NÓTA.
Sidé an leabhar is fearr a cuireadh isteach chugainn
mar fhreagra ar an achuinge a chuireamair amach
tamall maith ó shin. Bheadh sé i gcló fadó mara
mbeadh a lán nithe do theacht nár gcoinnibh.
Táimíd ana-bhaoch desna daoine a dhíol as
cóipeana den leabhar roim ré i dtaobh iad a
bheith chó foidhneach linn.
LUCHT NA RIDIREACHTA LITEARDHA.
CAD BA DHÓBAIR DÓ?
I.
"NÍ gá dhuit a thuille a rádh ina thaobh."
"Ach… "
"Ná feacaidh mo dhá shúil féin tu!"
"Ach éist liom go… "
"Ní éistfad; ná deirim leat go bhfeaca thu á pógadh!"
"Ach fan go n-innsead duit!"
"Ní fhanfad! Ní gá dhuit é innsint dom! Tá 's
agam cheana é!"
"Ach ba mhaith liom… "
"Ba mhaith liomsa go raghfá abhaile. Siné an dorus!"
"Ní imeod as so go… "
"Go gcaithfar amach tu! Imig láithreach!"
Agus d'oscail sí an dorus dó. Do thóg seisean a hata ina
láimh agus díreach nuair a bhí sí ag dúnadh an doruis
air d'iompuigh sé agus dubhairt go feargach fíochmhar:
"Bíodh an diabhal agat!" ar seisean.
"Agus agatsa, leis, a dhuine uasail!" ar sise go séimh
agus í ag umhlú dhó go magúil.
II.
NUAIR a tháinig Seán amach fén aer taréis bheith
ag seanchus le grá a chléibh ar an gcuma san do
thuig sé gurbh uathásach an botún a dhein sé nuair a
phóg sé an toice beag ruadh úd sa tsiopa tobac i Sráid
an Stáin an oíche roime sin. An ghruag ruadh do mheall
é! Agus nuair a chuimhnigh sé ar an ngruaig sin thug
sé a mhallacht uirri go dúthrachtach. Cadé an tiubaiste
bhí air gur dhearmhaid sé a chuid saigréidí bheith caitte
aige agus é ag gabháil thar an siopa nur ghnáth leis
saigréidí cheannach? Cadé an donas a bhí air agus
cuimhneamh orra díreach nuair a bhí sé tagaithe chó
fada leis an siopa ina raibh an cailín ruadh agus gur leig
sé dá cuid gruaige ruadha draoidheacht do chur air? -
agus ní chuirfadh mara mbeadh a fhaid a bhí sé ag cuardach
a phócaí go léir, an uile cheann riamh aca, don aon rael
amháin a bhí aige. Thug san uain don ghruaig ar a
draoidheacht go léir a chur i bhfeidhm air. Agus an dá
shúil a bhí i gceann an chailín, ba mhaith an chabhair
ag an ngruaig iad, i dtreo, nuair a bhí an rael mhí-
ádhmharach úd tarraingthe aníos as a phóca aige agus a
bhí sé ghá cur isteach sa láimh bhig ghleoite do síneadh
amach chuige, gur rug sé greim ar an láimh sin agus gur
phóg sé láithreach an béal a bhí iompuithe suas chuige
go fonnmhar fáilteach. Cad do bheir dó gan bheith
sásta gur bhain sé dhi an tarna póg agus an tríomhadh
ceann, agus cadé an diabhal buidhe a bhí ar ghrá a
chroidhe go dtáinig sí an treo an uair sin díreach, agus
cadé an mí-ádh a thug uirri a ceann d'iompáil agus súil
do leigint air le linn a bhéil do dhridim le béal an chailín
ruaidh an tríomhadh huair!
III.
SMAOINTE den tsórt san a bhí ag síor-rith timpall
ar cosanáirde istig i gceann Sheáin bhoicht agus é
ag siúl síos an tsráid taréis dó scarúint leis an gcailín a
bhí luaitte leis. Nuair a shrois sé bun na sráide d'iompuigh
sé i leith a láimhe clé agus siúd fé dhéin na Carraige
Duibhe é. Ní fheidir sé cad a thug an treo san é, ach
dá bhfaghadh sé céad punt air ní fhéadfadh sé stad. Bhí
a dhá láimh i dhá bpóca a chóta mhóir aige, agus a cheann
leigithe ar aghaidh aige, agus é ag siúl ar mire; stiúir
air agus a dhá shúil mar a bheidís sáitte i rud éigin a
bheadh ad iarraidh imeacht uaidh agus eisean ad iarraidh
breith air agus ná feudfadh sé é, agus gan aon tsuaimhneas
ag na smaointe úd á thabhairt dá aigne i dtreo gur dhó
leis go scoiltfadh a cheann. Ag gabháil tré shráid mhóir
na Carraige Duibhe dhó do chonnaic sé i bhfad amach
uaidh solus mór a chuir oiread áthais air agus chuireadh
radharc cathrach Mhecca ar an Mohamadach a thagadh i
bhfad chun a dhébhóideacha dhéanamh.
"Báfad é!" ar seisean.
Do ghéaruig ar an gcoisíocht aige; do shrois sé dorus
an tighe ina raibh an solus mór agus siúd suas chun an
chúntair é chó mear san gur bhain sé geit as an seana-
phótaire do bhí ag ól piúnta ar a shuaimhneas agus súil
aige go seolfadh Dia chuige isteach an té do bhronnfadh
an tarna ceann air.
"Piúnta," arsa Seán, agus do leag sé leath-thuistiún ar
an gcúntar.
"Leath-ghloine," ar seisean nuair a bhí an chéad dheoch
leigithe siar aige.
"Gloine den fhíon Spáinneach," ar seisean nuair a bhí
an tarna deoch ólta aige. Fuair sé é agus níor dhein
sé dhá shlug de.
"Gan rath air!" ar seisean leis féin, "níl sé báitte
fós agam."
"Dhá bhuidéal seampéin!" ar seisean.
Do leath a bhéal is a dhá shúil ar an bhfear freastail
agus do thuit an tuimbiléir a' láimh an tseana-phótaire.
"Cad tá ort nó an amhlaidh atán tú bodhar!" arsa
Seán. "Leag ansan chugam láithreach dhá bhuidéal den
tseampéin is fearr atá agat," ar seisean.
"Tá go maith, a dhuine uasail," arsan fear freastail
agus do chuaidh sé ag lorg na dighe. Fuair sé an dá
bhuidéal agus do leag i bhfianuise Sheáin iad. D'ól
seisean ceann aca agus tháinig meidhir air; d'ól sé an
tarna ceann agus tháinig ceo ar radharc air agus thug sé
iarracht ar chaint a dhéanamh leis an seana-phótaire.
"Dubh… stiúsaidhe bligeáird… dorus
… diabhal," ar seisean.
Taréis na hóráide sin tháinig sé amach agus shiúil sé
go mí-stuama anonn godí an tram a bhí taréis stad in
aice leis an dtigh tábhairne. Thug an tram isteach i lár
na cathrach é. Chuaidh sé abhaile as san ar charra.
IV.
NUAIR a dhúisigh sé ar maidin lar na mháireach bhí
pian mór ina cheann. Níor ith sé a bhricfaist.
Níor dhein sé ach bualadh amach fén aer láithreach taréis
éirithe dhó. Ní ólfadh sé deoch chun leighis. Mheas sé
riamh go ndéanfadh meisceoir críochnuithe dhe dá dtugadh
sé mar bhéas dó féin "leighseana" d'ól. Chuaidh sé ag
obair ach ba dheacair dó a aigne choimeád ar an obair.
Níorbh fhéidir dó gan bheith ag síor-chuimhneamh ar an
gcailín dubh, agus ba chráitte an cuimhneamh aige é.
Uaireanta bhíodh sé ag cur síos ina aigne ar an aimsir
bhreá bheadh aige i dteannta an chailín Dé Domhnaig a
bhí chuige dá dtuiteadh so is súd amach, ach ní túisce
chuireadh an samhlú san áthas air ná mar a thagadh
duairceas air arís nuair a chuimhnigheadh sé nár bhaol
go dtuitfadh so ná súd amach - ná raibh aon bhreith in
aon chor aige ar mhathúnas fháil ón gcailín. Mar sin dó
i gcaitheamh an lae go léir: seal fé áthas agus seal fé
dhuairceas agus fé bhuairt. Sa deire do bhuaidh an
duairceas ar an áthas aige agus ní raibh sa tsaoghal go
léir, dar leis, ach folamhas. Cadé an mhaith dhom
bheith am beathaidh in aon chor!" ar seisean leis féin.
"Cadé an mhaith é! Cadé an mhaith é!" ar seisean
agus é ag teacht abhaile ar a sé a chlog um thráthnóna
an lae sin, agus bhí an chaint sin ag síor-ghabháil timpall
ina aigne i gcaitheamh na slí go léir abhaile. Mara
mbeadh seana-thaithí a bheith aige ar an mbóthar do
raghadh sé amú, mar do shiúil sé mar a shiúlfadh duine
a bheadh ina chodla - gan aon rud fheiscint. Cáirde dhó
do bhuail uime agus do bheannuig dó ní fheaca sé iad agus
ní lú ná mar a chuala sé iad, agus is beag ná gur leag
sé leanbh beag a thárla bheith sa tslí air i lár an chosáin.
Cailíní deasa a chuir fáilte gheal na gclaonrosc roimis
níor chuir sé suim ionta. Ar theacht abhaile dhó d'ól sé
dhá chupa té agus d'ith sé cheithre geárrtha aráin fé mar
ba ghnáth leis riamh, agus i gcionn leathuair-a-chluig
taréis té, nuair a dhúisigh sé as a mhachtnamh, dfiarfuigh
sé de bhean an tighe canathaobh ná raibh an té ullamh
dó.
"Ár ndó, tán tú taréis é ól," ar sise.
"Dar fia," ar seisean, "níor chuimhnigheas air sin."
Agus do lean sé ar a mhachtnamh.
V.
CHUAIDH sé amach. Bhí sé fuar dorcha amuich. Ní
raibh réalt ná gealach le feiscint ar an spéir. Bhí
uaigneas air, agus buairt, agus éadóchas. Dar leis, nuair
a chonnaic sé an spéir go dubh dorcha os a chionn, bhí
Dia féin ina choinnibh. Níor casadh leis éinne ab aithnid
dó. Chuir san tuille uaignis agus tuille éadóchais air.
Na daoine chonnaic sé ag siúl thairis, níor dhaoine iad
in aon chor, dar leis, ach scáileana, ní hea ach sprideana,
sprideana a bhí ceangailte i gcórthaíbh fola agus feola
agus nár dheacair na córthaí sin do bhaint díobh - le sáth
ó sciain nó le buille chois. Ní raibh ann féin, dar leis,
ach sprid den tsórt san, sprid bhuartha chráitte, cortha
den tsaoghal, bréan de féin agus de gach ní beo - ní hea
ach de gach ní marbh, mar ná raibh sa tsaoghal, dar leis,
ach saoghal marbh. Canathaobh ná tréigfadh sé an
saoghal san? Nárbh fhearr dhó bheith ina sprid amuich
is amach ná bheith ina sprid a bhí ceangailte le snáthín
beag suarach na beathadh de chorp throm ná leigfadh
dó a rogha rud a dhéanamh? Cadé an tslí ab fhearr na
bhféadfadh sé éaló leis féin amach as an gcorp san?
Cadé an rud é seo? An Life! Uisce! Uisce breá ciúin
mín macánta! - Sea, dhéanfadh san an gnó. Ifrionn!
Teinte ar lic na bpian! Deamhain mhóra agus pící géara
aca le sáth ann! Lua beirithe agus piastana urghránna
agus boluithe bréan! - Seafóid! Ráiméis a cheap na
sagairt chun daoine bochta choimeád umhal dosna daoine
móra! "Cadé an mhaith do Dhia é? Nách lú mise i
gcúmpráid le Dia ná an chuil i gcúmpráid liomsa? Ní
mharbhóinn-se cuil dá gcuireadh sí tochas ar mo shróin,
agus is mó de pheaca é sin am aghaidh-se ná an peaca is
mó dféadfadh an bligeárd is mó a dhéanamh in aghaidh
Dia. Níl ann ach seafóid." "Ach," arsa guth éigin
(cheap sé gur ghuth é), "fuair Sé bás ar do shon; is mór
an deifríocht a dheinean an méid sin." "Má fuair,"
arsa Seán leis an nguth, "níor iarras air é dhéanamh;
níor iarras air me chur ar an saoghal in aon chor; déanfad
súd gan teip." "Ní dhéanfir, mar táimse at aice i
gcomhnuí." "Déanfad," dfreagair Seán don ghuth, a
bhí ag gáirí uime um an dtaca san, dar leis.
VI.
SOIR a bhí sé ag gabháil, ar an dtaobh thuaidh
den abhainn. Do chuaidh sé laistiar de cheann
desna tithibh úd tré n-a dtiomáintear na beithidhig chun
na loingeas. Ní raibh idir é agus an t-uisce ach ráil.
Do stad sé agus do luig sé leis an ráil agus dfan sé ansan
ag féachaint amach ar an uisce. Bhí sé ag machtnamh
go dian. Le déine an mhachtnaimh do labhradh sé os
árd anois agus arís.
Shíl sé go raibh sé ina aonar ach ní raibh. Bhí fear
ar an dtaobh thiar de, sa chúinne, píléir mór a tháinig
san áit uaigneach san chun gal tobac a bheith aige i
ganfhios dá mháighistríbh. Bhí Seán ag caitheamh tobac,
leis. Uaireanta do leigeadh sé do shaigréid dul in éag
agus tuitim as a láimh. Do lasadh sé ceann eile ansan.
Bhí an píléir agus a cheann sáitte amach aige, ag féachaint
ar Sheán agus ag éisteacht leis an gcaint ait a chloiseadh
sé anois agus arís. Nuair airigh sé an chaint ar dtúis
níor chuir sé aon tsuim inti. Bfearr leis aireachas a
thabhairt dá phíopa agus bhí sé ag faire sara dtagadh
an sáirsint i ganfhios dó. Ach rud éigin dá ndubhairt
Seán as a dhian-mhachtnamh, rud éigin ná féadfadh teacht
ach a' béal duine bhuile, do chuir sé fhiachaint ar an
bpíléir an píopa thógaint amach as a bhéal agus cluas le
héisteacht do chur air féin. Bhí snámh maith aige agus
do cheap sé, dá bhfanadh sé tamall, go mbeadh leathscéal
aige chun a chrógacht do thriáil agus an bonn óir dfáil
dá bhárr. Ní puinn de chaint Sheáin a thuig sé. Níor
thuig sé as na blúiriacha cainte do shroiseadh a chluasa
ach go raibh an t-uisce go breá ciúin agus má bhí sé fuar,
féin, gurbh fhéidir anachuid buartha do chur i bhfolach
ann. Ba thrua leis an t-ógánach bocht ach dubhairt sé
leis féin gur mhaith an rud chun atharú a chur ar a aigne
leigint dó fliuchadh fuar a thabhairt dó féin agus go
bhféachfadh seisean chuige ná fágfí ró-fhada san uisce é.
