LAOIDH OISÍN AR THÍR NA N-ÓG.
Mar d'aithris sé í do Phádraic Naomhtha.
Pádraic:
A Oisín uasail, a mhic an rígh!
A b'fheárr gníomh gaiscidh agus gliadh —
Aithris dúinn anois gan mhairg,
Cionnas mhairis tar éis na bhFiann?
Oisín:
Innseóchad sin duit, a Phádraic nuaidh,
Gidh doilbh liom a luadh ór árd;
Tar éis an chatha Ghabhra chruaidh
'Nar marbhadh, monuar, an t-Oscar áigh!
Lá d'a rabhamar uile an Fhiann —
Fionn fial 's ar mhair dínn ann —
Gidh gur dhoilbh, dhubhach ár scéal,
Tar éis ár laochraidh bheith go fann.
Ag seilg dúinne maidin cheodhaigh
A n-imioll-bhórdaibh Locha Léin,
Mar a rabh crainn ba chúmhra bláth
A's ceol gach tráth go binn ag éin.
Dúisigheadh linn an eilit mhaol
A b'fheárr léim, rith agus lúth,
Do bhí ár gcoin 's ár ngadhair go léir
Go dlúth 'na déigh faoi láin-shiubhal.
Níor bhfada go bhfacamar aniar,
An marcach dian ag teacht chughainn!
Aon mhacaomh mná a b'áille dreach
Ar chaol-each bán ba mhire lúth.
Do stadamar uile de'n tseilg,
Ar amharc deilbhe na ríogh-mhná:
Do ghabh iongantas Fionn 's an Fhiann,
Nach bhfacadar riamh bean comh breágh!
Bhí coróin ríoghdha ar a ceann
Agus brat donn de'n t-síoda dhaor,
Buailte sé réaltaibh dearg-óir
Ag folach a bróg síos go féar.
Bhí fáinne óir ar crochadh sios
Ar gach dual buidhe d'a dlaoigh' mar ór —
A rosca gorma, glana gan smúid
Mar bhraon de'n drúcht ar bhárr an fheoir.
Ba deirge a gruaidh 'ná'n rós
Ba gile a snódh 'na eala ar thuínn
Ba mhilse blas a béilín fós
'Ná mil d'a h-ól thré dheirg-fhíon.
Do bhí brat fairsing, fada, réidh
Ag folach an stéid-eich bháin,
Diallaid greannta de dhearg ór
Agus srian béil-óir 'na deas-láimh.
Bhí ceithre cruidhthe cumtha faoi
De'n ór buidhe ba ghlaine scáil
Fleasc airgid a gcúl a chínn,
'S ní rabh san t-saoghal each a b'fheárr!
Do tháinic sí a láthair Fhinn
Do labhair go caoin, cneasta a bhfuaim;
'S adubhairt sí, "A rí na bhfiann,
Is fada, cian anois mo chuairt!"
Fionn:
"Cia thusa féin, a ríogan óg,
A bhean 's feárr clódh, maise 'gur gnaoi?
Aithris anois dúinn fáth do scéil
D'ainm féin a's fós do thír."
Niamh:
Niamh Chinn-Óir 'sé m'ainm féin.
A Fhinn ró-thréin na mór-shlógh;
Thar mhnáibh an domhain do fuaireas bláth,
'S mé inghean álainn Rígh na n-Óg"
Fionn:
"Aithris dúinn, a ríoghan tais,
Fáth do theacht thar lear a g-céin;
An é do chéile d'imthigh uait,
Nó caidé an bhuadhairt a tá ort féin?"
Niamh:
Ní h-é mo chéile d'imthigh uaim,
A's fós níos luaidheadh mé le fear,
A rí na Féinne ar aoirde cáil,
Acht searc a's grádh a thugas dod' mhac!"
Fionn:
"Cia aca dem' chloinn, a inghean bláth',
D'a dtugair grádh agus fós gean?
Na ceil orainn anois an fáth,
Acht aithris dúinn do chás, a bhean!"
Niamh:
"Innseóchad féin sin duit, a Fhinn,
'Sé do mhac grinn, geal, arm-chruaidh,
Oisín meanmnach na dtréan-lámh,
An laoch a táim anois do luadh."
F.
"Céard é an fáth a dtugair grádh,
A inghean álainn an fhuilt réidh,
Dom' mhac geal féin seachas cách
'S a liacht flaith árd a tá faoi'n ghréin?"
N.
"Ní gan ádhbhar, a rí na bhFiann,
Do thángas a gcian fá n-a dhéin,
Acht tuarasgbháil a fuaras air,
Ar fheabhas a phearsann agus a mhéin'."
Is iomdha mac righ agus árd-fhlaith,
A thug damh gean agus síos-grádh
Níor aontuigheas riamh d'aon-fhear
Go dtugas searc do'n Oisín áigh!"
Oisín:
Dar an láimh sin ort, a Phádraic,
Agus ní náireach liom mar scéal,
Ní rabh ball díom nach rabh a ngrádh,
Le inghin álainn an fhuilt réidh!
Do rugas ar a láimh am' dhóid
A's dubhras fós de ghlór ghuth-bhínn,
"Fíor-chaoin fáilte fearaimh rómhat,
A ríogan álainn, óg do'n tír!"
Is tú gile 's is finne bláth,
Is tú a b'fheárr liom féin mar mhnaoi;
Is tú mo roghain thar mhnáibh an domhain,
A réaltain mhodhamhail is deise gnaoi."
N.
"Geasa nach bhfulangaid fíor-laoich,
A Oisín fhéil, cuirim ad' chomhair —
Theacht liom féin anois ar m'each
Go righeam arais go Tír na n-Óg!
"'Sí 'n tír is aoibhne ar bith le fághail,
An tír 's mó cáil anois faoi'n ghréin —
Na crainn ag cromadh le toradh 's bláth
A's duilleabhar ag fás go bárr na ngéag.
Is fairsing innti mil a's fíon
'S gach uile nídh d'a bhfacaidh súil,
Ní rachaidh caitheamh ort led' sé,
Meath no éag ní fheicfidh tú!
Do gheobhair fleadh, imirt a's ól,
Do gheobhair ceol ró-bhinn ar théad',
Do gheobhair airgead agus ór,
Do gheobhair fós an iomad séad.
"Do gheobhair céad cloidheamh gan gó,
A's céad brat sróil de chineal daor;
Gheobhair céad each is mise i ngleo,
Gheobhair céad leo de chonaibh géar".
Do gheobhair mionn-ríoghdha Rígh na n-Óg
Nár tugadh fós do neach faoi'n ghréin,
A dhéanfar díon duit d'oidhch' 's do ló,
A g-cat, a ngleó 's a ngairbh-ghliadh.
Do gheobhair lúireach cúmhdaigh, cóir,
A's cloidheamh cinn-óir is cliste béim,
Nach deachaidh neach ariamh uadh beo,
Noch chonnairc fós an t-airm géar.
"Gheobhair céad éide 's léine sróil,
Gheobhair céad bó a's fós céad laogh;
Gheobhair céad caora gon a lomraibh óir,
Gheobhair céad seod nach bhfuil san t-saoghal.
"Gheobhair céad maighdean, meidhreach, óg.
Soillseach, glórmhar mar an ghréin,
'Sfeárr dealbh, deanadh agus snódh,
'Sis binne beol 'ná ceol na n-éan.
"Gheobhair céad laoch is tréine i gcleo,
'S is cliste fós i gcleasaibh luth',
Armtha, éidthe, ós do chomhair,
I dTír na n-Óg má thigir liom.
Gheobhair gach nídh d'ar dhubhras leat
A's aoibhneas eile gan chás, gan chaoi,
Gheobhair maire, neart, agus réim,
A's béadh-sa féin agat mar mhnaoi!"
Diúltadh ar bith ní bhéarfad uaim,
A ríogan shuairc na gcuacha n-óir;
Is tú mo roghain thar mhnáibh an domhain
A's rachad le fonn go Tír na n-Óg."
Ar mhuin an eich chuadhmar araon,
Ar mo bhealach do shuidh an óigh,
A's dubhairt "A Oisín, fanaim réidh
"Go righeam béal an mhara mhóir!"
Ann sin d'éirigh an t-each ar lúth,
Nuair righeamar go ciumhais na trágha:
Do chroith é féin ann sin chum siubhail,
'S do léig trí gnúsa as ór árd.
An tráth do chonnairc Fionn an Fhiann
An t-each go dian 'san t-siubhal,
Ag tabhairt aighthe ar an tréan-mhuir
Do léigeadar trí gártha cumhaidh!
"A Oisín," ar Fhionn, go meirbh tréith,
"Mo chumhaidh féin thú ag imtheacht uaim
'S gan súil againn arís led' theacht
Chugam ar ais faoi lán-bhuaidh!"
O.
"D'aistrigh a dheilbh agus a scéimh,
'S do shil leis frasa deor anuas
Gur fhliuch a bhroinn a's a gheal-ghné
A's dubhairt, "Mo léan thú, a Oisín, uaim!"
A Phádraic, ba dubhach an scéal
Ár scaramhain sé chéile ann rúd;
Scaramhain an athar ré n-a mhac féin,
Is dubhach lag mé tré bheith d'a luadh.
Do phógas m'athair go caoin, caomh,
'S an cumann céadna fuaireas uadh,
D'fhágas slán uile ag an Fhéinn
'S do shil na déara 'nuas lem' ghruaidh.
'S iomdha lá aoibhinn bhíos-sa 's Fionn,
'S an Fhiann 'nár g-cionn faoi lán-réim,
Ag imirt fithchille agus ag ól,
'S ag clos ceoil, an bhuidhean ba thréan.
Ag sealgaireacht i ngleanntaibh mín'.
'S ár ngadhair bhéil-bhinn' againn ann;
Sealad eile dhúinn a ngairb-ghléic
Ag treascairt laoch go lán-treann.
P.
A Oisín bhaoith, tréig go fóil
De do ghaisceadh mhór ar an bhFéinn —
Cionnas do chuadhais go Tír na n-Óg?
A's lean dúinn gan gó ar do scéal.
O.
Do thugamar ár gcúl do'n tír
'S ár n-aghaidh go díreach, glan siar,
Do thráigh an mhín-mhuir romhainn,
'S do líon 'na broinntibh ann ár ndiaigh.
Do choncamar fós ré n-ár dtaobh
An eilit mhaol ar léim lútha,
A's gadhar cluaisdhearg, lúthmhar, bán
Ag tafann go dána anns an tsiubhal.
Do choncamar fós, gan gó,
Ainnis óg ar stéad-each donn,
Ubhall óir ann a deas-láimh
A's í ag siubhal ar bárr na dtonn.
Do choncamar gar beag 'na deoigh
Marcach óg ar stéad ró-bhán
Faoi bhrat de chorcur 's de dhearg-shról
A's cloidheamh cinn-óir 'na dheas-láimh.
O.
"Cia h-iad an dís úd thall do chidhim?
A ríogan chaoin, innis damh fáth —
An bhean úd thall is áilne gnaoi,
A's marcach slím an eich ró-bháin?"
N.
"Ná cuir aon suim 'na bhfeicfidh tú,
A Oisín umhail, nó a bhfacais fós,
Ní fhuil ionnta uile acht neimh-nídh
Go righeam daríribh Tír na n-Óg."
O.
Do choncamar uainn 'na dhiaigh a g-cian
Pálás grianmhar, geal, ucht-bhláith,
Ba bhreaghtha deilbh agus gné
D'a riabh san t-saoghal ar fad le fághail.
"Cia an dún ríoghdha, ró-bhreágh,
A's fós is áilne d'a bhfacaidh súil;
'Na bhfuilmid ag triall 'na dháil,
Nó cia is árd-fhlaith ós an dún?"
N.
"'Sí inghean rígh ar Thír na m-Beó,
Is bainríoghan fós anns an dún,
Thug Fomhor builleach Druime-lóghach,
Leis le fóirneart géag a's luth'.
"Geasa do chuir sí ar an tréan,
Gan bean do dhéanadh dhi go bráth,
Go bhfághadh sí curadh nó fíor-laoch,
A seasfadh gléic leis lámh ar láimh."
O.
"Beir buaidh a's beannacht, a Niamh Chinn-óir,
Ní chualas riamh de cheol a b'fheárr,
'Ná guth ró-bhinn do mhilis-bheoil,
'S is mór an brón linn bean d'a cáil.
"Téidheam anois d'a fios do'n dún,
A's b'fhéidir gur dúinn atá sé 'ndán
An tréan-laoch úd do thuitim liom,
I gcleasaibh lútha, mar ba ghnáth."
Do chuadhmar ann sin do'n dún,
A's tháinic chughainn an ríoghan óg;
Do b'ionann dealradh dhi 's do'n ghréin,
A's do chuir sí céad fáilte romhainn.
Do bhí culaidh de shíoda buidh'
Ar an ríoghain a b'áilne snódh,
A cneas ró-gheal mar eala ar thuínn,
'S a dhá ghruaidh bhí ar dhath an róis.
Ar dhath an óir do bhí a folt,
A's a gorm-rosca glana gan cheó;
A béilín meala ar dhath na g-caor,
'S a mala chaol ba ghreanta clódh.
Do shuidheamar ann sin síos,
Gach n-aon dínn ar chathaoir óir;
Do leagadh chughainn mórán bídh,
A's cuirn dighe bhí lá de bheoir.
An tráth chaitheamar ár sáith bídh,
A's iomad fíonta milis óil,
Do labhair an ríogan óg chaoin,
'Sé dubhairt sí "Éist liom go fóil."
D'innis dúinn fios a's fáth a scéil,
'S do shil na déara le n-a gruaidh,
A dubhairt ná'r philleadh dhi d'a tír féin,
'S an fathach tréan a bheith go buan.
O.
"Éist, bí 'do thost, a ríoghan óg,
Scuir de do bhrón, a's ná bí caoi;
Agus do bheirim duit mo lámh,
An fathach áir go dtuitfidh línn!"
Ríogan:
"Ní'l laoch ar bith anois le fághail,
Da thréine cáil ar fúd an t-saoghail,
A bhéarfadh comhrac lámh ar láimh,
D'fhathach dána na gcruaidh-bhéim."
O.
"Innsim duit, a ríogan chaomh,
Nach scáthmhar liom a theacht am' dháil,
Muna d-tuitfidh liom, de bhrígh mo ghéag,
Go d-tuitfead féin ann ar do scáth."
Níor bh'fada go bhfacamar ag teacht,
An fathach tréan ba mhó gráin,
Beart air de chroicnibh fiadh,
'S lorg-fhearsad iarainn ann a láimh.
Níor bheannuigh sé 's níor umhluigh dhúinn,
Acht d'fhéach a ngnúis na h-óg-mhná;
D'fhuagair cath agus comhrac tréan,
A's chuadhas féin ann a chomhdháil.
Ar feadh trí h-oidhche agus trí lá,
Do bhámar 'sa ngráscar teann;
Acht gidh gur thréan é an fathach áigh,
Do bhaineas dé fá dheoigh a cheann!
An tráth chonnairc an dís bhan óg,
An fathach mór go faon ar lár,
Do léigeadar trí gártha grinn,
Le mór-mhaoidheamh agus lúthgháir!
Do chuadhamar ann sin do'n dún,
'S do bhíos-sa brúidhte, lag, faon,
Ag sileadh fola go lán-úr
A' teacht go tiugh dlúth as mo chréacht'.
Do tháinic inghean Rígh na mBeo,
Go fíor ag fóirithin orm féin;
Chuir íce 's balsam ann mo chnéadh'
'S do bhidheas slán, folláin 'na dhéigh.
Do chuireamar-ne an fear mór,
I bh-feart fód-dhoimhin, fairsing, réidh,
Thógas a lia ós a leacht,
A's scríobhas a ainm in Ogham-chraobh.
Do chaitheamar ár bproinn go subhach,
'S ba mheadhrach dúinn ann sin d'a h-éis;
Do cóirigheadh fúinn anns an dún
Leapthacha clúid de chlúmh na n-éan.
Ar n-a mhárach ar amharc laoi,
Do dhúisigheamar as ár néal;
"Is mithid dúinn," ar inghean an Rígh,
"Triall linn gan scíth d'ár d-tír-se féin!"
Do ghléasamar orrainn gan stad,
'S do ghabhamar ár g-cead ris an óigh,,
Ba dubhach dubhrónach sinn 'na diaigh,
'S níor tháire do'n ghrianbhean ann ár ndeoigh.
Ní feas' damh féin, a Phádraic shéimh,
Cad do thárlaidh do'n ríoghan óig;
Ó'n lá do scaramar-ne léi,
Nó ar phill sí féin go Tír na mBeo.
