Eoghan Ruadh agus an Aisling.
AN AISLING.
Is minic a chuirim orm féin an cheist seo: Cionnus a tháinig an Aisling
sa Ghaedhilg? An Aisling par excellence fé mar gheibhmíd í ag Seón
Lloyd, agus ag Eoghan Ruadh Ó Súilliobháin agus ag Liam Dall Ó hIfearnáin,
isé sin an Aisling atá i gceist agam. Tá's againn go raibh litríocht aislinge
ann i gcomhnuí. Aislingí iseadh Cúirt an Mheadhánoidhche, agus An Craos-
deamhan, agus Eachtra Ghiolla an Amaráin agus Eachtra Mhic na Míchomh-
airle. Agus aisling iseadh Táin Bó Cuailnge féin, mar nár bh'é "an marbh
d'innis don bheó" é. Acht saghas fé leith iseadh ár nAislingna. Ní gádh
dham cur síos air annso, mar an té a chuireann suim i litríocht na Gaedhilge
is eol dó é; agus an té atá i n-ainbhios air gheóbha sé samhlaidí go leór in
Amhráin Eoghain Ruaidh. Ní bhfaighmíd sa Ghaedhilg é go dtí tuairim 's
an cheathramha dheiridh den ochtú aois déag.
A THOSACH AG AODHGÁN.
Deinimís a lorg siar máiseadh. Chomh fada agus a théigheann m'eolussa,
is ag Aodhagan Ó Rathaille a gheibhmíd a thosach. I Mac an Cheannaighe
tagann Éire i bhfuirm mná sídhe ag triall ar an bhfile chun a innsint dó go
raibh Rí na Spáinne, ba chara dhi, tar éis bháis fhagháil. Agus i nGile na
Gile tugann leannán sídhe cuaird air. Meallann sí léi é go dtí sídhbhrog
Luachra, mar a bhfuilngíonn sé céasadh, nó go nglacann sise truagh dhe agus
go gcuireann sí giolla leis dá thionnlac a-bhaile.
SEÁN CLÁRACH.
Na dhiaidh san gheibhmíd lorg na haislinge ag Séan Clárach. San
amhrán úd Ar thulaigh is me am aonar castar Themis air, agus deineann sé
tairngreacht dó i dtaobh casadh na nGéadhna Fiaidhne. Agus in Oidhche
bhíos im luighe im shuan tagann an bhean sidhe chuige go taobh na leapthan.
Meallann sí léi chun siubhail é. Tugann sé cúrsa mórlios na hÉireann n-a
diaigh. Thánadar go dtí Craig Liath, ionad comhnuithe Aoibhil, agus
is annsan do ghearáin sí a cás leis. Acht nuair a theastuigh ón bhfile fios
d'fhagháil ar dháta na bliadhna n-a gcuirfí an ruaig ar Ghallaibh do dhún sí
a béal, agus d'imthigh sí uaidh do phreib.
Gheibhmíd ag Seán Clárach a bheag nó a mhór do thuairisc ar phearsain
na mná. Agus bíonn teachtaireacht ar iomchur aici, nó tairngreacht le
déanamh. Mar sin is comhgaraí d'ár nAisling-na, ar shlightibh a shaothar-
san 'ná mar atá saothar Aodhagáin. Chímíd aca araon an leannán sídhe-
iarsma ó phágántacht na hÉireann- arna mheascadh le dé-mhná págánta
na Rómha agus na Gréige, agus an meascadh san ag eirghe coitchianta i lit-
ríocht na Gaedhilge. B'in tosach agus fuinnse na hAislinge.
AN DARA SRUTH.
Do bhí sruth eile agus do chabhruigh sé chun crot do chur ar an Aisling.
Camadhlighthe Shasana i gcoinnibh na nGaedheal fé ndeara an sruth san.
Nuair a tosnuigheadh ar na camadhlighthe sin, níor bh'fhéidir amhráin
náisiúnta a ghabháil go hoscailte. Mar sin do ceapadh amhráin "fhol-
nighthe" do "Róisín Dubh," agns do "Ghráinne Mhaol." Agus isé an
teagasc a bhíodh ionnta-san a gheibhmíd i "múine" na hAislinge i gcomhnní:
an ruaig ar uaisle Gaedheal- creachadh agus céasadh na ndaoine- congnamh
iasachta- agns, briseadh ar ghallaibh. Is chun an mhúine sin a chur n-a
luighe orainn do mheabhruigh an file Éire n-a "spéirbhean" áluinn ag
déanamh "tuar is tairngreacht."
MEASCADH AN DÁ SHROTH.
I gcomhrac abhann an dá shroth san iseadh thagann Eoghan Ruadh
agus Seón Lloyd agus filí Bhaile Mhúirine. Do chuireadar-san mar fheabhas
ar an aisling, (a) tuairisc mhion ar chló agus ar scéimh na mná, agns (b) an
file do fhiafraí dhi ciaca an bean tsaoghalta nó dé-bhean í; (c) ise d'innsint
dó gurab í Éire í, agus (d) í a rádh go bhfuigheadh sí congnamh agus, go seól-
faidhe na Goill thar sáile. Chun an scéil sin a chur i n-umhail iseadh ceapadh
an Aisling. Níor bh'é áilleacht na mná fé ndeara é, ná a bhrónaighe a bhíodh
an file. Tá bunrúta na hAislinge i bpolaitíocht na haimsire.
BALCADH.
Acht an Stíobhart agus filleadh na nGéadhna Fiaidhne, cad do bheir
dosna filíbh bheith ag súil leó-san abhfad tar éis gur cuireadh suas de gach
aon dóchus n-a dtaobh? Is amhlaidh a leanadar na filí don nós a bhí ann
rómpa, agus níor chuimhnigheadar ar a mhalairt. Dá n-athruighdís nós
cadé an mhalairt a fhéadfaidís a tharraing chuca in' ionad? Tar a éis a chítear
gach beart. Is fuirist locht d'fhagháil acht dá mbeimísna ann lena linn
súd ca bhfios an ndéanfaimís gníomh ní b'fhearr? Bhí áise polaitíochta ann
agus do leanadar-san de. Do shrois sé bárr a mhaitheasa fé láimh Eoghain
Ruaidh agus lucht a chomhaimsire. Acht an dream a tháinig n-a ndiaidh
sin do shaothruigheadar an gort i n-anntráth, agus do bhalc sé. Do stad
ar an bhfás, i n-indeoin dícheall na héigse. Is mairg a mbalcann an ithir
air - i ndomhan na polaitíochta go háirithe!
Scoil Shliabh Luachra.
Inniseann an tAthair Pádraig Ua Duinnín cionnus mar a bhíodh scoil
Laidne ar siubhal i Sliabh Luachra. Agus nuair a chuimhnighmíd ar a liacht
filí a rugadh is a tógadh ann, ó aimsir Aodhagáin anuas go dtí an lá indiu féin,
ní miste dhúinn a mheas go mbíodh "scoil" ann leis. Gheibhmíd a rian
san Arrachtach Sean. An áit a leagtar an crann is ann gheibhtar na slis-
neacha. Bhí an oiread san filí san áit nach fuláir nó mhaireadh béaloideas
na héigse ó ghlúin go glúin n-a measc. Bhíodh dúil sa bhfilíocht ag na
daoinibh agus do dheintí taithighe dhi. Má's rud é go bhfuigmíd tosach na
hAislinge ag Aodhagán, agus go n-admhuíotar coitchianta gur bh'é Eoghan
Ruadh a fuair an chraobh ann, ní hag dul thar fóir é a rádh gur bh'é "Scoil"
Shliabh Luchra a thug an Aisling do litríocht na Gaedhilge. Agus ní hé sin
amháin, acht tháinig scoileanna eile na Mumhan chomh mór san fé anáil
na haislinge ná faghadh duine gairm fhile in aoncheann aca go dtí go gceapfadh
sé aisling agus í fhágaint fé bhreitheamhnas na scoile. Dá mbeadh an aisling
i gceart do leogfaí isteach sa scoil é. Ní haon iongnadh, mar sin, go
mbíodh aislingí coitchianta.
ÁILLEACHT TUAITHE.
Tá maise fé leith, dar liomsa, ar aislingí Eoghain Ruaidh; deineann sé
cur síos ionnta ar áilleacht tuaithe- a bheag nó a mhór de. Is greannmhair
é tuairisc ar áilleacht tuaithe do lorg i n-amhránaibh polaitíochta, acht níor
dhuine mar chách Eoghan Ruadh. Na filí a tháinig roimis sin do taibhrítí
dhóibh do ghnáth nuair a bhídís sa leabaidh n-a gcodladh. Tá ocht gcinn
déag d'aislingí i leabhar Eoghain Ruaidh, agus ní bhfaghaim acht cheithre
cinn aca-san go bhféadfaí a rádh n-a dtaobh gur thaibhrimh sa leabaidh iad.
COIS ABHANN.
Ba ghnáth le hEoghan a mhachtnamh a dhéanamh cois abhann. Seo
mar a thosnuigheann Gráinne Mhaol:
Cois na Siúre maidin drúchta is me támhach lag faon.
In Aisling an Wallet deir sé:
Cois abhann indé is me ag taisteal i gcéin,
Go hatuirseach faon gan suairceas.
Agus san Aisling ar Sheán Bhuidhe, ag taisteal na sléibhte dho sealad
in' aonar, deir sé:
Cois abhann i gcaoldoire stadassa tréimhse
Dom reathannaibh géara d'fhúig támhach sinn,
Lán d'aiteas ag éisteacht le cantain na n-éanlaith
Dá spreagadh ar na géagaibh go sárbhinn.
AN GAORTHADH IS AN CHOILL.
Acht ní cois abhann a leigeadh sé srian lena Phegasus i gcomhnuidhe.
Sa Bhínsín Luachra deir sé:
Im aonar seal ag siubhal bhíos
I dtúis oidhche i ngaorthadh ceoidh.
Tráchtann sé ar "ghaorthadh coille" i n-aisling eile:
Sealad dom shaoghal go haerach iongantach
Ag déanamh tuirse is ag riaradh an bhróin.
Go ceasnaltheach céasta créachtach cunnailbhocht,
I ngaorthaibh coille 's gan aon im chomhair.
I gcoill na gcnó a tánathas chuige i Ragairne an tSaighdiúra:
Ceó druíochta i gcoim oidhche do sheól me
Tré thíorthaibh mar óinmhid ar strae,
Gan phríomhcharaid díoghraise im chomhgar,
'S me i gcríochaibh thar m'eólas i gcéin,
Do shíneas go fíorthuirseach deórach
I gcoill chluthair chnómhair liom féin,
Ag guíochtain chun Ríogh ghil na glóire,
'S gan ní ar bith acht trócaire im béal.
Bhí líonruith im chroidhese gan ghó ar bith
Sa choill seo, 's gan ghlór dhuine im ghaor,
Gan aoibhneas acht binnghuth na smólach
Ag síorchantain ceól ar gach géig.
I gCaitilín Triall ba dhoire cois abhann a mhuscail an "tionfhaithe"
dhó:
I gcaoldoire chraobhchluthar néamhdhuilleach bhíos
Im aonar, gan suim i n-aiteas ná i gceol,
Go féithshingil tréithtuirseach faonmhisnigh tinn,
Gan chaomhnas ó aon cois abhann ar neoin;
Taobh linne fé bhile ghnéghluise tigheann
Spéirbhruinneal shaoroinigh chéibhchruthach chaoin...
Agus seo mar thosnuigheann aisling eile:
Tráth indé is me tnáite i bpéin,
Ar fán i gcéin gan duine im ghoire,
Thárla tréimhse i ndoire coille
Im fhaonluighe ar neóin...
IARRACHT FHÓNTA.
San amhrán deiridh i leabhar an Athar Pádraig, má'sé Eoghan Ruadh
a cheap é, gheibhmíd cur síos fónta ar áilleacht tuaithe, do réir mar do mheabh-
ruigh an file tréna aisling é. Is amhlaidh a bhí sé n-a luighe ar fleasc a
dhroma, agus tréna chodladh dar leis, shiubhail sé i gcéin ar bhruach abhann
a bhí ag rith fan ghleanntáin aoibhinn. Chonnaic sé na héisc san abhainn;
eala agus na lachain ar an uisce; fiadha agus girrfhithe ag rith timcheall;
an mada ruadh agus an tóir n-a dhiaidh; grian an tráthnóna ag dathú barraí
na gcrann ar scáil an óir; beacha go saothrach ag cnuasach meala, agus
éiníní ag cantaireacht. Do chonnaic sé "paintir" agus "leomhain" ann
leis; acht murab amhla dh'áirimh sé iadsan ar scáth na méidreachta, ní
fuláir nó bhí Calliope nó pearsa éigin eile dhen Naonbhur ag imirt cleas air.
Ar aonchuma ní nádúrtha a fhéachaid ainmhithe allta i radharc den tsórd
san. Acht ní healadha dhúinn bheith ag súil le bárr nádúrthacht i n-aisling.
Seo mar adeir sé é:
Rinneadh aisling bheag aerach gan bhréag i bhfís dam
'S me faonlag sínte tráth ar neoin.
Gur casadh i gcein me ag déanamh smaointe
I ngleanntán aoibhinn gan aon im chomhair,
Mar a raibh cantain na n-éan ar ghéagaibh crainn ghlais,
Lachain is éisc ag scéitheadh ón dtaoide,
An eala go glé ag téacht ar tuinn ann,
'S an péarla i n-íochtar trá os a comhair.