VII.
I GCIONN tamaill do tháinig ciúnas ar Sheán. Scuir
sé den chaint. Ní raibh cor aige á chur de.
Bhí sé mar bheadh dealbh mharmair. Fé dheire thiar
thall tháinig meangadh gáire ar a bhéal. Ansan do
chuir sé scearta mór gáire as.
"Mh'anam ach gur dhóbair dom," ar seisean os árd.
Bhain an gáire sin geit as an bpíléir. Do thuit an
píopa as a láimh. Do leath a bhéal agus a dh á shúil air
agus do sháidh sé a cheann amach.
"Cad ba dhóbair duit?" ar seisean.
Bhain san geit a' Seán, ach níor leig sé air gur bhain.
D'iompuigh sé go réidh socair. D'iniúch sé an píléir ó
mhullach talamh agus lena linn sin do chaith sé uaidh
an stumpa saigréid a bhí ina láimh aige. Chuir sé ceann
eile ina bhéal; do dhearg sé é; do tharraing agus do
shéid lán a bhéil de dheatach suas fé shróin an phíléir
agus dubhairt go mall righin agus go séimh:
"Ba dhóbair dom an cailín ruadh do dhearmhad," ar
seisean, agus d'imigh sé.
AN BHEIDHLEADÓIR.
I.
RÍL sé dhuine dhéag!" do ghlaoidh stiúrthóir an
rinnce in árd a chinn is a ghotha an tríomhadh
huair. "Éirighidh! Éirighidh!" ar seisean le cuid desna
buachaillí a bhí ina suidhe agus gan aon deabhramh
orra gur theastuig uatha bheith ag rinnce. "Éirighidh!
ná coimeádaidh Peadar bocht ag déanamh ceoil ansan go
dtiocfidh pian ina láimh!" ar seisean.
"Dheamhan baoghal air!" arsa duine aca, "ach mar
sin féin níor mhisde dhúinn crothadh a bhaint asainn féin."
Agus d'éirigh sé sin agus triúr nó ceathrar eile agus thugadar
a gcó-rinnceoirí amach chun rinnce leo agus níor bhfada
go raibh an t-úrlar lán de bhuachaillí óga agus de chailíní
deasa. I Seomra an tSuipéir i dTigh an Tiarna Mhéara
oíche sheaca gheimhridh i ndeire na bliana 1915 a bhí an
rinnce ar siúl. Bhí Peadar ansúd in aice an phianó -
Peadar Ó Conchubhair - agus é ag seinm an bheidhlín
dóibh chó meidhreach san gur dhó le héinne le féachaint
air ná raibh aon mhairg riamh air agus gur chun áthais
a chur air féin agus ar gach éinne a theangóch leis a cuireadh
ar an saoghal é. Peadar Ó Conchubhair a ainm is a
shloinne ach is annamh a tugtí aon ainm air ach Peadar
Bocht ón uair a loiteadh a leath-chos air deich mbliana
roime sin. I gan fhios don tsaoghal, ámh, do ghoilleadh
sé go mór air é bheith bacach. Cé gur mhór an chabhair
dó bataí croise, ní leigfadh an náire dhó iad d'iompar - nó
leigint dóibh-sean eisean d'iompar. Bfearr leis aon bhata
amháin a bheith aige, bata maith téagartha, an sórt bata
ba mhaith le duine bheith aige i lár cath sráide, agus
bhí a lithéid sin de ghráin aige ar an mbata san go gcuireadh
sé as a radharc féin agus as radharc cách é gachaon uair
a shuidheadh sé. Ní hé sin féin ach do cheileadh sé an
chos bhacach, leis, chó maith is dféadadh sé é. Is beag
duine ná tugadh fé ndeara na cleasa beaga san, ach bhí
cion ag gach éinne air agus trua aca dhó, agus ní leigidís
éinní orra. Bfearr le Peadar, ámh, lúth na coise agus a
bhfuath aige, bíodh is gur thuig sé a ndea-chroidhe agus
go raibh sé baoch díobh mar gheall air. Do ghoilleadh an
trua air. Nuair a thagadh cailín deas ag caint leis - agus
is mó cailín deas a dheineadh é, mar fear deabharthúil
soineannta ab ea é agus a theanga chó maith chun cainte
is bhí an chos bhacach go holc chun é iompar - nuair a
bhíodh cailín deas ag caint leis chíodh sé an scamall beag,
chó beag san ná feiceadh éinne é ach é féin, chíodh sé an
scamall beag a thagadh ar an ngnúis áluinn ghealgháiriteach
nuair a leigeadh an cailín súil ar an gcois bhacaig, agus
do ghoineadh an scamall beag san sa bheo é. Ba chuma
an scamall san, dar leis, nó an cailín a bheith á rádh leis:
"dá mhéid cion agam ort agus da mhéid trua agam duit
ní bhfuighinn ionam mo chroidhe ina iomláine do bhronnadh
ort choíche; ní mór dom seachaint sara leigead don
chion san bheith ró-mhór."
Nuair a stad an rinnce do stad an ceol agus tháinig
scata beag cailíní ina thimpall agus do cuireadh in aithne
dhó cailín ná feaca sé riamh roime sin - Nuala Dhonn
Chúndún - girrseach bheag éadtrom néata thapaidh ná
feictí ar a gnúis choíche ach tosach nó meadhon nó deire
gáire. Dfan sí cúpla nómat ag caint le Peadar taréis
imeacht don chuid eile. Thaithn a cuid cainte leis go
mór. Ní fheaca sé fiú scáile an scamaill uirri faid a bhí
sí ina fhochair agus tháinig dóchas beag isteach ina
chroidhe.
II.
"UAIGNEAS! Uaigneas!! Síor-uaigneas!!! Saoghal
gach lae mar a chéile, gan súil le hatharú choíche!
An rud a dheineas indé do dheineas arís indiu é agus
déanfad amárach arís eile é. Sin mar a bhí riamh agus
mar a bheidh go deire na scríbe. Uaigneas orm i
gcuideachtain agus uaigneas orm nuair a bhím am aonar!
Agus má thagan an troid, agus is dócha go dtiocfidh i
gceann cúpla mí eile, imeoidh Cormac uaim, an t-éinne
amháin a bhí riamh agam chun mo rún a leigint leis.
Is aoibhinn dó! Beidh scartha aige leis an saoghal ach
caithfadsa fuireach anso ina dhiaig. Sea, an chos so,
atá ag coimeád gach aoibhneas saoghalta uaim, coimeádfa
sí aoibhneas an bháis uaim, leis. Dá mbeadh - dá
bhfaghainn - ach ní fearr bheith ag caint air: níl aon
ghnó de bhacach ag lucht airm. Ní fhéadfinn siúl, agus
caithfad fanúint sa bhaile faid a bheid siad san ag dul
fé dhéin an bháis ná teastuighean uatha."
Do stad Peadar i lár a mhachtnaimh mar d'airigh sé
an dorus mór dá oscailt, agus bhí 's aige gurbh é Cormac
a bhí ann, Cormac, dob aondritháir agus dob aon-
chomráduidhe dhó.
"Cad tá ort?" ar seisean nuair a tháinig Cormac
isteach agus saothar air agus loinnir áthais ina dhá shúil.
"Ca bhfuil an gunna úd?" arsa Cormac.
"Tá sé san áit ina mbíon sé i gcomhnuí," arsa Peadar,
"ach cad do bhain duit."
"Pioc!" arsa Cormac agus é ag dul anonn chun na
háite ina raibh an gunna. "Pioc ar domhan, ach gur
airigheas cúpla focal anocht a chuir áthas orm. Is
amhlaidh a bhíos sa tigh lóistín úd is eol dúinn araon,
ní hea ach is amhlaidh a bhíos ghá fhágaint. Bhíos
laistiar den chruitín sa halla ag cur mo chóta mhóir umam,
nuair airigheas Seán mac Diarmada á rádh le fear an tighe
gur bhfearra dhó dóthin trí lá de bhiadh do thabhairt
leis ar an bpárád ar maidin amárach mar, dá maireadh
sé, nárbh ealaí dhó bheith ina throsgadh."
"Agus b' ionann san is a rádh… "
"Gur mhithid domhsa dul chun faoistine, rud a dheineas
sara dtánag abhaile."
Do chrom Cormac ar a chóir chogaidh go léir do chur
i dtreo ansan. Do chabhruig Peadar leis agus isiad a
bhí go broidiúil godí n-a dó a chlog maidin Domhnaig
Cásca 1916.
III.
NUAIR a chonacadar an fógra sa phápéar maidin
Dé Domhnaig ná beadh párád ná máirseáil ann
ní fheidir siad cad ba bhun leis. Thuigeadar go raibh ní
éigin bun os cionn agus thugadar cuid mhaith den lá ag
cur an scéil tré chéile ach ba bheag an mhaith dhóibh é.
Chuadar isteach i lár na cathrach um thráthnóna. Do
bhrathadar mar a bheadh rud éigin san aer, rud éigin a
chuir in úil dóibh go raibh obair éigin ar siúl i ganfhios
dóibh. Ní raibh oiread is aon phíléir amháin le feiscint.
Cadé an brí a bhí leis sin? Go raibh eagla ar mhuintir
an Chaisleáin, nó go rabhdar chun na dtithe do chuardach
agus taoisig na n-óglách do ghabháil? Ansan do chona-
cadar Arm na Cathrach línithe timpall Shéamais uí
Chonghaile lasmuich de Ha!la na Saoirse. "Beidh
Parliament Shasana cruinnithe i rúntionól Dé máirt
seo chugainn," arsa Séamus, "agus cloisfid siad scéal
ansan ná taitnfidh leo. Maidir linne, is saighdiúirí sinn
dáiríribh feasta. Raghmíd isteach sa Halla san anocht
agus fanfimíd ann, gach fear ina ionad féin, agus an té a
thréigfidh a phost cuirfar chun báis é." Rud éigin den
tsórt san agus a lán rudaí nach é isea adubhairt Séamus
Ó Conghaile sara ndeaghaidh an t-arm isteach sa halla.
"Ní fheadar cadé an fuadar atá fútha," arsa Cormac.
"D'airigheas cúpla uair," arsa Peadar, "go raibh
easaontas idir Arm na Cathrach agus na hÓgláig. Béidir
gurb amhlaidh a theastuighean ó Shéamus agus ón gcuid
eile aca an troid a chur ar siúl agus na hÓgláig a tharang
isteach ann."
"Béidir é," arsa Cormac, "ach ní haon mhaith bheith
ag brath ar aon eolas cruinn a bhaint as na ráflaí seo go
léir. Ar aon chuma, ní féidir dúinn pioc a dhéanamh go
bhfuighmíd an focal. Téimís abhaile. Fanfad istig
anocht ar eagla na heagla."
"Bfearra dhúinn deithneas a dhéanamh. Ní fios ná
go mbeadh scéal éigin tagaithe cheana féin."
IV.
AR maidin Dé Luain tháinig an teachtaire chun a
rádh le Cormac bheith ar Plás Mhic Fheorais
ar a deich a chlog. Dfág sé slán ag Peadar. Ag scarúint
lena chéile dhóibh dfanadar ag féachaint isteach i súilibh
a chéile ar feadh nómaitín agus do dhaingnighdar an greim
a bhí aca ar lámhaibh a chéile.
"Beannacht Dé agut, a Pheadair!" arsa Cormac go
dúthrachtach.
"Go dtighir slán, go dtighir slán, a mhic ó!" arsa
Peadar, gan puinn dóchais aige go bhfeiceadh sé a dhritháir
arís ar an saoghal so.
D'imig Cormac agus bhí Peadar ag féachaint ina dhiaig
go raibh sé imithe a' radharc. Dfan sé tamall maith
ar an dtáirsig agus é ag féachaint ar gach ní sa tsráid gan
éinní fheiscint mar ní har a raibh ar siúl sa tsráid a bhí
a aigne leagaithe ach ar na blianta fada a bhí caitte aige
i bhfochair Chormaic. Do bhraith sé go raibh ceangal
éigin anama briste istig ann. D'iompuigh sé isteach.
Tigh folamh dó an tig sin feasta in éaghmais Chormaic
"Níl ann ach bearaic!" ar seisean leis féin agus marar
chrom sé ar bheith ag gol ar nós leinbh ba dhícheall dó.
I lár an mhachtnaimh dó, chuala sé fothram géar geairid
árd na ngunnaí. Phreab sé ina sheasamh. Mhothuigh
sé an teas ag imeacht as a ghruadhnaibh agus loinnir
phléisiúir ag teacht ina shúilibh fé mar a mhothuigh sé
go minic roime sin le linn tóirthnighe. Dféach sé dhá
mhíle blian siar ina aigne féin agus ba léir dó in aon
splanc amháin eachtraí laochra na hÉireann ó Chúchulainn
aniar. Ar aon dul leo san a bhí eachtra an Luain sin.
Do rith sé godí an dorus. Do chonaic sé scata beag
óglách ag gabháil thar bráid. "Maith sibh, a bhuachaillí!
Tugaidh sa diabhal dóibh é!" do liúig sé chúcha.
"Hurae! hurae! suas leis an republic!" agus do
chuaidh sé imeasc na ndaoine a bhí cruinnithe ar an
mbóthar agus a bhí ag liúirig ar an gcuma gcéadna.
Chrom sé ar bheith ag caint leo. Dhein sé cuideachtanas
le gach sórt daoine, daoine go mbeadh saghas náire air
labhairt leo ar ócáid ar bith eile: daoine dealbha, mná
salacha giobalacha, buachaillí ná féadfadh "lá breá" a
rádh gan leathdosaen focal garsúil a chur leis, daoine
bochta macánta daonachtúla a bhí ana-gharbh lasmuich
agus fíor-uasal istig ina gcroidhe is ina n-aigne.
V.
ISTOÍCHE Dé Céadaoin bhí sé ina shuidhe sa
phárlús. Is ann a thug sé an tráthnóna. Ní
raibh daonnaidhe ina fhochair. Níor chodail sé an dá
oíche roime sin. Conus fhéadfadh sé é agus an cath ar
siúl istig i lár na cathrach? Is ar éigin fhéadadh sé é
féin a mhealladh chun béile d'ithe gan trácht ar chodladh
dhéanamh. Ag éisteacht leis na piléaracha a thug sé an
dá oíche roime sin agus ad iarraidh cúrsaí an chatha
thuisgint ós na fuaimeana go léir agus ós na ráflaí a
chloiseadh sé i lár an lae nuair a loirgeadh sé scéala ar
na daoine a castí leis ar an sráid. Bhí an ghrian taréis
dul fé. Bhí an tsráid folamh ó dhaoine. Bhí an áit
go léir chó ciúin le roilig agus ní dheineadh an fothram
ach an ciúnas marbh do chur i méid. Ba gheall le
fothram mór dó an fuaim is lu a dheineadh an t-uaireadóir
ina phóca. Do bhí uaigneas agus éadóchas a shaoghail
féin ag luighe go trom ar a chroidhe. Cadé an mhaith
dhó an saoghal fada folamh cráiteach san a bhí sínte
amach roimis chó soiléir?