Do thugamar ár g-cúl do'n dún,
A's ár stéad fúinn faoi lán-réim;
Ba luaithe linn an chaol-each bán,
'Ná gaoth Mhárta ar dhruim sléibh'.
Níor bh'fada gur dhorchuigh an spéir,
'S gur éirigh gaoth ann gach aon áird,
Do las an mhór-mhuir mhear go tréan
'Sní rabh amharc gréin' le fághail.
Sealad dúinn ag amharc na néal,
'S ar na réaltaibh bhí faoi smúid;
D'ísligh an t-anfadh agus an ghaoth
'S do shoillsigh Phoebus ós ár g-cionn,
Do choncamar ann ré n-ár d-taoibh,
An tír ró aoibhinn faoi lán-bhláth,
Magha maiseacha, réidhe, mín',
Agus dún ríoghdha ba ró-bhreágh.
Ní rabh dath d'a bhfacaidh súil,
De ghorm úr, d'uaithne 's de bhán,
De chorcur, de dhearg 's de bhuidh'
Nach rabh san ríogh-bhrogh táim d'a rádh!
Do bhí ar thaobh eile de'n dún,
Grianáin lonnracha agus páláis,
Deánta uile de chlochaibh buadha,
Le lámhaibh suadh agus saoir-cheárd.
O.
"Cia'n tír bhreágh, álainn tá ann súd,
A inghean chiuin na d-triopall n-óir,
Is breaghtha dreach d'a bhfacaidh súil,
Nó'n í súd í Tír na n-Óg?"
N.
"Is í go deimhin, a Oisín fhéil,
Níor inniseas bréag duit d'a taoibh,
Ní'l nídh d'ár gheallas-sa dhuit féin,
Nach bhfuil soilléir agat go síor."
Níor bh'fada go bhfacamar chughainn,
Ag triall ó'n dún ann ár g-comhdháil
Trí caogaid laoch a b'fheárr lúth,
Sciamh, clú, a's do b'áirde cáil.
Do tháinic chughainn ann a ndeoigh,
Céad bean óg a b'áilne scéimh,
Faoi bhrataibh síoda líonta d'ór
Ag fáiltiughadh rómhainn d'a d-tír féin.
Do choncamar arís ag téacht
Buidhean de ghléire, ghlain na sluagh
A's rígh oirdhearc, cúmhachtach, tréan
A b'fheárr scéimh, deilbh a's snuadh.
Bhí léine bhuidh' air de shíoda shróil,
A's niamh-bhrat órdha ós a ceann;
Bhí coróin drithleannach de'n ór
Go soillseach, lonnrach ar a cheann.
Do choncamar ag teacht 'na dheoigh.
An bhainríoghan óg do b'áirde cáil,
A's caogad bruinneall mhilis chóir,
A b'áilne clódh ann a comhdháil.
Ag teacht dóibh uile ar aon bhall,
Do labhair go ceannsa Rígh na n-Óg,
'S dubhairt, "'Sé seo Oisín, mac Fhínn,
"Céile caoin do Niamh Chínn-óir."
Do rug sé orm ann sin ar láimh,
Agus adubhairt 'g-comh-árd do'n t-slógh:
"A Oisín chalma, a mhic an rígh,
Céad míle fáilte romhat!
"An tír so ann ar tháncais féin,
Ní cheilfead a scéala ort, gan go;
Is fada buan a bhéidheas do shaoghal,
A's béidh tú féin a choidhche óg!
"Ní'l aoibhneas ann d'ar smaoin an croidhe,
Nach bhfuil san tír so fá do chomhair,
A Oisín, creid-se uaim go fíor,
Gur mise Rígh ar Thír na n-Óg!"
"Ag so an bhainríoghan chaomh,
A's m'inghean féin, Niamh Chínn-óir,
A chuaidh thar mhín-mhuir fá do dhéin,
Chum bheith mar chéile aici go deo."
Do ghabhas buidheachas leis an rígh,
'S d'umhluigheas síos do'n ríogan chóir,
Níor bhfada dhúinn ann sin go fíor,
Go rángamar ríoghbhrogh Rígh na n-Óg.
Do tháinic uaisle na cathrach caoimh',
Eadar fhear a's mhnaoi ann ár g-comhdháil,
Bhí fleadh a's féasta ann go síor
Ar feadh deich n-oidhche a's deich lá.
Do pósadh mé le Niamh Chinn-óir,
A Phádraic ó'n Róimh na mbachall mbán;
Sin mar chuadhas go Tír na n-Óg,
Gidh doilbh, brónach liom-sa trácht.
P.
Lean dúinn feasta ar do sceol,
A Oisín óir, na n-arm n-ár,
Cionnas d'fhágais Tír na n-Óg?
Is fada liom fós go nochtair fáth.
Innis dúinn fós le móir-ghreann
An rabh aon chlann agat ré Niamh,
Nó an fada bhidhis i dTír na n-Óg,
Aithris gan bhrón anois an scéal,
O.
Do bhí agam ré Niamh chinn óir,
De chloinn ba ró-mhaith gnaoi a's scéimh,
A b'fheárr deilbh, cruth agus snódh,
Dís mhac óg agus inghean chaomh,
P.
Oisín shuairc, lean dod' scéal,
's innis damh féin ca bh-fuil do chlann,
abhair dhamh a n-ainmne gan mhoill
gus an críoch a bhfuilid ann.
O.
Thug Niamh Chinn-óir ar mo dhís mhac,
Ainmne m'athar a's mo dhéigh-mhic;
Fionn óirdhearc, áigh, ceann na slógh,
Agus Oscar óir na n-arm ghlic.
Do thugas féin dom' chaomh-inghin,
Ré h-aonta Niamh ba mhó gean,
De bhuaidh a maise 's a móir-mhéin',
An t-ainm fíor sin, Plúr-na-mban.
Do bhí ag Niamh fá n-a g-comhair
Tír na n-Óg na m-Beo 's na mBuadh,
Fleasc flatha 's coróin de'n rígh-ór,
A's iomad seod nach ghním do luadh.
Do chaitheas tréimhse fhada chian,
Trí chéad bliadhan agus níos mó;
Gur smuain mé féin go m-b'é mo mhian
Fionn 's an Fhiann d'fheicsin beó.
Lá d'iarras féin cead ar an rígh,
'S ar mo chéile chaoin, Niamh chinn-óir,
Dul go h-Éirinn 's ar ais arís,
D'fhéachain Fhínn agus a mhór-slóigh.
"Do gheobhair cead," ar an ingean chaomh,
"Gidh doilbh an scéal thú bheith d'a luadh;
Ar eagal nár theacht duit arís ré d' ré
Do mo thír féin, a Oisín bhuadhaigh."
"Créad as eagal dúinn, a ríoghan bhláith,
'S an t-each bán bheith fá mo réir?
Múinfidh an t-eolas damh go sámh
A's pillfead slán ar ais chughat féin!"
"Cuimhnigh, a Oisín, cad tá mé 'rádh —
Má leagair trácht ar thalamh réidh,
Nach teacht duit choidhche arís go bráth
Do'n tír ró-álainn 'bhfuilim féin!
"Adeirim leat-sa arís gan gó,
Má thuirlingir fós de'n each bán,
Nach dtiocfair choidhch' go Tír na n-Óg,
A Oisín óir na n-arm n-áigh!
"Adeirim leat do'n treas feacht,
Má's teacht de'n each anuas duit féin,
Go mbéidhir 'do sheanóir chríona dhall,
Gan lúth, gan greann, gan rith, gan léim!
"Is doiligh liom, a Oisín ghrinn,
Tú dhul go h-Éirinn ghlais go deo;
Ní'l sí anois amhail do bhí
'S ní fheicfir choidhche Fionn na slógh.
"Ní bhfuighir anois i nÉirinn ógh,
Acht athara' órd a's slóighte naomh;
A Oisín ghrinn, seo dhuit mo phóg!
Go Tír na n-Óg ní chasfair, a choidhch'."
D'fhéachas suas na gnúis le truaigh',
'S do shil ó mo shúilibh dórtadh deor;
A Phádraic chruaidh, badh truagh leat í
A' réabadh dlaoigh a caoin-chinn óir.
Do chuir sí mé fáoi gheasaibh cruaidh'
Dul a's teacht gan baint ré bán
A's dubhairt sí liom de bhuaidh a m-bríghe,
Dá m-brifsinn iad nach g-casfainn slán.
Do gheallas dí gach nídh gan bhréig,
Go ndéanfainn féin ar dhubhairt sí liom;
Do chuadhas ar muin an eich bháin
A 's d'fhágas slán ag lucht an dúin.
Do phógas-sa mo chéile chaoin,
'S ba dhubhach sínn ag scaradh léi —
Mo dhís mhac a's mo inghean óg
A bhí fá bhrón ag sileadh déar!
Do ghléasas orm ann sin chum siubhail,
'S do thugas mo chúl do thír na n-Óg;
Do rith an t-each go h-éascaidh fúm,
Mar rinn' liom féin 's le Niamh Chinn-óir.
A Phádraic na n-órd agus na naomh,
Níor ínnseas bréag duit riamh fós:
Sin agat anois fáth mo scéil,
'S mar d'fhágas féin Tír na n-Óg.
Dá bh-fághainn-se flúirse de'narán,
Ma gheibhinn a lán gach tráth ó Fhionn;
Do ghuidhfinn-se chum Rí na ngrás,
Tú bheith go slán go bráth d'a cheann.
P.
Do gheobhair arán agus deoch,
Gan aon locht anois uaim féin;
Is binn liom briathara do bheoil,
Lean damh fós arís ar do scéal.
O.
Ní h-aithristear ár scéal go beacht,
Ar gach nídh d'ár theangmhuigh liom féin,
Nó go dtáinic mé arís ar ais,
Go h-Éirinn ghlais gon iomad séad,
Ar dteacht damh féin ann sin i dtír,
D'fhéachas cruínn ann gach uile áird,
Ba h-eagal liom annsin go fíor,
Nach rabh tuairisc Fhínn agam le fághail!
Níor bhfada dhamh agus níor chian,
Go bhfacas aniar ag teacht fá'm dhéin,
Marcshluagh mór eadar fheara' 'gus mhná',
'S do thangadar am' láthair féin.
Do bheannuigh siad damh go caoin, séimh,
'S do ghabh iongantas gach n-aon díobh,
Ar fheicsin méid' mo phearsan féin,
Mo dheilbh', mo ghné, agus mo ghnaoi.
D'fhiafruigheas féin annsin díobh súd
A g-cualadar Fionn do bheith beo,
Nó 'r mhair aon eile ann de'n Fhéinn,
Nó créad é an léan a bhain dóibh,
"Do chualamair-ne trácht ar Fhionn,
Ar a neart, a lúth 's a thréan,
Nach rabh riamh a shamhailt súd,
I bpearsain, a g-clú, nó i méin'.
"Is iomdha leabhar tá scríobhtha síos,
Ag éigsibh binne mílse Gaedheal;
Nach léir linn aithris duit go fíor
Ar éachtaibh Fhínn a's ar an bhFéinn.
"Do chualamar go rabh ag Fionn
Mac ba lonnrach scéimh a's clódh,
Go d-táinic óigbhean fá n-a dhéin
'S go deachaidh léi go Tír na n-Óg!"
'Nuair chualas féin an comhrádh úd,
Nár mhair Fionn nó neach de'n Fhéinn,
Do ghlacas tuirse a's mór-chumhaidh
'S ba lán-dubhach mé 'na ndéigh!
Níor stadas-sa annsin de'n réim,
Acht go luath, éascaidh liom gan mhoill;
Go dtugas m'aghaidh go glan réidh,
Ar Almhain éachtaigh Leathan-Laighean.
Ba mhór é m'iongantas ann súd,
Nach bhfachas cúirt Fhinn nó slógh;
Ní rabh 'na h-ionad ann go fíor,
Acht fiadhaile, flíodh agus neanntóg!
Uch, a Phádraic, a's uch monuar!
Ba dealbh an chuairt agam-sa é,
Gan tuairisc Fhinn nó na bh-Fiann,
D'fhág sin faoi phian mé le mo ré.
P.
A Oisín! scuir anois de d' bhrón,
Sil do dheora ar Dhia na ngrás,
Tá Fionn 'san Fhiann tláith go leor,
A's ní'l a bhfóirtin súd go bráth.
O.
Budh mhór an truagh sin, a Phádraic,
Fionn go bráth do bheith i bpéin;
Nó créad é an tóir a rug air buaidh,
'S an liacht laoch cruaidh a thuit leis féin?
P.
'Sé Dhia a rug buaidh ar Fhionn,
A's ní neart námhad nó tréan-lámh,
Agus ar an bhFéinn uile mar é,
I n-ifreann daor d'a síor-chrádh.
O.
A Phádraic, stiuirigh mé 'san áit,
'Na bhfuil Fionn ar láimh 's an Fhiann,
'S ní bhfuil ifreann nó flaitheas ann,
A chuirfeadh faoi cheannsmacht iad.
Má's ann atá Oscar mo mhac féin,
An laoch ba thréine a dtrom-ghleo;
Níor cumadh i n-ifreann nó bhflaitheas Dé
Buidhean d'a mhéid nach dtreascaróchadh.
P.
Léigmid d'ár n-iomarbhaidh ar gach taoibh,
A's lean do d' scéal, a Oisín áigh;
Cad do thárlaidh dhuit 'na dhéigh,
Tar éis na Féinne bheith ar lár?
O.
Innseóchad féin sin duit, a Phádraic,
Tar éis mé d'fhágbhail Almhain Laighean,
Ní rabh aon áitreabh 'na rabh an Fhiann,
Nár chuartuigheas go dian gan aon ghar.
Ar mo dhul damh tré Ghleann an Smóil,
Do chonnairc mé mór-chruinniughadh ann;
Trí chéad fear agus ní budh mhó,
A bhí romham anns an Ghleann.
Do labhair duine liom de'n tréad,
'S adubhairt sé de ghuth ós árd;
"Tarr d'ár gcabhair, a ríogh-laoich,
A's fuascail sinn as an gcruadh-chás!"
Tháinic mé annsin do láthair
A's leac mhór mharmuir ag an tslógh:
Bhí meadhachan na leice ortha 'nuas,
'Sa cur díobh suas níor bh-féidir leo.
An chuid aca bhí faoi 'n leic shíos,
Do bhíodar d'a g-claoidheadh go fann;
Le truime dhéin an ualaigh mhóir
Do chaill a leor díobh a meabhair!
Do labhair duine de na maoir',
A's dubhairt, "A ríogh-ghaiscidhigh óig,
Fuascail-se feasta ar mo bhuidhin,
Nó duine dhíobhtha ní bhéidh beo!"
"Is náireach an bheart anois le rádh,
A's an oiread 's a tá d'fhearaibh ann,
Nach dtiocfadh le neart an tslóigh
An leac do thógbhail go lán teann,
"Dá maireadh Oscar, mac Oisín,
Bhéarfadh ar an leic 'na dheas-láimh,
Chuirfeadh d'urchur í thar an t-sluagh,
Ní bréag is dual damh riamh do rádh."
Do luidheas ar mo chliathan dheas
'S do rugas ar an leic am' láimh;
Le neart agus le lúth mo ghéag,
Do chuireas seacht b-péirse í ó'n áit!
Le feidhm na leice lán-mhóir',
Do bhris giorta óir an eich bháin;
Do thángas anuas go lán-docht,
Ar bhonn mo dhá chos ar an bhán!
Ní túisce thainic mé anuas,
'Ná ghlac uamhan an t-each bán,
D'imthigh sé annsin chum siubhail,
A's mise faoi phúdhar go lag, tláith!
Do chailleas amharc mo shúl,
Mo dhealbh, mo ghnúis agus mo scáil,
Do bhíos 'mo sheanoir bhocht, dhall,
Gan bhrígh, gan mheabhair, gan áird!
A Phádraic, sin agat mo scéal
Mar thárlaidh dhamh féin gan gó,
Mo dhul agus m'imtheacht go beacht,
'S mo theacht ar ais ó Thír na n-Óg!
Críoch.
MO CHÁIRDE GAOIL GUR THRÉIG MÉ.
Mo cháirde gaoil gur thréig mé mar gheall ar mhnaoi 's nach bhfághaim í,
Acht rachfaidh mé mar an éanlaith faoi ghéag' ghlas' na gcraobh;
Béidh seabhac na coilleadh liath' ann, an sionnach ruadh Ghleann Éadain,
Béidh an eilit 'na déigh ann 'na tréadaibh 's an chearc fraoich;
Béidh'n chuach agus an traona, an lonndubh agus smaolaighe,
Crotaigh mara agus faoilinn 's iad ag tréigbheail a ngnaoi;
Béidh'n naoscann 's an chéirseach, ar mhaoileann gach sléibhe,
Ag dian fras ag géar-ghol fá mé bheith gan mhnaoi.