Do bhí beannaphuic mhéithe le gréin don tír ann,
Paintir, míolta bánta, is leomhain,
Sionnaigh ar saothar, laochra is ríoghchoin
Ag téacht fé choilltibh breághtha ar neóin;
Dob aithnid do Phoebus an ghéag dob aoirde
Is néamh n-a clí mar scáil an óir;
Beacha agus éin ag scéitheadh im thimcheall,
Gan bhréag dob aoibhinn gáir is geoin.
A N-EOCHAIR.
Ceapaimse féin go bhfuil againn san aisling úd I Sacsaibh na Séad,
eochair a scaoilfidh dhúinn an chuid is mó do cheastaibh na n-abhann is na
gcoillte is na ngaorthadh d'aislingíodh Eoghan Ruadh. I mbaile puirt
éigin i Sasana a bhí sé nuair a chum sé an t-amhrán san. Mar adeir sé féin é;
I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúthchas,
Fé bharra na gcraobh cois céidh na stiúrbharc.
Do chuir sé an t-amhrán san abhaile go dtí duine muinteartha dhó ar
a dtugann sé Seaghán "d'fhuil Eachaidh," sé sin Seaghán Ó Súilliobháin.
Bhí Seaghán so n-a chomhnuidhe "cois abhann an tSléibhe" .i. abha Shliabh
Luachra; agus is dócha gurab é abha é sin ná Abhainn Uí Chriadh. An
t-uaigneas a bhí air i dtír iasachta abhfad ó bhaile, do chuir sé ag cuimh-
neamh ar a sheanabhaile dhúthchais é, agus do sprioc chun amhráin a cheapadh
é. Ní miste dhúinn a mheas nár bh'é sin an t-aon uair amháin nur ghoill
an t-uaigneas air agus nur cheap sé amhrán le grádh éagmuise don bhall n-a
rugadh agus n-ar tógadh é.
DUALGUS AN DEORUIDHE.
Fear siubhail agus seachráin do b'eadh Eoghan Ruadh. Ba mhinic é
"ar fán i gcéin" óna bhaile dhúthchais. Agus, ní nach iongnadh, do leanadh
dualgus an deoruidhe é .i. uaigneas croidhe. Pé áit i mbíodh a thaisteal
níor dhearmhaid sé riamh na Mínteóga ná Eanach ná Abhainn Uí Chriadh,
ná gaorthaidhe agus coillte Shliabh Luachra ó Chnoc an Charrfhiadh go dtí
Lios na gCeann agus as san síos cois Fleisce isteach go Cill Áirne. Ní dhéan-
fam iongnadh dhe, mar sin, a mhinicí agus a thagrann sé don cheanntar san,
agus dosna comrádaithibh a bhíodh aige ann le linn a óige. Agus nuair
d'oireadh dhó cur síos ar áilleacht tuaithe tréna aisling cadé an áilleacht ba
thúisce a thiocfadh dó ná áilleacht na dúithche sin. Isé ba nádúrtha dhó;
agus isé is dóichí le fagháil againn n-a chuid saothair.
An Lampa
(Sgéal ó Thír na bhFinn.)
Nuair a cheannaigh m'athair an lampa, no tamal beag roime sin, dubh-
airt sé lem mháthair:- "Feach, a mháthair- nár cheart dúinn
lampa a cheannach?"
"Lampa? Cén saghas lampa?"
"Airiú! ná feadraís go bhfuil lampaí ag fear an tsiopa sa bhaile mhór,
lampaí a thug sé leis ó St. Petersburg, agus gur mó an solas a thugan ceann
acu uaidh ná deich cinn do sgoilb? Tá lampa don tsaghas san acu, cheana
féin, i dtigh an mhinistir."
"Ó seadh! Ceann do sna rudaí sin a chuirfá i lár an tseomra agus go
bhféadfá léigheamh is gachaon chúinne don tseomra leis, mar a dhéanfá i
lár an lae?"
"Sin é díreach é. Tá sórt íle a dhóghan ann, agus níl agat ach é 'lasa
tráthnóna agus agus dóghfa sé leis gan múcha go maidin."
"Ach conas a dhóghfadh an íle fhliuch?"
"Ca' na thaobh ná deirean tú- conas a dhóghfadh brannda?"
"Ach bé' go gcuirfeadh sé an áit go léir fé theine. Nuair a thosnuighean
brannda ar bheith ag dógh ní féidir é 'mhúcha agus uisge féin a chaitheamh
air."
"Conas a chuirfeadh sé an áit fé theine nuair atá an íle, agus an teine
chomh maith, istig i ngloine?"
"Istig i ngloine? Conas a bheadh teine istig i ngloine- ná pléasgfadh
sí?"
"Cad a phléasgfadh?"
"An ghloine."
"Pléasga! Ní dhéanfadh mhais' ná pléasga. Admhuighim go mbé'
go bpléasgfadh sí dá n-árdófá an teine ró-mhór innte, ach ní gá' dhuit san a
dhéanamh."
"Dá n-árdófá an teine ró-mhór? Uch! tán tú ag maga anois- conas
a dh'árdófá teine mar sin?"
"Eist liom anois! nuair a chasan tú an sgriú chun na láimhe deise,
árduighean san an fháileóg- mar tá fáileóg i lampa, bíodh 'fhios agat, mar
atá in aon choinnil- agus lasair chomh maith, ach nuair a chasan tú an sgriú
chun na láimhe cléithe, teidhean an lasair i luighead, agus má shéidean tú
ansan uirthe, múchfair í."
"Múchfair í! Gan dabhat! Ach ní thuigim fós é, dá mhéid míniú atá
déanta agat air- fearas nua éigin do sna daoine uaisle iseadh é is dócha."
"Tuigfir go maith é ach go mbeidh sé ceannaithe agam."
"Cad a chosnóidh sé?"
"Seacht marc go leith, agus marc an cana ar an íle."
"Seacht marc go leith, agus an íle chomh maith! Nách mó sgolb a
cheannódh an méid sin duit- isé sin, gan amhras, dá gcaithfá airgead ar a
leithéid in éanchor, mar nuair a sgoiltean Peadar iad ní bhímíd pingin caillte
leo."
"Ná ní bheir éinní caillte leis an lampa! Cosnuighean adhmad airgead
leis, agus ní bhfaghaimíd is gachaon áit ar an dtalamh anois é mar a gheibh-
mís. Ní mór cead chun dul á chuardach anois, agus ansan caithfir é 'tharac
leat ós gachaon áit is iargúlta ná a chéile- ní áirmhim-se gan aon bhuancas
a bheith ann mar adhmad."
Bhí 'fhios agem mháthair ná raibh a oiread san duaidh ag baint le
hadhmad sgolb, mar ná dubharthas éinní 'na thaobh go dtí san,- ná raibh
ann ach leath-sgéal chun dul agus an lampa san a cheannach. Ach d'eist
sí a béal, mar thuig sí dá gcuirfí fearg ar m'athair go mbeadh an lampa agus
ar bhain leis gan ceannach gan feisgint. No béidir go bhfaghadh feirmeóir
eile lampa dá thig romhainn agus go mbeadh an paróiste go léir ag caint i
dtaobh an chéad tigh feirmeach, i ndiaidh tigh an mhinistir, go raibh lampa
ar lasa. Do dhin mo mháthair machnamh ar an sgéal, mar sin, agus dubhairt
sí lem athair:
"Ceannaig é, más maith leat, is cuma liom-sa pe'ca sgolb no íle a dóghfar
ach go dtabharfa sé solus dom chun snímh. Cathain a bheir á cheannach?"
"Bhíos ag cuimhneamh ar dhul ag trial air amáireach- tá cúpla cúram
eile agam d'fhear an tsiopa 'na theannta san."
Dob é lár na seachtaine é, agus bhí 'fhios agem mháthair go maith go
bhfanfadh na cúraimí eile go Satharn; ní dubhairt sí focal, ámhthach, ach
do cheap sí 'na haigne dá luathacht a gheobhfaí é gurbh eadh ab fhearr.
An tráthnóna céadna san do thug m'athair isteach ón sgioból cófra mór
bóthair 'nar thug mo shean-athair a lón bídh leis nuair a tháinig sé ó Uleaborg,
agus dubhairt lem mháthair é 'líona d'fhéar tirim agus beagán cadáis a chur
'na lár istig. D'fhiafraigheamair, na leanbhaí, ca'na thaobh ná rabhdar ag
cur éinní sa bhosga ach féar agus beagán cadáis 'na lár, ach dubhairt sí linn
ár mbéal d'eisteacht, sinn uile go léir. Ní raibh m'athair chomh ciotarúnta
agus d'innis sé dhúinn go raibh sé chun lampa a thúirt leis ó fhear an tsiopa,
lampa déanta do ghloine, agus gur bhaolach go mbrisfí é dá mbainfí bara-
thuisle as an gcapal no dá suathfaí an sleamhnán ró-mhór.
An tráthnóna san d' fhanamair 'nár ndúiseacht ar feadh abhfad ag cuimh-
neamh ar an lampa nua; ach do thosnuig seana-Pheadar, an fear a sgoilteadh
na sguilb go leír, do thosnuigh sé ar bheith ag sranntarnaig chomh luath in
Éirinn agus múchadh an sgolb deirineach. Agus níor fhiafraigh sé riamh
cadé an saghas ruda é lampa, ar a shon gur dhineamair mórán cainnte 'na
thaobh.
Do thóg an turus an lá ar fad óm athair, agus b'fhada linn go léir é mar
lá. Ní bhfuaireamair aon bhlas ar ár gcuid bídh an lá san, cé go raibh an-
bhruith leamhnachta againn chun dínnéir. Ach d'ith agus d'alp seana-
Pheadar dóthain na coda eile againn go léir le chéile, agus do thug an lá ag
sgolta sgolb no go raibh seomra an adhmaid lán ó chúil froigh aige. Ní mór
an líon do shnímh mo mháthair an lá san ach oiread, mar bhí gachaon turus
aice chun na finneóige ag féachaint amach dom athair do dhruim na leacoidh-
reach. Deireadh sí le Peadar, ó am go ham, go mbéidir ná beadh aon ghnó
againn do sna sguilb sin go léir feasta, ach ní mór an tora 'thug Peadar uirthe
d'réir deallraimh, mar níor fhiafraigh sé oiread is ca'na thaobh dí. Bhí sé
'na aimsir suipéir sara gcualamair cluig na gcapal amuich sa chlós.
Do ritheamair amach agus an greim aráin 'nár mbéal againn, ach do
chomáin m' athair isteach arís sinn agus do ghaoidh ar sheana-Pheadar
teacht ag cabhra leis leis an gcófra. Bhí Peadar t'réis a bheith ag grúntáil
cholata ar an bhfuarma cois an tsoirn, agus do bhí 'on donas air an cófra a
bhuala ar an dtairsinn agus é 'á thúirt isteach 'on tseomra i dteannta m'athar.
Do gheobhadh sé deabhasáil mhaith óm athair dá mbeadh sé ní b'óige, ach
seanduine ab eadh anois é, agus níor bhuail m'athair riamh fear ba chríona
ná é féin.
Pe'ca san é, do chloisfeadh Peadar rud no dhó óm athair dá mba mbrisfí
an lampa, ach ar ámharaí an tsael ní raibh aon díobháil déanta.
"Suas leat ar an sorn, a chábóig!" do bhúirth m'athair agus d'imig
Peadar bocht suas go maolchluasach.
Do thóg m'athair an lampa amach as an gcófra, agus bhí sé anois 'na
láimh aige, ar sile:-
"Féach! siné anois é! Conas is dó' libh a dh'fhéachan sé? Cuirean
tú an íle isteach 'on ghloine seo, agus an stúmpa ribín sin ansan istig, siní
an fháileog- coinnibh an sgolb san siar uam, an ndéanfair!"
"An lasfam é?" arsa mo mháthair ag tarac siar.
"An as do mheabhair a thaoi'n tú? Conas a lasfaí é gan aon íle ann?"
"Braon íle a chur isteach ann mar sin."
"Braon íle a chur isteach? Is deas atá sé agat im baist! Siné díreach
mar a bhíon daoine nuair ná tuigean siad na rudaí seo; ach duairt fear an
tsiopa liom, arís agus arís eile, gan aon íle a chur go deo ann le solas na teine
ar eagla go dtógfadh an íle teine agus go loisgfeadh sé an tig go léir orainn."
"Cathain a chuirfir an íle ann mar sin?"
"Ar maidin- ar maidin a' gcloisean tú? Nách féidir leat fanacht go
maidin? Ní héinní chomh hiongantach san ar fad é."
"Chonaicís lasta mar sin é?"
"Do chonac gan dabhat. A leithéid do cheist! Do chonac lasta
go minic é i dtig an mhinistir agus an ceann so fém nuair a thástálamair sa
tsiopa é."
"Agus do las sé?"
"Lasa? Do dhin gan dabhat agus nuair do chuireamair na comhlaí
ar na finneóga do chíofá snáthad ar an úrlár. Féach anso! An bhfeicean
tú an pláitín sin? Nuair a bheidh an solas ar lasa insa ghloine seo ní fhéadfa
sé teacht aníos anso ar barra, in áit ná fuil aon gnó dho, ach leathfa sé amach
agus síos i dtreó is go bhfeicfá snáthad ar an úrlár."
Anois ba bhreá lenár gcroidhe go léir féachaint an bhféadfaimís snáthad
a dh'fháil ar an úrlár, ach do chroch m'athair an lampa anáirde ar na frathacha
agus do tharaig a shuipéar chuige.
"Caithfimíd bheith sásta le sgolb arís anocht," arsa m'athair agus é ag
ithe, "ach lasfar an lampa ist oidhche amáireach sa tigh seo."