Nárbh fhearr dhó tuitim i lár an chatha? Nárbh
fhearr dhó an oíche sin a chaitheamh imeasc a chomará-
duithe? Ní bheadh an t-uaigneas chó marathach ar
fad ansan agus béidir go mbeadh ar a chumas cabhair
bheag éigin a thúirt dóibh? Ca bhfios ná go bhféadfadh
sé gunna fháil uatha, leis? Taréis an tsaoghail cadé an
bac a bhí air é dhéanamh trá's nách ar an dtuath a bhí
an cath ach sa chathair agus mar sin nár ghádh dhó puinn
siúil do dhéanamh? Ag féachaint amach ar an sráid go
gruama a bhí sé faid a bhí sé ag machtnamh ar an gcuma
san. "A ndéanfad é?" ar seisean os árd, agus d'éirigh
sé ina sheasamh. Dféach sé ar phictiúir a athar a
cailleadh roinnt mhaith blian roime sin. Bhí an oíche ag
tuitim go tiugh ach bhí a dhóthin soluis fós aige chun
súile a athar a dhéanamh amach sa phictiúir. "A
ndéanfad é?" ar seisean arís agus roinnt scátha air roimis
an mbás a mheas sé a bhí in áirithe dhó dá ndeineadh.
"Dein!" arsa na súile, dar leis. Ansan do chuimhnigh
sé ar a dhritháir. "Tar!" arsan samhail dá dhritháir
a bhí os comhair a aigne aige. "Dar fia, raghad!" ar
seisean. Chuir sé a chóta mór uime agus do shleamhnuigh
amach.
VI.
"CADÉ an diabhal donus atá ort nó cé hé thu féin?"
"Tá aithne mhaith agat orm: mise Peadar Ó Conchubhair
— an bheidhleadóir, tá's agat. As ucht Dé, leig isteach
me. Béidir go bhféadfinn cabhair éigin a thabhairt díbh.
Más bacach, féin, me, tá's agum cadé an rud gunna."
"Druid amach as san, beagáinín, go tapaidh nó is
geairid go mbeidh fhios agut cadé an rud piléar. Druid
i leattaoibh - tá ropaire éigin i Sráid uí Mhórdha ag
caitheamh linn. Leigfad isteach láithreach tu."
Do dhruid Peadar cúpla slat i dtreo Árdoifig an Phuist
agus ba mhaith an bhail air gur dhein mar is ar éigin
a bhí sé as an slí nuair aimsig cúpla piléar an falla.
"Tar isteach go tapaidh!" arsan guth arís. Chó
maith do dhein agus díreach ina dhiadh san tháinig cúpla
piléar eile ach níor dheineadar aon díobháil.
"Conus a ragha tu anáirde staighre anois? A Sheáin,
tar anuas!"
Tháinig Seán anuas i lár an troscáin a bhí caitte ar an
staighre. Fear mór láidir ab ea Seán. Rug sé greim
ar Pheadar, do thóg ar a bhaclainn é agus do chuaidh do
chiscéimeanaibh móra aicillidhe tríd an dtroscán go léir
agus suas go dí áit leibhéalta.
"Seo dhuit do bhata!" arsan guth arís agus do thuit
an bata ag cosaibh Pheadair.
"Lean mise anois!" arsan fear mór agus níorbh fhada
go raibh staighre eile, ná raibh aon troscán air, curtha
dhíobh aca.
Bhíodar i seomra a bhí cuibhsach mór. D'airighdar
fothram beag a dhein rud beag éigin a bhuail an falla.
Bhí an fear mór ag lamhcán ar an úrlár.
"Síos leat!" ar seisean le Peadar.
Bhí Peadar síos ar a dhá ghlúin ach… cadé an
rud é sin a bhain dá láimh? Pioc! Á shamhlú a bhí
sé! Ach nuair a chuir sé a dhá láimh fé do thuit sé
ar a chliathán clé. Pé rud a bhí ar a láimh chlé níor
fhéad sí a chorp d'iompar.
"Táim buailte, sílim!" ar seisean leis an bhfear mór
agus, lena linn sin, do bhrath sé mar bheadh greim éigin
air istig ina ghoile agus eagla, leis, an sórt eagla a thiocfadh
ar dhuine dá bhfeiceadh sé an talamh ag sleamhnú uaidh
agus duibheagán anaithnid do-eolais síos uaidh agus
roimis amach agus gan aon rud aige do dhéanfadh taca
dhó. Ansan d'airigh sé guth an fhir mhóir, mar bheadh
sé fiche milleon míle uaidh, agus é á rádh "ní haon rud
é" agus, san am gcéadna, do mhothuigh sé an dá ghéig
mhóra ina thimpall.
Ar ball d'airigh sé caint go raibh blas Ghlaschú uirri
agus srónghail tríthe.
"Níl aon chnámh briste ar aon chuma," arsan guth,
"agus ní dócha go bhfuil an piléar ann mar tá puillín
ar gach taobh den láimh."
D'oscail Peadar a shúile. Chonnaic sé bannaí éadaig
casta timpall a láimhe clé. I seomra an bhídh a bhí sé.
Bhí biadh ar gach taobh de: cúpla bológ aráin, anachuid
de gachaon tsaghas cácaí mílse, neart bagúin agus íspíní
agus cáise.
"Caith siar é sin!" arsan cócaire, an fear ó Ghlaschú;
agus d'ól Peadar an deoch fuisce a síneadh amach chuige.
"Tán tú go maith anois?" arsan cócaire.
"Táim," arsa Peadar, "ach tá ocras an domhain orm."
"Ní fada a bheidh," arsan cócaire. Chuaidh sé anonn
godí an stóbh gasa agus thug sé leis tharnais muga mór
té, cúpla ceapaire mór aráin agus bosca éisc.
Nuair a bhí a dhóthin itte agus ólta ag Peadar do
threoruig an fear mór síos é tríd na puill insna fallaí agus
tríd na seomraí dorcha go léir godí an t-óspidéal in Oifig
an Phuist, mar ar fhan sé godí an Aoine, gan faic aige
á dhéanamh toisc é bheith fé chúram an dochtúra.
VII.
BHÍ deire leis an dtroid agus leis an bprísún. Bhí
na buachaillí go léir, ach amháin pé méid aca a
bhí imithe abhaile, bhíodar cruinnithe sa dá chamtha úd
i bhFrongóch. Lá breá brothallach a bhí ann, agus
bfearr le cuid acu bheith istig insna botháin mhóra
adhmaid ná amuich fé theas na gréine, a bhí chó láidir
sin gur beag ná go gcuirfadh sé pian i gceann an té a
bheadh amuich. Bhí deichniúr nó mar sin istig i mbothán
Pheadair: beirt nó triúr ina gcodla ar a málaí tuighe, a
bhí sínte amach ar an úrlár acu; duine eile ina shuidhe
i gcúinne agus é a léamh leabhair; duine eile ag siúl síos
suas i gcomhnuí agus ná feidir sé cad a bhí bun os cionn
leis ach gurbh é ab fhada leis go raibh sé imithe abhaile;
beirt ag imirt fichille agus éinne amháin ag féachaint ar
an imirt agus gurbh é ab fhada leis go ndéanfadh duine
den bheirt fear áirithe ar an gclár d'aistriú ar shlí áirithe
chun go mbeadh an buadh aige láithreach; Peadar féin
ag bheidhleadóireacht agus triúr ina thímpall ag caint
leis agus ag éisteacht leis an gceol.
"A bhfuarais aon leitir indiu, a Chathail?" arsa Peadar
le fear beag ruadh.
"Ó, féach!" arsa Cathal. "Nách mise an ceann
cipín! Ba dhóbair dom gan… ach fan, léfad
duit é… leitir óm dhrifír, tá's agut, agus deich
scillinge ann, leis. Tá rud ann at thaobhsa. Éist leis
seo: "Tá Nuala in aice liom agus me ag scríobhadh na
litre seo agus í ag gáirí agus ag magadh fúm mar is gnáth
léi. Ní chuirfadh an saoghal ina luighe uirri ná go bhfuil
buachaill liom sa chamtha agus deir sí liom nár mhiste
léi an scéal a bheith ar an gcuma san aici féin, leis. Deir
sí liom a rádh leat a innsint do Pheadar go raibh sí ag
cur tuairisc a shláinte. Tá gach éinne ag trácht ar
Pheadar, mar adubhart leat cheana. D'airigheas indé
gur bhuaidh sé ina aonar ar chúigear saighdiúirí i Sráid
Hannraoi. Gan aon dabht is éachtach an fear é agus
deir Nuala gurb é a lithéid a bheadh oireamhnach di.
Dar fia ach go bhfuil sí ag tuitim i ngrádh leis cheana
féin cé ná feaca sí é ach aon uair amháin - ar an gcéilidh
mhór i dTigh an Árdmhaoir. Dfiarfuigheas di cadé an
dath a shúile. Dubh, ar sise, agus ár ndó is eol don
tsaoghal gur glas atáid siad. Féach air sin duit! Tá
mo mháthair…'"
Do stad Cathal ansan.
"Dar fia," arsa Peadar, "má mharbhuigheas cúigear
ní fada go mbeidh chúig céad ar lár agam, ach cé hí
Nuala?"
"Nuala!" arsa Cathal. "Do shíleas go raibh aithne
ag gach éinne uirri sin. Nuala Chúndún - nách cuimhin
leat? Bhí sí ar an gcéilidh mhór i dTigh an Tiarna
Mhéara."
"Ó! Is cuimhin liom anois í."
Bhí sí dearmhadtha aige ar fad, geall leis. Níor
theastuig uaidh cuimhneamh uirri mar níor mhaith leis
go ndéanfadh grádh gan dóchas den taithneamh a tháinig
aige dhi an oíche úd.
"Abair led dhrifír," ar seisean go magúil, "go dtaithnean
Nuala liom go mór agus má theastuighean laoch uaithe
ná fuil aici ach an focal do rádh chun go raidfeadsa lán
na faraige de ghrádh dhi."
Do dhein Cormac fé mar adubhradh leis a dhéanamh
agus níorbh fhada go dtáinig as an dtosnú beag san go
raibh letreacha, lán de ghrádh, ag gluaiseacht anonn is
anall, idir Pheadar agus Nuala. Bhí Peadar bocht go
háthasach. Ba chuma leis cad do dhéanfadh an saoghal
feasta. Bhí an grádh taréis srangana óir do dhéanamh
desna srangana iarainn a bhí tímpall an chamtha dhó.
VIII.
FÉ dheire thiar thall, i lár mí Iúil do glaodhadh
uimhir Pheadair imeasc uimhreacha na mbuachaillí
eile a bhí le cur a bhaile go hÉirinn. Bhí áthas thar
bárr air. Go deimhin is ar éigin nár ghuil sé le háthas
an tráthnóna san agus é ag éisteacht leis an "Irish Jaunting
Car" dá ghabháil ag fear óg a tháinig an bóthar mór
fada ó Bheanntraighe chun bheith páirteach san éirghe
amach. Ag éisteacht dó, do cumadh ina aigne peictiúirí
de bhánchnuic agus de pháirceana agus de bhóithre fada
cama na hÉireann agus mar bhárr sonais do cumadh dó
peictiúir de Nuala na gcuach ndonn agus an ghealgháire.
Níorbh fhada go raibh a chuid éifeachtaí curtha le chéile
aige. Thug sé cuaird ar a chomráduithe go léir agus
dfág sé slán acu ar eagla ná beadh uain aige air ar maidin
amárach a bhí chugainn. Níor chodail sé pioc an oíche
sin. Ní fheidir sé an mó uair a chuala sé focal an ghárda:
"All's well!" ach bhí brí fé leith aige féin leis an bhfocal
ná raibh ag an ngárda leis.
IX.
FÉACH! Na sléibhte!" arsa duine desna buachaillí
a bhí ina shuidhe le hais Pheadair ar an mbád.
"Chím iad. Ní fada go mbeimíd istig anois," arsa
Peadar.
Bhí gach éinne go lag. Is beag duine acu a chodail
in aon chor ó hinnseadh dó go raibh sé le dul abhaile
agus bhí turus na traenach agus an tinneas faraige taréis
iad do chlaoi ach nuair a chonacadar an tír tháinig dúbailt
nirt ionta. Chromadar ar bheith ag feaduíol agus ag
liúirig agus ag amhrán. Chonacadar i bhfad uatha an
slua daoine ag feitheamh leo ar an gcé. Bhíodar ag
teacht ní ba ghoire ó nómat go nómat.
"Siné m'athir," arsa fear.
"A Pháid! A Pháid," do liúig fear eile.
Bhí Peadar ag féachaint agus ag féachaint godí go
bhfeaca sé cailín beag áirithe agus ciarsúir bán aici á
chrothadh chuige. Do dhein seisean aithris uirri. Do
stad an bád. Bhí an bheirt ábalta ar cheannacha a
chéile dhéanamh amach go cruinn. Bhíodar ag gáirí
chun a chéile agus luisne grádha agus áthis ina
ngruadhnaibh. Bhí na daoine ag brúth ar a chéile agus
bhí na prísúnaig ag siúl amach ar an gcé go mall réidh.
Thóg duine aca mála Pheadair agus siúd chun siúil leis
agus Peadar ar a shálaibh agus a bhata ina láimh aige.
Ní raibh sé ach cúpla slat nó trí ó Nuala a bhí thíos ansan
ag feitheamh leis. Iad ag féachaint ar a chéile; iad ar
bruach labhartha; dfoscail sise a béal; dfan sé ar oscailt
ar feadh nómaitín; do dhún sí arís é agus bhí sí mar a
bheadh rud éigin aici á shlogadh. Dhruid sí siar beag-
áinín; d'iompuigh sí; bhí sí caillte sa tslua. Thug
Peadar an méid sin fé ndeara; d'imig an solus áthis as
a shúilibh do phreib; do dhún sé a bhéal go daingean;
leig sé air bheith ag féachaint síos i dtreo ná bainfadh
éinne tuisle as, agus dubhairt sé leis féin go searbh: "Ní
mhairean aon ghrádh i láthir na coise seo; bhí sí fé cheilt
agam oíche an chéilidh."
AN CAILLICHÍN GRÁNNA.
I.
OÍCHE bhreá spéirghealaighe i lár an tsamhraidh
bhí beirt, Áine ní Bhuachalla agus Séamus Ó
Muirthile, ina suidhe ar an bhféar ar bruach abhann ná
fuil céad míle ón gcathair seo Bhaile-áth-cliath. Bhí
na réiltíní, na mílte míle milleon acu, ag spréacharnaig
ar an spéir agus bhí an abha agus na crainn agus gachaon
rud mórthimpall le feiscint go soiléir.
"Cad chuige an tocht san ort?" arsa Áine. "Níl
focal asat le cúig nóimeataí."
D'iompuig Séamus a cheann agus dféach sé uirri agus
bhí déistean air.
"Ní fheadar," ar seisean, "ná gur bhfearra dhúinn
scarúint lena chéile."
"Cad tá ort in aon chor?"