Is deoraidhe mé tá fann-lag, gan treoir ar bith acht mo shean-laoch,
'Sní beo mé gan amhrus faoi'n trom-loit seo i mbidhim;
'S tráth chuaidh mé chum cainnte leis an stuaidh-bhean is annsa,
Is truagh, a Rígh, nár ionnsuigh mé thríd choilltibh 'gus í;
Labhair sí go ciuin liom, thríd chomhradh 'gus dubhairt sí,
Cabhair dhuit ní thabhairfidh mé, diultuighim do dháil;
Acht tréigfidh mé bheith claoidhte, ní éagfaidh mé a díth-se,
Tá ór ag na ríghtibh, a's tá fíon anns an Spáin.
Ciarraidhe agus Tuadh-Mhumha, d'a hiarraidh gur chuartuigheas,
Ann gach aon bhaile cuain, 'gus anuas chum na gCeall;
Thríd choilltibh go huaigneach, mbíodh eilte ionnta gluaiseacht
Ag iarraidh do thuairisc' 's is truagh liom mo chaill.
Laighin 's Cúil Eamhna 's Sliabh Callraighe gur shiubhail mé
le d'annsacht, a rúin shearc mo shúile gur dhall;
Acht is éigin dúinn umhlughadh do ghéag-fras na lúibil,
Tig saighead ann gach súil liom, 's nach tú righne an fheall?
Ní'l árd, ní'l ált, ní'l tur-loch, ní'l áit, ní'l casan cuimseach,
Nár siubhail mé thart timpioll go Luimhneach a's gach ród;
Bhí mé i mboithribh Theamhrach, 's ó sin síos go hAndruim,
A's Domhnach Mór an Teampoill 's ní hann do bhí mo stór,
'Sé dubhairt bean an-arsaidh, gur chórtha dhamh bheith 'n Árd Mach'
Ag foghluim cluich' ar tháblaibh, nó gCeann tSáile na smúid;
Acht ghluais mé an uair sin, thríd choilltibh mo ruaig bhocht
Is cinnte nach bhfuaireas í, 's gur truagh beart mo shiubhail.
Ní'l ceolta sídh' nó cláirsighe le n-óltar fíon ar tháblaibh
Nach eol uaim a dheánadh, 's pléaráca 'na dhéigh,
Gach áit go Dúnpádraic a's cianta nach n-áirighim —
Tá créacht de do ghrádh thríd mo lár féin, a réilt,
Tá m'intleacht d'a rádh liom, gur b'ísiol 's gur b'árd í
Gur b'álainn 's gur bán í 's go bhfuil deallramh 'n a gruaidh,
Acht ó shanntuigh tú an bhreaghacht 's an drillín a chur chum báine
Nár bh'aoibhinn mo shláinte leat, a thaisce, dá mbéidhinn?
A Shéamuis, fan liom-sa 's ná tréig go fóil mo chuimrigh,
'S béidh mé go cinnte ann gach aon fhearann do dhéigh,
'S tréigfidhmid an drong seo tá d'ár ngéar-ghon go cinnte,
Béidh a ndeora ag tiormadh le h-Inbhear an éisc.
Glac spéir-bhean chum cliú, má tá spéis agat ionnta
Anna gcoirneal thart timpioll thríd Éirinn go léir,
Acht na smuain a choidhch' ó d'intleacht ge gur fuaigheadh mé i gcuibhreach'
Nach céile bhéas go cinnte glan iomlan duit mé.
SÉAMUS Ó DORAIDHEAN, Cill Chartha.
MO MHÁIRE.
(Cumtha a gcosamhlacht "Seamroige" Uí Mhórdha)
Ag feis nó dáil, ní'l bean le fághail
Comh scéimheach le mo Mháire;
Ta aici cneas bog, bán, a's deas,
A chuirfeadh lil' faoi náire;
'S an domhan so ní'l aon chroidh' chomh díl,
Nó cailín tá níos fíre;
'Measc óg nó sean 's í plúr na mban,
Is sise bród na tíre.
O mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire!
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidh',
Mo mhuirnín dílis, Máire!
Tá gruag mo stóir mar fháinnidhibh óir
Ag tuitim síos go talamh;
Thar mhuineal bán, a's gualaibh lán'
'Gus cuma tá mar dhealbh;
Gidh glan soilléir, gach réalt 'san spéir,
Tá súil mo ghrádh níos glaine;
'S is binne glór mo chailín cóir',
'Ná cláirsighe ciuin na cruinne.
Ó mo Mháire, mo stór is sí, mo Mháire!
Mo rún is sí,
Grádh geal mo chroidh',
Mo mhuirnín dílis, Máire!
Ameasc aos-aog (i leathar bróg),
Ar urlar cúirt' nó pállúin,
Níor sheas le taoibh tréan-fhir ariamh,
Bean-rinnctheoir leath chomh h-álainn;
Má bhris sí croidh' aon óganaigh'
Gan bhréag do bhris sí céadta,
'Gus tá na mná fághail bháis gach lá
Le troime 's neart a n-éada.
O mo Mháire! ná marbh iad, a Mháire!
Acht deán aon chroidh'
Sámh, sona choidh',
Ó pós mé féin, a Mháire!
"PÁDRAIC."
BA hAOIBHINN BHEITH BEO ANNS AN AM FAD Ó.
Ba h-aoibhinn bheith beo anns an am fad ó,
Nuair bhí fir ar fud na tíre;
Nuair níor h-iarradh ceart acht le tréanas beart
Ó na lámhaibh láidre fíre;
Ó ba h-aoibhinn bheith beo anns an ani fad ó
Óir bhí laochraidhe annsin daríribh.
Ba h-aoibhinn bheith beo ameasc fear fad ó,
Nuair ba chogadh bród a mbeatha,
Nuair bhí Éire saor 'gus a clann fá réir
Le n-a cosnamh a lár an chatha;
Nuair bhí scoth na nGaodhal anns an bhearna baoghail,
'Gus aon chúis amháin d'a dtathadh.
Ba h-aoibhinn bheith beo anns an am fad ó,
Nuair i nÉirinn álainn uile,
Ó bhun go bárr 'gus ó mhuir go lár
Tugadh buille anaghaidh buille.
Nuair bhí lánacht lann agus fir ba teann,
A's bhí fuil a n-áit deor da sileadh,
Ba h-aoibhinn bheith beo anns an am fad ó,
Nuair ní Béarla binn an chléirigh
A d'fhuagair cath chum na Sasanach
Óir do réabadh scáile spéire,
Le Gaedhilic na mbárd anna gcath-rann árd
Do Dhia an cheirt ag éirighe.
Ba h-aoibhinn bheith beo anns an am fad ó,
Nuair ní urlabhair bhreágh bhí measta,
Nuair ní gol nó guidhe a chuir daoirse faoi,
Acht bhí croidhthe ár sinnsear lasta
Leis an spiorad chóir — ní le sanntacht óir;
Sin spiorad ár ndaoine feasta.
"PÁDRAIC."
NÍL SÉ 'NA LÓ.
Chuaidh mé asteach i dteach aréir
'S d'iarr mé cárt ar bhean a' leanna,
'Sé dubhairt sí liom, "diabhal aon deor,
Buail an bothar 's téidh 'na bhaile."
Ní'l sé 'na ló, ní'l sé 'na ló,
Ní'l sé 'na ló nó 'na mhaidin,
Ní'l sé 'na ló 's ní bhéidh go fóil,
Ní mór 'na uair ó d'éirigh 'n ghealach,
Chuir mé féin mo lámh ann mo phóca,
'S d'iarr mé briseadh coroin uirrí,
'S é dubhairt sí liom, "buail an bórd,
A's gheobhaidh tú ó'n chárt go dtí'n galun."
Ní'l sé 'na ló, ní'l sé 'na ló, agus c,
Éirigh do shuidh', a fhear an tighe,
Cuir ort do bhrístidhe 's do hata.
Go gcongbhuigh tú ceol leis an duine cóir
A bhéas ag ól annso go maidin.
Ní'l sé 'na ló, ní'l sé 'na ló, agus c,
Ná h-éirigh do shuidh', a fhear an tighe,
Ná cuir ort do bhrístidhe nó do hata,
Nó diabhal aon deor theid ann do scóig
'S ní bhéidh mise 'g ól annso go maidin.
Ní'l sé 'na ló, ní'l sé 'na ló, agus c.
Tá na caoirigh ag ithe an fhéir,
'Stá na h-uain ag ól an bhainne,
'Stá mo bhean féin ar fud na tír',
'S is mithid damh éirigh 's siubhal 'na bhaile.
Ní'l sé 'na ló, ní'l sé 'na ló, agus c.
AITHREACHAS.
Ní'l maith bheith smuaineadh, nó ní'l maith bheith caoineadh
Ar na laethibh d'imthigh mar shéideoig gaoith';
Ní'l maith bheith cráidhte timcheall aimsir' chaithte,
Agus uair na h-óige tá uainn a choidhch',
Muna bhfuilmid feasta, le cráibhtheacht lasta,
A's ár gcroidhthe tógtha do neamh go síor;
Muna bhfuil ár smuainte 's ár n-innt'nne claonta
Ar ár gcomhnuidhe álainn na beatha fír'.
Chum rotha muilinn, mar go bráth ní philleann
An t-uisce d'iompuigh é acht uair amháin;
Mar sin d'ár mbeatha tá'n aimsir caithte
Nuair do bhí ár gcroidhthe le dóchas lán;
Le dóchas líonta acht andiu táid críonta,
Óir na neithe shaoil'mar a bheith chomh breágh
Do rith siad thorrainn, 's níor phronn siad orrainn
Acht ualach cúraim, le trom-chumhaidh 's crádh.
'San am tá láthair, ar gach siúr a's bráthair
Tá leathtrom croidhe agus brón go leor;
Ag siubhal an tsaoghail, Ó! is iomdha baoghal
A' teacht'n ár mbealach 'gus a' tarraing deor.
Muna rabh na bliadhanta tá tharrainn sínte
Do Dhia tugtha mar budh mhaith linn féin;
Mar sin is ceart dúinn, go dian, le searc-rún
Ár saoghal do leasughadh gach lá go tréan.
'S anois le Nuadh-bhliadhain, bíodh againn cruaidh-mhian
Gan cionntacht dheánadh nó gan nidh a rádh,
A bhéarfadh náire, nó do thuillfeadh táire
Acht bímis ceart agus cóir go bráth.
Tá Rígh na bhflaitheas ann A ghrádh 's 'nA mhaitheas
Go síorruidhe feitheamh le peacach fán,
'Gus tá fáilte dhílis agus dualgas mílis
Do lucht an aithreachais ameasc na slán.
"PÁDRAIC."
CAOINEADH AR ÉIRINN,
Caoinfead a's caoinfead a's caoinfead go deorach
Na h-aimseara bhí 'gainn i dtír Inse fáil;
Caoinfead a righthe bhí tréanmhar a's treorach,
Caoinfead a ngníomhartha, caoinfead a gcáil.
'Ná bidhidh 'mo bhacadh, a dhaoine gan eolas,
Is caoineadh mo chaoineadh nach dtuigfear go bráth,
Is dubh agus dóimhin mar an oidhche mo bhrón-sa —
Ó! oidhche nach bhfeicfeas a choidhche an lá.
Is cosmhail mo chaoineadh le caoineadh an duine
A chidh go sár-chráidhte ó shliabh ró-árd
A mhaoin a's a mhuinntir 'ga mbáthadh le tuile,
'Gus eisean 'na aonar fágtha go slán.
Is cosmhail mo chaoineadh le caoineadh na máthar
A chailleas a páiste 's a h-aon mhac amháin;
Is doimhne mo bhrón 'ná aon bhrón anns an Nádúr
Mar chaoinim-se náisiún tá scaptha ar fán.
Is searbh an brón é, an brón so 'mo láthair,
Ní aithnighim-se pian is géire 'ná é;
A's nuair fheicim an tír 's nuair fheicim an chathair
Ar seilbh ár námhadh, budh mhaith liom an chré.
Do b'fheárr liom bheith sínte go fuar anns an reilig
A's m'anam bheith scaoilte ó'n chréafoig lag,
Go bhfeicfeadh mo mhuinntir a's laochra Éireann
Mo shuim anns an chorp so dar ndóigh is beag.
"AN CRAOIBHÍN AOIBHINN."
DÓCHAS NA hÉIREANN,
(Freagra ar "An Chraoibhín Aoibhinn.")
Ná caoin, a bhinn-cheoltoir, ná caoin comh géar, deorach,
Na laethe a bhí ann ár n-oilean fad ó;
Ná caoin iad a righthe bhí tréanmhar a's treorach,
Na caoin iad na gníomhartha d'imthigh mar cheo,
Ní'l maith ann do chaoineadh, gidh 's nádúrtha a dhéanadh,
Acht tiormuigh do shúile ó dheoraibh go bráth;
Nó má's dubh 's má's doimhin mar an oidhche do bhrón-sa
Cuimhnigh go dtigeann as gach oidhche an lá.
Gidh gur iomad d'a páistighibh do chaill ár ndíl-mháthair
le bás tá níos measa 'ná báthadh, go mór,
A's gidh tá a clann scaptha a bhfad ó n-a láthair
Tá fágtha fós laochra maith tréanmhar go leor;
Agus iadsan tá scapthá 'nn gach áit ar an chruinne,
Má's fada táid'nois ó n-a dtír thar an tsáil,
Tá mian ann gach croidhe, agus neart ag gach duine
Le buille do thabhairt ar son Éireann go fóil.
Nuair thiocfas an lá sin ní dóigh liom go mbéidh tú
Faoi bhrón, nó faoi phian 's aon deor 'nois na sil;
'S an tráth chidhfir do thír a's gach cathair faoi shaoirse
As seilbh ár námhad, ní budh mhaith Leat an chill;
Óir measaim go mbéidh tú ag gléasadh do chruite,
'S ag seinm le saor-ghuth do h-abhran go h-árd;
A's ní bhéidh tú ag caoineadh acht a' moladh na laethe
Bhéas againn an uair sin, a Phrionnsa na mbárd.
"PÁDRAIC."
BRUACHA NA LAOI.
Budh bhrónach mo chroidh' nuair a d'fhág mé an baile,
'Gus dubhairt mé "Slán leat, a dhil — Éire mo ghrádh;"
Gidh d'fhéach mé bheith súgach, budh dheorach mo shúile,
Ag scaradh ó'n tír ann nach bpillfinn go bráth;
Ag scaradh go bráth ó ghach cnoc agus léana,
'Gus cathair dheas Chorcaigh nach bhfeicfinn a choidhch'!
Ag scaradh go deo ó na cáírdibh budh tréine —
Ó dhíl-cháirdibh m'óige ar bhruachaibh na laoi!
Is minic a d'éirigh grian lonnrach na spéire,
Is minic a thom sí faoi uisce na dtonn,
Ó d'fhág mé thú'n lá sin, mo mháthair bhocht Éire!
'Gus sheol mé thar sáile do'n tír so anonn.
Acht fós ann mo chroidh' tá do chuimhne ag lasadh
Ar maidin, ag neoin, 'gus le tuitim na h-oidhch',
'Gus a n-aisling arís, táim go minic a' seasadh
'Measc carad fíor m'óige, ar bhruachaibh na laoi.
A Chorcáigh, a stóir! a chéad chondae ár dtíre!
Aon fhealltoir ní tháinic ariamh ó do chlann;
A chondae na mban dheas le scéimheacht níos fíre
'Ná fiadhain-bhlátha samhraidh a bhfascadh do ghleann!
A Chorcaigh a rúin! budh é dóchas mo bheatha,
Mian laetheamhail m'intinn,'gus sólas mo chroidhe,
Go mbéinn-se ag treorughadh a dtosach do chatha,
'S an brat glas a n-áirde ar bhruachaibh na laoi.
Acht 'nois anns an tsaoghal so ní fada mo bhliadhanta,
Is crom tá mo chuma; is liath mo cheann;
Is geárr uaim 'san reilig a choidhche bheith sínte,
Bhfad, bhfad ó thír álainn mo ghrádh a's mo ghean'!
Acht fós anns an bhFlaitheas ní bhéidh tú gan beannacht,
Is ort-sa bhéidh mise go síorruidhe ag guidhe;
'S béidh spiorad do dheoraidhe go dílis a' fanacht
le soillsiughadh na saoirse ar bhruachaibh na laoi,
"PÁDRAIC."