"Féach, a athair! Bhí Peadar ag sgolta sgolb ar feadh an lae, agus tá
seomra an adhmaid lán acu."
"Is cuma san. Tá adhbhar teine againn ach go háirithe, oiread is
dhéanfaidh sinn go deire an gheimhridh, mar ní bheidh aon ghnó eile againn
díobh."
"Ach cad mar gheall ar an dtigh nigheacháin agus ar na stáblaí?"
arsa mo mháthair.
"Beidh an lampa againn sa tigh nigheacháin," arsa m'athair.
An oidhche sin, níor chodluigheas an oiread fém is a chodluigheas an
oidhche roime sin, agus nuair a dhúisigheas ar maidin d'fhéadfainn gol, ach
ná leigfeadh an náire dhom é, nuair a chuimhnigheas air ná lasfaí an lampa
go tráthnóna. Taidhbhrigheadh dom, agus me in chola, gur chuir m'athair
íle sa lampa agus las sé ar feadh an lae ar fad.
Le breaca an lae, chuaidh m'athair ag tóch sa chófra mór bóthair
agus do tharaig sé aníos as buidéal mór, agus do dhoirt stuif éigin as an
mbuidéal mór isteach i mbuidéal beag. B'ana-mhaith go léir linn a fhiafraí
cad a bhí sa bhuidéal so, ach ní leomhfaimís é, mar bhí m'athair chomh solam-
anta san tímpal air gur sgannraigh sé sinn. Ach nuair a tharaig sé an lampa
anuas beagán ó sna frathacha, agus thosnaig ar bheith ag útamáil leis 'á
sgaoile, do bhris ar an bhfoidhne agem' mháthair agus d'fhiafraigh sí dho
cad a bhí sé a dhéanamh.
"Táim ag cur íle sa lampa."
"Seadh, ach tán tú 'á bhaint as a chéile! Conas a chuirfir gach éinní
atá bainte anuas agat isteach in' inead féin arís?"
Ní fheadair mo mháthair, ná éinne againn, cad ba cheart a thúirt ar an
rud a thóg m'athair amach as an ngloine. Ní duairt m'athair éinní, ach
a rá linn fanacht níosa shia amach uaidh. Ansan do líon sé an ghloine nách
mór as an mbuidéal bheag, agus do dhineamair amach anois gurab íle a bhi
sa bhuidéal mhór leis.
"Ná lasfair anois é?" arsa mo mháthair nuair a bhí na maingisiní go
léir isteach 'na n-inead féin thar nais agus m'athair ag tarac an lampa anáirde
ar na frathacha arís.
"É 'lasa anois! i lár an lae?"
"Seadh'- d'fhéadfaimís é 'thriail darnó' féachaint conas a dh'oibreóidh
sé."
"Oibreóidh sé ceart go leor. Ná bíodh aon cheist ort ach fan go
tráthnóna."
T'réis an dínnéir, do thug seana-Pheadar bloc mór d'adhmad reóite isteach
leis chun é 'sgolta, agus do chaith sé dá ghuailne é le tuairt do chuir an
seomra go léir ag crith agus an íle ag rinnce sa lampa.
"Go réidh!" arsa m'athair, "cad ab áil leat den ngleó go léir?"
"Do thugas an bloc so isteach chun é 'leaga ábhar, - níl éinní eile dho-
tá sé 'na leacoidhir ar fad."
"Ní gá dhuit é, mhuis'," arsa m'athair, agus do shméid sé a shúil orainn.
"Seadh, ach ní lasfa sé mara ndéanfad."
"Ní gá dhuit é, adeirim leat."
"Ní sgoiltfe mé a thuille sgolb mar sin?"
"Seadh, dá ndéarfainn leat gan a thuille sgolb a sgolta?"
"Ó! is cuma dhomhsa má fhéadan tú déanamh dá gceal."
"Ná feicean tu, a Pheadair, an rud atá ar crocha ansan as na frathacha?"
Nuair aduairt m'athair an méid sin d'fhéach sé suas ar an lampa le mórtas
agus síos ar Pheadar le trua. D'imig Peadar agus do leag sé an bloc uaidh
sa chúinne agus ansan, t'réis an méid sin a dhéanamh do, d'fhéach sé i dtreo
an lampa.
"Lampa iseadh é," arsa m'athair, "agus nuair a lasfar é ní bheidh a
thuille gnótha dho sguilb."
"Ó!" arsa Peadar, agus gan focal eile a rá d'imigh sé leis 'dtaobh thiar
don stábla, agus do thug an lá mar aon lá eile, agus a aoirde féin do bhrainnse
adhmaid aige 'á ghearra 'na sguilb bheaga; ach an chuid eile againn, ní mór
gur fhéadamair ár n-aigne a chur le héinní. Do shocraig mo mháthair í
féin chun bheith ag sníomh, ach ní raibh leath an lín snímhte aice nuair a
chaith sí an fhearsad uaithe agus d'imig amach. D'oibrig m'athair leis i
dtosach, ag déanamh sámhthaigh dá thuaigh, ach ní fuláir no ní raibh an
obair chun a thoile mar d'fhág sé ansan é leath-déanta. T'réis dom' mhá-
thair imeacht d'imig m'athair amach leis, ach pe'ca chuaidh sé 'on tsráid-
bhaile no nár chuaidh ní fheadar. Do choisg sé orainne dul amach ar aon
tslí, agus do gheall sé greada maith dhúinn dá ndéanfaimís oiread is barra
méire a leaga ar an lampa. Darnó is túisge a chuimhneóimís ar éide órdha
an tsagairt a mhéaráil ná ar a leithéid a dhéanamh. Ní raibh d'eagla orainn
ach go mbrisfeadh an córda a bhí ag coinneáilt an iongantais go léir anáirde
agus go gcuirfí a mhilleán orainne.
Ach b'fhada linn mar bhí an aimsir ag imeacht sa phárlús, agus ó nár
fhéadamair cuimhneamh ar éinní eile, do dhineamair suas eadrainn go ragh-
aimís go léir ag sleamhnú ar an gcnoc. Bhí saghas casáin ag imeacht ón
sráid-bhaile go dtí an abhainn chun dul ag tarac uisge, agus age ceann an
chasáin seo bhí cnoc maith go rithfeadh an sleamhnán go deas le fánaig, agus
suas ansan an taobh eile fean na leacoidhreach.
"Seo chughainn leanaí Chnuic an Lampa," arsa leanaí na sráide nuair
a chonaiceadar chútha sinn.
Do thuigeamair go maith cad a bhí ar bun acu, ach níor fhiafraighmair
díobh cadé an Cnoc an Lampa go rabhdar ag tagairt do, ar a shon nár tugadh
Cnoc an Lampa riamh ar an bhfeirm againne.
"Á! Á! Tá's againn! Tán sibh t'réis ceann dosna lampaí sin a chean-
nach. Chualamair mar gheall air."
"Conas a chualabhair mar gheall air?"
"Do mháthair aduairt lem mháthair-se é agus í ag gabháil trí nár n-áit-
na. Duairt sí go raibh t'athair t'réis ceann dosna lampaí sin a cheannach
ó fhear an tsiopa, ceann dosna rudaí sin a thugan oiread solais uatha go
bhfeicfá snáthad ar an úrlár,- siné aduairt cailín aimsire an ghiúistís ach go
háirithe."
"An saghas céadna lampa atá i bpárlús an tsagairt aduairt t'athair
linn ó chiainibh, do chuala lem chluasa féin é 'á rá," arsa garsún an tábhairne.
"Tá lampa agaibh mar sin gan aon bhréag?" arsa na leanaí go léir in
aonacht.
"Tá, gan dabhat; ní héinní le féachaint air is ló é, ach raghaimíd go
léir suas tráthnóna."
Agus do leanamair orainn ag sleamhnú síos suas an cnoc go titimín na
hoidhche, agus gachaon uair a tharaigighmís na sleamhnáin aníos go barra
an chnuic do thráchtaimís ar an lampa le leanaí na sráide. D'imig an aimsir
ar an gcuma so ní ba thúisge ná cheapamair, agus nuair a bhíomair sleamh-
naithe le fánaig mar an uair dheirineach, do phreabamair uile go léir fé dhéin
an bhaile.
Bhí Peadar 'na sheasamh le cois an adhmaid ghearrtha, ach níor dhin
sé oiread is féachaint i leith orainn ar a shon gur ghlaomair air d'aon ghuth
téanachtaint ag féachaint conas a lasfaí an lampa. Do bhrúchtamair isteach
'on tseomra in aon sgata amháin. Ach do stadamair suas go hoban ag an
ndoras. Bhí an lampa ar lasa cheana ansúd fé sna frathacha, agus é chomh
lán-tsoillseach san nár fhéadamair fhéachaint air gan sgáth-shúilí a chur
orainn féin.
"Dúnaig an doras san; tá an dial air le fuaire," arsa m'athair ón dtaobh
thiar don mbórd.
"Sgiúrdaighean siad tímpal ar chuma na gcearc lá gaoithe," arsa mo
mháthair go gearánach ó chúinne na teine.
"Ní haon iongna na rudaí beaga bheith dallta aige, nuair ná féadan
seanabhean mar mise féachaint air," arsa máthair chríona fhir an tábhairne.
"Ní stadfaidh an cailín aimsire againne do bheith ag trácht air go deo,"
arsa leas-inghean an ghiúistís.
Nuair a chuaidh ár súile beagán i dtaithí an tsolais, do chonaiceamair
go raibh an seomra leath-lán do chomharsain.
"Dridig i leith, a leanaí, go bhfeicfe sibh sa cheart é," arsa m'athair
do ghlór mhín chneasta.
"Bainig an sneachta d'úr gcosa agus tagaig i leith anso chun na teine,
féachan sé go háluinn as so," arsa mo mháthair ansan.
D'imigheamair suas chun mo mháthar, agus gachaon phocléim againn,
agus do shuidheamair go léir ar an suidheachán lena hais. Ní bhfuaireamair
ionainn féin sgrúdú ceart a dhéanamh ar an lampa no go rabhmair slán sábh-
álta féna sgiatháin. Níor mheasamair riamh go lasfadh sé ar an gcuma
san, ach nuair a chuimhnigheamair air dubhramair linn féin gur mar sin
díreach ba cheart a lasfadh sé. Agus t'réis dúinn cúpla strac-fhéacaint eile
a thúirt air, do samhluigheadh dúinn gur mar sin a cheapamair a bheadh
sé fean na haimsire. Ach isé rud a chuaidh dínn a thuisgint ná conas a cuireadh
an teine isteach 'na leithéid sin do ghloine. D'fhiafraighmair dom' mháthair
é, ach duairt sí linn go bhfeicfimís ar ball conas a dineadh é.
Do sháruig muintir an bhaile a chéile ag mola an lampa, so agus súd
acu 'á rá mar gheall air. Do dhin máthair chríona fhir an tábhairne amach go
raibh sé chomh daingean agus chomh soillseach le réilthíní na bhflathas.
Bhí droch-shúile ag an ngiúistís agus dob é a thuairim go raibh sé go diail
toisg gan aon deatach a bheith as, agus go bhféadfaí é 'chur i lár an halla
gan na fallaí a dhubhachtaint. Duairt m'athair leis gurbh fhíor do, gur
don halla a ceapadh é, ach go ndéanfadh sé aon tseomra eile chomh maith,
agus nár ghanntar do dhuine bheith ag imeacht sall is anall le sguilb mar
go ndéanfadh an t-aon tsolas amháin gach éinne anois dá líonmhaire iad.
Nuair aduairt mo mháthair ná tabharfadh an coinnleoir beag sa teampal
solus ní b'fhearr uaidh, duairt m'athair liom mo leabhar A. B. C. d'aimsiú
agus é 'bhreith liom go dtí an ndoras féachaint an léighfinn ann é. Do dhineas
agus do thosnaigheas ar bheith ag léigheamh- Ar n-Athair. Ach dubhradar
go léir, "Tá san do ghlan-mheabhair ag an ngarsún." Do thug mo mháthair
leabhar iomna isteach im láimh dom ansan agus do thosnaigheas arís:- Le
cois uisge na Babalóine. "Dar fia! iongantas ceart iseadh é!" arsa muintir
na sráide go léir d'aon ghuth.
Duairt m'athair ansan, "Má tá snáthad ag éinne agaibh anois, caitheadh
sé ar an úrlár í agus chífe sibh go bhfaghfar láithreach í."
Bhí snáthad ag leas-inghean an ghiúistís 'na brollach, ach nuair a chaith
sí ar an úrlár í d'imigh sí isteach i sgoilt, agus níor fhéadamair í dh'fháil in
éan-chor- bhí sí chomh beag san.
Nuair a bhí muintir na sráide go léir imithe abhaile seadh tháinig seana-
Pheadar isteach. Do chuir an gealas nea-choitianta sgáth-shúilí ar dtúis
air, ach gan a thuille ceann a thógaint do, do thosnaigh sé ar a chasóig agus
ar a bhróga ceirteacha a bhaint do.
"Cé' rud é sin anáirde ansan atá ag saighneáil i rachtaibh tu 'dhalla?"
ar seisean ar deire nuair a bhí a stocaí crochta ar na frathacha aige.
"Seo anois, tabhair do thuairim," arsa m'athair, agus do shméid sé a
shúil orainn.
"Níl aon tuairim agam," arsa Peadar ag teacht i leith chun an lampa
dho.
"Bé' gurab é coinnleoir an teampail é, b'é?" aisa m'athair ag maga fé.