"Tá gachaon rud orm, mar tá sé ag dul ina luighe
orm ó chonnac tu trí lá ó shin go bhfuil fuath ag teacht
agam duit. "Agus do leig sé osna fé mar adéarfadh sé:
"Is fada atá an méid sin ad iarraidh teacht ó chroidhe
go béal agam; baochas le Dia go bhfuil sé ráitte agam.
Bhíos i riocht pléascuithe aige."
Tháinig na deora goirte fé shúilibh na mná bochte.
Bhí greim a dhá lámh aice ar lámhaibh an fhir. Do
dhainginig an greim sin aici agus do dhrid a ceann anonn
chuige agus do phóg sí é. Is fuarchroidheach a ghlac sé
an phóg san uaithi: ní bhfuigheadh sé ann féin diúltú
dhi ar fad.
"B'iongna liom," ar sise, "cad a bhí ort ó thánag
abhaile. Bhí sórt tuairime agam go raibh rud éigin bun
os cionn. Ach," agus do stad sí agus dféach sí suas ar
an ngealaig agus do chuimhnigh sí ar an aoibhneas do
mheas sí, tamall beag roime sin, a bheith i ndán di. "An
fíor – ní fíor, ní féidir gur fíor go gcaithfimíd scarúint
lena chéile taréis na mblianta fada go léir," ar sise, agus
do thuit na deora agus do ghoil sí go fuigheach.
"Mo léan! gur fíor," ar seisean, "ach Ó! ar son Dé,
ná bí ag gol mar sin nó ní mhaithfad dom féin go deo
é," agus tháinig deor féna shúil-sin, leis.
Bhíodar ina dtost ar feadh scathaimh - ise agus a ceann
fúithe agus í ag gol agus ag gol agus ag síor-ghol, agus
eisean agus ná feidir sé cad ba mhaith dhó a dhéanamh
ach gur thrua leis gur rugadh riamh é.
Fé dheire do stad an gol agus do thóg an bhean a ceann
de phreib. Dféach sí ar an bhfear go súiltirm cruaidh
agus do labhair sí go daingean agus go misniúil. "Tá
go maith; scaraimís!" ar sise, agus do scaoil sí a greim
de lámhaibh Shéamuis agus d'eirigh sí ina seasamh.
D'éirig seisean, leis.
"Ní ghoilfir a thuille," ar seisean, chun a choinsiais
do shásamh.
"Ní ghoilfad," ar sise, agus do bhain sí fuil as a beol
íochtair lena fiacalaibh. "Geobhadsa an bóthar so ó
dheas," ar sise, agus an blas cruaidh faobhrach Americánach
ar an uile fhocal aici, "agus gaibh-se pé bóthar is maith
leat ach gan teacht in éineacht liomsa."
D'iompuigh sí agus do shiúil sí ó dheas go mear. Dfan
seisean ina sheasamh ansan agus bhí sé ag féachaint ina
diaidh go raibh sí imithe a' radharc ar fad.
"Míle moladh is baochas le Dia," ar seisean, agus
d'iompuigh sé agus do dhearg sé saigréid agus thug sé a
aghaidh ar an gcathair. "Míle moladh is baochas le
Dia," ar seisean arís agus é ag siúl go mall righin réidh.
"Is beag ná go raibh an anachain déanta agam. Fé
cheann coicís eile bhíos ceangailte dhi agus mo shaoghal –
agus a saoghal-sa, leis – loitithe go deo. Is maith an
bhail orainn araon gur scaramair lena chéile."
Bhí sé istig i lár na cathrach tuairim a haon a chlog.
Ní raibh ach foth-dhuine amuich. Do stad sé ar
Dhroichead Uí Chonaill agus dféach sé mórthimpall ar na
sráideana agus ar an Life agus chuir an radharc áthas
air. Bhí na soillse go léir ar lasadh insna sráideana agus
ar na loingeas, agus aon lasair mhór amháin ab ea an
spéir, dar leis, agus bhí ciúnas mór ann. Tháinig dúbailt
áthais air nuair a chuimhnigh sé ar an mnaoi lena raibh
scartha aige. "Táim saor! táim saor! táim saor!" ar
seisean, agus chuir sé ceol leis an gcaint sin agus do dhein
sé amhrán di agus bhí sé ghá rádh féna anáil.
Tháinig sé abhaile agus chuaidh sé a chodla ach in
aindeoin an áthais a bhí air ní ró-shámh a chodail sé.
II.
BHÍ Séamus tuairim chúig bliana déag ar fhichid
an uair sin. Bhí siopa glasraí aige agus bhí
ag éirghe leis go geal. Ní mar sin a bhí an scéal
aige i gcomhnuí. Ar theacht go Baile-áth-cliath dhó
trí bliana fichead roime sin fuair sé post beag oibre i siopa
mór i lár na cathrach. Ní raibh ann ach teachtaire,
sórt beithidhig iompair a bheireadh earraí leis i gciseán
mhór godí custuiméirí an tsiopa agus ó thárla gur shiopa
mór é fuair sé tuarastal mór láithreach - deich scillinge
is rael sa tseachtain, agus bhíodh uain a dhóthin aige
chun stuidéir a dhéanamh agus chun pléisiúir an tsaoghail
do bhlaiseadh taréis a haondéag istoíche agus roime n-a
seacht a chlog ar maidin agus ní baoghal ná go mbaineadh
sé ceol as an deich is rael. Bhíodh ana-spórt aige, gan
aon amhrus. I gcionn bliana bhí sé de scairt aige tuille
d'iarraidh. Dubhairt a mháighistrí leis dá bhfanadh sé
ina bhuachaill mhaith go raibh gachaon tseans go
bhfuigheadh sé scilling sa bhreis i gcionn ráithe. Dubhairt
seisean leo go rabhdar ró-fhial ar fad agus mara gcuiridís
srian éigin leo féin nárbh fhada go mbeidís briste agus do
ghlan sé as an áit. Do chuaidh sé godí an leabharlann
i Sráid Chéipil agus do léigh sé fógra san Irish Times go
raibh congantóir taithitheach ag teastáil i siopa leathair
is taraingí bróg. Bhí an-urraim riamh aige don fhírinne
agus de bhárr an eolais a bhí curtha ar an saoghal aige
bhí sé buailte isteach go daingean ina aigne aige ná raibh
aige ach an fhírinne d'innsint i gcomhnuí agus nár bhaoghal
ná go ndéanfadh fear saibhir de lá éigin. Dá bhrí sin
nuair a chuaidh sé ag lorg an phuist a bhí fógartha sa
phápeur dubhairt sé go raibh sé fiche bliain agus go raibh
taithí chúig mblian aige ar leathar do dhíol i gCorcaig.
"Bhfuil teistiméireacht agut," arsan siopadóir.
"Tá," arsa Séamus. Agus bhí, leis - ceann a scríbh
sé féin - mar, dar leis, níor cheart do dhuine an rud
dféadfadh sé féin a dhéanamh a thabhairt d'éinne eile
le déanamh. Tugadh dó an post agus do gealladh dó
tuarastal a chuirfadh uisce fé fhiacalaibh duine ar bith,
sé sin, trí scillinge déag agus, ina theannta san, rael chun
rabairne.
Ní raibh sé ach dhá mhí sa tsiopa san nuair iarr sé
dhá scilling sa bhreis. Dféach a mháighistir air ar
feadh dhá nómat, ghá iniúchadh ó mhullach talamh agus
gan amhrus thug sé fé ndeara an chulaith bhreá nua
éadaig a cheannuig Séamus seachtain roime sin i Lána
Mhuire.
"Hm!" ar seisean agus d'iompuigh sé chun a chuid
leabhar.
Dfan Séamus ina sheasamh ansan, ag feitheamh le
freagra. Ní raibh an freagra ag teacht. Chuir Séamus
casachtach bheag as. Níor thug a mháighistir aon áird
air. Chuir sé casachtach eile as. Ní raibh aon mhaith
dhó ann. Fé dheire do leag sé a lámh go héadtrom ar
ghualainn a mháighistir. D'iompuig seisean go hobann
agus dféach sé ar Shéamus fé mar fhéachfadh dia Síneach
(dá mbeadh anam ann) ar an té do leomhfadh seile
chaitheamh air. D'imig an dath buidhe as a cheann-
athaibh agus tháinig lasair bhuidhe-uaithne ina shúilibh.
"Ba mhaith liom… " arsa Séamus.
"Téir i mbun do chuid oibre láithreach," arsan
máighistir, "agus má labhran tú liomsa arís abair "a
dhuine uasail" liom, a dhailtín droch-mhúinte!"
Mara mbeadh dlí agus croch a bheith ann chun daoine
macánta do chosaint bhí greim bertha ag Séamus ar
scrogal ar a mháighistir agus é tachtuithe ar an láthair
sin aige. Do bhrúig sé fé, ámh, agus do dhein sé mar
adubhradh leis a dhéanamh. Bhí fíoch is fearg air.
Nuair a dhíol sé dá mháighistir ar chéad punt an leathar
úd nárbh fhiu leath-chéad é agus ná raibh éinne eile sa
tsiopa a bhí gasta a dhóthin chun é dhíol do mheas sé
gur cheart dó rud éigin a bheith aige dá bhárr, ach ní
raibh sé dfoidhne ag á mháighistir leigint dó an méid
sin do chur ina luighe air. Ní hé sin is mó chuir fearg
air, ámh, ach an méid adubhradh leis i dtaobh ' a dhuine
uasail ' do rádh. D'aithin sé fadó roime sin go raibh
sé féin chó maith le cách agus, dá bhrí sin, gur chomhartha
daoirse an focal san, focal ba bhéas le daibhir a rádh le
saibhir agus nár bhéas le saibhir a rádh le daibhir. Do
thachtfadh an focal san é, dar leis, agus d'éirig leis godí
san é sheachaint.
Níorbh fhada go raibh post eile fachta aige agus a lán
eile postana ach ní fada dfanadh sé in aon cheann aca -
ar eagla na meirge theacht air. Nuair a bhí sé bliain is
fiche bhí punt sa tseachtain dó. Fear ticéidí ar thraim
ab ea é. I dteannta an phúint bhíodh culaith éadaig
in aisce aige ó am go ham, rud a dhein laghdú ar chostaisí
dhó i dtreo go bhféadadh sé dul godí an "Tivoli" nó an
"Gaiety" anois is arís.
Godí san is beag suim a chuireadh sé i mnáibh, ach
thárla lá go dtáinig cailín beag donn bán-ghnéthach
súil-ghlas áirithe isteach sa tram. Ní raibh sí deas ná
gránna agus go deimhin ba chuma leis cadé an sórt í. Do
mhothuigh sé láithreach mar bheadh tarrang éigin idir é
féin is í. Nuair ná raibh sé ach cheithre bliana déag
bhí sé i ngrádh le gearrachaille trí mblian ndéag ach toisc
a óige a bhí sé agus é ina leath-amadán, mar adeireadh
sé féin, ní leigfadh an náire dhó labhairt léi agus mar sin
ní raibh sé mór léi riamh: chuaidh sise chun comhnuithe
i bhfad óna baile dúchais i gcionn bliana nó mar sin agus
níor bhac seisean an scéal a thuille. Ach dfan cuimhne
an chéad ghrádha san aige i gcomhnuí agus, dar leis, níor
dheabharthach leis an ngrádh san in aon chor an rud a
bhí á tharrang chun an chailín duinn. Do tarraingeadh
chúichi é dá aindeoin fé mar a tharraingeoch maighnéad
chuige píosa iarainn agus, ina theannta san, do bhraith
sé mar bheadh sean-aithne aige uirri, agus bhíodh sé ad
iarraidh a dhéanamh amach ina aigne cathin a bhuail
sí uime ar dtúis, nó canad, ach do theipeadh san air i
gcomhnuí. Níorbh aon iongna mar sin gur chrom sé
láithreach bonn baill ar bheith ag caint léi. Mar sin
díreach don chailín, leis, i dtreo nárbh aon iongna léi an
stróinséir do thosnú ar chomhrádh dhéanamh léi láithreach
sara raibh fios a hainme aige. Ba chuma dhi é nó seana-
chara dhi. Bíodh go raibh sé ana-bhroidiúil d'éirig leis
ana-chuid cainte dhéanamh léi agus um an dtaca n-a raibh
an traim tagaithe chun na háite gur theastuig uaithe dul
ann, bhí gach fios agus eolas acu i dtaobh a chéile agus
i dtaobh gach ar bhain leo. Do casadh ar a chéile go
minic ina dhiadh san iad agus ba gheairid go raibh sé i
dtuisgint eatorra go bpósfidís lá éigin.
Tráth dá rabhdar ag comhrádh lena chéile dubhairt
Áine le Séamus gur mhaith léi go bpósfidís láithreach;
ná féadfadh sí fulang lena muintir a thuille agus mara
bpósadh sí go gcaithfadh sí dul godí na Stáit. Thuig
Séamus go maith conus a bhí an scéal aici sa bhaile -
a máthair fén bhfód leis na blianta, ise ag sclábhuiacht
sa bhaile don chuid eile ó mhaidin go hoíche, a driféaracha
díomhaoine ghá leigint di an obair go léir do dhéanamh,
agus gan aici dá bhárr ach nea-mbaochas agus droch-
mhúine - ba sheana-scéal dó é. Bhí uncuil aici insna
Stáit a chuirfadh luach an phasáiste ag triall uirri agus a
gheóch post oibre dhi thall aon uair ba mhaith léi.
Dféadfadh sí dul ag obair i mBaile-áth-cliath ach bheadh
a muintir "ag tarrang aisti" i gcomhnuí, mar adubhairt
sí féin é. Saoirse iomlán a theastuig uaithi agus ní bheadh
san aici gan cleamhnas a dhéanamh nó dul go hAmericá.
Bhí Séamus bocht i gcrua-chás. Ba mhaith leis go mór í
phósadh ach níor mhór dó deich scillinge sa tseachtain sa
bhreis a bheith aige, agus níorbh fhios cathin a bheadh
an méid sin aige. Chuir sé san in úil di agus chuaidh sí
thar lear. Bhíodar ag scríobhadh chun a chéile ar feadh
i bhfad ina dhiadh san. Dhein Séamus a dhícheall ar
phost oiriúnach do sholáthar dó féin ach níor éirig leis.
Chuir sé a mhallacht ar an saoghal ná leigfadh dó a
bheatha chaitheamh ach mar "mhanach gan mhainistir"
(a ndeireadh sé féin), agus do scríbh sé chun Áine á rádh
léi gan chuimhneamh air a thuille; go raibh sé lán-
cheapuithe ar gan pósadh go deo agus nár cheart di éagcóir
a dhéanamh uirri féin ach nuachar do sholáthar di féin
in Americá, fear éigin dféadfadh í chothú. Do lean sise,
ámh, ar bheith ag scríobhadh chuige mar níor mhaith
léi géille dhó, ach dfan a cuid letreacha gan freagairt.
Ar ball do stad sí de bheith ag scríobhadh chuige in aon
chor ach amháin um Nodlaig ach ní thúrfadh sé aon
fhreagra ar na letreacha san, leis, agus i gcionn aimsire
do stadadar ar fad.