AN MHAOINEACH.
(Sliabh comhgarach do Ard a' Ratha, Co. Dhúin na nGall.)
Molaim féin an Mhaoineach 's an abhaill a tá léi sínte,
A dtig seamair ar ghach taobh dhi agus spíosraidhe go léir;
Is ann do gheobhtha 'n mianach a dheanfadh 'n t-airgead fíor-cheart,
A dtig loingeas ó na ríghtibh le fíon fá n-a dhéin.
Ní'l seort ar bith dhe aibhneas, nach bhfásann chughainn aníos ann;
Bí grása 'n Spioraid Naoimh ann, 'sní baoghal dúinn bheith gan é;
Bí macnaidhe gasta díomsach, is glas na cnuic 's na Faoillidhibh,
Is ann a gheobhtha 'n t-aoibhneas — is fíor sin a's ní bréag.
Is trom dosach dualach, ó dheas agus ó thuaidh í,
'S a Mhaoineach, bheirim buaidh dhuit gur tú mo leabaidh luigh';
Ní fhacas ariamh gruaim ort, a's mheallfa daoine uaisle,
'S nach méanra do'n mhacaomh a ghluaisfeadh anuas ar do thaobh,
Bí an carr-fhiadh aníos as Tuadhmhumhain, an eilit as Sliabh luachra,
Na bradáin as an Ruaidhe a' seoladh 'nuas agus aníos;
Bí an mhaighdean mhara gluaiseacht faoi dhídean gach sluaigh ann,
Bí an samhradh go buan ann 's a n-am cruaidhtin ní bhíonn díth.
'S ag cúirt sin Roibín Fhionnlaoich tá'n t-ór buidh' 'na mholltraidhibh,
Le sluaistidhibh d'a thionntodh go lonnarach le gréin,
Bí síoda ar na toim ann a's tortha bréaghtha milse:
Ó'n chléir go dtig an cunntas i dtimcheall an mheadhoin lae.
Ní'l créatúr d'á mbéadh tinn ann ó chréachtaibh cheir-nimhneacha
Nach léigheasfaidhe gan mhoill iad le h-impidhibh 'n Spioraid Naoimh,
Bí orgain agus trompaidhe a's cláirseach ar urlar,
'S fíon cé gur muirneach, le roinn ar an tsaoghal.
'S ag teámpoll Choluim Naomhtha, tráth baintear cluig an fhíor-cheirt,
Do ghlórthaibh Shalm Diadha ag cur suidhe leis an éag;
Ní h-eagal dúinn na pianta, bí flaitheas ann ár ngaobhar,
'S gur ar cheann úd shoir de'n Mhaoinighe tá aoibhneas an tsaoghail.
Tá tobar meala 's íocshláinte ag reathaigh 'nuas go díreach,
A léaghasfadh na mílte 'gus bíodh siad dul 'sa chré,
An fóghmhar linn go gcríochnuighid faoi dhó 'sa bhliadhain gan scíste,
'S ó neamh go dtig gach nidh chughainn d'á mbíonnmuis ann a fhéidhm.
EOIN ÓG MHAC NIALLGHUIS, Árd a' Ratha.
MO PHÍOPA GHOIRID DHONN.
Is iomdha buille searbh trom
A fuaireas ann mo shaoghal;
Is minic bhí mo phócaidhe lom
'Gus cíos na míos' gan díol;
Acht ann gach buaidhreadh beag nó mór
Ní rabh mé 'riamh gan fonn,
Nuair phógas thú, mo mhíle stór,
Mo phíopa ghoirid dhonn.
Mo bheannacht ort, a charaid fhíor,
Céad beannacht ar do cheann;
Ní iarraim grádh acht thú go síor,
Mo phíopa ghoirid dhonn.
An lá a d'fhág mé tír mo bhreith'
Le dul ar fud an domhain,
Ba frasach thuit mo dheora teith',
Ba ghéar, ró-ghéar mo bhrón, —
A stoirm, síon, a ngoimh nó ngádh
Ar fhairsingeacht na dtonn
Fuair mise sólas ann mo chrádh
Óm' phíopa ghoirid dhonn,
'Gus dubhras leat: "A charaid fhíor,
Céad beannacht ar do cheann,
Ní'l agam 'nois acht thú, faraor!
Mo phíopa ghoirid dhonn."
Nuair casadh thusa liom ar dtús,
Ba scéimheach thú 'gus bán,
Bhí snas na h-óige ar do ghnúis
A's bhí do cholann slán;
Anois atá tú féin 'gus mé
Níos sine bhfad, mo ghrádh,
Chuaidh fiche samhradh thart andé
Ó bhí tú ann do bhláth.
Acht beannacht ort, a charaid fhíor,
Céad beannacht ar do cheann,
Ní féidir linn bheith óg go síor,
Mo phíopa ghoirid dhonn.
Ba cheannsa thú, a rúin mo chroidhe,
'Gus deirim é, a stóir,
Gur mhinic fuairis ann mo dhíth
An chúram nár ba chóir;
Ba mhinic, mhinic bhuail mé féin
An sméaroid ar do chár,
'Sníor dhubhrais liom ariamh: "Mo léan,
Gan agat ciall níos feárr."
Ba fóighideach thú, a charaid fhíor,
Nuair scoilt mé síos do cheann
Béidh lorg loite ann go síor,
Mo phíopa ghoirid dhonn.
Mo chreach! nuair dhearcaim ar an tsaoghal
'S ar nós na ndaoine ann,
A thréigeas bráthair anns an bhaoghal,
Chuir Dia ós a gceann;
Nuair smuainim féin gur ionann cré
Na píopaidhe, fir 'gus mná,
Ní h-iongantach é má chluintear mé
Ag seinm liom go bráth:
Mo bheannacht ort, a charaid fhíor,
Céad beannacht ar do cheann,
Ní scarfar thú 'gus mé go síor,
Mo phíopa ghoirid dhonn.
"PÁDRAIC."
GEARAILT ÓG DOCHARTAIGH.
(Leitir Mhic A' Bháird).
A Ghearailt Óig Uí Dhochartaigh, mo bhrón thú bheith do luigh'
'S go mbíodh ól fada ar bórd ag gaiscidhibh ann do thigh;
Bhíodh an cheol-chruit ann a gcomhnuidhe, 's níor bh'fhada leo an oidhch' —
Rígh an Domhnaigh d'ár seoladh go Flaithis na Naomh.
A Ghearailt Óig an tSíoda, de shíol na nDochartach sámh,
'S gur dhúthcha do do dhaoinibh bheith 'deanadh cogaidh anns an Spáin;
Toiseach ag dul síos sé bhíodh ag d'aicme-se go gnáthach,
Agus deireadh 'teacht aníos mar laochraibh 'pilleadh ó'n ár.
Is tursach éanlaith fá shléibhtibh anois san taobh athuaidh;
Chaill an seabhac a radharc ó d'éag tú, a Ghearailt a rúin;
Nach bhfeiceann tú an chéidheadh 's a taobh chomh dubh leis a' ghual,
'Gus an eala gur thréig sí loch Beara 's an cuan.
Tá'n leitir faoi smúid, ní'l drúcht nó féar a' fás,
'S a mbaile nó dúithche ní'l súil le mo mhíle grádh.
Faoi leic an úir-ghlais tá úr-scoith Gaedheal Chrích' Fáil,
'S a Ghearailt, a rúin, ní'l triur aca líonfadh d'áit.
Caidé dheánfas an tSrathbán nó leithbhior do dhéigh?
A's go mb'fheárr ós ceann cláir thú 'ná'n breitheamh é féin;
Tá gach tráill bocht gan árus 's an file gan chaoi,
Ó'n lá sin a fágadh thú, a Ghearailt, faraor!
A úir-ghlais, is súgaighe 's is aoibhinn duit-se gach lá,
A's go bhfuil úr-scoith na cúigidh 'lig agat ar láimh;
A rúin-shearc, dean dúsacht agus féach mar atá
A's liacht dúil bhocht tá gan cumhdach fá bhéal an átha.
"TIOMANAIDHE AN ÁDHA."
Ó DOMHNAILL ABU.
Tá guth binn na h-adhairc' go h-uailleach a' séideadh
'Gus gáir-chath ag éirighe go h-árd ar an ghaoith;
Thar loch Súilighe tá'n tréan-laoch go luthmhar a' léimnigh
Chuig na sluaighthibh 'ngleann Shámair a' gluaiseacht gan scíth.
Síos ó ghach sléibh go beo, tréan-fir nach dteichfeadh gleo
Tarraidh faoi ghlas-bhrat bhur ngaiscidh Aoidh Rú',
Buannacht a's galloglach deifrighidh go dlúth chuig cath
Suas le bhur ndíl-tír — Ua Dhomhnaill Abú.
Tá Ua Néill an Rígh Fhlaith teacht chughainn gan scíthiste
Le mór-sluagh laoch agus togha na bhfeadhan
Tá mile each borb ann a roimh-rann a' síneadh
Faoi na marcaighibh ó'n tír a bhfuil sruth Banna ann.
'Siomhda an croidh' bhéas fann, faoi scáth a chulaidh-lann,
Béidh géar-bhrón ar námhaid', 's iad féin bhí gan truagh,
Nuair chluinfear ár ngáir-ghleo, go h-árd 's go beo,
Ag broslughadh chum díoghaltais Uí Dhomhnaill Abú.
I nDeasmumhain tá'n faol-chú a' slíobadh go cíocrach.
'S an iolra gan eagla ag scréach' ar an mháigh,
Tá'n sionnach ar shráidibh a' faire go faobhrach
Ní'l duine le bagairt air beo ar an fhaithch'!
Fáisc' uile lámh go teann tuadh-chath' 'gus géar-lann,
Tóg ortha trom-dhíoghaltas cuirp agus crú,
Ta bhair dóibhthe crádhadh cróidh' air a mbéidh cuimhne choidhch'
A thréan-chlainn Uí Chonaill, Uí Dhomhnaill Abú.
Tá Clann Chonaill ag cosaint an fhíor-cheirt go toilteach
Na teallaighe 's na h-altoir' tá annsa d'ár gcroidh',
Tá lorg an námhad 'na bhán-fhásach fuilteach
le lasair a dteinnte tá soillsiughadh 'n mheadhon-oidh',
Suas le gach laoch tá linn, 'san chian-ghleo bíodh agaibh roinn
A chlainn Chonaill dhílis, sár-mheasamhail i gcliu,
Cuimhnigh' na cleasa feall', d'imir na námhaid-ghall
Buail fá bhur nglas-thír, Uí Dhomhnaill Abú.
CIA DEIR GO BHFUIL AN TSEAN TROID
THART?
Cia deir go bhfuil an tsean troid thart,
Go bhfuil ár spiorad briste?
Cia deir go bhfuil ár n-Í gan neart,
Gur éag a taoisighe cliste?
Cá bhfuil an fear a cháineas sinn?
'Gus bhéarfad fios ar ball dó
Go maireann fós na mílte linn
Nach taitneamhach aon fheall leo.
Cia deir gur buailte tá ár dtír,
Go bhfuil a cúis gan taca?
Cia deir go bhfuil a clann neamh-fhíor,
Gan grádh a sinnsear aca?
Má mhaireann fear le croidh' chomh lag
Ní caraid é nó bráthair;
'S na creid gur ann ár n-oilean bheag
Do dhiuil sé cíoch a mháthar!
Cia deir gur feárr dúinn cromadh síos
Faoi ualach trom ár ndaoirse?
Cia deir gur mór, gur daor an cíos,
Deor fola, luach ár saoirse?
Má chluintear sclábhuidhe ann bhur measc
Ag cur ós árd an scéal sin,
Ba bheag an chaill dá dteannfadh nasc
An t-anal as a bhéal-san!
Cia deir gur baoth, gur fann ár ngrádh
Ar oilean glas ár gcroidhthe?
Cia deir nach féidir linn a scáth
Do thógbhail uaithe choidhche?
Is "Seoinín" bradach bocht an té
A labhaireas ar an mhodh sin;
'S ní beannacht tíre, fir nó Dé,
A thuitfeas ar a ghnó-san.
So cúl mo láimh' le fear a deir
Nach díl leis tír a gheinte;
So míle gráin 'gus mallacht air
Nach gcuireann dóchas innti;
Acht glóire chum na ndaoine tréan.
'Gus ní'l siad gann ar aon chaoi —
'S an bhaile táid, 'gus fós a gcéin, —
A charas í le h-aon chroidh'.
Is cuma linn cia tá ar bárr,
Má's ionnraic é 'san chluiche,
Má's meirge "féin-riaghla" is feárr,
Béidh sinne uile faoithe.
Acht Ó! má thigeann sé a choidhch'
Chum cómhraic bhfad níos fíre,
Béidh sinne réidh le láimh 'gus croidh'
Faoi chath-bhrat glas ár dtíre.
Mar sin béidh cúis ár n-oileain beo
Anaghaidh neirt an tíorain,
'S ní scuirfidhmid ó'n troid go deo,
Gur linne tír na h-Éireann;
Go lasfaidh grian na saoirse í
Ó Dhún na nGall go Ciarraidhe;
Óir cuirfidhmid a daoirse faoi
Nó tuitfidhmíd 'san iarraidh!
"PÁDRAIC."
TÓG SUAS AN CHLÁIRSEACH.
Tóg suas arís í, an chláirseach bhriste,
A tá le bliadhantaibh 'na luidhe gan ceol;
Teann, teann a téada le méaraibh cliste,
Má mhaireann bárd ann ár measc go fóil.
Ró-fhada d'fhan sí faoi thost an tuama,
Ná fág í díomhaoin mar sin níos mó;
Go grádhmhar muscail chum clú na fuama
A bhrostuigh cródhacht na bhfear fad ó.
Tóg suas arís í, ár ndóchas saoirse,
Tá saidhbhreas fós ann a téadaibh binn';
Trídh fhulang fhada ár mbróin 's ár ndaoirse,
Bhí'n tír gan sólas a nótaidhe grinn,
Acht saor anois í as suan a h-oidhche,
'S mar ghrian ag briseadh tré dhoimhne scáth,
Le ceol na cláirsighe, las gruaim ár gcroidhthe,
'S cuir anam úr ann ár sliocht go bráth.
"PÁDRAIC."
AN NÓINÍN.
Ná trácht ar an rós gidh gur álainn an bláth é;
Ná trácht ar an lile, chomh bog 's comh bán;
Ná trácht ar an tsóbhrach, gidh deirim gur breágh é
Óir b'fheárr liom 'ná'n t-iomlan aon nóinín amháin
Tabhair damh-sa an nóinín —
Is díl liom an nóinín, —
Och, b'fheárr liom 'ná'n t-iomlan aon nóinín amháin.
Acht fós, ní'l sé ceart damh an rós do dhí-mheasadh,
Óir go cinnte is cosamhail deirge a bhláth'
Le deirge na sláinte go síorruidhe ag lasadh
Na scéimhe d'fhág nádúir ar leacaibh mo ghrádh.
Acht tabhair damh an nóinín,
Ó! cáraim an nóinín, —
Ní'l fás mar an nóinín 'measc iomlain na mbláth.
Anois ní'l mé dall timcheall áille na lile
A nochtuigheas suas as na h-uiscidhibh fúinn,
Óir bheireann sí chugam-sa boige 'gus gile
An bhrághaid sin mar shneachta i seilbh mo rúin.
Acht grádh chum an nóinín, —
Ó! adhraim an nóinín,
Ní'l bláth anns an domhan mar an nóinín beag, ciúin,
Is áil liom an sobhrach a dtosach na bliadhna,
Le buidheacht a duille tá beagnach mar ór,
Óir bheireann sé chugam dath gruaige is iníne
A shuidheas mar choroin ar éadan mo stóir,
Acht measfad an nóinín,
A's molfad an nóinín,
'Gus seinnfead an nóinín le h-iomlan mo ghlóir,
Nuair dhearcaim an nóinín, a luidheas go h-ísiol,
Ag smigeadh go grádhmhar ar lorg mo shlighe;
Ní fheicim-se scéimheacht mo chailín ró-uasail,
Acht smuainim ar mhaitheas 'gus fírinn a croidh'.
Ó beannachta móra
Céad beannacht 'gus glóire
Do'n nóinín, caomh-nóinín mo thíre, a choidhch'!
"PÁDRAIC,"
SMUAINTE AR ÉIRINN.
