eirigh sé ar maidin lar na mháireach do ghlaoidh
sé ar an gcailín aimsire agus dubhairt léi uisce te a thabhairt
chuige chun go mbearrfadh sé é féin. An fhaid a bhí an
cailín ar lorg an uisce bhí seisean ag cuardach a mhála,
ach ní raibh tásc ná tuairisc an rásúir ann. Is amhlaidh
fhág sé 'na dhiaidh i gan fhios do féin é.
— Is cuma é, ar seisean, raghad amach go tig an bharbóra
agus gheofhad bearradh maith ansan.
D'imthig sé amach agus do bheannaigh sé don chéad
duine a bhuail uime.
— An bhféadfá innsint dom, ar seisean, cá bhfuil tig an
bharbóra?
— Tig an bharbóra! arsan duine eile, agus iongna air.
— Seadh, ar seisean, tig an bharbóra, an tig mar a mbain-
tear an fheasóg de dhuine.
— Ach, arsan fear eile, níl a leithéid sa bhaile seo in
aonchor, bearrann gach éinne é féin anso, agus d'iompaigh
sé ar a sháil agus d'imthig sé.
II.
Do bhí an duine uasal ó Bhaile Átha Cliath i gcruadh
chás. Bhí fás maith gruaige air a chorrán agus ní bheadh
sos ná suaimhneas aige go dtí go mbainfidhe dhe é. Do
lean sé dhe ag siubhal na sráide féachaint an mbuailfadh
éinne uime a inneosadh dó cá bhfaghadh sé fear a bhearrfadh
é. Do chonaic sé fear óg ag teacht fé 'n-a dhéin. Nuair
a dhruideadar le chéile do stad sé é.
— B'fhéidir go bhféadfá innsint dom, ar seisean leis,
cá bhfaghainn duine a bhearrfadh me.
— Ní sa chathair ataoi anois, ersan fear óg leis an stró-
inséar níl aon tsiopa bharbóra sa bhaile bheag so.
— D'airigheas é sin cheana, ersan stróinséar, ach
b'fhéidir go bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a dhéanfadh
an gnó dhom?
— An bhfeiceann tú an bothán san ag bun na sráide?
ar seisean.
— Chím, arsan duine uasal.
— Tá duine 'na chomhnaighe sa bhothán san, arsan
fear óg, agus ní déarfainn ná go ndéanfadh sé dhuit é.
— Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, arsan duine uasal,
agus do dhein sé ceann ar aghaidh ar an mbothán.
Do bhuail sé an doras.
— Tair isteach, arsan duine a bhí istigh.
Do bhuail sé isteach agus d'innis sé d'fhear-an-tighe cad
a bhí uaidh.
— Agus an bhféadfá me bhearra? ar seisean.
— D'fheadfainn, arsa fear-an-tighe, ach b'fhearr liom
gan é dhéanamh. Do thuig an duine uasal ó-n gcuma
'na ndubhairt sé é go raibh droch ionntaoibh aige as féin.
Dubhairt an duine uasal go ndíolfadh sé go maith é, ach
ní raibh aon mhaith dho ann. Níor fhéad sé fhághail ó'n
bhfear eile ach — b'fearr liom gan é dhéanamh.
D'imthig an duine uasal agus fearg air agus do chuar-
daigh sé an tsráid féachaint a bhfaghadh sé éinne i
n-aon tig eile a dhéanfadh an gnó dho. Do theip air agus
thug sé aghaidh ar an mbothán arís. D'fhiafraigh sé arís
d'fhear-an-tighe an bhféadfadh sé é bhearradh, agus dub-
hairt seisean go bhféadfadh go háluinn.
— Tosnaigh láithreach, má seadh, agus dein é, arsan
duine uasal.
— B'fhearr liom gan é dhéanamh, arsa fear-an-tighe
arís.
— Cuir uait an chainnt sin agus dein é, arsan duine
uasal, agus tabharfad leath-choróinn duit nuair a bheidh
sé críochnuighthe agat.
— Ní cúrsaí airgid in aonchor é, arsan fear eile, ach
b'fhearr liom gan é dhéanamh.
— Ach an ndeireann tú liom go bhféadfá é dhéanamh?
— Ó d'fhéadfainn, ar seisean.
— I n-ainm Dé dein é mar sin agus ná bí ag cainnt ansan.
Tá an lá ag imtheacht agus gan aon ghnó déanta agam fós.
— Ó's rud é gur iarrais orm é dhéanamh i n-ainm Dé,
ní fhéadfainn tu dhiúltadh, arsa fear-an-tighe, agus déanfad
é ar aon choinghiol amháin.
— Agus cad é an coinghioll é sin? arsan duine uasal.
— Go luighfir ar fleasc do dhroma ar an mbórd san i
n-aice na fuinneoige, an fhaid a bheidh an obair ar siubhal
agam.
III.
Ní ró mhaith a thaithn an coinghioll san leis an nduine
uasal, ach b'éigean do géilleadh. Do luigh sé siar ar fleasc
a dhroma ar an mbórd, agus do chuaidh fear-an-tighe go
dtí an cúinne mar a raibh an rásúr agus galluanach agus
an scuaibín i dtaisce aige. Bhí an ciotal ag beiriú ar an
dtine. Do líon fear an tighe báisín ó'n gciotal agus do
thúm sé an scuaibin ann agus ba ghearr go raibh sobal
breagh bog ar aghaidh an fhir a bhí sínte ar an mbórd.
Do chimil fear an tighe an ghruaigh lena láimh chun í
bhogadh agus do chuir sé tuille sobail ar aghaidh an fhir.
Ansan do chuaidh sé go dtí an cúinne arís agus do tharaigh
sé amach an rásúr agus do thosnaigh sé ar faobhar a chur
air ar a dhíothal. Nuair a thug an duine uasal ar an mbórd
an méid sin fé ndeara tháinig scannradh air, ach ní leogfadh
eagla dho coruighe. Níor dhein sé ach a phaidreacha a
rádh agus fanamhaint socair agus gan leogaint air go raibh
aon droch amhras aige as fear an bhotháin. Tháinig seisean
agus an rásúr aige agus faobhar álainn air. Nuair a sheas-
aimh sé i n-aice an bhúird do thuit an lug ar an lag ag an
nduine uasal mbocht, ach ní raibh dul as ansan aige. Do
chuir fear an tighe a lámh chlé ar cheann an fhir eile agus
do thosanaigh sé ar a aghaidh a bhearradh. Do bhearr sé
go hálainn é, agus do nigh sé é agus do thriomaigh sé é.
— Tá an obair déanta, ar seisean leis an nduine uasal,
agus do ghlan sé an rásúr
— Tá, agus déanta go maith, arsan duine uasal agus é
ag eirighe ó'n mbórd agus áthas air nár gearradh a scórnach.
Do chuir sé a lámh 'na phóca agus thug sé leath-choróinn
d'fhear an bhotháin
— Ar mhiste leat innsint dom anois, ar seisean, cad
'na thaobh nár dheinis ar dtúis é?
— Níor mhiste liom go deimhin, ar san fear eile, o's rud
é go bhfuil sé déanta. Is tu an chéad fhear beo do bhearras
riamh.