Is ina dhia san a thosnuigh sé ar bheith ag dul ar
aghaidh sa tsaoghal. Bhí post cuibhsach maith aige ar
na tramana agus do thosnuigh sé ar bheith ag cur roinnt
bheag airgid i dtaisce gach seachtain agus nuair a bhí
tuairim deich bpúint fhichead curtha le chéile aige fuair
sé céad punt gan aon choinne aige leis. Stróinséir dfág
le hudhacht aige é, seana-bhean a bhí ag tuitim le haois
agus go gcabhruigheadh sé léi ag teacht isteach sa traim
agus dá fhágaint di. Chuir san ar a bhonnaibh i gceart
é. D'oscail sé siopa beag glasraí in áit ina mbíodh ana-
chuid daoine ag teacht is ag imeacht ann, agus níorbh
fhada go raibh ag éirghe leis go seoidh.
Bhí an cailín beag bán-ghnéthach imithe as a chuimhne
ar fad, geall leis, ach bhí bean donn, baintreach, ann a
thagadh ag ceannach uaidh gachaon tseachtain, agus do
mheas sé gur bhean deas í agus go raibh sórt éigin
taithnimh aige dhi. Ní raibh sí ach tuairim chúig mblian
ar fhichid. Bhí triúr clainne aici ach, má bhí, bhí
ábhairín beag airgid aici, leis, ocht gcéad éigin púnt. Ba
dheas an rud, dar le Séamus, í sin a phósadh, agus
dféadfadh sé é mar ba léir dó go raibh taithneamh aici
dhó. Go deimhin, dubhairt sí leis, lá, gur mhór an
cheataighe dhi gan fear a bheith aici a thúrfadh aireachas
dá gnó - "fear det shórt-sa, cuir i gcás," ar sise, ag
leath-mhagadh. Dhéanfadh sí cúis, dar leis, agus níorbh
aon cheataighe dhó na leanbhaí, mar bhí aithne aige orra
agus do thaithneadar leis. Níorbh aon iongna é sin,
mar bhí cion aige ar leanbhaí beaga agus is minic a
thugadh sé mísleáin agus ubhla dosna rudaí beaga bhíodh
ag teacht isteach sa tsiopa chuige gachaon lá. Dá
bpósadh sé í bheadh ar a chumas an siopa agus an tig
ina raibh sé do cheannach. Dféadfadh sé, leis, an siopa
agus an tig in aice leis do cheannach chó maith agus aon
tsiopa mór amháin a dhéanamh den dá shiopa.
Siniad na nithe ar a raibh sé ag smaoineamh lá dár
tháinig fear an phuist agus letir aige dhó ó Americá.
D'oscail sé an letir gan féachaint ar an stampa agus do
baineadh preab as nuair ba léir dó gur ó Áine tháinig sí.
Sidé an rud a bhí ann: -
"A Shéamuis a chroidhe - Is dócha go mbeidh iongna
ort nuair a gheoir an letir seo. Chuirfinn geall, má
chuimhnighis orm in aon chor, go ndubhraís leat féin go
rabhas pósta agus mórsheisear cloinne agam um an dtaca
so. Ach nílim pósta, mar níor casadh orm riamh ó dfágas
Éire éinne go bhféadfinn leath oiread ceana bheith agam
air is a bhí (agus atá fós) agam ortsa. Deir mo dhrifiúr
liom go bhfuilirse gan bean fós agus go bhfuil an saoghal
ag éirghe leat go maith. Deir sí, leis, go bhfuil cuma an
uaignis ort agus gur mór an trua ná fuil éinne agut chun
aireachais a thabhairt duit. Tá post maith agum anso
agus tá cúpla céad punt curtha le chéile agam, ach tá
uaigneas orm agus do raghainn abhaile dáma dhó liom go
mbeadh fáilte romham. A mbeadh?
Do sheana-chara
Áine ní Bhuachalla."
Do léigh sé an letir sin fiche uair. D'imig an bhaintreach
agus a hocht céad púnt as a cheann láithreach, agus an
seana-ghrádh, a mheas sé a bheith marbh le fada, bhí sé
ar dearg-lasadh ann arís. Do scríbh sé chun Áine an
oíche sin ghá rádh léi teacht abhaile láithreach agus go
bpósfidís gan mhoill- i gcionn coicís taréis teacht abhaile
dhi.
Faid a bhí sé ag feitheamh léi is mó uair-a-chluig a
thug sé ag smaoineamh uirri, agus thug sé chun a chuimhne
a driuch is a deabhramh agus na tréithe deasa go léir a
bhí ag baint léi. Tháinig sí sa deire ach mo léan!
níorbh í an cailín céadna in aon chor í. Bhí deabhramh
ana-shean, ana-chaitte uirri agus an blas Poncánach ar a
caint. An blas Poncánach san a mhairbh é ar fad. Bhí
áthas an domhain uirre-se eisean fheiscint arís. Cad
dféadfadh sé a dhéanamh? Ní fhéadfadh sé dul siar ar
a fhocal agus brón is buairt a chur ar chroidhe na mná
san agus an grádh go léir aici dhó agus áthas thar gach
áthas uirri toisc go mbeadh sí ina mnaoi phósta aige i
gcionn cúpla seachtain. Bhí botún déanta aige, an
botún ba mhó do béidir do dhuine ar bith do dhéanamh.
Ní dubhairt sé leis féin ach "luig ar an leabaidh atá déanta
agut duit féin, a Shéamuis." Ansan dubhairt sé leis féin
go mbéidir, le himeacht aimsire, go mbeadh aige don
mhnaoi sin an grádh céadna a bhí aige don chailín bheag
úd a tháinig chuige isteach sa traim an lá úd fadó.
"Bféidir é agus bféidir a mhalairt," ar seisean. Ach pé
rud adubhairt sé ina aigne féin níor leig sé focal amach
as a bhéal a thúrfadh le tuisgint di cadé mar atharú a
bhí tagaithe air. Do mheas sé an scéal a choimeád ina
rún ach ní raibh sé ach trí lá ina cuideachtain nuair a
scéidh sé air féin - dá lom deirg aindeona, dar leis.
III.
NUAIR a shín sé thairis ar an leabaidh an oíche
úd taréis scarúint le hÁine ní ró-mhaith a chodail
sé. Do dhúisigh sé nuair a bhí an coileach ag glaoch
agus bhí sé cinnte gur chuala sé mar bheadh caointeachán
páiste. Thuit a chodla arís air agus do taidhrigheadh
dó gur chuala sé an caointeachán céadna ag teacht amach
a' scamallaibh dubha chuige. Ar ball do ghluais amach
as na scamaill sin an aghaidh bhán déarach, aghaidh
mhná, aghaidh Áine. Bhí sí ag sileadh na ndeor go
tiugh, ag caoine agus ag síor-chaoine, agus do chuir
an radharc agus an fuaim i gcuimhne dhó rud éigin do
léigh sé, tráth, i dtaobh anamnacha damanta ag snámh
i scamallaibh dubha os cionn bréantais agus teinteacha
ifrinn agus iad ag ologón le corp éadóchais. Do dhúisigh
sé arís agus arís eile ach ní túisce a thuiteadh a chodla
air ná siúd chuige an aghaidh dhéarach agus an caoin-
teachán arís.
D'éirigh sé. Bhí an ghrian ag taithneamh agus éanlaithe
ag cantainn ceolta binne agus ba gheairid go raibh cuimhne
an droch-thaidhrimh díbeartha aige agus é i mbun a
ghnótha arís, ag díol cabáiste agus prátaí agus a lithéidí.
Ach tháinig doircheacht agus ciúnas na hoíche agus siúd
an aghaidh bhán déarach úd os comhair a aigne arís
Chuaidh sé a chodla go luath, le hionchas go bhféadfadh
sé an droch-shamhluiacht do dhíbirt. "Bhíos ag obair
ró-dhian ar feadh mí sara dtáinig sí abhaile," ar seisean
leis féin, "agus ina theannta san, an t-áthas a bhí orm i
gcaitheamh na haimsire sin agus an diombáidh a tháinig
orm ina dhiadh san, dfágadar a rian orm. Sea, is ormsa
bhí an diombáidh, ní hamháin mar gheall ar í bheith ina-
ina-ina caillichín gránna, ach mar gheall ar 'an gcaisleán
breá a bhí tógtha sa Spáinn' agam a bheith leagtha ar
lár arís, leis." Ansan do chuimhnigh sé ar an mbaintrig
agus dubhairt sé go labharfadh sé go hana-shéimh léi an
chéad uair eile thiocfadh sí isteach sa tsiopa. Chuaidh
sé a chodla ach is fada uaidh amach dfan an codla. Bhí
an aghaidh dhéarach os comhair a aigne i gcomhnuí. Bhí
sé cráitte ciapaithe uaithe. "Marbh-fháisc ort, a
chaillichín!" ar seisean, "agus go mbeiridh an diabhal
m'anam leis má phósaim tu!" Ach níor chodail sé
godí n-a ceathair a chlog.
D'éirigh sé ar a seacht a chlog ar maidin fé mar ba
ghnáth leis riamh agus isé a bhí go suaitte seirgthe. Bhí
tuirse air, tuirse aigne agus chuirp, agus in aindeoin gach
ar fhéad sé a dhéanamh, bhí an aghaidh dhéarach úd
agus an caointeachán roimis ins gachaon bhall. Mar
sin dó an lá go léir agus nuair a tháinig an oíche do chuaidh
an scéal in olcas aige. Do dhúisigh sé a' codla nea-
shuaimhneasach i lár na hoíche. Bhí stoirm fearthanna
amuich. Do thaithn san leis. D'éirigh sé agus é ar
leath-éadtromacht nách mór. Chuir sé uime a chuid
éadaig agus amach leis. Ní fheidir sé féin cadé an fuadar
a bhí fé ná cad a thug amach é in aon chor ach níor fhéad
sé fanúint istig. Chuaidh sé ag siúl suas síos ar fuaid
na cathrach. Bhí an ghaoth ag séideadh go tréan agus
an fhearthainn ina clagar anuas air agus an droch-ní
céadna úd le feiscint aige i gcomhnuí. Fuaradh sínte ar
an dtalamh in aice a thighe féin é ar maidin agus tugadh
isteach i dtigh comhursan é agus bhí sé ina luighe ar
feadh coicís ina dhiadh san. Bhí ana-thrua ag gach
éinne dhó ach níor fhéad sé aon chuntas a thabhairt ar
cad a bhain dó oíche na stoirme. Níor chuimhnigh sé
a thuille ar an aghaidh dhéarach. Thug sé seachtain
ar an dtuath agus ar theacht tharnais dó thug gach éinne
fé ndeara go raibh an tsláinte aige chó maith is bhí riamh
nó béidir níos fearr.
IV.
BHÍ sé ag éirghe ana-mhuinteartha ar fad leis an
mbaintrig. Gachaon uair a thagadh sí isteach
chuige thugadh sé tamall maith ag caint léi. Bhí socair
ina aigne aige go n-iarrfadh sé uirri é phósadh. Tháinig
sí isteach chuige, lá, agus taréis tamaill do thabhairt ag
caint agus ag magadh, do thosnuigh sé ar an gceist do
chur chúichi.
"Tá ceist agum le cur chugat," ar seisean.
"Tá go maith; táim ag éisteacht leat."
"Ceist ana-mhór isea í, ahem -"
"Sea, sea, lean leat; cuir an cheist."
"Sí ceist í ná -" agus do tharraing sé siar a cheann
de phreib agus tháinig féachaint ait ina shúilibh, "cathin
a bheidh deire leis an gcogadh?" ar seisean, agus do
chuir sé gáire beag leamh as.
Thug an bhaintreach fé ndeara an tarrang-siar agus an
fhéachaint agus an leamh-gháire. Thug seisean fé ndeara,
leis, an diombáidh a bhí sise ad iarraidh a cheilt fén
mion-gháire a dhein sí le linn a rádh dhi: "Mhuise, is
mór an fear magaidh tu."
D'imigh sí láithreach. Bhí 's aici go maith go raibh
sé chun a iarraidh uirri é phósadh, ach níor thuig sí cad
fé ndeár an tarrang-siar agus an fhéachaint úd. Thuig
Séamus an scéal, ní nárbh iongna. Is amhlaidh a bhí
súil anáirde aige sara dtiocfadh éinne isteach air i gan
fhios dó agus é ag cur na ceiste chun na baintrighe, agus
do chonnaic sé ar an dtaobh thall den tsráid uaidh radharc
a bhain geit as agus a chuir ar mhalairt aigne é i dtaobh
cúrsaí pósadh. Ní raibh ann ach Áine. An túisce nur
leig sé súil uirri do mhothuigh sé ina chroidhe an rud úd
do tharraing chúichi an chéad lá riamh é. Do thuit an
sciamh go léir den bhaintrig láithreach, dar leis, agus
d'éag an grádh do mheas sé a bhí aige dhi.
Do raghadh sé amach agus do labharfadh sé le hÁine
ach nár mhaith leis go dtuigfadh an bhaintreach an scéal
agus sara raibh sí sin imithe as an siopa bhí Áine imithe
i bhfad síos an tsráid. "Agus dáma ná beannóch sí
dhom," ar seisean leis féin, "dá n-abradh sí liom rud
éigin ná beadh ró-dheas ar fad, nár mhór an spórt don
bhaintrig é."
V.
BHÍ sé ag machtnamh ar an scéal ar feadh an
tráthnóna. Ag gabháil thar brághaid dÁine, thug
sé fé ndeara gur bhain sí casadh beag deas as a ceann,
casadh beag a chuir i gcuimhne dhó Áine na sean-aimsire.
Tháinig aghaidh os comhair a aigne, aghaidh bhán
ghealgháiriteach, agus solus mar sholus na gealaighe ag
teacht aisti agus fáinne den tsolus chéadna ina timpall -
aghaidh Áine, mar a bhí sí sa tsean-aimsir úd. Agus
bhí ana-chion aige ar an aghaidh sin, ana-chion ar fad.
Ach do dhíbir sé an aisling áluinn sin. "Cadé an mhaith
dhom leigint don Áine sin me mhealladh," ar seisean,
"trá's gur deimhin go dtiocfidh déistean orm an chéad
uair a bheidh breith agum ar lán mo shúl a bhaint aisti."
Ach tháinig an aisling mhealltach arís agus arís eile.
Do theip air glan í choimeád amach uaidh aon fhaid mhór
aimsire. Níor theastuig uaidh a admháil go raibh aon
ghreim aici ar a chroidhe agus dubhairt sé leis féin go
mbéidir go n-imeoch sí i gcionn cúpla lá agus go bhfillfadh
an grádh a bhí aige don bhaintrig. Ach níor imig an
aisling agus an chéad uair eile chonnaic sé an bhaintreach
ba léir dó ná raibh aon phioc grádha aige dhi.
VI.