Gidh chailleamar ár saoirse 's ár sólas, gidh chailleamar ár sonas 's ár
sógh;
Gidh chailleamar an neart a's an chumhacht, bhí againn a laethibh fad ó;
Gidh fágadh ár n-oilean go claoidhte, i leathtrom a mbochtacht 's mbrón;
Gidh scabadh ár gcine go fairsing anonn 'gus aniar anns an domhan;
Gidh sciobadh uainn maoin agus talamh, gidh fágadh sinn lag agus fann,
Gidh fágadh sinn umhal 'gus íseal a slabhraidhibh an scríosador' teann;
Gidh d'oibrigh ár námhaid le bliadhantaibh chum tír-ghrádh do chur as gach chroidh'
Is Éireannaighe uile anocht sinn, 'gus béidhmid 'n ár nÉireannaighibh choidhch'.
Gidh shaotharuigh Sacsanaighe millteach' ó chuireadar cos ann ár measc,
Chum teangan ár sinnsear do dhíbirt, chum ceoil bhinn ár sinnsear
do chosc;
Gidh chum siad a ndlighthe le h-intleacht nach dtáinic ó Dhia anuas;
Gidh thóg siad mar riag'loiribh orrainn na spiorad' as ifreann suas;
Gidh chroch siad, 'gus chreach siad, 'gus dhóigh siad; gidh scrios siad 'gus mhill
siad an tír,
Gidh mhasluigh siad, mhalluigh siad, bhagair siad, dhíbir siad soir agus siar;
Anaghaidh gach dlighe agus daortha, tá cluinte ár dteanga go fóil,
Tá seinnte ár ndánta 's ár rannta, tá seinnte ár n-abhrain 's ár gceol!
Gidh d'fhéach siad gach cleachtadh budh áilne do chur as ár n-int'nnibh go deo,
Gach deagh-chleachtadh dhílis chongbhóchadh cuimhne na sean-laetheadh beo,
Gach cleachtadh bhí againn a n-aoisibh ár gcumhacht 's ár gcumas 's ár
gceart, —
Gach cleachtadh a bhí ag ár ndaoinibh 's na h-aimsiribh sona chuaidh thart;
Níor thréig riamh ár n-aithreacha cródha aon mhodh nó aon ghníomh nó aon
ghnáth'
A cleachtadh 'na measc anns na laethibh tá imthighthe uainn go bráth;
Acht chongbhuigh siad beo ann a n-int'nnibh buan-smuainte na mórdhacht
a bhí,
agus chongbhuigh siad teine na saoirse go dian a's go teith ann gach
croidh'.
'S an teanga 's an ceol a's gach cleachtadh a chongbhuigh ár n-aithreacha beo,
Tré bhliadhantaibh de dhaoirse 'gus donas, tré bliadhantaibh de chath agus
gleo,
An léigfidhmid iad as ár láthair? An bhfuilmid chomh tráilleach a gcroidh'?
An bhfuilmid comh fuar a's comh marbh, gan misneach, gan cródhacht, gan
bhrígh?
Ar fhulaing ár n-aithreacha pianta, ar fhulaing siad brón agus crádh?
Ar fhulaing siad bás ar son daoineadh tá sásta le daoirse Go bráth?
An bhfuilmid gan meas ar ár dtír bhoicht tá cromtha faoi ualach trom-
léin?
An bhfuilmid gan meas ar ár dteangain? An bhfuilmid gan meas
orrainn féin?
A! feicim an freagra a súilibh gach carad 'san tseomra anocht,
Agus feicim an spiorad is mian liom a' mothughadh 's a corrughadh gach ucht —
An spiorad a neartuigh ár sinnsear a n-oidhche a mbuaidheartha 's a
mbroid', —
An spiorad a neartuigh ár ndaoine i n-aimsiribh catha 'gus troid;
Agus preabann mo chroidh'-se go h-éadtrom le h-aoibhneas, le luthghair
a's grádh
Nuair fheicim nach féidir le daoirse an spiorad sin bhriseadh go bráth:
'S le taisbeaint do'n námhaid go bhfuilmid buan-seasmhach d'ár dtean-
gain 's d'ár dtír,
An mionna so glacfaidhmid uile, mar Éireannaighibh cneasta 'gus fíor':
Dar cuimhne na muinntir, chuaidh romhainn, dar cuimhne na ndaoineadh a bhí;
Dar cuimhne na dtaoiseach ba thréana, tá 'nois anns an reilig 'na luighe;
Dar cuimhne na mairtiridhe cródha, a d'éag ar an scálan go h-árd;
Dar cuimhne na ríogh a's na n-ollamh, dar cuimhne na bhfileadh 's na mbárd;
Dar cuimhne na gcnámh a tá bánughadh 'san gcréafoig bhí beannuighthe tráth;
Dar cuimhne na naomh a's na maighdean 'na gcomhnuidhe 'san bhflaitheas
atá;
Dar cuimhne ár n-aithreacha dílis a thuit ann gach comhrac a's gleo,
Ceol, teanga 'gus nósa ár n-oileain, ní léigfidhmid uainn iad go deo.
"PÁDRAIC."
TEICHEADH NA N-IARLA (1607).
Budh bhrónach dubh bhí Éire, 'nuair a d'imthigh scoith a clann,
'Nuair a d'imthigh plúr a prionnsaidhe mar chaorchaibh dul ar fán;
'Nuair d'fhág na laochra tréanmhar' í, a throid a chás go fíor,
'Gus scabadh iad inar chaith roimh ghaoith, — anonn agus aniar!
Budh ghruama grian na h-Éireann an lá a d'fhág siad í, —
An lá do sheol siad uaithi, gan aon tsúil le pilleadh choidhch'.
Budh dubhach cúis na tíre, ó bhárr go dtí an bunn,
Óir thuit an brat an lá sin bhí le bliadhantaibh ós a ceann,
Budh doiléir, donn, na néalta, bhí an lá sin anns an spéir,
'Gus tá na néalta céadna fós gan glanadh, anns an aer;
Ó tá siad fás níos troime 'gus níos duibhe lá le lá,
Ó tugadh uainn an solus sin a ghlanfadh iad go bráth.
Budh ghéar 's budh h-árd an caoineadh bhí an lá sin anns an ghaoith,
'S an domhan so 'riamh ní chualaidh cluas aon chaoineadh géar mar é;
Budh chaoineadh é a d'éirigh suas ó chroidhthibh briste trom',
Budh chaoineadh é ó dhaoinibh bhí faoi smacht a námhad crom.
'Gus fós, tá an caoineadh sin níos géire fás gach bliadhain,
'Gus tá gach croidhe cráidhte fós le brón agus le pian;
An t-ualach bhí go trom orrainn, níos troime tá sé fás,
Óir iadsan dheanfadh éadtrom é, do fuair siad uile bás.
Mo mhallacht ar an tSacsanach — mo mhallacht ar a shliocht,
A dhíbir uainn gach treoruidhe fíor, 'gus d'fhág sinn lag a's bocht.
Is truagh, truagh támuid 'nois, — is truagh tá ár gcás,
Ó díbreadh uainn ár dtaoiseacha! Ó tá ár mbrón a' fás!
Chomh fad' a's bhí siad againn, ní rabh eagla a n-aon chroidh',
Óir bhí siad tréanmhar cródhach, 'nuair budh dhuibhe bhí ár slíghe;
Ó! bhí ár ndóchas ionnta-san i síothcháin nó i gcath, —
Acht mo bhrón tá siad imthighthe, 's ní phillfidh siad go bráth.
Nach brónach é an smuaineadh dhúinn gur ruagadh iad amach, —
Amach as tír a ndúthchais féin go tíorthaibh choimhthigheach':
Gur díbreadh iad ó'n oilean ann a rabh a sinnsear beo,
Gur scaradh iad ó Éirinn bhoicht a choidhche a's go deo.
Is fuar atá gach teallach 'nois, is uaigneach gach caisleán,
'S an oidhche ní'l aon fhuaim ionnta, acht scréach an ulchabhcháin;
Tá'n flígh ag fás go fiadhain, árd, ar bhalla agus díon,
Ó tá siad fás annsin go glas le iomad lá 's bliadhain.
Ní mar atá do bíodh sé anns an aimsir bhí fad ó,
'Nuair bhíodh gach halla fuaimneach le súgacht agus gleo;
Bhíodh ceol na mbárd le clos go h-árd, gach lá agus gach oidhch',
'Gus scéalta, agus sean-ráidhte, ó sheanachaidhe, 'gus saoi.
Ní rabh a ndoirse dúnta, dian, a n-aghaidh neach ariamh;
Bhí fáilte roimh an astrachan:- bhí fáilte cheannsa, chaomh; —
Budh chuma árd nó íseal é, budh ionann fáilte dhó;
Ní mar fháilte fhuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so.
Acht imthighthe atá na fir a shuidh ag ceann gach cláir,
A's ní chluintear thríd ár n-oilean 'nois acht caoineadh agus gáir;
Ó! iadsan bhéarfadh fáilte dhúinn, atá siad scartha uainn,
Acht ní i gcré na h-Éireann dhíl a luidheann siad a suain.
Uí Néill, a stóir, go suaimhnighidh tú i síothchain chiuin, a choidhch',
A bhfad ó'n tír budh dhílse 'gus budh áilne le do chroidh', —
An tír sin d'fhág tú deorach, lag, faoi dhólas agus brón; —
If fada tá do leabaidh 'nois ó chnocaibh ghlas' Thír-Eoghain.
'Gus le do thaoibh, tá sínte shíos, 's an gcréafoig fhuar úd thall,
Ua Domhnaill Mór na loingis, árd-fhlaith tréanmhar Dhúin na nGall;
Is minic ghlan sibh taobh le taobh an námhaid as bhur slíghe;
'Gus taobh le taobh atá sibh 'nois 'san uaigh amháin ag luidh'.
A Dhia mhaith! budh trom an lámh do léig Tú ar ár dtír,
Do léig Tú ar an mhuinntir sin, a bhí Dhuit gcomhnuidhe fíor;
'Nuair d'fhulaing Tú a ndul ar shiubhal, faoi dhonas agus crádh, —
Ár n-uaisle, — agus d'fhág Tú sinn 'n ár scládhbhuidhthibh go bráth.
Is trom Do lámh a tá andiu, ag congbhail sinn faoi smacht,
A Dhia mhóir, dean éadtrom í anns an am a tá le theacht,
Ó díbir uainn na Sacsanaighe! Ó bris an slábhra dian!
A tá ag teannadh ar ár dtír le beagnach míle bliadhan.
Ó! glan na néalta tá go fóil ag deanadh dubh na ndúl;
Ó! tiormuigh suas na deora a tá le bhliadhantaibh ann gach súil;
Ó! coisc an caoineadh tá go géar ag síneadh ar an ghaoith,
Bí trócaireath, a Thighearna! agus éist-sa le n-ár nguidhe.
"PÁDRAIC,"
TÉIDH CHUM COMHNUIDHE GLÓIRE.
(Aistrighthe ó Bhéarla Uí Mhórdha.)
Téidh chum comhnuidhe glóire,
Acht ag críoch do thóra,
Annsin Ó! cuimhnigh mé;
'Nuair tá focla milse
Teacht ó bhéalaibh dílse,
Annsin Ó! cuimhnigh mé.
Faiscfear thusa feasta
Eadar lámhaibh cneasta,
Béidh tú molta, measta,
Mar is cóir duit é;
Acht 'san réim is áirde
'Nuair is neise cáirde,
Annsin Ó! cuimhnigh mé.
'Nuair 'san nóin, ar d'imtheacht,
Tá réalt ag soillsiughadh beannacht,
Annsin Ó! cuimhnigh mé;
Smuain gur mhinic fúithe
Labhradh grádh ár gcroidhtheadh,
Mar sin Ó! cuimhnigh mé.
Go mall 'san tsamhradh bláthmhar;
Caith do shúil go grádhmhar
Ar na rósaibh scáthmhar'
Ghrádhuigh tú 'gus mé,
Smuain uirthi a ghuidheas
Ar na fleascaibh d'fhigheas
Annsin Ó! cuimhnigh mé.
'Nuair le duillibh críonta
Tá an fóghmhar líonta,
Annsin Ó! cuimhnigh mé.
'Gus 'nuair táir go sásta
Roimhe theallach lasta,
'San uair sin cuimhnigh mé.
Le guth an cheoil 'ga threor'adh
Chum do chroidh' is cóire,
Tiocfaidh, b'fhéidir, deora,
Ann do shúilibh glé;
Smuain ar rannaibh binne
Sheinneas ós do choinne, —
Annsin Ó! cuimhnigh mé.
"EIBHLÍN."
TEANGA NA h-ÉIREANN.
Mo ghráin do na daoinibh gan anam, gan croidh',
Nach ngrádhuigheann teanga 'gus ceol bhinn a dtír'
So fuath 'gus mí-mheas do'n drong so a choidh', —
An drong sin tá líonmhar i n-Eirinn, — faraor.
Och! cluinim-se daoine gach lá anns an mhí
Ag glaodhadh go h-árd uim a dtír-ghrádhacht mór:-
Ag cainnt ar an mbroid a bhfuil Éire bhfad faoi,
'S ag maslughadh a námhad a ndroch Bhéarla go leor.
Tá an drong so a gcomhnuidhe (do réir a gcainnt' féin),
'Na saighdiuiribh tréana 's 'na dtaoiseachaibh fíor';
Táid uile toileamhail le píce nó claidheamh
Do tharraing go réidh ar son saoirse a dtír'.
Táid go síorruidhe ag gol 's ag caoineadh go géar
An scrios a's an crádh, tá go trom ar ár shliocht;
'S ag cáineadh an tSacsain a dhíbir go léir
Ár muinntir, a's d'fhág sinn 'nár ndeoraidhthibh bocht'.
Budh mhaith leis an dream so a dtalamh gan cíos, —
Budh mhaith leo a ndlighthe do dhéanadh iad féin, —
Budh mhaith leo na tighearnaidhe bheith díbirthe síos
Ann áit tá níos teo, — gidh is fad' í ó'n ghréin.
Acht trácht leis an drong so ar theangain a dtír', —
An teanga a labhair a ndíl-sinnsir fad ó —
An teanga budh chóir a bheith canta go fíor
Le gach Éireannach buan, a's tír-ghrádhach, go deo.
Trácht leo ar shean-abhranaibh blasta na mbárd,
Agus seinn dóibh an ceol sin is binne 'san domhan;
Agus innis dóibh scéalta an am' a tá thart,
'Nuair bhí foghluim na h-Éireann mar sholus an nóin.
'Sé an freagra is dóighche duit d'fhagháil uatha so:
"Tá teanga ár n-oileain 'nois marbh go deo;
Tá'n Béarla níos tairbhighe dhúinn, — greamóchamuid dhó;
Tá againn aon teanga — ní'l maith anns an dó."
Mo thruaighe an drong so! ní h-iongantach mar tá
Ár dtír a's ár muinntir, bocht íseal andiú;
Ní hiongantach go bhfuil sinn faoi bhrón 'gus mí-ádh,
Gan meas a's gan urraim, gan onoir 's gan cliú.
Is fíor iad na focla a deir an tsean-rádh:-
"Bíonn meas ar na daoinibh a mheasas iad féin," —
Béidh muinntir na h-Éireann faoi dhroch-mheas go bráth
Má léigeann sinn teanga ár n-aithreachadh uainn,
Is deas an rud saoirse, — ní'l aon nídh chomh díl, —
Is maith an rud talamh gan cáin nó gan cíos, —
Is olc iad na tighearnaidhe — aon mhaith ionnta ní'l,
A's budh chóir iad bheith sáithte 'san bhfairrge síos.
Acht do b'fheárr liom-sa daoirse ár n-oileain go deo, —
A's do b'fheárr liom ár dtalamh do bheith mar atá;-
Ó! b'fheárr liom na tighearnaidhe a choidhche bheith beo,
'Ná teanga na h-Éireann bheith marbh go bráth.
"PÁDRAIC."
MO GHLOINE "POITÍN."
Tá'n Franncach bocht sásta ag ól a chuid fíona,
Le "lager" tá'n Gearmanach sámh ann a ghlóir;
Tá'n Sacsanach sanntach go síorruidhe ag caoineadh,
Má tá sé aon lá gan a dhóthain de bheoir,
'Nois bíodh ag gach duine, a dheoch féin 'san ghloine,
Is cuma má's lionn é, má's beoir í nó fíon;
Acht ná saluigh mo dhorn a choidhche le corn,
Acht corn maith, maiseach de scaith an "Phoitín."
Óir Ó! sé mo dhúil é; 'sé solus mo shúl é;
Mo shaidhbhreas, mo lón é, 'nuair tá mé gan pighinn;
Mo leigheas ar gach leon é; mo shonas a mbrón é;
'S é beatha an domhain é — mo ghloine "Poitín,"
Deir glagairidhe liom-sa gur follaine uisce,
Gidh tá sé gan boladh, gan blas, nó gan brígh:
Deir cléirigh nach gcuireann sé daoine ar meisce —
Acht gheall mé gan deor de do bhlaiseadh a choidhch'.