"Béidir é," arsa Peadar; ach bhí sé fiosrach anois dáiríribh agus do
chimil sé a órdóg don lampa.
"Ní gá dhuit é 'mhéaráil," arsa m'athair; "féach air, ach ná bain leis."
"Tá go maith, tá go maith! ní theastaighean uam aon chuir-isteach
a chuir air!" arsa Peadar agus tormas air, agus do dhrid sé siar go dtí an
suidheachán cois an fhalla ag an ndoras.
Do cheap mo mháthair, ní fuláir, gur mhór an peaca bheith mar sin le
Peadar bocht, mar do chrom sí ar a mhíniú dho nárbh aon choinnleoir team-
pail é, ach rud go nglaotar lampa air, agus gur le híle a lasadh é, agus gurbh
é fé ndeara gan aon ghnó a bheith age daoine feasta do sguilb. Níor chuaidh
an míniú 'na luighe ar Pheadar puinn, d'réir deallraimh, mar do tharaig sé
chuige láithreach an bloc mór adhmaid a thug sé isteach 'on tseomra iné
roime sin, agus do chrom ar bheith 'á sgolta. Duairt m'athair leis ansan
go raibh sé ráite cheana aige nár ghá dho a thuille sgolb a sgolta.
"Ó! níor chuimhnigheas air," arsa Peadar, "ach fanadh sé ansan
mara bhfuil a thuille gnótha dho," agus le linn an méid sin a rá dho, do sháidh
sé a sgian mhór sa bhfalla.
"Fanadh sé ansan ar a shuaimhneas," arsa m'athair, ach aon fhocal
eile níor labhair Peadar.
I gcionn tamail, ba mhaith leis a bhróga a phaisteáil. D'eirigh sé ar a
bhairicíní agus do shín sgolb anuas ósna frathacha, las é, do sháidh i mblúire
adhmaid é, agus do shuidh ar a stóilín le hais an tsoirn. Do chonaiceamair-
na, na leanaí, an méid sin sara bhfeacaidh m'athair é, mar bhí a chúl le Peadar
agus é ag plánáil sámhthaig a thuagha fén lampa. Ní dubhramair éinní,
ámhthach, ach do gháireamair agus do dhineamair cogarnach le chéile,
"Má chíon m'athair é, cad déarfa sé n'fheadar?" Agus nuair a chonaic
sé ar deire é, do tháinig sé agus do sheasaimh os a choinne amach agus a dhá
láimh ar a dhá chromán aige, agus d'fhiafraig do, go mailíseach, cadé an obair
speisialta a bhí sé a dhéanamh ansan nárbh fhuláir solus fé leith a bheith
aige dho féin féin?
"Nílim ach ag paisteáil mo bhróg," arsa Peadar leis.
"B'eadh mhuis'! Ag paisteáil do bhróg? Mara bhféadfair an méid
sin a dhéanamh leis an solus a dhinean an gnó dhomhsa, well, féadfair imeacht,
tu féin is do sgolb, go dtí an dtigh nigheacháin, no laistair do má sé is fearr
leat."
Agus d'imig Peadar. Do chuir sé a bhróga chuige fé pholl a osgail,
do thóg a stóilín i láimh leis agus an sgolb sa láimh eile, agus d'imig amach.
D'éalaigh sé tríd an ndoras isteach 'on halla, agus as an halla amach 'on chlós.
Do bhladhm an sgolb suas amuich sa ghaoith, agus do chaith solus dearg, ar
feadh nóimintín, thar sgioból agus iothlainn agus stábla. Do chonaiceamair-
na an solus tríd an bhfinneoig agus b'ana-dheas go léir linn é. Ach nuair
a chrom Peadar, ag dul isteach doras an tighe nigheacháin do, do thit an
doircheacht ar an gclós arís, agus in inead an sguilb dob é chonaiceamair
ná sgáth an lampa ar ghloine dhorcha na finneoige.
As san amach níor lasadh sgolb sa tseomra mhór arís. Do shoillsig
an lampa go buadhach ósna frathacha, agus tráthnóintí Domhnaig do thagadh
muintir na sráide ag féachaint air agus 'á mhola. Bhí sé ar fuaid an pharóiste
gurbh é ár dtig-na an chéad tig t'réis tighe an mhinistir, gur lasadh lampa.
T'réis sinne a thúirt an tsompla dhóibh do cheannaig an giúistís lampa dho
shaghas ár lampa-na, ach ó nár fhoghluim sé riamh conas é 'lasa ba ghearraid
Dia leis é 'dhíol le fear an tábhairne agus tá sé aige-sean fós. Níor fhéad
muintir bhocht na tuatha lampaí a sholáthar dóibh féin, ámhthach, agus
anois féin is le solus sguilb a dhinid a gcuid oibre oidhcheanta fada an
gheimhridh.
T'réis an lampa bheith tamal againn do tháinig m'athair agus do phlánáil
sé fallaí an tseomra no go rabhdar go geal, sleamhain agus níor dhubhdar
riamh arís go mórmhór nuair a leagadh an seanashorn a bhíodh lán do dhea-
tach agus a cuireadh suas ceann nua go raibh cochal air agus a sgaoilfeadh an
deatach uaidh ón dtaobh amuich.
Do thóg Peadar teinteán nua sa tig nigheacháin do chlocha an tseana-
shoirn agus d'imig na criocair i dteannta na gcloch - ar aon tslí níor cualathas
ag glórthaoil feasta sa tseomra iad. Ba chuma lem athair é ach do mhoth-
aighmís-na anois is arís isna hoidhcheanta fada geimhridh uaigneas éigin
i ndiaidh na sean-aimsire, agus dá bhrí sin is minic a thugadh ár gcosa sinn
síos go dtí an dtigh nigheacháin chun bheith ag éisteacht leis na criocair
agus is ann a bhíodh seana-Pheadar ag caitheamh na dtráthnóintí fada le
solus a sguilb.
Longa Aeir.
Léightear sna sean-sgéalta ar Aonach gCarman a bheith ar bun uair
gur facthas long aeir ag eiteall os cionn an aonaigh, gur thuirling, gur
caitheadh amach ancoire, gur ghreamuigh an t-ancoire sa talamh, agus go
dtáinic triúr fear amach as an luing gur shiubhladar thríd an aonach, gur
bhaineadar lán a súl as gach a raibh ann agus gur eitealladar leo tar éis sin.
Cruthú é sin nach rud an-iongantach ag Gaedheala long aeir 'fheiceál,
gi go ndeacha sí i ndearmad ar ghlúna áiride. Ní fios dom an Gaedhil nó
Gaill a bhí i lucht na luinge úd, agus is dócha go bhfuil sé níos mó ná dhá
mhíle bliain ó conncas í, ar a laghad.
Ó'n lá sin anuas bhíothas ann agus bu é dúil a gcroidhe agus a n-anama
long a bheith aca i gcruth is go ndéanfaoi aithris ar an triúr réamh-ráidhte
agus go bhféadfaoi turais fhada a dhéana in achar gearr. Ní shin le rádh
nach rabhthar ann a bhí i ndon dul de choiscéim thar chnoc is ghleann agus
Éire a thimcheallú in aon lá amháin, ach gur le draoíocht agus geintlíocht
ghnítí e, ar ndó'! Níorbh iad na filí féin ar mhian leo a bheith in a bhfaoil-
leáin i gcruth is go sroichfidís a ngrádh geal, go ndéantaoi fuasgailt ar mhiana
agus ar dhúil a gcroidhe i.e. go dtéightí thar shléibhtí is fhairrgí d'aon tsiota
amháin is go sáróchaí gníomhartha gaile agus gaisge a sean. Nach hiomdha
sin fear bóthair is bealaighe thug a sheacht mallacht do bhun-bhuala, do
léasracha agus do sgalladh ar a dhul de shiubhal cos thar chasáin chorracha
agus árdáin aimhréidheacha ag cur a aisdir dhe? Nach minic mhianfadh sé
bheith ina iolar nó ina ghé fhiadháin lena sgiatháin mhóra leathna ag im-
theacht ar luas ainle sa spéir ghil-ghuirm! Minic dhó ag curis ag cúiteamh
ina intinn féin go cé'n chaoi a mbfhéidir leis an bóthar a ghiorrú thar mar
ghiorruigheadh an Goban Saor in allód é. D'fhoghluim sé le snámh, óir
d'eirigh leis fios 'fhághail go mbu co-thruimeacht a chorp agus uisge beag-
nach, ach níorbh shin é a fhearacht nuair chuir sé roimhe eiteall a dhéana
óir bhí a chorp abfhad Éireann níos truime ná an t-aer. Ach cheana, níor
chaill fear an mhisnigh ariamh é, nó níor dhearmad sé go mb'fhearr stuaim
ná neart go minic agus bhí sé leis ariamh ariamh go bfhuair sé an ceann is
fearr ar an sgéal, gur ionann cnoc is gleann do anois agus go bhfuil an domhan
uile ina chlár chothrom cho-réidh aige.
Adeirtear gur sháruigh an fhoighid an chinneamhaint, agus sin é a
fhearacht ag an duine é. Bhí lá de'n tsaoghal agus ní raibh teine ná téagar
aige: anois atá gual is aibhléis aige le é féin a théith'. Ní raibh fata ná
meacan aige tráth: chuir sé, lánuigh sé agus d'fheistigh sé go raibh biadh
so-chaithe so-leáighte aige. Bhí tráth ann agus b'éigean dó a ghath is a
bhogha a bheith leis le torc nó fiadh a mharbhú dhá dteastuigheadh uaidh:
níl call dó sin a dhéana anois. Fágtar an grísgín glan-ullmhuithe ar a mhéis
aige le n-ithe má sé a mhian é.
Ar a fhoighid féin, agus ar a stuaim, a bhuidheachas sin. Bhí sé go
síorruidhe ag ól as tobar an fheasa agus ag cur ina cheann, i riocht is go bhfuil
bláth agus slacht ar a shaothar agus an sean-saoghal in éad leis. Mo chuach
é! Fásfa síolta an bhlátha sin go fóill agus is iomdha sin duine a gcuirfe
a gcumhracht aoibhneas air.
Sean-fhocal é gur fearr an troid ná an t-uaigneas. Troid is bruighean
a ghein a lán de ghléasa athchumaireacha a mbaineann an cine daonna an-
leas agus rí-shoighlíos asta. Ná ceaptar gur mian linn go mbéadh an saoghal
ina choga dhearg i gcomhnuí, óir bu geal linn máthair an ghuir 'fheiceál fá'n
bhfód. Ach sí ghein uirlís chogaidh agus chuir ar liagha agus ar dhochtúirí
leigheasanna ar leith a dhéana le haghaidh cneadhacha agus aicídeacha ar
leith i gcruth is gur iongantach mar atá ealadhain leighis ag tiacht chun
cinn.
'Réir mar thigeas rud nua ar an saoghal déantar iongantas mór dhe go
mbaineann a chleachta dhínn é, ach is fada an lá fós go maoluightear ár
n-iongantas fá longa aeir, de bhrí nach bhfuilid ach "i dtús a n-óige agus
a maitheasa."
Marach an coga mór ní eireóch' leis an long aeir a bheith cho so-thiom-
áinte so-láimhsithe is atá fá láthair. Sé an coga a chuir náisiúin agus tíortha
ag coimhlinnt le chéile, agus a shaothruigh inchinn agus intinn an duine cho
maith sin gur ghéaruigheadar sa tsiubhal ag iarraidh a chéile a sgotha agus
cinn níos fearr ná a chéile a bheith aca.
Leis na cianta bhíothas ag beartú is ag cumadh is ag féachaint le eiteall
thríd an aer gur eirigh le beirt Phunncán darbh ainm Wright- cá bhfios dúinn
nach dhe bhunadh Gaedhealach iad agus go mbu dual dóibh a bheith in a
Saoir, sgiatháin a dhéana a choinnigh san aer iad, agus a inneal a chur i dtoll
a chéile sáthach éadtrom ach sáthach láidir le'n a long a thiomáint. Ar an
17adh lá déag dhe mhí na Nodlag, 1903- is gearr an t-achar ó shoin é- seadh
thógadar a seolta ar dtús, agus tháinic leo fanacht os cionn talmhan dhá ala
déag. Taoibh istigh dhe bhliain chuireadar caoi is feisteas níos fearr uirri
i gcruth is go rabhadar i ndon fanacht níos fuide ná sin arís agus í a chasadh,
agus i gceann bliana eile bhíodar i ndon leath uair a chluig a chaitheamh ag
eiteall ar a sáimhín sógha dhóibh féin.
Is iomdha sin múnlú atá ar dhéanamh na long ó shoin; gi go bhfuilid
thríd is thríd ar an déanamh céadna- ar nós fáinleóige agus atáid chó mór
sin go n-iomcruighid 30 fear is tuille maille le gunnaí is púdar.
Bu sa gcoga idir na hEadáiligh agus na Turcaigh i 1911 rinneadh úsáid
díobh ag troid ar dtús. Siad na hEadáiligh a bhain an soighlíos sin asta agus
bu mhór an chongnamh thugadar dhóibh, agus ar a fheiceál sin do na réigiúin
thosuigheadar féin ag déana aithris orra agus ghá ndéanamh.
Bhí 66,000 fear ag Sasanaigh ina n-éadan aimsear an chogaidh agus
bhí an méid sin i ndon 41,000 a dhéana in aghaidh na bliana. Thógfadh sé
4,000 uair ceann de na longa sin d'fheicimís le cúpla bliain ag dul thart a
dhéana, ionann's a rádh 80 fear ag obair 50 uair in aghaidh na seachtaine.