FÉ dheire do cheap sé seift chun na haislinge do
dhíbirt ar fad. Bhainfadh sé lán a dhá shúl as
Áine agus do bhéarfadh an déistean a chuirfadh sí air,
bhéarfadh sé greim chó daingean san air go mbeadh fuath
aige dhi ar feadh na síorruiachta. Chuige sin d'éaluigh
sé leis fé dhéin an tighe ina raibh Áine ina comhnuí. Do
shrois sé an áit. Bhí sé chun dul isteach ann ach do
chuimhnigh sé ná raibh aon leathscéal aige chun cuaird a
thabhairt uirri. Chuaidh sé siar ar chúl an tighe ansan
agus dféach sé thar druim falla an chlóis agus bhí radharc
maith aige ar an gcistin agus ar a raibh ann, mar ní raibh
dallóg na fuinneoige tarraingthe anuas fós. Chonnaic
sé ansan í agus í ag súgradh le garsúinín beag agus le
beirt ghearrachailíní, clann a driféar. Do chuir an
radharc san uaigneas air. Fuair sé radharc ar a haghaidh
leath-dosaen uair agus bhí an gealgháire uirri cheithre
huaire dhíobh san. Aghaidh chaitte a chonnaic sé an
dá uair eile agus mar bheadh scamall bróin uirri ar feadh
nómaitín.
VII.
I GCIONN cúpla nómat ina dhiadh san fuair sé é
féin ag bualadh ar dhorus an tighe agus gan a
fhios aige ó thalamh an domhain cad a thug air a lithéid
a dhéanamh. An ní ná raibh aon chuimhne aige ar é
dhéanamh siúd déanta cheana féin aige é. Cad déarfadh
sé léi nuair osclóch sí an dorus dó? Ní raibh fhios aige.
Do chuimhnigh sí ar theiche ach ní raibh uain aige ar a
aigne cheapadh chuige nuair oscail sí an dorus. Dfan sí
ina seasamh laistig ar feadh nómait ag féachaint air sarar
labhair sí.
"In ainm Dé," ar sise fé dheire agus iongna an domhain
uirri, "cad a thug anso thusa?"
"Ní fheadar," ar seisean - agus tháinig an chaint as a
bhéal i ganfhios dó nách mór - "ní fheadar in aon chor
ach nár fhéadas gan teacht chugat, a chaillichín ghránna!"
"Caillichín gránna! Ar airig éinne riamh… "
"Ní - ní hé - sé - ní hé sin a mheasas a rádh ach -
ach - ach - Ó, fan agus neosad duit!"
"Tar isteach," ar sise; agus thug sí isteach sa phárlús
é. Ansan d'inis sé dhi gach ar bhain dó ó scar sé léi
an oíche spéirghealaighe úd.
"Agus anois, a chaillichín ghránna," ar seisean ag
gáirí, "táim sásta leat."
"Má táir," ar sise, "is dócha go bhfuil sé chó maith
agamsa bheith sásta leatsa."
Agus do pósadh iad i gcionn seachtaine.
"FOR ME AND MY GIRL."
I.
FEAR óg ab ea Risteárd Ó Broin. Ní raibh sé ach
dhá bhliain ar fhichid. Bhí a athair san uaig le
fada agus bhí sé féin agus a mháthair agus a thriúr
dritháireacha ina gcomhnuí i dhá seomra mhóra i dtigh
mhór i Sráid Dhoiminic. I gcionn seachtaine bheadh sé
féin agus Máirín ní Bhriain pósta. I seomra mór i dtig
eile i Sráid Dhoiminic a chuirfidís fútha. Bhí sé
deimhnitheach de sin. Bhí gachaon rud socair acu; an
troscán ceannuithe agus curtha isteach sa tseomra acu;
agus bhí cácaí mílse agus gachaon tsórt sóghluiste ag
máthair Mháirin dá dhéanamh i gcóir na hárd-oíche a
bheadh acu féin agus agá gcáirdibh. Seanachomaráduithe
é féin agus Máirín. Bhí aithne acu ar a chéile le deich
mbliana. Ní "tuitim" i ngrádh le chéile a dheineadar.
Ní hea ach is amhlaidh dfás an grádh eatorra, i gan fhios
dóibh nách mór, agus bhí socair acu le fada riamh ar
phósadh. Ní raibh fhios ag éinne acu i gceart cathin a
dheineadar an socrú san. Ní raibh fhios ag muintir na
beirte cathin a deineadh é ná cathin a fuaradar eolas air.
Is dócha gurb amhlaidh dfás an socrú, ar nós an ghrádha.
Mar sin ní raibh aon iongna ar éinne ina thaobh agus ní
raibh aon dabht ar domhan ná go bpósfí iad an lá a
thárla, ar chuma éigin, a bheith socair acu go léir, an
tarna Domhnach de mhí Feabhra 1919. Ní hionann san
is a rádh ná raibh áthas fé leith ar an mbeirt mar gheall
air. Bhí go deimhin agus áthas mór. Is air is mó a
bhídís ag cuimhneamh i gcomhnuí. Nuair a fuaradar an
seomra bhí fhios acu go cruinn cadé an ball troscáin a
chuirfidís anso agus cad a chuirfidís ansúd. Bíodh is
nár phéinteáil Risteárd riamh ach an taobh amuich de
shiopaí agus rudaí den tsórt san, bhí peictiúir aige á
phéinteáil istig ina aigne - le cúnamh Mháirín, ár ndó -
le tamall maith (ní fheidir sé cathin a thosnuigh sé air),
peictiúir a bhí chó háluinn le haon pheictiúir dár péinteáladh
riamh - ní hea ach níos áille go mór, mar bhí dathana
beo gníomhacha ann, agus ceol guthana daoine agus teas
ó theine, agus Máirín in aice na teine sin agus páiste ar a
baclainn aici, agus í ag amhrán. Bhí an méid sin agus
mórán eile sa pheictiúir a bhí déanta acu den tseomra
mhór 'na rabhdar taréis cíos seachtaine do dhíol as.
II.
BHÍ Risteárd i dtigh mháthar Mháirín.
"Bfearr dhuit fanúint istig anocht, a Mháirín,
agus an fuacht san agut," ars an tseana-bhean.
"Ó 'se, ní haon rud é, a mháthair," arsa Máirín. "Níl
ann ach fuacht beag atá am cheann, agus be sé curtha
dhíom agum ar maidin amárach. Téanam ort, a
Risteáird."
Agus chuadar godí Tigh na bPeictiúirí i Sráid na
Driseoige. Chonnacadar peictiúirí anadheasa ann agus
gachaon uair a chídís éinní go raibh aon bhaint aige lena
scéal féin dfáiscidís lámha a chéile - níor ghá aon fhocal
do rádh.
Ar an slí abhaile dhóibh do bhuail triúr ban umpa.
Mná bochta iad san; seálana orra; iad go meidhreach;
agus an t-amhrán ar siúl acu: "The bells are ringing
for me and my girl."
Thaithn an t-amhrán leis an mbeirt. Dar leo, bhí na
cluig ag baint cheana féin. Do stadadar i gcúinne ná
feicfí iad agus do phógadar a chéile go háthasach.
I gcaitheamh na coda eile den tslí abhaile bhí an ceol
san, dar leo, ins gach aon áit, ar talamh agus thuas ar an
spéir, ina gcluasaibh agus ina gcroidhe.
III.
AN oíche ina dhiadh san thug Risteárd cuaird ar
Mháirín mar ba ghnáth leis. Bhí Máirín gan
bheith ar fónamh bíodh's ná raibh sí ag coimeád na leapan.
Níor éirig léi an slaghdán beag úd do chur di. Ina ionad
san is amhlaidh a bhí sí chó dona san nárbh fholáir di a
cuid oibre chur uaithe i lár an lae agus teacht abhaile.
"Tá slaghdán beag orm féin, leis," arsa Risteárd, "ach
is minic a bhí roime seo agus is minic a bheidh arís, le
cúnamh Dé. Is deacair an droch-rud a mharbhú! Ach
cad a dheinis chun tu féin a leigheas, a Mháirín? Ní
dhéanfadh sé cúis Dé Domhnaig seo chugainn, tá's agut,
sraoth a leigint asat nuair a bheadh an cheist ag an sagart
á chur chugat."
"Is fíor san," arsa máthair Mháirín, "ach le cúnamh
Dé be sí álraight amárach. Mara mbeidh cuirfimíd
fios ar an ndochtúir, mar tá sí taréis gachaon rud a
dhéanfadh mathas di do thriail."
IV.
ACH ní raibh sí álraight ar maidin lárnamhárach
agus níorbh fholáir an dochtúir a thabhairt isteach
chúichi. Bhí sí sínte go lag ar an leabaidh agus dubhairt
an dochtúir, mara ndeineadh an leigheas a thabharfadh
sé dhi aon fheabhas do chur uirri, fios a chur air láithreach.
Tháinig Risteárd um thráthnóna an lae sin. Bhí ana-
bhuairt air nuair a chonaic sé conus a bhí sí. Thug sé
tamall ag caint léi. Bhí fiabhras éigin uirri. Chuir san
eagla air. An peictiúir úd go raibh oiread san de dhuadh
a dhéanta fachta aige bhí sé i gcúntúirt. Dáma slaghdán
coitianta a bheadh ar Mháirín, bíodh gur shlaghdán ana-
throm féin é, níor bhaol don pheictiúir. Ach an fiabhras
so! Agus comhartha dubh an bháis ar dhá dhorus i
ngach sráid! Tháinig scanradh air. Chaithfadh sé
seasamh suas leis an bhfiabhras san agus é throid. Ach
cad do dhéanfadh sé? Cad dféadfadh sé a dhéanamh
ná raibh ag an ndochtúir á dhéanamh? Pioc, ach dul
ag lorg na rudaí a bhí órduithe ag an ndochtúir. Dhein
sé é sin agus do bhí sé ag rith ó áit go háit godí leathuair
taréis a deich. Níor mheas sé riamh go mbeadh oiread
san trioblóide ag baint le rudaí beaga suaracha. Thug
sé cuaird ar dheich dtábhairní ag lorg an bhraoinín fuisce
a bhí órduithe ag an ndochtúir agus ní bhfuigheadh sé
ansan féin é mara mbeadh gur leig sé air gur theastuig
uaidh féin é ól láithreach agus gur dhoirt sé é isteach sa
bhuidéal i gan fhios dfear an tábhairne.
Nuair a shrois sé a thig féin, ní hea ach a sheomra féin,
bhí an casachtach beag imithe in olcas air agus a scórnach
ana-theinn uaidh. Níor dhein sé ach turpentín a chuimilt
de féin agus dul a chodla.
V.
NÍ ró-mhaith a chodail sé. Bhí an casachtach ag
réabadh na scórnaighe aige i gcaitheamh na hoíche
go léir. D'éirigh sé ar maidin agus ba mhaith leis dul
ag obair. Bhí post aige a sheasóch i bhfad agus níor
mhaith leis é chailliúint. Ní dhéanfadh san an gnó agus
é le pósadh ar an nDomhnach. Thug a mháthair fé é
choimeád sa bhaile ach ní ghéillfadh sé dhi. Chuaidh
sé amach ach níorbh fhada go bhfeacathas isteach an dorus
arís é – idir dhá chomhursain a bhí ghá choimeád suas
eatorra. Is amhlaidh thuit sé i laige ag bun na sráide.
Tháinig an dochtúir ar a ceathair a chlog. Ní raibh
ar a chumas teacht ní ba thúisce bhí oiread san glaoití
aige le freagairt. Dhein sé scrúdú air agus do scríbh sé
oideas dó.
"Tabhair dó é sin," ar seisean.
"Cad is dó leat dó, a dhochtúir?" ars an mháthair.
Ach bhí sé iompuithe uaithe. D'oscail an tarna mac
ba shine an dorus dó.
"Níl aige ach cúpla lá eile," ar seisean i gcogar leis an
bhfear óg, gan a cheann d'iompáil.
VI.
NÍ dubhairt an mac san tada. Níor mhaith leis an
ceann a bhaint den scéal de phreib.
"A ndubhairt an dochtúir éinní leat?" arsan mháthair
i gcogar.
"Ní dubhairt sé ach… dá dtugtí an-aire ar
fad dó… "
Bhí duine éigin ag bualadh ar an ndorus. D'iompuig
an fear breoite a cheann.
"Abair leo… (casachtach) nách féidir dom…
(casachtach)… í fheiscint anocht," ar seisean.
Do bhuail an dritháir anonn. D'oscail sé an dorus.
Cailín a bhí ann, drifiúr Mháirín, agus í ag gol.
"Cathin?" ar seisean léi, agus é ag dúnadh an dorais
ina dhiaig.
"Ar a trí a chlog. Innis do Risteárd é nuair a thiocfa
sé abhaile."
"Tá sé sa bhaile agus ní fada go leanfa sé í."
Ar theacht isteach arís dó dféach a mháthair agus an
fear breoite air mar bheadh ceist acu á chur chuige.
"Deirtar liom go bhfuil sí chó maith is fhéadfadh sí
bheith," ar seisean, ach san am gcéadna dhein sé comhartha
lena mhéir a chonaic a mháthair agus a thuig sí ach ná
feacaidh a dhritháir.
Do shuidh sé in aice na teine agus do chrom sé ar
mhachtnamh féachaint conus a bhainfadh sé an ceann
den scéal dá dhritháir, sé sin, ná raibh ach dhá lá eile
aige le caitheamh ar an saol so.
D'imig a mháthair isteach sa tseomra eile.
D'iompuigh sé chun Risteáird.
"Ní haon mhaith dhom bheith á cheilt ort," ar seisean.
"Cadé an rud?"
"An rud adubhairt an dochtúir."
"Go gcaithfad fanúint anso go ceann seachtaine?
Ach, máiseá, ní fhanfad. Dá mb'é an bás… "
"Isé, leis - i gcionn dhá lá."
Tháinig sceon i Risteárd. Ní dubhairt sé focal. Bhí
sé ag féachaint roimis amach. I gcionn dhá nómat do
labhair sé do ghuth íseal chroidhe-bhriste.
"Tá an peictiúir briste. Cad a dhéanfidh Máirín?"
ar seisean.
"Tá sí imithe romhat," ars a dhritháir.
Do chrom sé ar bheith ag féachaint roimis amach arís
agus ag machtnamh.
"Tá an peictiúir slán," ar seisean féna fhiacalaibh agus
é ag miongháirí.
"Cad isea?"
"Cuir fios ar an sagart."
VII.
DÉ Domhnaig a bhí chugainn bhí dhá shochraid
mhóra fhada ag gluaiseacht amach a' Sráid
Dhoiminic. Timpall an chúinne do cloiseadh an port
binn meidhreach feaduíola ag garsún beag giobalach.
Do stad sé den fheaduíol nuair a chonnaic sé na sochraidí.
"Siné an port a bhíodh ar siúl aige ó mhaidin go hoíche
le déanaí," arsa máthair Risteáird. Tá na cluig ag
baint ach ní hi gcóir pósadh mo mhaicín é. "Ó bhó,
bhó!" agus siúd ag gol go truamhéileach í. I gcionn
cúpla nómat do thóg sí a ceann agus do thriomuigh sí a
súile. "Toil Dé go ndéantar," ar sise, "marar mhaith
Leis seomra bheith acu ar an dtalamh so thug sé seomra
níos fearr agus níos breátha go mór dóibh ina thig féin."