Bíodh saoi agus sagairt ag guidhe a's ag bagairt, —
Ar uisce na cruinne ní thabhairfinn traithnín;
Och, gach lá a's gach oidhche, go bráth 'gus a choidhche,
Ní shéanfaidh mé gloine de scaith an "Phoitín,"
Óir Ó! 'sé mo dhúil é; 'sé solus mo shúl é;
Mo shaidhbhreas, mo lón é, 'nuair tá mé gan pighinn;
Mo leigheas ar gach leon é; mo shonas a mbrón é;
'Sé beatha an domhain é, — mo ghloine "Poitín."
Mo bheannacht go bráth ar shean-eorna mo thíre,
Gidh garbh a ceann, Ó is milis a súgh;
Go mairidh go deo linn na póiteoiridhe fíora
A' seinm a cáil' a's ag moladh a clú.
A's doimhne ár gcroidhtheadh, so cuimhne ár rightheadh,
Budh ró-mhaith gach fear díobh ag slugadh a "bhraoin" —
'Gus an séanfaidh a bpór-san, go síorruidhe an "deor" sin?
So freagra an fhilidh a ngloine "Phoitín."
Óir Ó! 'sé mo dhúil é; 'sé solus mo shúl é;
Mo shaidhbhreas, mo lón, 'nuair tá mé gan pighinn;
Mo leigheas ar gach leon é, mo shonas a mbrón é;
'Sé beatha an domhain é, — mo ghloine "Poitín!"
MO GHLOINE "POITÍN."
(I bhfreagra Abhrain "Ghiolla na Realt.").
A sclábhuidhe gan urraim! — A sclábhuidhe 'sé deirim, —
Gur olc, olc an teagasc a thuit ó do pheann,
Mo thruaigh ar an athair, mo bhrón ar an mháthair
A admhuigheas thusa 'measc cunntais a gclann!
Mo ghráin ar an duine a mholas an gloine,
Tá líonta le beoir, nó tá líonta le fíon;
Acht go cinnte ní beannacht tá leis-sean a' fanacht,
A ghrádhuigheas gloine de scaith an "Poitín,"
Ó! seachain go deo é; is tús ar ghach gleo é;
'Sé d'fhág mé mar tá mé; 'sé d'fhág mé gan pighinn;
'Sé chreach mé 'sé leon mé; 'sé ádhbhar mo bhróin é;
'Sé donas an domhain é, — do ghloine "Poitín."
Deir tusa, a sclábhuidhe, nach n-ólfaidh tú uisce, —
Mar tá sé gan boladh, gan blas, nó gan brígh;-
Gur feárr leat an deoch chuireas daoine ar meisce,
A mhilleas an t-anam, 's a bhriseas an croidh'.
Ní h-iongantach liom bagairt na Saoi a's na Sagart,
Nuair chastar leo póiteoir mar thú, a spailpín! —
Och! a shean-pheacach liath, bhfuil agat aon Dhia,
Acht sásadh do mhiana a ngloine "Poitín?"
Ó! seachain go deo é; is tús ar ghach gleo é;
'Sé d'fhág mé mar tá mé; 'sé d'fhág mé gan pighinn;
'Sé chreach mé, 'sé leon mé; 'sé ádhbhar mo bhróin é;
'Sé donas an domhain é, — do ghloine "Poitín!"
Is aoibhinn 's is álainn sean-eorna do thíre
Acht creid mé, tá'n diabhal é féin ann a súgh;
Is fairsing 'san domhan so na póiteoiridhe fíora
A d'fhág sé bocht, claoidhte, gan cáil a's gan clú.
Glac comhairle aoin fhilidh, chuaidh síos leis an tuile,
Níos mó 'ná leath-bealaigh go h-ifreann ar "bhraon;" —
'Nois, gach lá a's gach oidhche, ó'n am so a choidhche,
Ná saluigh do dhorn le gloine "Poitín."
Ó! seachain go deo é; is tús ar ghach gleo é;
'Sé d'fhág mé mar tá mé; 'sé d'fhág mé gan pighinn;
'Sé chreach mé, 'sé leon mé; 'gus deirim le brón é,
Gur fhág sé le sróin mé, do ghlóine "Poitín."
"FEAR A BHÍ ANNSIN."
D'ÓG MHNAOI UASAIL ÉIGIN.
(Ar na bhfághail bonnoige "bocstaidhe" dhamh uaithe
ar Oidhche Shamhna.)
Bíodh cruacha gach bidh ag na h-uaislibh,
'Gus fiche seort súgh ar a gclár, —
'S iad bocstaidhe 'gus im mhaith, a chuisle,
An t-arán 's an t-ánlann is feárr.
'Sé bocstaidhe an biadh breagh neartmhar,
Mar dhéarfadh gach gaiscidheach beo —
Nach ar bhocstaidhe mhair sean Tuathal Teachtmhar,
Rígh Éireann, 's na h-aoisibh fad ó?
Och, d'fhéachas gach prácas gan eagar
Ar bhórd an tighe ósda, faraor!
'S dar m'fhocal do chuirfeadh siad gliogar
A ngaile fir iarainn go síor;
Acht ní mar sin le bocstaidhe mo thíre
'Sé'n biadh is bríoghmhaire cáil, —
Óir 'sé neartuigh na flatha ró-fhíora
Thuill mór-chlú do chrích Inse Fáil.
"Do bheathuigh mé seal maith ar "ghoulash,"
'Gus bheathuigh mé tamall ar "stiú;"
'S mo bhrón géar! ar iomarcaidh mhín — "hash,"
'S ar mhór-chuid go leor de "ragouth."
Droch-chreach ar a miasaibh neimh-chéillidhe!
'S iad d'fhág mé lag, tanaidhe 'gus lom, —
Ara! b'fheárr damh 'ná'n t-iomlan aon bhéile
De d' bhocstaidhe maith ramhar a's trom.
Is minic táim ocrach d'éis glactha
"Pot-pourrí," 's mo nuar "fricassee,"
'S d'éis sluigthe na bpráiseach bhíos aca
Ar "menu," "soup," "dessert," 's "entree."
Do shuidheas ag proinn "a la cafe,"
'Gus shuidheas ag proinn "a la mode;"
Acht tabhair'mh aon phroinn "a la bocstaidhe"
Le'm iomchar fad-píosa de'n ród.
Cá bhfuil biadh faoi sholus na gréine
Mar bhocstaidhe do'n uasal 's do'n umhal?
Nach ar bhocstaidhe a tógadh na Féinne
Le h-órduighthibh Fhinn mhóir Mhic Cumhaill?
Agus sin é an fáth duit gan amhrus
Go ndearnadar gníomha chomh mór, —
Óir deir ughdar gur ionann 'san Eabhrais
Na príomh-fhocla "bocstaidhe" agus "glóir."
Do léigheas a stair ársuigh éigin
Gur bocstaidhe a d'órduigh Rígh Brian
D'á chócaire — Séamus Ua Réigin —
Do thabhairt d'a chuid sáighdiuiridhe dian
Ar mhaidin fhíoch-chomhraic Chluain Tairbh,
'N ar díbreadh lucht Lochlann go bráth;
A's dubhairt Bródar mar chaoin sé a mhairbh, —
"'Sé'n bocstaidhe a d'iomchar an lá!"
Mar an gcéadna, má's ceart í mo chuimhne,
'S le bocstaidhe mheall Gráinne Níc Airt
A "Diarmuid dreach-sholuis Ua Dhuibhne"
Chum pósta, 'sna sean-laethibh thart.
Óch, 's iomdha an buachaill a gabhadh
Ó'n lá sin, le draoidheacht ó mnaoi, —
Acht, a chailínidhe, éistidh le m' rabhadh,
'S le bocstaidhe a ghabhthar mo chroidh'.
'Nois glac uaim, a óig-bhean is aoibhne,
Mo mheas a's mo bhuidheachas mór,
Le súil uaim nach bpillfidh Oidhch' Shamhna
Go rabh agat fear mar is cóir;
'S nuair air-san táir ceangailte, pósta,
Dean bocstaidhe trí h-uaire 'san ló;
'Gus ní bhéidh tú go luath gan phosta;
'S ní éagfaidh a ghean ort go deo.
"PÁDRAIC."
BÁS RÍGH CHONCOBHAIR MIC NESSA.
Budh lá é lán-bhrónach do'n Ulaidh nuair chuaidh Conchobhar Mac Nessa amach
Anaghaidh Clann-Chonnachta tháinic chum duthaigh a shinnsear do chreach;
Óir d'iomchar a mhuinntir ó'n chath é, géar-ghointe, lag, loitthe 'gus fann,
Le peilear de inchinn Mhesgedhra curtha 'steach a dhá dtrian ann a cheann.
Bhí na leágha a b'fheárr anna thimcheall, 'na láthair bhí Finghin é féin
A thóg laochra leath-mharbh go minic chum áite measc buidhne na dtréan;
Agus d'fhéach sé ar ghoin ghéir Mhic Nessa, a's d'éist sé le osna a chroidh',
Agus dubhairt:- "'Nuair a scaoilfear an peilear, an lá sin béidh Ulaidh
gan rígh."
"Acht fós ameasc daoineadh a n-Uladh, béidh Conchobhar a bhfad a' fághail
féidhm,
Má chongbhuighthear cuisle gach miana a spreagas an inchinn, faoi réim,
Anois éistidh le fuagra sean-Fhinghin: "Ní bhfuil áit do Mhac Nessa níos mó
Ameasc sluaighteadh a gcath nó a gcogadh' a gcascairt, a gcaithréim nó
gleo;
'Nuair 'san oidhche tá'n féasta 'ga chaitheamh, bíodh corn a fhíona leath lán;
Acht go h-áirighe ná soillsigheadh air-san, súil lonnrach aon ainnir amháin;
Óir má gheibhidh mór-fhearg nó luthghair a réim a gcroidh' Chonchobhair, —
mo nuair!
'S an mhoimeint sin scaoilfear an peilear, 'gus éagfaidh Mac Nessa
faoi uair."
Mo bhrón ar son Conchobhair Mhic Nessa, a loiteadh a n-aimsir a bhláth',
'Nuair á bhí glóire neamh-néalmhar 'na thimcheall 's bhí laethe a bheatha gan
scáth;
Síor-dhúnta ó chúramaibh ríoghdha, faoi shuaimhneas ó mhaidin go h-oidhch',
Ní féidir leis cara do chabhradh, 's ní féidir leis námhaid do chlaoidh.
Mac Nessa, budh láidir a bhuille; Mac Nessa chuir laochra ar lár, —
An chéad fear a dtosach an chatha, 's é is maille d'fhág léana an áir, —
An caoin-fhear budh chaoimhe 's budh shúgaighe 'nuair 'na hallaibh bhudh lán-
bhórd an gnás,
Óch, ní h-iongnadh a dhaoine deagh-chroidheach bheith gruama faoi chruadhas
a cháis.
Na prionnsaidhe, na taoisighe, 's na h-uaisle a chruinnigh gach lá ann a thigh,
Ós íseal do chogar gach fear díobh 'nuair thrácht siad ar chomhrac nó mnaoi;
Níor mhuscail na báird a lán-fhuama a gcóimhsheinm cláirseach nó rann
Chum onora grádh' agus scéimhe, chum molta na laoch 's na lann.
Níor dhúisigh na seanachaidhe críonna, le scéaltaibh, árd-gháire nó scairt, —
'Gus i gciuineas neamh-ghnáthach is annamh chuaidh corn an fhíona féin thart,
Acht budh mheasa leo uile a chuimhnigh mór-ghlóire na laetheadh a bhí,
Nach rabh cuideachta aoibhinn na n-ógbhan le sólas do chur a n-aon chroidh'.
D'fhág fios ar na neithibh so uile trom-bhuaidhreadh ar intinn an rígh,
Chuir díomhaoineas beatha mór-thuirse 'gus imnidhe níos mó ann a chroidh';
Do shuidh sé 'san dorus gach lá geal ag dearcadh, le brón a's le péin
An tsaoghal a's an tsiubhal 'na thimcheall 's gan aon nídh chomh claoidhte
leis féin.
Ós árd scuab an iolar ar eite; ós a chómhair bhí'n fiadh ag rith,
'Gus an coinín cos-luathmhar ag imtheacht gan triobloid no buaidhirt ar bith.
Bhí na h-éin beag' ag seinm go ceolmhar, 'gus d'eitill na beacha 'san
ghaoith;
Bhí gach nídh anns an domhan so ró-shona, acht Conchobhar Mac Nessa, an rígh.
D'éis bliadhanta, ar lá, mar bhí Conchobhar go h-uaigneach 'san doras 'na
shuidh',
Bhuail scánradh gach ball ann a cholainn; thuit gruaim ar an ghréin mar
an oidhch';
Do phreab aon splannc teintighe 'na láthair, ag soillsiughadh na gruama
go léir,
'Gus 'na dhiaigh sin bhí árd-bhriseadh tóirnighe, a chorruigh an 'domhan a's an
spéir.
Do chualaidh sé cairrge 'ga bpléascadh, 'gus cranna 'ga réabadh go beacht,
'S go h-árd ós ceann iomlain an torainn bhí béicfeach na n-ainmhidhe ag
teacht;
Ó hallaibh a phálais féin d'éirigh géar-chaoineadh 'gus screada anró,
Agus thart ann a thimcheall bhí taibhsighe na námhaid a chlaoidh sé fad ó.
Acht an mhóimeint a chiuinigh an gleo úd, le'r briseadh trom-shuaimhneas
an rígh,
Ghlaoidh Conchobhar ar Bhachtach, a dhruadh,'gus dubhairt: "An fios duit, a
shaoi,
Cia'n miorbhuil an-mhór sin is cúis do na neithibh bhí againn anocht?
Cad dhorchuigh guirme na spéire, 'gus chreathnuigh an tréan-chroidh' ann
m'ucht?
Bhfuil árd-dhia ár ndéitheadh faoi fheirg, 'gus cia thug cúis feirge dhó?
An i n-Éirinn do righneadh an choir sin, nó an féidir í cheartughadh go deo?
Cia'n adhradh is cóir dúinn a dhéanadh, cia'n ofrail is feárr a thabhairt
uainn?
Ó, freagair, 's ní folamh bhéas d'altoir faoi ghéagaibh na sean-daire
buain'."
"A rígh," arsa draoi an chinn liath, "is fios damh an fhírinn go léir,
Ní mhaireann acht aon Dia glórmhar, a chomhnuigheas shuas annsa spéir;
Gus d'fhéach Sé le truaighe ar fhearaib, a's chuir sé ó rígheacht na nglóir,
A mhac dhíl a gcuma an duine chum sinne do theagasc go cóir.
Fá aimsir do bhreith', a Mhic Nessa, do rugadh an Slánuightheoir caoin,
A's ó'n am sin 'sna h-áirdibh fad-shoir uainn, do mhair Sé, fear céirde
gan mhaoin,
Acht gabhadh le droch-dhroing andiu é, 'gus céasadh é — brónach a chás!
A's na h-iongantais bhí againn ar maidin, b'iad caoineadh an domhain
um a bháis."
A rígh, bhí Sé geanamhail, uasal, le croidh' lán de cheannsacht a's grádh,
Agus d'iarr Sé mór-ghrása a Athar do dhaoinibh mar sinne gach lá;
Do bheannuigh Sé, chabhair Sé, léigheas Sé, 'gus shaorthuigh Sé dhúinne gach
n-aon,
D'ár dtreorughadh chum rígheacht na glóire, tá gan anró, nó doilghios nó
péin.
Acht d'éirigh droch-fhir ann a n-uabhar, a gcroidhe le díbhfeirge lán,
'S níor bh'féidir a gciuineadh le h-aon nídh acht daor-fhuil a chroidh'-san
amháin.
Acht fós ar an gcrois sin anáirde, a chorp brúighte, briste, faraor!
Níor ghuidh Sé chum díoghaltais ar aon fhear, acht mhaith Sé a namháid' go
léir!
Ré léim d'éirigh Conchobhar Mac Nessa, le deirge na feirge 'na ghné,
A's rith sé tré hallaibh a phálais ag glaodhach ar ainm Mhic Dé;
Amach leis 'san choill ghlais ag bualadh ar ghéagaibh a thuit faoi n-a lann,
A's dubhairt: "Dá mbéinn 'measc an droch-shluagh 's mé d'fhágfadh gach
bodach gan ceann.