Dhá bhliain ó shoin chuir Seanad an Oileáin Úir 690,000,000 dalur i leath-
taoibh le longa aeir a dhéana agus ní fios cé mhéad chaith Gearmánaigh,
Franncaigh agus náisiúin eile orra le blianta anuas.
Déantar an conablach dhe thais-chruadhach nó dhe ghiúmhsaigh agus
atá an meadhchan céadna dhe ghiúmhsaigh trí h-uaire níos láidre ná an
cruadhach. Dhe lín-éadach déantar na sgiatháin, agus is fearr abhfad é
ná cadás ná síoda, ach é dhathú le ola líomhtha.
Le linn an chogaidh bhí cheithre cineál long-aeir ann (I) long fhaire,
(2) long sgaoilte sliogán, (3) long le bheith san áirdeall ar ghunnaí móra,
(4) long throda.
Ní mór don luing fhaire a bheith i ndon turais fhada a dhéana agus iad
a dhéana ar luathas ina cheann sin. Iomchruighid a lán ola, gléas leis an
námha a ghrianghrafadh, gunnaí le iad féin a chosaint agus leis an námha
a chlaoidheadh, agus gléas chun aer-theachtaireacht a éisteacht agus a
fhreagairt. Na sgiatháin a bhíos orra-siod, 43 troigh' ar leithead a bhíos
ionnta agus ó 80 go 150 neart-chapall sna hinnill a thiomáineas iad.
Na longa chun sliogán a chaitheamh atá orra a bheith trom láidir ach
ní gábhadh dhóibh a bheith chó sgiobtha leis na longa faire. San oidhche
is mó bhíos siad-san ag eiteall agus bíonn cinn bheaga mheara ghá dtíodh-
lacan le'n a gcosaint. Bíonn ualaighe móra sliogán leo agus atá neart 200
capall ina gcuid-sean inneall. Ní féidir leo talamh a bhualadh go bhfalmh-
uightear gach a bhfuil de shliogáin ionnta; óir dhá mbuailidís talamh leo,
phléasgfadh feidhm na teangmhachtála iad agus déanfaoi míle píosaí dhe
na longa.
Na cinn fhaireas na gunnaí móra tugaid fá deara cá dtuiteann na sliogáin
sgaoiltear ó ghunnaí móra a n-airm féin. Caithfe siad-san a bheith an-
éadtrom agus an-seasta i riocht is go dtig leo árdú go poinnte ar bith is mian
leis an eiteallóir, 30 troigh atá ar leithead a sgiathan-san agus an-chumhacht
ina gcuid inneall. Ní fuláir do na longa troda a bheith éadtrom aerach sa
gcaoi go dtig leis an tiomáinidhe árdú is ísliú gan stróbh nuair cuirtear air,
óir muna bhfuighe seisean deis a námha a aimsiú, aimseocha' a námha eisean.
Is cuimhneach le lucht léighte leabhar gur sgríobh Tennyson fá lá níos
fuide anonn ná indiu nuair bhéadh an spéar breac ballach le cabhlaigh aeir
ag timcheallú an domhain lena lochta, idir dhaoiní is earraí-
"Saw the heavens fill with commerce, argosies of magic sails,
Pilots of the purple twilight, dropping down with costly bales."
Atá an saoghal sin amach romhainn. Ní bheidh an domhan ina chíor-
thuaifeal i gcomhnuí. Ní bheidh sé ina choga i dólámh, agus beidh ar lucht
eitill déana as a ngustal féin. Cuirfear ceardchain mhóra ar bun i ngach
tír sa domhan agus beidh siad sin ag coimhlinnt le chéile ag iarraidh iad féin
a shárú le go mbeidh na longa is mó agus is seasta agus is sgiobtha aca. Níl
sé mí ó shoin ó adubhairt innleoir darbh ainm Mac Lochlainn, atá ina chomhnuí
i Nua Eabhroc gur gearr go ndéana sé féin ceann a iomchróchas 1,000 duine
ón Oileán Úr go dtí an tír seo taoibh istigh dhe dhá lá. Beidh a long-san 800
troigh ar fad agus 200 troigh ar leithead. Beidh foirne lapán le'na bhfoirne
inneall ann agus má bhriseann lapán féin ní misde an long sin, mar cuirfear
chun cinn í le cumhacht na gcodach eile. Dhe'n mhianach ar a dtugtar
aluminium 'seadh déanfar na lapáin sin agus daingneochar taoibh istigh iad
ar mhodh is dá ndéantaoi criathar féin díobh le urchair nach ndéanfaoi dochar
ná díobháil fiú trácht air don luing. Beidh 40 aca i luing 800 troigh, agus
an oiread eile inneall. Beidh áit chodlata agus sgíthe aca seo a bhéas ar
bord, má's inchreidte a sgéal-san.
Dar leis an Lochlannach go gcuirfe an long seo aige deire go deo le coga
is ár. Dhá mbéadh deich gcinn aca ann agus cúig chéad de na gunnaí prea-
bacha úd i ngach aon cheann aca gheobhfaí an ceann is fearr ar arm ar bith
dhá mhíle buidheachas. Cuir i gcás go mbéadh 100,000 fear san arm sin
maodhmfaoí orra i gceann cúig móiméad, agus ní shin amháin ach d'fhéad-
faoi dul ar a chúlaí agus a chuid lóin cogaidh agus a lucht chonganta a mhil-
leadh agus a bhasgadh, gan trácht ar an mbriseadh-theastas déanfaoi ar
bhóithrí iarainn agus ar bhóithrí nach hiad. Maidir le oll-longa fhairige níor
bhfiú a leitheidí a bheith ann feasta; óir fearfaoi ceathanna sliogán orra agus
déanfaoi cipíní díobh ar an dá luathas.
Ach ní le fán is seachrán a chur ar dhaoiní déanfar na longa móra meaidhte
seo; ach le muinntir na Cruinne a chur in aithne dhá chéile agus earraí agus
déantúis 'iomchar agus a mhalartú abhfus is thall.
Adeirtear gur "ar sgáth a chéile mhaireann na daoine." Cébí cé bhéas
beo go ceann fiche bliain eile chífe sé athruithe móra ar an saoghal. Beidh
fuadar annseo in Éirinn. Fearacht tighe leath bealaigh beidh tarraingt is
glaodhach ann. Beidh aghaidh na Cruinne orainn, óir iad seo a bhéas ag
eiteall ó thaoibh taoibh an domhain, beidh orra sgíth a leigean. Annseo
caithfear an sgíth sin a dhéana. Beidh díol is ceannacht eatorra agus chuile
dhuine- bíodh sé Gaedhealach nó gallda,- ag iarraidh déanamh as chó maith
agus is féidir leis. Beidh a shliocht ar Éirinn, beidh sí dubh le daoiní. Beidh
uirrí na daoiní sin a chothu. Beidh orainn-ne an bheatha sin a sholáthar.
Teastocha' biadh, deoch, éadach, bróga, hataí, gluaisteáin, rothair, longa
aeir, longa fhairrge, páipéir nuaíochta, taidhbhdhearc, ceol, rinnce, pictiúirí,
tighthe, trosgáin, dligheadóirí, dochtúirí, innleoirí, táilliúirí, gréasaithe,
fiaclóirí agus rudaí agus daoiní nach hiad uatha siúd agus uainn féin. Atá
saoghal maith, saoghal iongantach, soaghal na bfhuigheall amach romhainn,
agus níl ann ach cladhaire adéarfadh a mhalairt.
PÁRAIC Ó DOMHNALLÁIN.
Venerunt, Viderunt, vicerunt.
Ó Riain 's Ó Duinn 's an Breatnach
A tháinig san talamh, so Fáil,
Nára dhóibh badh chúrsa in' aistear-
Agus Amen, O a Athair na ngrás.
Ó Riain 's Ó Duinn 's an Breatnach
Do chonnaic ag gallaibh ár mbrúdh;
Fuinneamh n-a dtagra, misneach n-a gcroidhe-
Agus Amen, a Rí na ndúl.
Ó Riain 's Ó Duinn 's an Breatnach
Do bhuaidh ár dtaitneamh-na uainn;
Aiseag a cirt ar Inis na bhfian-
Is Amen, a Dhia na mbuadh.
Torna.
Ar an mbóthar Uisce.
"Cá rabhais le déidheanaí?" arsa mise lem charaid Seosamh Ó Máille,
nuair do casadh orm i Sráid Grafton an lá fé dheire é. "Bhí an
Brianach ag cur do thuaraisce sa ranng indiu"- san ranng chéadna san Oll-
scoil don bheirt againn- " agus do cheap a lán againn gurbh'é an Flu a bhí
ort."
"Ní hamhlaidh a bhí," ar seisean, "ach do bhí eachtra agam ó chonnac
tu gur deacair dom féin é 'chreideamhaint cé go bhfeaca lem shúilibh cinn
féin é gan trácht ar dhaoinibh eile."
"Well, tá leath-uair an chluig saor againn, agus tá sé chomh maith agat
teacht isteach i bhFaithche Stiabhna anso, agus é 'innsint dom. Tá's agat
ná beidh sos ná suaimhneas agat go dtí go mbead-sa páirteach sa scéal, pé
rud é."
Do shiubhlamair isteach sa pháirc agus seo an scéal d'innis mo chara
dhom an lá úd agus sinn 'nár suidhe ar dhá chathaoir iarainn ar bhruach an
locha mar a raibh na lachain ag troid eatortha féin i dtaobh an bhrúscair
aráin a bhí scata gearchailí a chaitheamh chúcha.
"Bhí lá saoire againn Dé Luain, mar is eol duit," ar seisean, "agus do
cheapas nárbh' fhearr rud a dhéanfainn ná imtheacht as an gcathair ar fad
ar feadh an deire seachtmhaine. Bhíos beagáinín cortha tar éis na hoibre
cruadha a bhí á dhéanamh agam le tamall,"- tá an scrúdú chughainn. "Ní
raibh a fhios agam cá raghainn, ámh, nuair casadh orm seanduine 'om dhú-
thaig féin atá ag obair ar an mbóthar uisce. D'fhiafraigh sé dhíom an rabhas
riamh ar éin-cheann des na bádaibh úd. Ní rabhas, agus ba mhór an t-áthas
a bhí orm nuair thug sé cuire dhom turus beag a thabhairt 'na theanta deire
na seachtmhaine. Dubhairt sé liom bheith 'na choinnibh ag Droichead na
Crossguns timcheall a dó a chlog Dé Sathairn, agus do gheall sé dhom go
mbeinn thar nais sa chathair in am i gcóir leictiúra an Bhrianaig ar maidin
indiu.
Níl baoghal ná go rabhas ag an Droichead in am-tráth Dé Sathairn,
ach bhí sé beagnách a trí a chlog nuair a chonnac an bád ag teacht fén droi-
chead agus mo sheana-chara á stiúrú. Do chonnac í ag dul síos síos do réir
mar a bhí an t-uisce á dhisciú fúithe, agus í ag teacht aníos arís nuair a bhí
sí idir na geataí déidheanacha. Bhí na leanbhaí ag rith treasna uirthe ón
bport den bhóthar uisge ar a rabhas im sheasamh go 'dtí an port eile, agus
do bhain sé a dhícheal de sheana-Phádraig an ruaig do chur ortha sar a
ndeaghaidh an bád trí sna geataí déidheanacha. Bhíos féin ar bórd ansan,
agus tar éis siubhail dom ó cheann ceann an bháid do shuidheas ar bhosca
agus d'fhéachas im thimcheall. Ní mór a bhí le feicsint, ámh. Ar mo
láimh chlé bhí an bóthar iarainn, agus ar an láimh dheis, do bhí fallaí idir
sinn agus pé áilneacht a bhí ar an dúthaigh. Nuair a bhí stad na traenach
ag Liffey Junction taobh thiar dinn, do tháinig athrú ar an scéal. D'imthigh
na scamaill a bhí ar an spéir go dtí san agus do tháinig an ghrian amach. Bhí
an t-uisce chomh lonnrach san ná féadfá féachaint air acht ar feadh tam-
aillín ghairid, agus do bhí mar a bheadh púicín, no ceo teasa, idir sinn agus
an domhan, i dtreo is go raibh gach aon rud idir cnuic agus crainn agus
tighte ag bogadh agus ag luascadh os comhair ár súl. Ní raibh puth gaoithe
ann, agus bhí na ba ins na páircibh ar gach taobh dínn ar nós beithíoch
marbh. Bhí an féar go húr-ghlas san áit ná raibh an caisearbhán ná an nóinín
á ghealú, agus do bhí bláth na sceiche mar shneachta ar na fálaibh.
Ní raibh fuaim le cloisint ó fhágamair stad na traenach 'nár ndiaidh
ach cronán beiche no dhó os ar gcionn, no fo-scread faoileán ó am go ham.
Uair amháin, sar a rabhamair chomh fada le Baile na Fuinnseoige, agus
nuair a bhíomair ag dul trí gheataí a hocht do léim franncach mór amach
as poll sa phort, agus is ar éigin ná deaghaidh an gadhairín beag a bhí ar bord
againn as a mheabhair nuair nár leigeadh do dul 'na dhiaidh. D'fhan sé
ag glamaíl agus ag sceamhaíl ar feadh i bfhad, go dtí go bhfuair sé blúirc de
sheana-bhróig 'sa bhád. Do leig sé air gurabh'é an franncach do bhí aige,
agus isé do bhí ar a shástacht. Do bhí éad agam leis agus an fuinneamh
a bhí ann, an fhaid is bhíos leath-mharbh ag an mbrothal mór. Ní ró-fhada
na dhiaidh sin, ámh, gur tháinig leoithne an tráthnóna, agus d'imthigheamair
níos mire feasta mar do luigh an teas ar an gcapall chomh maith is do luigh
orainn féin.