Leig sí osna agus nuair a bhí an cóiste deiridh desna
sochraidí imithe d'iompuigh sí go mall agus do shiúil sí
isteach go troma-chosach.
AN FEAR A PHÓS SÍ.
I.
FÉ dheire thiar thall bhí Máire ina haonar. Ní
raibh aon "mhí meala" aici. Níor theastuig a
lithéid uaithe agus nuair iarr sí ar Liam gan é bheith acu
bhí áthas air agus do ghéill sé dhi, mar b'é a thuairim
gur as an ndíomhaointeas a thagan cuid mhór den
mhí-ádh a leanan cuid desna póstuíocha. Mar sin de
chuaidh sé i mbun a ghnótha díreach taréis lae na bainise
agus b'usaide dhó é dhéanamh gan aon bheann a bheith
aige ar thuairim ná ar chúlchaint na gcomhursan.
Bhí sí ina haonar sa chistin agus obair na maidne
críochnuithe aici. Ní raibh pioc eile aici le déanamh.
Dhein sí an obair go tapaidh chun í choimeád gan bheith
ag machtnamh ach dá mhéid bruid a bhí uirri, dá mhéid
suim a bhí aici san obair, bhí na smaointe dubhacha ag
brúth isteach uirri agus nuair a bhí an obair críochnuithe
agus í díomhaoin thánadar anuas ina lán-neart uirri. Bhí
sí ina suidhe ag an mbórd in aice na teine, a lámh féna
leacain aici agus í ag féachaint amach an fhuinneog.
Tháinig an scéal go léir go soiléir os comhair a haigne.
Bhí siopa beag pápéar is tobac ag á hathair. Bhí
triúr dritháireacha aici. Do phósadar san fadó roime sin
agus dfágadar an baile beag. Chuaidh beirt acu ó dheas
agus chuireadar fútha i gCorcaig. Soir go Baile-áth-
cliath a chuaidh an tríomhadh duine acu. Ceárduithe
an triúr san agus faid a bhíodar sa bhaile bhí an scéal go
maith acu go léir. D'imighdar - ina nduine 's na nduine
- agus taréis imeacht don té ab óige dhíobh d'imig an
rath agus an séan mar bhí an t-athair ag dul in aostacht
agus is ar éigin a bhí sé ábalta ar chomórtas na siopaí
eile do choimeád gan é bhriseadh. Ansan tháinig an
cogadh mór, agus na mná thugadh obair di le déanamh
(mar bhí sí oilte go maith ar an meaintínteacht), do thréig
a bhfurmhór í, ina nduine 's na nduine, toisc gach saghas
éadaig a bheith níba dhá dhaoire ná mar a bhí sé roimis
an gcogadh agus gan an gustal a bheith acu chun é
cheannach. Níorbh fhiú puinn an méid a thugadh a
céird isteach chúichi as san amach agus is ar éigin fhéad
sí fhéin agus a hathair maireachtaint. Ansan tháinig
Liam Ó Dóláin agus d'oscail sé siopa mór ar an dtaobh
thall den tsráid uatha. Dhein san an donas ar fad orra.
Níorbh fholáir dóibh tarrang ar an ábhar beag airgid a
bhí acu sa bhanc. Nuair a bheadh san caitte ní bheadh
acu ach aghaidh a thabhairt ar thigh na mbocht. Do
scríbh sí chun a dritháireacha ag lorg cabhrach agus an
beagán a fuair sí uatha dubhradar gurbh arán a' béalaibh
a leanbhaí féin é agus gan bheith ag brath ar a thuille.
Ní fada a bhí Liam Ó Doláin ar an mbaile gur thug sé
taithneamh don chailín bheag dhubh a chíodh sé i siopa
Phádraig uí Néill. B'í sin Máire. As an dtaithneamh
dfás an grádh, grádh buile a dhall é chó mór san nár léir
dó aon rud a bheith ar bun idir Mháire agus Pádraig Ó
Ceallaigh, an cléireach óg ón mbanc a thagadh ag caint
léi sa tsiopa ar feadh ceathrú uair a chluig gach tráthnóna.
Nuair a dhúnadh sé a shiopa féin ar a hocht a chlog roim
dhul abhaile dhó, do bhuaileadh sé isteach sa tsiopa eile
uaireanta chun cainte lena hathair i dtaobh cúrsaí gnótha,
mar dh'ea. Chuireadh sí féin agus a hathair fáilte roimis
go dea-bhéasach, dea-chomhursanach, agus do mheas sé
nár mhiste dhó dóchas a bheith aige go raibh grádh ag
Máire dhó. Fé dheire, nuair ná raibh acu, dar leo, ach
aghaidh a thabhairt ar an mbóthar, tháinig Liam chun
cainte léi féin amháin. Ní raibh sí gan coinne a bheith
aici go ndéanfadh sé é sin luath nó mall. Bhí scartha
aici leis an gcléireach. Ba dheacair di é dhéanamh mar
bhí cion mór aici air. Ba dheacair di bheith á leigint
uirri go raibh an cion san ag dul i bhfuaire ó ló go ló godí
go raibh sé imithe ina luighe air ná raibh aon chion in
aon chor aici air agus gurbh fhearr dhó gan bheith ag
cur idir í agus fear an tsiopa mhóir. Níorbh fholáir di
é dhéanamh mar ní raibh a dhóthin aige chun iad araon
do chothú agus ní bheadh go ceann chúig mblian eile.
Mar sin de nuair a tháinig Liam dá hiarraidh níor thug
sí an t-eiteachas ar fad dó. Dubhairt sí leis go magúil
bheith ina bhuachaill mhaith agus go mbéidir go mbeadh
freagra fabhrúil le fáil aige i gcionn tamaill bhig eile dá
dtaithneadh sé léi. Ar feadh coicís ina dhiadh san do
thagadh sé ag caint léi gach lá. Ní thugadh sé fé ndeara
aon rud a bheith bun os cionn. Ní thugadh sé fé ndeara
go leigeadh sise dhó bheith á rádh léi go raibh grádh
mór aige dhó gan í féin á chur in úil dó ar aon tsaghas
cuma ce aca bhí grádh aici dhó nó ná raibh. Chuir sé
an cheist chúichi an tarna huair agus dubhairt sí go ngeoch
sí leis. Do pósadh iad i gcionn seachtaine ina dhiadh
san. Mí-fhoighne Liam agus a droch-mhisneach féin fé
ndeár an gnó san do dhéanamh chó tapaidh: ba mhaith
léi é bheith curtha dhi aici i dtreo ná féadfadh sí dul siar
ar a focal. Mar sin de pósadh iad indé roime sin agus
bhí a céile agus a hathair ag obair i dteannta chéile san
aon tsiopa amháin, siopa mór Liam, mar bhí aon ghnó
amháin déanta aca den dá ghnó agus an siopa beag
tréigthe agus an triúr ina gcomhnuí i dtigh Liam.
Thiocfadh Liam abhaile chun dinnéir ar a haon a chlog
ach ní bheadh an seanduine sa bhaile godí leathuair taréis
a dó. "Dá mbé Pádraig a bheadh le teacht ar a haon
a chlog," ar sise léi féin agus do rug aoibhneas an ghrádha
greim uirri i dtreo gur bheag ná gur chreid sí gurbh é
Pádraig a thiocfadh dáiríribh. Ansan do chuimhnigh
sí ar chúrsaí an lae roime sin - í féin agus Liam os comhair
na haltórach agus an sagart ag cur beannacht na hEagailse
orra - do leag an fhírinne fhuar dhaingean a lámh uirri.
"Ó! A Mhuire! A Mhuire!" ar sise agus do leig sí a
ceann anuas ar an mbórd agus do tháinig na deora a
bhí aici á choimeád siar ó mhaidin lae an phósta. Nuair
a bhí an greas guil sin curtha dhi aici do thóg sí a ceann
arís. Do chuimhnigh sí ar Phádraig arís agus ba dhóbair
di cromadh ar ghol an tarna huair ach do choisc sí na
deora. "Cadé an mhaith é?" ar sise. "Seana-scéal
isea é anois, agus ní féidir dom atharú a chur air." Dféach
sí ar an gclog. "Ní fada go mbe sé istig," ar sise, "agus
ní dhéanfa sé an gnó leigint dó a fheiscint go rabhas ag
gol; ba mhaith leis a fhios a bheith aige cad chuige é,
agus - taréis an tsaoghail níl tuillte aige a fhios a bheith
aige go bhfuil botún déanta aige." Agus do nig sí a
haghaidh agus do chuir sí deabhramh uirri féin.
II.
THÁINIG sé isteach ar a haon a chlog díreach.
Chuir sí fáilte roimis agus níor dhó le héinne uirri
ná go raibh árd-áthas uirri é fheiscint arís, chuir sí an
gealgháire ar a béal chó cliste sin. Agus nuair a ghlac
sé chuige idir a dhá láimh í agus a fháisc sé í lena chroidhe
do ghéill sí dhó agus do leig sí dhó bheith ghá pógadh.
Ní raibh aon dabht ar domhan aige ná go raibh grádh
croidhe aici dhó. Dá bhféachadh sé isteach ina súilibh
go géar - ach bhíodar dúnta aici, le haoibhneas grádha
mar dh'ea. Faid a bhí seisean ghá fáisceadh is ar an
gcléireach a bhí sise ag cuimhneamh agus ar an gcrith
aoibhnis a ghluaiseadh fan a balla beatha go léir nuair a
bhaineadh fiú barra a láimhe léi. Bhí cumha, agus
fearg chun na Cinniúna, agus cancar, agus milseacht an
tseana-ghrádha, ad iarraidh brúth amach óna croidhe, ach
do bhrúig sí fúithi - níorbh foláir di é dhéanamh, níorbh
fholáir di gach ní do choimeád istig.
Fé dheire do shuighdar chun dinnéir agus do chrom
seisean ar an uile shaghas scéil d'innsint di i dtaobh a
choda oibre agus i dtaobh nithe greannúra agus daoine
greannúra a bhuail uime i gcaitheamh an lae. Ba mhaith
an chuideachta é agus chuir a bhean oiread san suime ina
chuid eachtraí gur dhearmhaid sí an scéaluidhe féin agus
go dtáinig fíor-áthas uirri in ionad an áthais bhréagaig a
bhí roime sin uirri. Anois is arís do chuimhnigheadh sí
ar a raibh caillte aici agus do léimeadh na deamhain
bheaga a bhí ina croidhe, do léimidís suas chun a dhá
súl dá haindeoin agus bhídís le feiscint ansan ar feadh
nómaitín ach ní thugadh a fear fé ndeara iad nó, má
thugadh, ní chuireadh sé suim ionta. Fear neamh-
amhruisteach neamh-éadmhar ab ea é gur éirig an saoghal
leis chun a thoile riamh: ba leis a bhean agus níor ghnáth
le fearaibh óga sa pháirt sin den dúthaig aon tsuim a
chur i mnáibh pósta.
Ar imeacht do Liam tháinig a hathair. Níor thug
seisean fé ndeara go raibh aon rud bun os cionn lena
hinghin. Bhí sí ag meangadh gáire mar bhí sí ag
cuimhneamh fós ar chuid desna heachtraí d'innis Liam
di agus níorbh aon iongna mar sin gur mheas an seanduine
go raibh gach ní ar áilleacht idir an lánamhain nua-phósta.
D'imigh sé agus ní raibh uain ag aigne Mháire ar chasadh
ar an seana-scéal cráitte nuair a bhuail chúichi isteach
bean go ndeineadh sí roinnt oibre dhi ó am go ham roime
sin. Is amhlaidh a bhí roth na Cinniúna taréis casadh
arís don mhnaoi seo agus bhí ábhar éigin airgid aici a
fágadh le hudhacht aici le déanaighe.
"Ní maith liom na héadaighe siopa," ar sise le Máire,
"agus ba mhaith liom go ndéanfá-sa dhá ghúna dhom
ós tú is fearr a dheinean iad."
Agus cé go raibh breis is a dóthin airgid ag Máire ó
pósadh í níor mhiste léi an obair do dhéanamh - "chun
na ndroch-smaointe do choimeád amach as mo cheann,"
ar sise léi féin.
Do choimeád an gnó san ar siúl í go dtáinig an bheirt
fhear abhaile agus ní bheadh Liam sásta gan bheith ag
déanamh cuideachtanais di lena chuid eachtraí agus le
comhrádh ar chúrsaí an tsaoghail mhóir go ham codlata.
III.
DO dhein obair an tighe agus na gúnaí agus caint
Liam í choimeád go ceann seachtaine gan bheith
ag machtnamh ar sheana-chúrsaí. Do chuimhnigheadh
sí orra ó am go ham ach b'uiriste dhi iad a dhíbirt bhí
oiread san broide uirri i gcomhnuí. Chó luath is bhí na
gúnaí críochnuithe aici, ámh, do thosnuig na smaointe
dubha ar bheith ghá crádh arís agus dá mhéid dícheall a
dheineadh sí ar iad do dhíbirt isea is mó bhrúidís isteach
uirri. Níorbh aon mhaith di dóirse a haigne do dhúnadh
orra, mar thagaidís ina stoirm agus do bhrisidís ar lár
gach ní do chuireadh sí suas chun iad do chosc. Do
bhriseadar na dóirse úd; do rugadar greim daor docht
ar a haigne agus ar a croidhe agus ar a hanam. Tháinig
pian, pian millteach, pian cráitteachta agus éadóchais,
uirri, a ghluais ar fuaid an uile órlach dá corp. Ansan
do bhraith sí mar a bheadh rud éigin ag briseadh istig
ina ceann. Thuit sí i laige agus nuair a tháinig sí chúichi
féin do ghoil sí agus i lár an ghuil di do chuir sí gáire fiain
aisti. Chuir an gáire sin scanradh uirri. Tháinig ciúnas
uirri. Bhí faitíos uirri go gcaillfadh sí a meabhair
shaoghalta. Ní fheidir sí cad a dhéanfadh sí. Dá
mbeadh aon chara aici na bhféadfadh sí a scéal a nochtadh
dhi - ach ní dhéanfadh san cúis; níorbh fholáir di gan a
rún a leigint le héinne beo. "Ach caithfad é innsint do
dhuine éigin," ar sise léi féin. Bhí sí ag machtnamh
is ag machtnamh is í ad iarraidh cuimhneamh ar sheift
éigin, agus, san am gcéadna, í ag féachaint air seo is air
siúd sa tseomra fé mar a bheadh sí ag brath air go mbeadh
caint acu agus go neosfidís di cad a bfearra dhi a dhéanamh.
Ag féachaint timpall ar an gcuma san di do thug sí fé
ndeara peictiúirín beag den Mhaighdin Bheannuithe. "Is
mór an trua nár chuimhnigheas air fadó," ar sise léi féin;
"ca bhfios ná go labharfadh… ach ní haon
naomh mise," agus do tháinig mion-gháire ar a béal.