Le buillibh trom' Áirdrígh na h-Éireann; le faobhar géar cruaidh mo
chlaidhimh
Do shaorfainn ó lámhaibh na ndeamhan an Slánuightheoir trócaireach,
caomh," —
Ghabh crith ar ghach ball ann a cholainn, do scaoileadh an peilear a choidhch',
A's le paidir do'n tSlánuightheoir Íosa, d'éag Conchobhar Mac Nessa an
Rígh!
"PÁDRAIC."
PILLEADH AOIDH RUAIDH UÍ DHOMHNAILL.
1592, A.D.
Is líonta anocht atá "Caislean an Uisce,"
Is lonnrach gach fuinneog ó thalamh go díon;
Gidh fairsing an fíon ann, ní'l callan nó meisce
Ag muscailt mac-alla na sean-taobhan críon;
Tá sláintidhe 'ga n-ól ann le taoisighibh tréana
Do cheannphort a nduthchaigh 'tá leo-san arís;
Acht ar maidin amárach, le h-éirighe na gréine,
Béidh mustar níos mó ar an léana úd shíos.
Féach, cheana tá'n nuaidheacht thar mhór-leath na tíre,
Tá teachtairidhe lúthmhar' a' bualadh na slíghe,
Ag dúsacht tréin-spioraid i n-anamnaibh fíora,
'S ag griosadh na cródhacht tá fós ann gach croidh'.
Féach, féach! tá na teinte ar mhullach gach sléibhe
Ag freagairt na bhfogradh tré dhubhacht a's ceo,
Gidh dearg a lasadh, béidh pícidhe 'gus claidhmhthe
Níos deirge go luath a gcogadh níos teo.
Glóir, glóir, a Tír-Chonaill! le tréimhse gan cabhair,
Suas, suas gach clann cródha, ó'n bhFinn go Ros Eoghain.
Ar aghaidh, a laochra, ó Mhálainn go Sámhair,
Bíodh lúthghair anocht ag cur díbirt' ar bhrón.
Nach gcluintí an gháir úd a' líonadh na spéire,
Mar thoirnigh ag réabadh tré chiuineas na ngleann?
Nach gcluintí guth-fháilte na ndaoine ag éirighe?
"Hurrá! tá Aodh Ruadh arís ós ar gceann!"
Níos sia ná bídhidh a's gruaim ann bhur gcroidhthibh,
Tá dóchas a' briseadh ar Éirinn go léir;
Andé bhí an tsean-chúis faoi néaltaibh na h-oidhche,
Amárach béidh dath úr ar fhairsinge spéir'.
Amárach béidh solus geal gréine ag sileadh
Ar chath-bhrat Thír-Chonaill a' crathadh 'sa ghaoith,
Béidh mílte fear tréan againn réidh le n-a mbuille,
'S béidh Aodh óg Ua Domhnaill ag treorughadh faoi.
Is díomhaoin le bliadhantaibh bhí gliceas gach láimhe,
Is meirgeach a d'éirigh gach píc' ar a crann;
Acht bheathuigh an scith sin smior úr ann ár gcnámhaibh,
'S d'fhág meirg díomhaoinis níos géire gach lann.
Mar mhéaduighthear neart agus luathas na h-aibhne
le fearthainn an fhóghmhair d'éis tiormachta míos,
Is amhlaidh bhéas sáthadh ár n-arm níos doimhne
Nuair chastar na Sacsanaigh orrainn arís.
Ó! tarraidh go tapaidh, laoch-coise 'gus marcach,
Ó chnocaibh a's gleanntaibh ar fud Dhúin na nGall,
Tá trom-chíos le díol ag an tsean-námhaid beartach,
A geineadh 'na ghaduidhe 's a tógadh 'measc feall.
Is fada gach fear dínn go foighideach ag fanacht
Le pilleadh ár ngrádh ghil ó charcar Áth' Cliath,
Chum buille do bhualadh, 's chum saoirse do cheannacht
Le daor-fhuil ár gcroidhtheadh, má's toil é le Dia.
Ná fanaidh! tá cnámha sean-sinnsear Uí Dhomhnaill
Ag glaodhach chum díoghaltais ó lámhaibh a gclann;
Béidh fiacha le h-íoc ag gach fear í dTír Chonaill
Chomh fad' a's tá lorg aoin scriosador' ann.
Le chéile! le chéile! béidh fealltacht Loch Súilidhe
Glan-nighte gan mhoill a bhfuil Sacsanach teann;
Ar aghaidh! ar aghaidh chum saoirse, a mhílidhe,
Tá'n ceart ar ár dtaoibh 's tá Aodh óg ós ár gceann.
"PÁDRAIC."
SÉAMUS MAC AOIDH.
Ní'l buachaillidhe scéimheacha gann ann ár dtír,
Ní rabh sí gan iad a's ní bhéidh sí go síor;
Acht níor mhair riamh i n-Éirinn 's ní mhairfidh a choidhch',
Aon bhuachaill chomh breagh a's tá Séamus Mac Aoidh.
Mar pháistibh do ritheamar le chéile gach lá
Thríd coilltibh na tíre ag sciobadh na mbláth;
Ó budh thruagh an nóinín nó'n méaracan síghe
A casadh liom féin agus Séamus Mac Aoidh.
Ar maidin chum scoile do thriallamar gan brón,
Agus d'ith sinn ár n-aran le chéile ag nóin;
'Gus ag pilleadh abhaile le tuitim na h-oidhch',
Ní shiubhailfinn le duine acht Séamus Mac Aoidh.
'Nuair tháinic an Domhnach, bhí seisean ar láimh
Ag doras mo thighe le n-a charbad fíor-shámh;
Acht gidh chuaidh mé chum teampoill, budh suarach mo ghuidhe,
Óir bhí m'intinn a gcomhnuidhe le Séamus Mac Aoidh.
Acht mar d'fhás sinn níos sine le ritheadh na mbliadhan,
Do mhéaduigh an grádh a bhí eadrainn araon;
A's budh ghoirid an t-am go rabh malairtiughadh croidh'
Eadar Eibhlín gan sloinne 'gus Séamus Mac Aoidh.
Ó! dá bhfeicfea mo Shéamus is dathamhla gné,
Ní dhéarfa gur iongantach go ngrádhuighim-se é;
Gidh ní'l ann acht fear ceirde, is iomdha an righ
Nach bhfuil aige fíor-uaisleacht de Shéamus Mac Aoidh.
A mhná, 'nois so rún daoibh, acht taiscidh' an scéal,
(Óir deir siad go bhfuil sibh lán-luath a mbéal):
Béidh bainis 'san bhaile 's ní fada go dtí,
A's béidh mise annsin, agus Séamus Mac Aoidh.
"EIBHLÍN."
DÁ MBÉADH FAIRSINGE ÓIR ANN MO PHÓCA.
Dá mbéadh fairsinge óir ann mo phóca
Ní chaithfinn an t-ór sin i n-ól;
Acht ar dhruim chailín éigin bhéadh clóca
De'n tsíoda is feárr as an tseol;
Ar dhruim chailín éigin bhéadh clóca
A chuirfeadh éad báis ar na mná' —
Acht ní'l fairsinge óir ann mo phóca,
'S ní síoda tá gclóca mo ghrádh.
Dá mbudh liom-sa na seoda is míne
'S na péarlaidhe faoi dhoimhne na dtonn,
Ní fada bhéadh cailín beag críonna,
Gan coroin lán-luachmhair d'a ceann.
Acht ní liom-sa na seoda is míne,
Nó na péarlaidhe faoi dhoimhne na dtonn;
Agus caitheann mo chailín beag críonna,
An choroin thug nádúr d'a ceann.
Dá mbudh liom-sa an caislean is áille
A tógadh ar thalamh ariamh,
Bhéadh laethe mo bheatha faoi scáile
Gan cailín beag ann le mo thaobh.
Acht ní liom-sa an caislean is áille,
'S ní'l céile ar bith le mo thaobh;
Óir a mbothan ag imeall an tsáile
Tá'n cailín sin suidhte ag sníomh.
Dá mbudh liom-sa mór-shaidhbhreas na cruinne,
Is lúthghaireach chuartóchainn í,
Go ndéarfainn: "A nglacfair uaim sloinne,
A ghaduidhe bhig álainn mo chroidhe?"
Acht ní liom-sa mór-shaidhbhreas na cruinne
Le pronntanas dheanadh ar mhnaoi
'Gus tá cailín beag maiseach gan sloinne
An fhir so a d'fhág sí gan croidh'.
'Nois ag scríobhadh go h-amaideach tá mé
Ar neithibh nach mbaineann le m'cháil,
Óir is dílse 's is daoire le m'ghrádh mé
'Ná fear ar bith eile le fághail.
Is dílse go mór le mo ghrádh mé
Gan seodaibh, gan caislean, gan ór;
Acht mo bhrón ní'l mé sásta mar tá mé
Gan cuideachta aoibhinn mo stóir.
Dá mbudh liom-sa an cúig agus punta
Le tuarastal cléirigh do dhíol,
Ní fada bhéadh plúir-bhean na condae
Go h-uaigneach ar thráigh Inis-Caoil.
Acht tá mise gan píosa dheich bpighinne
Le tuarastal cléirigh do dhíol
A's ní chluinfear ceol bainse i mbliadhna
'Ga sheinm ar thráigh Inis-Caoil.
"PÁDRAIC."
Ó CREID MÉ DÁ n-ÉAGFADH SNAS ÁLAINN
DO GHNÉ.
(Aistrighthe ó Bhéarla Thomais Uí Mhórdha.)
Ó creid mé dá n-éagfadh snas álainn do ghné
Tá cur aoibhnis andiu ar mo shúil,
Nó ag teacht an lae máraigh dá n-éalóchadh sé
Mar chúmhaibh sighe críonadh ar siubhal;
Bheidhthea adhruighthe fós mar a móimeint do ghlóir',
Gan do scéimheacht níos fuide bheith beo;
Agus timcheall na scriosta bhéadh smuainte do stóir
Mar an t-aighnean glas, casta go deo.
Ní chomh fad' a's tá bláth bog na h-óige ort féin,
'Gus do leaca neamh-nighte le deór,
Mairfidh teas agus dílseacht ann m'anam go tréan,
Acht ann d'aois béid níos teotha go mór;
Óir an croidh' sin a ghrádhuigh ann 'óige go fíor,
Béidh a ghrádh-san níos buaine a mbrón,
Mar an plúr-ghréin a thugas d'a dhia 'san iar
An radharc céadna a thug sé ag nóin.
"PÁDRAIC."
EISÉIRGHE NA GAEDHILGE.
(Aistrighthe ó Bhéarla an athar Ó Maolain.)
Tá sí scaptha, tá sí scaptha mar na duillibh ar an gcrann,
Ann ár dtimcheall tá sí séidte mar an ngaoith ó'n iar-
mhuir theann,
Ann a scéimheacht tá sí taisbeaint ós ceann machaire
'gus mágh,
Tríd a ritheann Sámhair, Súilidhe, agus Bearbha chum na
trágh';
'Náit a bpógann an gathgréine uisce Oirbsean glé
gan locht,
'Náit a bhfáisceann máthair-sáile sruth Sionnaine chum a
h-ucht',
Tá sean-theanga dhíl na h-Éireann ann a milseacht fós
le fághail, —
Gaedhilic ollamh agus ríghtheadh, fuigheall a glóire 'gus a
cáil' —
'Sí an dídean faoi ar shuaimhnigh, tríd a comhrac borb,
buan,
Spioraid chródha, chaomh a mairtir, mar a gcorp' 'san
reilig chiuin;
'Sí an chiste ann ar chomhnuigh, tríd a soillse 'gus a síon,
Anal cumhachtach na Saoirse ann gach abhran milis, mín, —
Tá sí 'nois arís ag éirighe, — seadh, ag éirighe ann a neart,
Saidhbhir, saidhbhir mar a bhí sí anns na h-aimsiribh tá thart!
Tá ár dteanga 'nois ag éirighe mar bhéadh árd-righ as a
shuan —
Rígh a d'fháiltigh an Tírían 'nuair do sheol sé chum ár
gcuan,
Sul chuir Rómhanach nó Lochlannach nó Sacsanach amháin
Cos ar thalamh fhuair Bhreatáine nó an Bhisiogoth 'san
Spáin, —
Rígh a chonnairc cleachta Draoitheadh ar a n-altoir 'measc
na gcrann, —
Chonnairc Serneaboc mar Dhia ag an tSacsanach 's a
chlann —
Rígh a chonnairc glóir ár sinnsear — óir bhí fir i n-Inis
Fáil
'Nuair a sheinn siad abhrain catha timcheall teinteadh
cogach Baail.
Ní'l na teangtha d'fhéach ar óige na sean-Ghaedhilge beo
níos mó,
As a dtombaibh d'éirigh siad-san a tá canta ann ár ló;
Acht tá glóire ársa Éireann, tá a h-abhrain 'gus a ceol
Cluinte, seinnte ann ár measc-sa anns an Ghaedhilic-dhíl
go fóil;
Gidh ba fhíochmhar scrios na Sacsan; gidh ba fhealltach
fiadhain a beart,
Fós, níor dhíbir sí ár nGaedhilic — leacht na laetheadh
a tá thart!
Ó! go gcluintear í go binn arís ó bhun go bárr ár dtír',
Mar chluintear ceol 'san earrach ó na h-éanaibh sona,
saor',
A fuama breagh' ag éirighe suas ó chaislean 'gus ó chró,
Agus Béarla' guth ár sclábhaidheachta, ruaigthe uainn go
deo!
Ó! léi go mbéidh mar theachtaire, fíor "Fhainne geal an
lae,"
Lán lochrann glé na Saoirse smigeadh síos ó Fhlaitheas
Dé,
Mar fhearaibh bidhidh Éireannach i dteangain, láimh, a
gcroidh',
'S ná cuiridh uaibh bhur smuainte acht a nGaedhilic bhinn a
choidhch' —
Seadh! caithidh Béarla Sacsan fhuair' arais d'a dtalamh
féin,
A's bímis 'rís 'n ár nÉireannaighibh a n-anam, mar a méin;
Ár dteanga nó ár gceirt níos mó ní bhfuighthear uainn
le feall
A gcúige Laighin a's Connachta go sléibhtibh Dhúin na nGall;
'Gus shíos ar thráighibh Cúige Mumhan — Ó cluintear uainn
an scairt:
"Ní labhairfidhmid acht Gaedhilic fhíor na laetheadh a tá
thart."
Tá a fuama 'nois ag díbirt uainn na Sacsanach go deo,
Gidh 's féidir é nach gcluinfear í a dTeamhraigh Mídhe
níos mó;
Na fuama chan Naomh Lórcan le tréan-fhearaibh Átha Cliath
Agus d'iomchar sruth na Sionnaine go Cathair Luimnigh
liath —
Ó! a theanga bhinn, níos ceolmhaire 'ná cláirsighe ciuin'
an domhain!
A theanga dhíl, ba shólas dhúinn a mbuaidhreadh 'gus a
mbrón!
A theanga ghlórmhar, bhogadh croidh' na ndaoineadh creagach'
cruaidh!
A theanga luath, fhuaimneach mar fhiadhain-uiscibh Eas' Aoidh
Ruaidh!
A theanga thréin na feise, bhí mar theintighibh anns an oidhch'!
A theanga, bhí lár catha mar an toirnigh ar an ngaoith!
Tá'n teanga dhílis chéadna sin fós cluinte ar ghach taoibh!
'Nois mar fhuamaibh Hómair fhíochmhair nó Uí Mórdha mhilis,
chaoimh.
Is minic líon sí cluas na nGall ó Chuing go Carraic
Airt,
'Gus maireann sí mar chuimhne laoch na laetheadh a tá
thart!
Mar chluinimid na fuama sin, nár bh'féidir leo do chosc,
Tá croidhthe líonta suas le sógh; tá luthghair ann gach
rosc;
Árd-preabann cuisle saoirse, is neimh-eaglach sinn 'gus
tréan,
Ó, mo chreach, go gcanfadh Éireannaighe i mBéarla
sclábhuidhe bhréin, —
Maith ár bhfios gur fann ár saothar — faon ár nguidhe um
talamh saor,
'Nuair chantar é a dteangain na sean-námhaid a scrios
ár dtír.
Maith ár n-eolas ar an bhfírinn a tá scríobtha anns an
scéal
Deir nach bhfuil aon chineadh buailte 'gus a dteanga féin
'na mbéal';
Níor mheas an Russ gur bh'fhéidir leis an Phóland bhocht
do chlaoidh
Gur bhrúigh sé as a h-ucht go deo an teanga ghrádhuigh sí.