Nuair do shroiseamair Cluain Saileach, dubhairt seana-Phádraig gurab
ann do chaithfimís an oidhche. Do cheanglamair an bád agus d'imthigh-
eamair linn fé dhéin tighe áirithe mar a raibh aithne mhaith ar Phádraig.
Bhí sé cuibhsach garbh ach ba ró-chuma liom san, mar ní túisce a bhí mo
cheann ar an adhairt ná bhíos im shámh-chodladh. Bhíos cortha tar éis
bheith chomh fada son amuigh fén spéir, agus níor bhraitheas éan-rud go
raibh seana-Phádraig ag glaodhach orm ar maidin 'á rádh liom nárbh fhuláir
dom eirighe dá mb 'áil liom an t-Aifreann d'éisteacht sar a mbeimís ag
gluaiseacht aris. Dubhairt sé liom an lá roimis sin ná raibh sé de nós aca
an Domhnach do chaitheamh ar an uisce, ach go raibh fáth éigin áirithe leis
an taca son. Ní ró-mhaith is cuimhin liom anois cad ba bhun leis, an Domh-
nach son, mar is nuair a bhí sé 'á rádh liom a bhí an gadhairín d'iarraidh é
é féin do chaitheamh san uisce agus do sluigfí trí sna geataí é dá n-eirigheadh
leis sleamhnú uaim isteach.
"Seadh, do ghluaiseamair linn arís tar éis an Aifrinn, agus dá chiúineacht
agus dá bhrothallaí an lá roimis sin ba mheasa go mór an Domhnach. Anois
is arís do chímís buachaill agus cailín ag siubhal i dteanta 'chéile ar phort
an uisce agus eadach an Domhnaigh ortha,- agus dá mbeadh lámh an bhua-
challa timcheall ar a ghrádh geal, "cad é sin don té sin ná baineann san leo?"
Anois is arís, leis, do chloisimís binn-ghuth cluig ag glaodhach na ndaoine
chun Easpairte no ag cur Fáilte an Aingil i gcuimhne dhóibh, ach lasmuich
dhe sin bhí an domhan 'na thost nách mór.
"Bhí an oidhche ag tuitim nuair chuamair trí Chill Coca, mar is bog
mall a thógamair é i rith an lae mar gheall ar an mbrothal. Rud eile dhe,
ní bhíon coinne ag lucht coimeádta na ngeataí le bád a bheith ag dul tríotha
Dé Domhnaigh agus do chuireadh san ana-mhoill orainn go minic. Bhí an
scéal go dona againn ag geata Fearna, mar bhí an fear imthithe ar rinnce
agus ní raibh éinne timcheall a fhéadfadh congnamh a thabhairt dúinn.
Bhíomair tríd sa deire, ámhthach, agus amuigh ar phaiste fada uisce ná raibh
rian duine ná daonnaí le feiscint uaidh, muna mbeadh an saghas ceo deataighe
i bhfad taobh thiar mar a raibh teinteacha na cathrach ag sailiú na spéire.
Thugas fé ndeara an t-imnidhe ag teacht ar sheana-Phádraig. Do bhíodh
sé ag síor-ghlaodhach ar an gcapall 'á bhrostú, agus cé gur chuireas cúpla
ceist chuige níor thug sé freagra orm, agus ní raibh éin-deallramh air gur
chuala sé me. An buachaill óg a bhíodh ag treorú an chapaill ag dul trí
sna geataí dhúinn do b'fhuiriste a fheicsint go raibh rud éigin ag déanamh
buadhartha dho súd leis. Bé an buachaill ba leisceamhla dá bhfeaca riamh é,
cheapas go dtí san, mar do chaitheadh sé gach nóimeat ab fhéidir leis 'na
luighe ar chúpla seana-mhála agus é 'na leath-chodladh go dtí go nglaodhadh
seana-Phádraig air chun breith ar shrian an chapaill. Bhí sé amuich ar an
bport anois, ag feáchaint 'na thimcheall go faiteach, cheapfá, greim aige ar
an srian agus an fhuip dá cur in úsáid aige go maith.
"'Ná cuirfá an slabhra thar do shlinneáin féin agus an bád do tharraingt
i dteannta an chapaill," arsa mise leis, "má thá an deabha go léir ort." Níor
fhreagair sé focal ach do thug sé strac-fhéachaint greanmhar orm a tháinig
isteach im aigne ní ba dhéidheanaí. Um an dtaca so do bhíomair i ngior-
racht do gheata eile agus do thosnuig seana-Phádraig agus an buachaill ag
glaodhach amach in árd a gcinn agus a ngutha d'fhonn is go dtiocfadh fear
an gheata amach gan mhoill. Tháinig leis, agus do cheapas nár mhó an
fonn a bhí orainne dul trí sna geataí ná mar a bhí air-sean sinn a scaoi-
leadh tríotha, agus imtheacht leis isteach 'na thigín féin arís. Do labhair
sé féin agus Pádraig le chéile de ghuth íseal ach do chuala roinntín bheag dá
ndubhradar. "Ar a shon son is uile," arsa fear an gheata, "is dána na daoine
sibh, agus bheith ag cuimhneamh ar dhul tríd..." do chailleas cúpla
focal anso- "ist oidhche Dé Domhnaigh agus an ghealach nua sa spéir." Níor
chuala freagra sheana-Phádraig. D'fhéachas suas agus chonnac go raibh
corán gealaighe díreach ag teacht amach ón áit 'na raibh sí i bhfolach fé
scamallaibh na hoidhche. Níor thuigeas, ámh, cad é an díobháil a fhéadfadh
an ghealach a dhéanamh dúinn. Cheapfainn féin dá mhéid d'á solus a bhéadh
againn gurbh' amhlaidh do b'fhearr é, agus an obair a bhí lámhaibh againn.
"Bhíomair ar an dtaobh thall des na geataíbh nuair a bhí an smaoi-
neamh san ag rith trím' aigne, agus bhíos chum ceiste do chur ar sheana-
Phádraig nuair do chuala an liúireach ag teacht fé nár ndéin. San am
chéadna do thosnuigh an gadhairín ar ghlamaíl go truaighmhéileach, agus
nuair d'fhéachas air do chonnac go raibh an fionna 'na choilg-sheasamh ar
a mhuineál, agus go raibh gach órlach de ag crith. Do labhras leis go muin-
teardha agus do tháinig sé im' aice, agus do ligh sé mo lámh' lena theangain,
ach níor baineadh an scannradh dhe. Anson do thugas fé ndeara ná raibh
éan-ghluaiseacht fén mbád. D'fhéachas ar an gcapall. Bhí seisean ag
crith leis, a cheann san aer aige, na polláirí ag oscailt agus ag dúnadh, agus
sceón 'na shúilibh agus é ag féachaint sa treo 'na raibh ag neartú ar an liúirigh.
Bhí seana-Phádraig ar a dhá ghlúin, a phaidrín 'na láimh aige, agus é ag
guidhe ar a dhícheal. Ní raibh éin-rian ar an mbuachaill ach tá fhios agam
ó shoin gur léim sé isteach ar chúl an bháid chomh luath agus tháinig sé trí
sna geataíbh, agus go ndeaghaidh sé i bhfolach fé sheana-bhrat leathair a
bhí ar an mbád.
"Anson, do chonnac an dá bhád ag teacht fé nár ndéin. Bhí ceann
díobh i ngiorracht cúpla céad slat dúinn nuair chonnac í ar dtúis-tá lúb
ar an mbóthar uisce san áit sin- agus bhí an ceann eile gá leanúint. Ón
tarna bád a bhí an bhéiceach go léir ag teacht agus do cheapas ar dtúis
gurab é rud a bhí ann ná cuid dár bpríosúnaigh ag éalódh agus na píléirí 'na
ndiaidh. Bhíodar suas linn i gceann nóimide, ámh, mar bhí an lucht rámh-
aidheachta ag obair go dian, agus do chonnac gur fear óg dathúil agus bean
óg áluinn a bhí sa chéad bhád agus iad gléasta ar nós ná feictear anois ach
i bpictiúiribh. Bhí fear mór meadhon-aosta 'na sheasamh sa tarna bád
peirbhic dubh air agus éadach dubh, agus a chlaidheamh nochtaithe 'na
láimh aige. "Céad giní óir daoibh," ar seisean, "má bheireann sibh ar an
mbád son," agus do chuir na rámhaithe an oiread fuinnimh san obair gur
tháinig an dá bhád bórd ar bórd nuair bhíodar os ár gcomhair amach. Do léim
an fear dubh ar an gcéad bhád, agus do thug sé fén bhfear óg. Do chaith
an cailín í féin eatortha, ach má chaith ní maitheas a dhein sí ach díobháil,
mar do thárla nár fhéad an fear óg a chlaidheamh féin a tharraingt gan
baoghal di siúd, agus níor mhór an mhoill ar an bhfear dubh í 'chaithéamh
as an slí agus a chlaidheamh do sháith go dornchur i gcroidhe an fhir óig.
"Nuair do chonnaic an cailín an fear óg ag tuitim, do thug sí aon bhéic
uathbhásach amháin- nár leigidh Dia go gcloisead a leithéid choidhche
arís!- agus do léim sí isteach san uisce. Bhí an sruth ag rith go mear fé
dhéin na ngeataí taobh thiar dínn, agus sar a raibh sé i gcumas lucht na mbád
rud do dhéanamh, bhí sí imthithe síos le fánaidh. Dob' uathbhásach an
drioch a tháinig ar an bhfear ndubh. Do léim sé isteach 'na bhád féin agus
do rug sé ar mhaide rámha. Anson do thuig sé nárbh fhéidir í 'leanúint
agus do tháinig an bhuile cheart air. Bhí an claidheamh 'na láimh aige
fós, agus an fhuil ag sileadh dhe, fé mar do tharraíng sé amach as chorp an
fhir óig é. Do bheartaigh sé cúpla uair é, agus anson, sar ar thuig éinne
cad a bhí ceaptha aige, do chas sé isteach 'na chroidhe féin é. Do thuit sé
marbh, agus leis sin, d'imthigh gach éan-rud as mo radharc, idir báid agus
daoine, agus ní raibh le feicsint ar an mbóthar uisce ach ár mbád féin, agus
solas na gealaighe ag taithneamh uirthe.
"Bhí sí ag gluaiseacht léi arís, agus nuair fheachas ar an gcapall agus ar
an ngadhairín ní fheaca éin-rian den scannradh a bhí ortha ó chianaibhín.
Ní raibh fhios agam an ag taidhbhreamh a bhíos, agus níor mhaith liom ceist
do chur chun seana-Phádraig ar eagla gur ag magadh fúm a bheadh sé.
É féin do mhínigh dom é.
"An bhfeacaís éan-rud ó chianaibh? ar seisean nuair bhí turas leath-
uair an chluig idir sinn agus áit an chomhraic.
""Do chonnac," arsa mise, "ach ní thuigim é."
"D'innis sé an scéal dom anson- go raibh cailín óg 'na comhnuí i gcais-
leán áirthe in aice na háite úd fadó- ní bhíon na dátaí ró-chruinn ag seana-
Phádraig choidche- ná raibh athair ná máthair aici ach í fé chúram carad
dá hathair. Gur thug sí féin agus fear óg grádh dá chéile ach ná tabharfaí
cead di é 'phósadh. Gur éaluigheadar le chéile sa deire, gur lean an bhárda
iad agus gur thuit gach aon rud amach fé mar chonnac é an oidhche sin. Nuair
bhíodar go léir marbh, do fuarthas go raíbh gach pingin don spré mhór a bhí
ag an gcailín caillte ag an bhárda agus do tuigeadh anson cad na thaobh nár
mhaith leis maireachtain 'na diaidh. Deireann seana-Phádraig go ndeintear an
dráma, díreach fé mar a chonnacamair é, gach oidche Dhomhnaigh go mbíon
gealach nua sa spéir agus deinean na bádóirí go léir an áit do sheachaint an
t-am son."
D'féach sé orm fé mar bheadh sé ag súil le tuairim éigin uaim, ach ní
dubhart focal.
"Tá sé in am againn dul fé dhéin an leictiúra úd," ar seisean, agus
d'imthigheamair.
MÁIRE NÍ CHINNÉIDE.
Na pictiúirí i sráid Chille Dara.
Má's fear, no bean, nua-phósta thu, mo chomhairle dhuit agus téighir
agus ceannuig leabhar leighis duit féin, 'sé sin leabhar a 'neosaidh
duit conas na taomanna beaga tinnis a thagann ar leanbhaibh do leigheas,
agus gan bheith ag tarraingt an dochtúra ort gan gádh. Agus comhairle
eile uaim duit,- faid atáir sa siopa, ceannuig leabhar eile, leabhar a 'neosaidh
duit conas pictiúirí d'fhéachaint agus do mheas. Mar, ní dóichíde leanbhaí
agat leis an aimsir ná pictiúirí i gcóir na bhfallaí uait láithreach, agus níor
mhiste thu tuisgint bheag éigin agat ionnta fé raghair 'ghá gceannach.
An taisbeánadh pictiúirí atá in árus na seód i Sráid Chille Dara an aimsir
seo, chuirfeadh sé ag machtnamh thu. Adéarfaí leat go bhfuil Éire go mór
chun deiridh in ealadhain na bpictiúirí do dhealbhadh, agus ní móide ná fuil.