"Ach mar sin féin ní miste dhom a innsint di cad tá bun
os cionn liom." Agus d'innis sí don Mhaighdin Mhuire
ná raibh aon ghrádh aici dá céile; gur mhaith léi go mór
go mbeadh; agus mar sin. Agus ansan d'iarr sí ar an
Maighdin a cás do réiteach.
Gach aon uair a thagadh uaigneas uirri ina dhiadh san
do chromadh sí ar bheith ag labhairt agus ag guidhe ar
an gcuma san. Chuireadh sé misneach uirri agus mara
mbíodh aon áthas uirri ní bhíodh aon bhuairt bhuile uirri.
Do thosnuigh sí ar bheith ad iarraidh grádha a thabhairt
do Liam ach dá mhéid a chuimhnigheadh sí ar a mhaitheasaí
go léir isea is mó a chuireadh sé míghreann uirri, agus
mar sin do scuir sí de bheith ag cuimhneamh orra, go
mór mór ón uair ba léir di lochtaí a bheith ann dáltha
gach éinne. Go deimhin bhí na lochtaí á nochtadh féin
di níos soiléire in aghaidh an lae, lochtaí beaga a thespeáin
di, dá fheabhas dfear é agus dá mhéid meas a bhí aici
air, go raibh sé chó lag le duine ar bith eile. Ach in ionad
iad do chur míghrinn uirri is amhlaidh a tháinig trua
aici dhó mar gheall orra.
IV.
BHÍODH sí i gcomhnuí ad iarraidh gan féachaint
lom díreach isteach i súilibh a fir. Oíche dá
raibh na heachtraí ar siúl aige fé mar ba ghnáth leis do
baineadh dá cosaint í agus dféach sí isteach ina shúilibh
ach má fhéach d'iompuigh sí a ceann do phreib agus do
chrom sí ar rud éigin a dhéanamh leis an dteine. Bhí
an croidhe ag léimt inti. Bhí scanradh uirri. Cad a
chonnaic sí nuair a thug sí an strac-fhéachaint úd air —
mar ní raibh ann ach strac-fhéachaint -? Chonnaic sí
rud iongantach. Chonnaic sí anam a fir, dar léi, agus é
ar dearg-lasadh le grádh dhi agus urraim an domhain di
istig sa ghrádh san. Chonnaic sí gur chuma dhó í féin
nó an domhan go léir agus na flathais; gurbh fhearr
leis iad san do chailliúint ná í féin. Chuir san iongnadh
uirri ach ní hé a chuir an scanradh uirri ach rud eile, rud
an-ait. Ní raibh ann ach gur bhraith sí go raibh ní
éigin ina hanam féin gur mhaith leis an fhéachaint
ghrámhar úd do fhreagairt - ní hea, ach gur mhaith lena
hanam léimt amach i gcoinnibh anama a fir i dtreo go
ndéanfadh aon anam amháin díobh. Rud nua dhi ab ea é
sin agus do scanruigh sé í. Níor thaithn sé léi. Bhí oiread
san taithí aici ar gan grádh a bheith aici dhó nár mhaith
léi a admháil go bhféadfadh sí grá a bheith aici dhó.
Bhí an saoghal bun os cionn, dar léi. Bhí sí corruithe,
ana-chorruithe, agus dubhairt sí gur mhaith léi dul a
chodla.
"Tá go maith," arsa Liam, "is dócha go bhfuil tuirse
ort. Níor mhiste dhomhsa dul a chodla, leis. Mara
ndeinead is baolach ná bead in am chun na traenach go
Baile-áth-cliath ar maidin amárach."
V.
BHÍ Liam i mBaile-áth-cliath. Gnó dlí a thug ann
é agus a choimeádfadh ann é go ceann seachtaine.
Ní raibh de chuideachtain ag Máire ach a hathair agus
ba shuarach an chuideachta é i gcúmparáid le Liam.
Nuair a tháinig am dinnéir do bhraith sí go raibh rud
éigin in easnamh uirri agus nuair a tháinig an oíche agus
gan aici ach a hathair, agus é ag caitheamh a phíopa
cois teine agus gan ach focal nó dhó aige á rádh, ba thrua
léi gan Liam a bheith ansan, leis, agus é ag innsint scéalta.
Chuaidh sí a chodla go luath an oíche sin.
VI.
MAR sin a bhí an scéal aici an tarna lá, leis, agus
an tríomhadh lá. Bhí uaigneas uirri, an sórt
uaignis a bhíon ar dhuine nuair ná bíon buairt ná áthas
air.
"Trua liom ná fuil sé anso," ar sise léi féin. "Dá
mbeadh ní bheadh an tig chó folamh is tá …
gan éinne ann go bhféadfadh duine labhairt leis."
Ag cuimhneamh ar Liam a bhíodh sí an chuid is mó
den aimsir. "Siné an áit ina mbíon sé ina shuidhe,"
adeireadh sí léi féin, nó "siné an sórt bídh is mó thaithnean
leis" nó "sea, is maith is cuimhin liom an scéal san."
Do chuimhnigh sí ar an rún do léigh sí ina shúilibh
tamall roime sin, rún an ghrádha mhóir a bhí aige dhi,
agus do léim a croidhe arís, agus tháinig mion-gháire ar a
béal i ganfhios di. Bhí sí ina suidhe in aice na fuinneoige:
a lámh féna leacain aici agus í ag féachaint suas chun
na spéire. Bhí aghaidh a fir le feiscint i ngach néal beag
bán, dar léi; a ghruag fhionnruadh ag glioscarnaig fé
sholus dearg na gréine agus é ag caint agus ag síor-chaint.
D'airigh sí ceol an orgáin tsráide a bhí cúpla céad slat
uaithi. Bhí an ceol san agus ceol cainte a fir meascaithe
ar a chéile, dar léi. Thug sí fé ndeara go raibh sí ag
mion-gháirí dhi féin. Do scuir sí den mhion-gháirí.
"Ní dócha gur ag tuitim i ngrádh leis atáim," ar sise.
Ach tháinig aghaidh a fir, agus a phearsa go léir, os
comhair a haigne arís. Cadé mar uaisleacht a bhí ann!
Cadé mar ghrámhaireacht a bhí ina shúilibh agus ar a
bhéal. Bhí rud éigin ag dógh ina lár, dar léi; do ghluais
mothú aoibhnis tríthe; bhí a croidhe is a haigne ar
lasadh; do leath a béal uirri beagáinín; tháinig buige
ina súilibh; do thuit deor, do thuit dhá dheor, deoracha
áthais; do shín sí amach a dhá láimh.
"A Liam! A Liam!" ar sise agus pian áthais an
ghrádha ina guth.
Do dhúisigh sí.
VII.
D'ÉIRIG le Liam an gnó a thug go Baile-áth-cliath
é do chríochnú aréir roime sin agus tháinig sé a
bhaile i bhfad roimis an am 'na raibh súil lena theacht.
Ar shroisint an doruis dó d'airigh sé a bhean ag amhrán
go binn. Chuir san iongna mór air. Níor chuimhin leis
gur airigh sé ag amhrán riamh roime sin í. D'oscail sé
an dorus gan aon fhothram a dhéanamh. Chonnaic sé
Máire ach ní fheaca sise eisean toisc a drom a bheith
iompuithe leis. Do mhothuigh sí an ghaoth ag séideadh
isteach an dorus uirri. D'iompuigh sí; do stad an
t-amhrán aici; do thuit an mhias as a láimh; agus, ag
cur liú áthais aisti dhi, do rith sí chuige …
Do bhí Liam ina shuidhe sa chathaoir mhóir cois na
teine. Tháinig Máire ar a glúinibh in aice leis agus, rud
nár dhein sí riamh roime sin dó, do bhain sí na bróga
dá chosaibh agus chuir sí na slipéirí orra. D'éirigh sí
ansan, do chuir a lámh féna mhuineál agus do shuidh sí
ar a ghlúin. Chuir sí a béal suas lena leacain.
"Tá ana-ghrá agam duit," ar sise.
"Tá's agam go bhfuil, a chuid," ar seisean, "ach níor
ghá dhuit an mhias do bhriseadh chun é chur in úil dom."
NÍ MAR A SÍLTAR BÍTAR.
I.
SEOMRA mór fairsing in uachtar tighe desna seana-thithe
móra úd i Sráid Ghairdinéir; cailín beag darb ainm
Eilís ag féachaint ar a scáile féin i scáthán beag idir an
dá fhuinneoig; gruag fhionn uirri agus í ghá socrú i dtreo
go mbeadh a cuacha ar sileadh síos lena muineál; an
muineál chó geal le sneachta; loinnir as a dhá súil mhóra
áille; í sásta léi féin; smaointe den tsórt so ag rith tré
n-a ceann:
"Pé buachaill a bheidh agam indiu tá súil agam ná be
sé ar nós an amadáin úd a casadh orm Dé Domhnaigh
seo ghaibh thorainn. Ní fheaca riamh a lithéid! Gachaon
rud adeirinn leis a dhéanamh, siúd á dhéanamh láithreach
é. Nuair adeirinn leis teacht mar seo nó mar siúd liom
"tá go maith" adeireadh sé. 'Tá go maith' le gachaon
rud adeirinn! - Greadadh chugat mar ribín! - sin rud ná
taithnean liom in aon chor - caithfe mé an spota salachair
sin a bhaint dem chaincín, ca bhfuil an tubháille - ach
buachaill go mbeadh toil daingean nea-ghéilliúil aige,
buachaill go mbeadh fearúlacht ann - ní maith liom an
chabhail ghorm so; bfearr an ceann bándearg (í ag dul
go dí an dorus mar a bhfuil sé ar crochadh) - buachaill a
bheadh rud beag tiarnúil agus dúil sa scléip aige - Ó, go
saoraidh Dia sinn! siné clog an tséipéil; bead déanach
chun an aifrinn."
Leis sin do bhuail sí a hata tuighe anuas ar a ceannín
beag deas agus síos léi godí an tsráid. Chuaidh sí isteach
sa tséipeul beag atá i Sráid Chill Áirne agus dubhairt sí
an choróinn Mhuire chó dúthrachtach san nár dhó le héinne
uirre gur chuimhnigh sí ar bhuachaill riamh.
II.
NUAIR a bhí deire leis an aifrionn - agus dfan sí go raibh
na húrnuithe deireannacha ráitte ag an sagart - siúd
tharnais godí Sráid Ghairdinéir arís í. Tháinig sí suas le
fear óg dea-ghléasta agus an Sunday Independent aige dhá
léamh. Chonnaic sí go raibh toitín ina bhéal aige agus
crombéal beag donn air agus, an dath a bhí ar an gcrombéal
san, go raibh sé mar bheadh sé pas beag tréigthe. Thug
sí fé ndeara, leis, go raibh a shúil gorm agus go raibh
bata beag caol ar crochadh as caol a láimhe clé aige.
"Níl sé ach tuairim is trí bliana fíchead," ar sise léi féin.
"Bfearr liom é ná amadán an Domhnaig seo ghaibh
thorainn ná raibh ábalta ar chaint ar bith a dhéanamh
ach scéiliní grinn do léigheas féin bliain ó shoin d'innsint
dom. Ach ní mór dom brostú nó ní fheicfad Malaí indiu.
Dubhairt sí liom teacht roime n-a haondéag agus bhí an
sagart ana-righin indiu. Corruig ort, a inghean ó, nó
beir déanach agus beidh fearg ar Mhalaí." Agus do
shiúil sí ní ba ghéire ach toisc gan a cosa bheith chó fada
le cosaibh an fhir óig níorbh fhéidir di puinn slí a chur
idir í féin agus é. "Béidir," ar sise léi féin, "go
bhféadfinn 'lá maith agat' a bhaint as." Leis sin
d'iompuigh sí a ceann agus dféach sí air agus meidhl chun
magaidh uirri. Thug an t-óigfhear an méid sin fé ndeara
agus dfreagair sé an magadh le miongháire a bhí go geal
agus go dea-chroidheach.
III.
BHÍ an bhruinneal bheag imithe treasna Butt Bridge
agus síos an cé um an dtaca san agus gan an
t-óigfhear ach díreach taréis teacht treasna an droichid.
Do stad sé ag an gcúinne. Ba mhaith leis bheith ag
féachaint ar an uisce agus ar na báid agus ar a lán eile
rudaí deasa a bhíon le feiscint ansan ar maidin Dé Domhnaig
sa tsamhradh agus an ghrian go hárd ar an spéir. Ar
éigin a stad an fear óg nuair a dh'iompuig an cailín beag
a ceann arís ach, má dhein, do bhain an téad (a bhí anall
ó bhád ansan godí an falla), bhain sé leagadh aisti agus
síos léi san uisce. Ní raibh puinn daoine san áit an
uair sin agus mara mbeadh gur léim an fear óg isteach
agus gur rug sé greim ar Eilís bhí seoid bheag áluinn in
easnamh feasta ar chathair Bhaile-áth-cliath.
IV.
NUAIR oscail Eilís a súile bhí iongna uirri cad a
thug isteach san óspideul í.
"Mara mbeadh an fear óg úd," arsan bhean a bhí ar
an leabaidh ba ghoire dhi, "is sa mhorg a bhefá anois."
"Ó, is cuimhin liom anois," arsa Eilís.
"Dubhairt sé go mbeadh sé anso amárach," arsan
bhean. "An buachaill bocht! Tá a chulaith Domhnaig
loitithe. Bhí sé báitte fliuch."
V.
BHÍ áthas ar Eilís. Gan amhrus, bhí sé i ngrá
léi nuair a loit sé a chuid éadaig ar a son. Siné
cheap sí. "Gan amhrus, iarrfa sé orm é phósadh," ar
sise léi féin agus í ag cuimhneamh ar úrscéal éigin do
léigh sí sa Girls' Friend, a fuair sí ar iasacht ó Mhalaí
cúpla seachtain roime sin. "Agus ní baoghal go
dtabharfad diúltadh dhó," ar sise. "Tá spriocadh agus
fearúlacht ann. Tá súil agam gur fear tiarnúil tíoránta
é fear fhéadfidh smacht do chur orm. Cadé an sórt
gúna pósta bheidh agam. Cuirfad ceist chun Malaí ina
thaobh. Faghan sí sin na pápéartha faisiúin agus tá's
aici." Siné an sórt cainte a bhí ar siúl aici léi féin ar
feadh an lae sin san óspidéal.
VI.
THÁINIG an fear óg, fé mar a gheall sé, agus caora
fíneamhna aige dhi. Ach cérbh í siúd lena ais?
Bean! Bean óg!! "Seo, tóg uaim an páiste, a Pháid;
tá tuirse orm," arsan bhean. "Ba mhaith liom labhairt
leis an gcailín mbeag so do thógais amach as an abhainn.
T'ro'm na tortha san agat go dtabharfad di iad. Conus
taoi anois, a chailín bhig? Bhí 's agam i gcomhnuí
gurbh fhear cródha calma mo chéile-se …" agus
do lean sí uirri ag moladh a céile agus nuair a chonnaic
sí na deora le súilibh Eilíse cheap sí gur dheora baochais
iad.