A bhráithreacha, ná scaraidh le bhur nGaedhilic bhlasta,
bhreágh,
Acht a n-aoinfheacht leis an tseamroig ghlais coimheadaidh
í go bráth,
Ó! canaidh 'rís bhur dteanga féin, 's ná guidh' ar son bhur
gceart
A nguth go deo acht Gaedhilic fhíor na laetheadh a tá thart!
"PÁDRAIC."
NUAIR NACH MAIRFIDH DO'N TÉ SIN A D'ADHRUIGH
THÚ TRÁTH.
(Aistrighthe ó Bhéarla Thomais Uí Mhórdha).
Nuair nach mairfidh do'n té sin a d'adhruigh thú tráth
Acht a bhróin 'gus a lochta amháin,
Ó! abair a gcaoinfir má chaithfear aon scáth,
Ar an bheatha, nár shaothruigh dó cáin?
Seadh, guil, acht béidh masladh mo námhaid go léir
'Ga thógbhail le deoraibh do léin
Óir má's cionntach mé leo-san, ann d'amhgar ró-ghéar
Bhí mé dílis a gcomhnuidhe dhuit féin.
Do bhí briongloididhe m'óige ort féin a's do chás;
Bhí mo dhian-smaointe leat-sa gach lá;
Ann mo bhás-urnuighe umhal do Dhia na nGrás,
Béidh do chaomh-ainm liom-sa 'ga rádh.
Ó nach séanmhar na cáirde a mhaireas 'san tsaoghal
Le feicsint do ghlóire ró-mhóir':
Acht tar éis sin ní'l beannacht níos dílse do Ghaodhal
'Ná a bhás ar do shon-sa, a stóir!
"PÁDRAIC."
A GCUIMHNE AR U. S. GRANT.
Marbh! andiu faoi shíoth faoi shuan
Tá'n saighdiuir fíor;
Marbh! tá'n laoch a sheas go buan
Ar son a thír';
A thír a bhí, le comhrac, fán
Ó dheas go tuaidh;
Ó bhárr go bun tá 'nois síothcháin,
Ba mhór an bhuaidh!
Ciuin, cródha bhí sé anns an troid,
Le misneach lán;
Níor mhianuigh sé a bheith a mbroid
Fear dubh nó bán.
Níor iarr sé glóire ann aon bheart,
Ba mhor a chroidh',
Acht tháinic sí go cóir, go ceart,
'Gus las a shlighe.
Ní fós ó chloinn a dhuthaighe féin
Do fuair sé glóir',
Achth ann gach tír faoi sholus gréin',
Fuair sé onóir,
Caoineamuis é 'gus ní gan fáth,
Óir bhí a shaoghal
'Na shómpla fhíor de'n bhrígh a tá
I sliocht na nGaodhal.
Marbh! acht béidh a chuimhne beo
'N ár measc go bráth;
Marbh! acht béidh ár ngrádh níos teo
Ag fás gach lá!
"PÁDRAIC."
SMUAINTE BRÓIN.
Is dorcha anocht í an oidhche, ní fheicim aon réalt amháin,
'Gus is dorcha trom atá smuainte mo chroidh'-sa tá scaoilte ar fán.
Ní'l torann ar bith ann mo thimcheall acht na h-éanlaith dul thart ós mo
cheann;
Aithnighim sciathana na bpilbín ar a mbuille fad-tharrangte fann,
Agus tigeann an fheadog mar pheilear ag gearradh na h-oidhche le fead
Agus cluinim an gé-fhiadhain liath, an t-éan is gairbhe scread;
Acht aon toran eile ní chluinim — is é sin a mhéaduigh mo bhrón,
Aon toran eile acht screach agus glaodhach na n-éan ar an mhóin.
Acht a bhfad uaim ag bun dubh an tsléibhe ta láimh leis an fhairrge mhóir,
Éist leis an taoide ag tathfan leis na tonntaibh a tá ar a tóir,
Ag teacht chum na trágha 's ag slugadh an fhéir 's na feamna' bhog bhuidh',
Acht comh fuar a's tá taoide na h-oidhche is fuaire go mór é mo chroidh'.
Ní fhéadaim, ní fhéadaim a innsint, ní fhéadaim a thuigsint an fáth
Faoi a bhfuil mé chomh buadhartha brónach, comh líonta le brón agus crádh.
Is fuar 'gus is fiadhain an áit seo, an áit ann a bhfuil mé mo shuidh';
Acht ní h-é sin an t-ádhbhar a d'fhág mé chomh cráidhte a's táim ann mo
chroidh'.
Ó d'imthigh na daoine bhí dílis, na daoine d'a dtug mé mo ghrádh,
Ó bhí siad díbirthe scaoilte ó'n tír ann ar tógadh mé tráth,
Ag iarraidh foscaidh a's dídin ó'n mbochtanas agus anró,
'San tír ann a rabh siad suidhte ní'l anois acht an chaora 'san bhó.
Tá'n bhó 'gus an chaora ag inbhear ar lorg na ndaoine, mo léan!
A n-áit gáire na bpáiste 's na leanbh, ní chluinim acht scréach na n-éan;
Do muchadh gach coinneall a's solus a bhíodh a ndoras gach tighe;
Is é brón agus díbirt na ndaoine a mhéaduigh mo bhrón ann mo chroidh'.
Acht féach tá'n ghealach ag éirighe 's ag réabadh na néall dubh trom,
Agus caithfidh sí solus a gaethe ar éadan na machaire lom;
Agus bheirim faoi deara sean-bhallaidhe na dtighthe bhí leagtha annso —
Na tighthe gan beannaibh, gan tairseach, gan cailín, gan buaile, gan bó.
Ó'n charraic ar a bhfuil mé mo shuidh', och! is léar damh anois an gleann;
Acht ní'l duine innti acht mise, nó aon neach ó cheann go ceann;
Nó aon neach acht ba agus caoirigh anns an áit a rabh daoine fad ó;
An naosc aonranach ag sgreadach, agus mise liom féin anns an cheo.
Acht amhlaidh a's tháinic an ghealach ag briseadh amach ar an spéir,
Ag scabadh uainn scáile na h-oidhche 's na néall dubh uile go léir,
Ag ruagadh dorchadais oidhche, ag ruagadh smúid agus ceo,
Ag soillsiughadh ar chnoc agus sliabh, ar fhéar agus inbhear na mbó.
Ó amhlaidh a's lasann an ghealach ar an mbealach tá fuar agus bocht,
Creidim go lasfaidh an tsaoirse an daoirse ann a bhfuilmíd anocht;
Creidim go réabfaidh sí scáile an bháis ann a bhfuilmid anois;
A's go gcluinfear go goirid thar sáile ár ngártha lúthgháireacha arís.
Acht, ó ní h-é comhrádh nó caoineadh, ní cainnt é. nó labhairt-le-béal
A thógfas an dorchadas dínn-ne, a scapfas an scáile 's an néall;
Ní ceol agus rannta na mbárd é, nó fuaim na n-abhran a tá binn;
Ní gul é, ní guidhe é, ní caoineadh, nó bréagadh níos milse 'ná sin;
Acht obair na lámh a tá láidir ag na daoinibh gan eagla'nn a gcroidh',
Nach deachaidh arais a's nach rachfaidh, ó'n chogadh'nn bhfuilmid, a choidhch';
Na daoine a sheasfas 'san mbeárna, nach deárnaidh's nach ndeánfaidh bréag,
Na daoine nach féidir a scánnrughadh le bagairt, le pláigh, nó le h-éag.
Mo léir-scrios! cá rithid mo smuainte, sin neimh-nidh a tháinic am' cheann;
Cá bhfeicfimid daoine mar-iad san? Ní'l duine ar sliabh nó ar ghleann.
Atá siad díbirthe, caithte amach uainn ar éadan an domhain;
Ní'l lorg a gcos ar an tsliabh; ní'l lorg a mbád ar an abhainn;
Agus tá mé am' aonar mé féin ann, tá mo long-sa gan seol a's gan
stiuir, <fhuar'
Ag tabhairt m'aghaidh ar fhad-imtheacht as Éirinn go tíorthaibh choimhthigheacha
B'fhéidir a bhfágaim de mo cháirdibh nuair phillfead nach mbéidh siad beo,
A's an teanga so tá mé ag labhairt nach labhairfear arís í go deo.
AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.
Éist liom, a cháirde, tá scéal le rádh agam
Ar an gcréatúr gránna a bhuail fúinn,
A bhfuil dhá sciathan air comh leathan láidir
Le Condae an Chláir nó le Cúige Mumhan.
Ní'l lá nó oidhche nach mbíonn sinn claoidhte
A's ár mbiadh ithte ar shlighe nach cóir
Ag an gcréatúr dána tá teacht thar sáile,
'Sé a ainm gránna — an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór,
An Préachan mór dubh dána,
An Préachan mór gan ceart gan cóir,
Ruaigeamuid é thar sáile!
Cá bhfuil na preátaí a bhí ag Pádraic?
Bhí siad go h-álainn 'san pháirc ag fás,
Go dtáinic an t-éan sin le nimh 'na bhéal dubh,
Agus sceith sé an t-éag, an phláigh 's an bás.
Támaoid le chéile 's ár gcroidh' ag léimnigh
Faoi airm ghéara dul ar a thóir;
Tá toradh na h-Éireann gach lá d'a réabadh
Ag an éan dubh bréan sin, an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór, agus rl.
Is mío-ádh mór é, is rud nach cóir é,
'Sé cúis ár mbróin é, an t-éan mór dubh,
D'fhág eórna briste 'gus cruithneacht scriosta
'Gus coirce millte againn go tiugh;
Ag slad' na ndaoine gach uile oidhche
Ag scrios na tíre 's ag goid ár stóir,
Agus glug-glug Béarla 'na scórnach bréan-san,
'Sé éan an Bhéarla an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór, agus rl.
Do scab 's do réab sé na préataí glé-geal'
A bhí go séanmhar ar bhárr na cré,
Thug lón a's biadh do'n tseanoir liath,
Thug lón is biadh do'n pháistín féin.
Acht tá siad scaptha, ithte a's scartha
Pioctha a's lobhtha a's dubh go leor
Ag an éan mór bradach tá teacht as Sacsain,
'S gur b'é a ainm an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór, agus rl.
Tigidh le chéile, a chlann na h-Éireann,
Go láidir gléasta, go bríoghmhar breagh
Go gcuirfidhmid ruaig arís go luath
Le géar lann' cruaidh' ar éan an chráidh,
Buail amach é, lean agus creach é,
Is námhaid cách é d'fhág mílte a mbrón,
'S nár phillidh choidhche go dtí an tír seo
An sciúrsa millteach, an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór, agus rl.
Tiocfaidh an lá a mbéidh grásta a's grádh,
A mbéidh séan agus ádh ar ár n-Oilean fós,
'S béidh an tseamrog ghlas a chaill a blas,
Arís go h-árd ós ceann an róis.
Ní bhéidh droch-shíon ar feadh na mbliadhan
Soillseóchaidh an ghrian arís mar ór,
Nuair bhéidh sé marbh, a's shíos 'san talamh
Ár scrios, ár mallacht, an Préachan Mór.
An Préachan mór, millteach mór, agus rl.
AN CRAOIBHÍN AOIBHINN.
SLÁINTE.
Seo sláinte Uladh dhubh na nGall,
A gcomhnuidhe fíor, gidh minic mall;
Cia chonnairc fallsacht, cluain nó feall
Ariamh ameasc a cloinne?
Nuair shéid an adharc ag fuagradh baoghal
Ó ghleanntaibh ghlas' 'gus sléibhtibh maol'
Bhí laochra Uladh ameasc na nGaodhal
'S an námhaid ós a gcoinne.
Seo sláinte fhíor do Chúige Mumhan
'Gus chum a daoine buaidheach, buan;
Ní bhfuaras iad-san riamh faoi shuan
Le Sacsanach 'na láthair.
Go mairidh siad mar sin go deo
Le claidheamh do tharraing anns an ngleo
Mar tharraing siad 'san am fad ó
Go réidh ar son a máthar.
Seo sláinte mhór do Chúige Laighean
'S d'a fhearaibh calma, crodha, tréan',
Ciuin i mbéal, act tréan i méin
'Gus millteach ann a mbuille.
Gidh measca táid i bhfuil 's a bpór,
Mar sin is uaisle iad go mór,
Mar chruthuigh siad le neart go leor
Ar ghort agus ar tuile.
Seo sláinte gheal do Chonnacht shiar
'N ar díbreadh laochra breagh' ár dtír',
A chongbhuigh suas an sean troid fhíor
Le lámhaibh láidre chrodha.
"Go Connacht nó go h-áit níos teo,"
Dubhairt scriosadoir a dtíre leo:
"Glac siadsan Gaillimh 'gus Muigheo;"
Fuair Seaghan an dara rogha.
Acht líonaidh suas gach ghloine lán,
Agus ólamuis aon sláinte 'mháin
Chum Éireann uile agus iomlán,
A cuimhne agus a glóire.
Gur luath go mbéidh sí sona saor,
Gan néall ag taisbeaint ann a spéir,
A náimhde ruaigthe amach go léir,
Agus sinne ag a dtórramh.
"PÁDRAIC."
SLAINTE NA BHFEAR FÍOR.
Seo sláinte na ndaoine thóg teanga ár dtíre
Ó'n dearmad 'gus scáile 'n a rabh sí 'n a luide;
Bhí a bás-caoin ag éirighe mar ghul "inghin Líre,"
'S a náimhde ag gáiridhe le nimh ann a gcroidh'.
Seo sláinte na ngaiscidhe nach bhfuil'neóchadh bás di,
Acht d'éirigh ann am cheart d'a congbhail fós beo,
A dubhairt leis na daoinibh a ngéaga do shíneadh,
A chuir brígh agus beatha 'san Ghaedhilic go deo.
Seo sláinte na muinntear nach dtréigfeadh a sinnsear,
Nuair bhí scáile na h-oidhche teacht ortha go trom,
Nuair dubhradh le daoinibh dubh-chroidheach nach gcluinfidhe
Aon fhocal de'n Ghaedhilic 'san oilean lag lom.
Seo sláinte na ndaoine ag nach bhfuil fios a gclaoidhte,
A éirigheas ó bhriseadh mar an ghréin tar éis ceo,
Le'r cuma a námhaid a bheith molta nó maoidhte
Le tráillibh annsud nó le cladh'raibh annseo.
Seo sláiute na ndaoine nár thréig dóchas saoirse,
'San aimsir budh duibhe a d'fhulaing a dtír,
Nach mbéidh sásta go deo deo le bruid nó le daoirse —
'S a throidfeas an sean-chath a gcomhnuidhe 's go síor.
Seo sláinte 'gus fine do ghach uile dhuine
Nár dhearmaid sean-talamh a shinnsear go fóil,
A charas a thír féin, a sliocht a's a cineadh,
A teanga, a saoirse, a cliu a's a ceol.
DUINE GAN AINM.
NÁ H-ABAIR LIOM GO BHFUIL ÉIRE MARBH.
Ná h-abair liom go bhfuil Éire marbh,
Gan dóchas saoirse, neirt nó réim',
Go bhfuil gach smuaineadh sonais follamh,
'S go mbéidh sí choidhche faoi chuing a's péin;
Go bhfuil a clann comh fad' faoi dhaoirse,
Nach féidir leo-san aon iarracht mhór
Do dheanadh arís ar son a saoirse,
'S go mbéid go síorruidhe ag sileadh deor.
Amach go deo le smuaintibh mar iad
Nar bhfiu le h-aon fhear do rádh ós árd,
Nach fiu le h-Éireannaighibh chomh fad' a's bhéidhid
Aon mhilliún tréan-fhear i gcrích na mbárd!
Is cuma chomh fhad' bhéas néall na h-oidhche
Ag clúdughadh tíre faoi smúid a's ceo,
Má bhíonn a clanna ag faire choidhche,
Ní fhéadann an námhaid a gclaoidh go deo!
Féach ar an tír bheag shéin na Gréige
A bhí faoi dhaoirse dhá mhíle bliadhan,
A's dubhairt an domhan mór go rabh dubh éaga
Ag teacht d'a clúdughadh go grod's go dian.
Acht maireann Gréag fós, a's ní'l sí claoidhte,
Chomh saor andiu a's bhí sí fad ó,
Nuair chonnairc a h-óg mná, ar shléibhtibh suidhte,
Cabhlach na bPéarsach scriosta go deo.
Aontuighdis Éireannaighe go dlúth le chéile,
Cuirtear troid um cineadh 'gus sleachta faoi,
A's ní fad' go mbéidh saoirse i "dtír na féile,"
Gan cumhacht ag daoinibh an domhain a claoidh.