Ní hé pictiúirí do dhealbhadh do bhí ag déanamh cúraim do mhuintir na
hÉireann le tamall, agus ní hé atá ag déanamh cúraim dóibh fós féin. "Cíos
don tighearna" do bhí mar phort acu agus níorbh é "maise don tigh," agus
níor múineadh a mhalairt dóibh ins na sgoileannaibh. "B'fhearra dhuit
práta,"- ars an cailín leis an ógánach a bhí 'gá tabhairt amach agus ag tais-
beáint di na radharcanna breágha síos an Abha Mhór, agus- "Dar fiadh!
go raibh an ceart aici,"- arsa athair an ógánaig nuair airigh sé an sgéal,-
"Sin í an bhean do!"
Adéarfaí rud eile leat,- ná raibh aon dúil ag muintir na hÉireann riamh
i bpictiúríbh, ná aon tuisgint acu ionnta. An lá is mó bhí cáil orra i dtaobh
ealadhan, níor dheineadar i bhfuirm pictiúirí ach na láimh-sgríbhinní agus
na hoibreacha cloiche. Níor dhein, mar níor dhein aon dream eile i dtuais-
geart na hEoróipe ach oiread an aimsir sin, agus do bhí cúis leis. Ar na
fallaí is mó deintí pictiúrí do dhealbhadh fadó, agus níor oir, ná ní oireann,
úras aimsire mar atá ins na tíorthaibh seo don obair sin. Ná bíodh eagla
orainn, do thuig na Gaedhil cad is pictiúir ann, agus cad is áilneacht tíre agus
pearsan ann. Ní beag de chomhartha gur thuig, na hainmeacha do bhaist-
eadar ar na háiteannaibh 'na dtimpeall. Doirín na Gréine, An Réidh-
bhuidhe, An Scairt; An Scalp, Magh nEalta,- cá bhfuil an dall ná feicfeadh
iad, ní áirimhim artist?
Ach mo dhearmhad! Táimíd istig in Árus na Seód i Sráid Chille Dara.
Ná bac leis an gclár san agat go fóill: siubhailimís thimpeall agus féachaimís.
Pictiúirí daoine iseadh an chuid is mó acu, ach cé hiad iad? Ní fheadar
tú an eadh? Ní fheadar, ná mise. Saighdiúiri iad go léir, geall leis; - ba
dhóigh leat ná beadh am ag aon saighdiúir suidhe síos chun a phictiúir do
dhealbhadh le déidheannaí. Ach fan! Cé hí eo? Eibhlís ní Mhaol-
agáin mara bhfuil dearmhad orm; agus Caitlín ní Fhloinn lena hais! Maith
an áit a raibh an duine do dhealbhuig iad, agus is maith a dhein sé a chuid
oibre. 'Seadh! seo ceann eile, sagart. D'airigh mé an t-Athair Mícheál
a bheith anso, ach ní féidir gurab é seo é. Má sé, do tógadh óg é sarar tháinig
an sult ins na súilibh aige, ná an greann 'na bhéal. Cadé sin adeirir? Go
mba chóir an pictiúir sin do bheith ins gach tigh in Éirinn le hais pictiúra
an Phápa? Bhainis as mo bhéal é. Isé chuireann buile orm féin, daoine
gur cuma le haoinneach ach a muintir féin ann no as iad, a bpictiúirí croch-
adh in áiteannaíbh mar seo, agus Laochra Éireann i dtúrtaoibh le cártaibh
puist ins na fuinneógaibh chun a gcuimhne chimeád in aigne an phobail.
"Cathain a bheídh bhur ndeire anoir?"- ars an sagart le hEoghan Ruadh
nuair chonnaic sé muintir an oirthir ag teacht go dtí an Aifreann agus iad
déidheannach. "Nuair bheidh ár naghaidh soir, a athair!"- arsa Eoghan,
agus siné deirim-se le muintir Sheana-Shasana in Éirinn -nára fada go bhfeic-
eam a naghaidh soir!
An bhfuil aoinneach eile ann a mbeadh aithne ag Gaedheal orra? Tá,
Muiris Ó Mórdha agus bean Mhic Uaithne, gura fada beo iad. Agus féach
na háiteanna go léir;- is dócha gur mó áit díobh a rabhmair dá bhfuighmís
iad d'aithint. Sin locht ar an té dhealbhuig, arsa tusa, ná fuighmíd iad
d'aithint, ach ní fheadar tú. Béidir nach ón dtaobh céadna leat-sa ná liom-sa
d'fhéachfadh artist ar áit, agus siné é. Cuirimís i gcás an pictiúir seo sa
chúinne, cuirim geall leat gurab é Gleann-dá-Loch é, cé nár fhéach sé mar
sin duit riamh cheana. Feicimís an clár. 'Seadh, cad dubhairt mé leat?
Tá eolas a chéirde ag an artist, má's artist é, agus bíonn a rúin féin aige leis.
Ní chun áit ná chun duine do chur i gcuimhne dhuit dheineann sé pictiúir
den áit ná den duine i gcomhnuidhe, ach chun a innsint duit, agus domh-sa
cad dubhairt an áit, no an duine, leis agus é 'ghá ndealbhadh. An dtuigeann
tú? Bíonn caint ag an shabh, agus ag an bpáirc, agus ag na mbóthar garbh
coireacach chomh maith, ní headh ach níos fearr ná mar bhíonn ag an duine,
an té thuigfeadh. Gnó an artist an chaint sin d'fhoghluim agus do thuisgint,
agus í 'mhúineadh, no í 'chur 'na gcluasaibh don choitiantacht.
Tá tú bodhar agam, an eadh? Tá go maith. Buail timpeall duit
féin agus beir leat a mbeirir. Bí ag eisteacht leis na h-artists ag caint leat,
siné an rud.
DEAGLÁN.
Tuigtear gur deoruithe fáin Pádraig agus Mícheál atá eirighthe a crua-
obair na sgábhuíochta chun slí bheatha a bhaint amach le cleasuíocht is le
lúbaireacht. Ní 'á moladh a bhead, ach ag cur a n-eachtraí síos mar
chúrsaí suilt do léitheóirí na Gaedhilge. Féach an fógra atá breacaithe acu
ar chomhlainn doruis na hoifige atá acu i lár cathrach Liverpool:
Ní beag san de mhíniú ar chúrsaí gnótha na beirte. F.F.
Leigheas don ghrá.
Do buaileadh ar an ndoras. Do leag Pádraig páipéar anuas ar an
"leabhar úrnaighthe" le deithneas agus le discréid, agus do fáiltigh-
eadh roimis an nduine a tháinig isteach. Strac-fhéachaint ó Mhíceál ar an
úrlár 'na bhfeaca sé an cíonádh triuth ag gáirí suas lena bhéal, ach do bhuail
sé a chos air le deithneas agus le discréid, óir nárbh é gairm ghnótha na beirte
deithneas agus discréid a bheithin uachtar ins gachaon rud a dhéanfaidís.
Fear gairid ramhar an fiosruitheóir. Comharthaí saidhbhris air. Cló
na "caereach" air, ach tuigtear gurbh é ba "chaora" ann i bhfriotal na
beirte, ná duine go mbeadh lomra óir air nár dheacair a lomairt. Do thug
an fear cárta dhóibh ar a raibh a ainm agus a sheoladh. Ba ghairid dóibh
ag beannú dá chéile agus do tosnuigheadh ar chúis na fiosrachta, le deithneas
agus le discréid gan amhras.
" Tá rud éigin am buaireamh go dian," arsan fear, " agus ní fheadar go
cruinn an dtiocfadh sé isteach le nbhur ngnóthaí mo chúis a réiteach dom?"
"Tiocfaidh," arsa Mícheál, "siné go díreach a chleachtaimíd anso, an
bhuairt a sgaipeadh, an cam a dhéanamh díreach, an brón a ruaigeadh, na
gáirí a chur ar bhéal na n-ologón, agus na nithe sin a dhéanamh le deithneas
agus le discréid."
" Well," arsan fear, "is sibh atá uaim. Is amhlaidh atá inghean agam
sa bhaile gur mó de cheanndánacht atá aice ná de chéill. An toice! Tá
fonn pósta uirthe, ach pósadh le réice fir gan tréith, gan mhaith, gan bhéas,
gan chreideamh, seadh... an óinseach!... agus é gan mhaoin,
gan airgead, ach amháin suarachas de chúig céad sa mbliain no mar sin.
An cleamhnas a bhriseadh, siné atá uaim. Ní haon mhaith dhomhsa bheith
léi, óir níor thúisge dhom ag cainnt léi, mar mhaithe léi féin, ná siúd chun
na haltórach an bheirt agus iad fé chuing an phósta ar mo theinteán féin am
lom deirig ainneona. Oró a dhaoine chroidhe, réitighidh an cás so dhom
má's féidir in aon chor é."
"Fág fúinne é." arsa Mícheál. "Tá seana-thaithí againn ar an saghas
san oibre. Gnáth-obair lae dhúinn iseadh cleamhnaistí a bhriseadh, agus,
i gcead duit a dhuine uasail, iad a dhéanamh nuair is gá é. Mo chara anso
láimh liom a stiúraighean gnó cleamhnaistí a dhéanamh, ach tagan do ghnó-
sa isteach lem chuid féin den obair. Cad is fiú leat é do ghnó a theacht chun
deigh-chríche?"
"Is fiú liom an dá chéad é," arsan chaora le gach osnadh bróin is buartha,
"ach m'uainín geal bán d'fhanúint slán fé dhia'n tighe agam go fóilín. Seo
dhuit an chéad chéad mar chuid den tuarasdal."
Do bhailigh Mícheál na nótaí chuige féin le linn do Phádraig an admháil
a sgrí.' Ba dhóigh leat ortha gur ghnáth-obair lae dhóibh na céadta do
theacht isteach chútha ar an gcuma so, agus tar éis tamaill, nuair a stealladh
amach na cártaí arís agus nótaí in inead na leath-phinginí 'á gcur ar iompódh
na n-aontaí, ní gan gáire adubhairt Pádraig nár dhóigh leis go sárófaí go
deo an sean-fhocal adeir go mbíon gachaon tosnú lag. Ach revenons nous
á nos moutons, casaimís ar obair na caereach a lomairt. Mícheál do labhair:
"Ní mór dom," ar seisean. "roinnt eolais a bheith agam i dtaobh an
chailín. Bhfuil aon obair lae aice? Mura bhfuil, an nglacfadh sí post ar
thuarasdal maith, ach an post a bheith oirúnach di? Agus cad a oiriúnochadh
dí? Bhfuil aon fhogluim no taithí nea-choitianta aice, abair teanga éigin
a sgrí 'ná fuil ag mórán daoine?"
"Fan," arsan fear. "Chím go bhfuil plean agat don chás. Níl aon
ghnó aice ach caitheamh aimsire, agus mí-chiall a chnuasacht. Ach do
ghlacfadh sí post ar thuarasdal maith... Saoirse na mban tá's agat..
agus ar ádhmharaí an tsaoghail tá teanga an Phórtuingéil go líomhtha aice
idir chainnt agus sgri'... agus cad eile?"
"Well," arsa Mícheál go bog réidh, "chífidh sibh fógra ar an bpáipéar
anocht ag tairisgint phuist do mhnaoi óig go bhfuil teanga an Phórtuingéil
aice. Chúig púint sa tseachtain ar obair ar feadh cheithre uair a chluig sa
ló, agus lá saor gachaon tseachtain. Dein-se pé tathant is féidir leat uirthe
chun go nglacfa sí an post. Tagadh sí anso amáireach. Tosnóchaidh sí
ar an obair an lá 'na dhiadh san, agus beidh deire leis an gcleamhnas i gcionn
seachtaine."
D'imthigh an fear leis abhaile tar éis na míle maith do ghuidhe dhóibh,
agus má bhí sé sásta ní haon áidhbhéil a rádh nách ró-mhí-shásta bhí mo
bheirt.
Tháinig an sprioc-lá, agus ar a deich a chlog bhí an cailín ag obair go
dícheallach in oiflg na beirte ar aistriúchán go teanga an Phórtuingéil. Bhí
na comh-pháirtithe amuich in áit éigin ag cur eagair ar a raibh d'eolas fachta
acu i dtaobh an réice, Edwin Beauchamp Cholmondeley, agus má chuireadar
rainnt éigin leis an bhfírinne sa tuairisg a bhí 'á riaradh acu, cuimhnightear
gur ar mhaithe leis an gcailín é agus lena daid ró-chéasta, agus mar mhaithe
le pocaí folmha na mbocht agus na ndearóil, i.e. Pádraig Ó Hairt agus
Micheál Ó Briain, gníomhaithe iolchoitianta, lucht réitithe gach cúis le
deithneas agus le discreid.
Tháinig an bheirt isteach san oifig. Bhíodar ag cur agus ag cúiteamh,
ag cainnt agus ag díospóireacht, agus gach re seadh acu 'á thabhairt dá
chéile.
"Do chonnac indé é," arsa Mícheál. "Financier mar dheadh! Mála
'na láimh aige. A ainm breacaithe ar an mála ar chuma go n-aithneóchadh
gach éinne ach an dall é. Edwin Beauchamp Cholmondeley. É ag rith
ag dtí an stáisiúin chun traen d'fháil go hAintree i gcóir na ráiseanna.
Financier an eadh! Cuir uait é. Fear geall a chur agus a thógaint ar
chapall, ach... creid uaim-se é... fear a thógfaidh an
bhuachtain ach fear ná díolfaidh an chailliúint. Ní ionntaoibh é, adeirim
leat." Agus a thuille ar an gcuma san.
Agus an cailín úd a bhí ag aistriú ar a dícheall, tháinig crith 'na láimh,
d'imthigh teanga an Phórtuingéil as a ceann, agus do chuir sí cluas uirthe.
Pioc ní dubhairt sí, ach í ag éisteacht le Mícheál ag cáineadh an fhir óig, ag
tromuíocht air go dian agus go nimhneach, agus le Pádraig ag gabháil gach
leath-sgéil ar a shon. "Ní haon mhaitheas duit bheith ró-chruaidh air,"
arsa Pádraig. "Airighim go bhfuil sé luaidhte le cailín éigin go bhfuil carn
airgid agá hathair. Duine deas lághach macánta é Edwin a dhíolfaidh gach
fiacha chomh luath is bheidh sé pósta. Má's amadán é, an grá fé ndear é,
agus ar ndóin do bhíomair féin óg tráth." Agus mar sin de.
Ach ní éistfeadh Mícheál leis. Do mhéadaigh ar a fheirg in aghaidh an
nóimeid. Fé dheire do bhuail sé amach 'á rádh go raibh briste ar an bhfoidhne
aige toisg a chomh-pháirtí bheith chomh baoth, amadántúil is a rádh go mbeadh
sé ag cabhrú le leibide sleamhnánaí de shaghas Edwin Beauchamp Chol-
mondelay, an financier magaidh, an réice gan mhaith ná féadfadh a fhiacha
a dhíol gan spré chailín an mhí-adha!
Nuair a bhí sé imthighthe do chuir Pádraig ceist chun an chailín i dtaobh
an aistriúcháin. Ní bhfuair sé freagra. Níor fhéad an bhé oiread agus
focal a rádh. Do thuit deor óna súil anuas ar an bpáipéar, deor eile 'na
dhiaidh... ach cé chuirfeadh síos ar bhrón agus ar chumha croidhe
cailín óig, agus dia-íomháigh an ghrá briste 'na mhíle blodha os a comhair
amach! Leor dom' peann-sa gur chaith sé tréimhse maith ag gol agus ag
caoineadh, agus ag caoineadh agus ag gol ar ucht Phádraig, an fear deas
séimh cineálta a sheasaimh an fód i gcoinnibh fir na bhfocal gcruadha ar son
... ar son... a hógánaigh... no ar son an té gur ghairid
di... seadh gur dhóbair di pósadh... ach gur osgluigheadh
a súile, a cluasa ba chóra dhí a rádh, ámhthach.
Nuair d'imthigh Pádraig amach as an oifig tar éis tamaill, bhí an bhé
len' ais amhal is dá mba cháirde na mblian bhfada iad, agus má bhí lá saor
aice la'r na bhárach, ní gan comrádaí a chaith sí é, ach i bhfochair Phádraig
na galántachta. Ait an mac an saoghal!
La'r na bhárach ní raibh ach Mícheál san oifig go dtí gur thárla don
chaoire teacht isteach. Áthas an domhain air. An gealgháire in inead na
gruama air le linn do a sgéal d'innsint do Mhícheál.
"Molaim sibh," ar seisean. "Tá an cás réitithe agaibh. Do tháinig
sí chugham aréir, agus tar éis póg no dhó a thabhairt dom, d'innis sí dhom
ná grádhan sí an bodach úd a thuille toisg ar airigh sí anso. Is baoghal liom
go bhfuil libel déanta agaibh, ach ní baoghal díbh óir ní labharfa sí leis an
bhfear óg 'na thaobh, go mórmhór ós rud é gur fíor cuid den tuairisg. Tá
an cleamhnas briste, go raibh míle maith agaibhse. Seo dhuit an céad eile,
a dhuine uasail."
Do thóg Mícheál na nótaí agus do sgríobh admháil. D'fhág an chaora
slán aige go buidheach beannachtach. Ach ní dheaghaidh sé thar doras.
Rud éigin do chonnaic sé do ghreamuigh den talamh é. B'é rud é sin ná a
inghean féin ag teacht isteach chuige i dteannta Phádraig, lámh gach duine acu
i láimh an duine eile agus iad ag gáirí agus ag cogarnaigh le chéile mar a
bheadh beirt ag suiríocht. Nuair a tháinig achainnt chuige d'fhiafraigh an
t-athair de fios fátha na ngeaitsí seo, agus ní méileach chaereach a dhein sé
ach búirth thairibh. Do chuir an cailín a dhá láimh thar muineál a hathar
agus dubhairt:
"Ná bíodh fearg ort, a dhaid," ar sí, "ach ós rud é go bhfuil deire lem
chleamhnas le hEdwin, níor náire dhom mo ghrá do thabhairt don óig-fhear
so. Do bheannacht atá uainn, a dhaid," ar sise.
Féach mo dhuine truagha 'na sheasamh ansan agus é 'á thachtadh féin
leis na focalaibh borba ná tagadh thar beola uaidh. Dá labhradh sé ní fios
cad déarfadh sé, ach dob é "deithneas agus discréid" na beirte do bhuaidh
sa deire. Do chuir Mícheál cogar i gcluais an athar:
"Cleamhnas eile le briseadh," ar seisean, "ar aon chéad púnt amháin!"
Cad d'fhéadfadh mo dhuine bocht a dhéanamh? An amhlaidh a náir-
eochadh sé é féin os comhair a inghine? Ní leogfadh sé dho féin focal a
rádh. D'imthigh sé amach an doras agus d'fhan amuich tamaillín. Nuair
a tháinig sé isteach arís, do thug sé seic le céad púnt do Mhícheál agus nóta
beag ar a raibh na focail seo: "Blackmail é seo, ach bíodh agat a chladhaire!"
Do léigh Mícheál an nóta agus do labhair os árd, "A Phádraig," ar seisean,
"a rógaire díomhaoin, a dhuine gan bhéas, gan deigh-thréith, gan ghrásta,
gan airgead! An amhlaidh atá tú ag tosnú ar na seana-gheáitsí arís, na
mná oga a mhealladh le bladar is le bréig tar éis a bhfuil déanta agat cheana
anso agus in áiteanna eile. Ó seadh, a dhuine gan náire! sgéithfead-sa ar
gach rún do chléibhe mura ndéarfair léi sin ar áit na mbonn nách féidir leat
í 'phósadh. Anois, a rascail! agus ná dein moill ar é 'rádh."
Ach dob í an cailín bocht do labhair. "Abair liom, a ghrá," ar sí,
"nách fíor a chuid bréag súd. Abair liom gan mhoill é."
"Go bhfóiridh Dia orm!" d'fhreagair Pádraig,"is fíor, ach..."
Níor ghá dho a thuille a rádh. Do thuit an cailín i laige ar ucht a hathar,
agus níorbh fhada go raibh an fear agus a inghean ag gluaiseacht abhaile
leo ar mhótar a bhí ag fanúint leis an bhfear.
Do shuidh an bheirt síos. Do tugadh na cártaí amach arís. Do hiom-
puigheadh na haonta agus na cíonádhacha agus na cártaí eile chun an dá
chéad a roinnt eatartha.
"Cogar, a Phádraig," arsa Mícheál, "ní sháruighean aon rud an sean-
fhocal ach sean-fhocal eile. Tosnú maith leath na hoibre, a mhic."
"Fíor 'uit," arsa Pádraig agus d'iompuigh sé an t-aon hart agus do
bhailigh chuige cuid den tuarasdal a bhí gnóthuithe aige.
AN FÁINNEACH FÁIN.
Inse Geimhleach.
A fhir a théidheann siar,
Téidheann mo chroidhe siar leat
Go hInse gorm Geimhleach,
'S an mín-loch le n'ais.
Fraoch corcra cumhra ann,
Eidhneán úr ar fhéar:
Mar sheod ar scailp na gcarraig
Ar crathadh bíonn braon.
Féach cois an locha ann
Ar leath-chrobh bíonn corr:
'S an girrfhiadh cuthail 's a hál bog
Ar fán measc na gcnoc.
Bíonn i gcúm sléibhe ann
Tighthe aoldha tuighe,
An garrdha glas go doras-
Nách ortha bhíonn síoth!
Nuair chím 'na luidhe fúm
Cnuasacht crann is tig,
An deatach gorm ag éirighe,
Léimeann mo chroidhe, a fhir.
A Inse cian Geimhleach
Míle beannacht ort;
An té nár luigh a shúil ort,
Mo thruagh! sé atá bocht.
Séamus Ó hAodha.
An Chasóg Dhearg.
"Bail ó Dhia orraibh anso."
D'fhéach an bhean suas agus chonnaic sí fear 'na sheasamh sa dhoras.
"Tusa bean Phádraig Uí Bhrian?" arsan fear. "Is mé," arsan bhean,
mise Cáit Ní Bhriain."
"Ag lorg Phádraig atáim," arsan stróinséar. "Bhfuil sé anso?"
"Níl," ars' an bhean. "Níl sé sa chathair in aon chor fé láthair. Má
tá aithne mhaith agat air ba cheart go mbeadh fhios agat ná fuighfeá anso
é. Ní fheadar cad tá tagaithe air le déanaighe. Pé tuirse a bhíon air tar
éís oibre an lae ní fhanann sé istigh aon oidhche, ach imtheacht nuair a bhíon
blúirín ithte aige. Ag ól no ag imirt cártaí a bhíon sé is dócha."
"Caithfidh sé bheith anso ist oidhche amáireach, pé'r domhan é," arsan
fear. "Tiocfad arís mar tá gnó ana-thábhachtach agam de. Ná dein
dearmhad air anois. Bíodh Pádraig anso agat ist oidhche amáireach."
Ansan d'imthigh sé.
Bhí Cáit 'na suidhe ar stól cois na teine nuair a bhuail an stróinséar isteach
sa bhotháinín. I lána ar an dtaobh thuaidh de Chorcaigh a bhí an bothán.
Ní raibh ann ach cistin agus seomra codlata. Bhí dréimre sa chistin ag
dul suas go dtí lochta os a cionn. Bhí leanbh 'na bacalainn aici. Tráthnóna
samhraidh ab eadh é. Ar imtheacht don duine úd do thosnuigh sí ag macht-
namh. Chrom sí ar chaint leis an leanbh, naoidhneán ná raibh ábalta ar
aon fhocal do thuisgint.
"Is breagh an saoghal againn é, a Sheáinín," ar sise. "An bheirt
againn anso 'nár n-aonar, gan fhios againn cá bhfuighfimíd an chéad bhéile
eile agus Pádraig ag saighdiúireacht do féin i gCionn tSáile. Saoghal breagh
aige-sean gach samhradh agus orm-sa an bheirt againn do chothú. Caithfidh
mé scilling a thuilleamh in áit éigin amáireach no beidh do chúm gan lón, a
laogh. Dubhairt an Stróinséar go gcaithfeadh Pádraig bheith anso ist oidhche
amáireach; go raibh gnó ana-thábhachtach aige dhe. Ar chualaidh aoinne
riamh a leithéid? Gnó tábhachtach idir lámhaibh ag m'fhear-sa. Ní féidir
leis bheith anso ach go háirithe agus an greim daingean atá ag lucht an
"mhileesha" air."
Do dhíbir sí an Stróinséar as a ceann ansan. Ní raibh Cáit abhfad 'na
codla an oidhche sin nuair a dhúisigh sí. Ní raibh fhios aici cad a dhúisigh
í, ach bhí rud éígin ar a h-aigne. Cad é an rud é in aon chór? 'Seadh bhí
sé aici- teachtaireacht an stróinséara. Gnó tábhachtach adubhairt sé. Ní
raibh aon leigheas air, ní fhéadfadh a fear bheith i gCorcaigh ist oidhche
amáireach. B'in deire an scéil. Do thriail sé an codla 'mhealladh arís ach
theip uirthe cuaird an fhir do chur uaithi. Níor thuit aon néal eile uirthe.
Le breacadh an lae d'eirigh Cáit. Bhí fuadar éigin fúithe. Go moch
ar maidin do ghaibh sí treasna na cathrach; an leanbh 'na bacalainn aici.
D'fhéach pé fir oibre a bhí amuigh uirthe agus í ag gabháil thórsa. Ar
shroisint teora na cathrach di do lean sí an bóthar bán, fada a bhí roimpe
amach. Chonnaic sí an cnoc árd abhfad uaithe. Do bhain sí bárr an
chnuic amach. Bhí an chathair sa ghleann laistiar di. Do thug sí aghaidh
ar an sráidín a bhí ag bun an chnuic. Deoraidhe i dtír iasachta b'eadh Cáit.
Ní raibh sí riamh sa áit seo. Tháinig uaigneas an domhain uirthe. Ba
ghnáthach gleo na sráideanna 'na cluasaibh. Níor thuig sí áilneacht is
ciúineas na tuaithe. Do chuir ceileabhar na n-éan iongradh uirthe. Dar
léi bhí na mílte dhíobh in gach áit. Do chuir géimreach na mbó uathbhás
uirthe.
Ar shroisint an tsráidín di do chonnaic sí crosaire. Níorbh fhois di
ceoca bóthar a gheobhadh sí. Chuaidh sí fé dhéin fir a bhí ag obair i bpáirc.
"Ceoca acu so an bóthar go Cionn tSáile" ar sise leis. "Siúd ó dheas
é, a bhean chóir" ars eisean. "Ach," do lean sé, ag féachaint uirthe, "tá sé
deich míle ón áit seo."
"An fada ón áit seo go Corcaigh?" arsa Cáit.
"Cúig mile," ars' eisean.
Ba dhóbair don mhisneach imtheacht ón gcailín bhocht ar chlos san di.
Nárbh fhada an turus é ón gcathair go dtí an tsráid seo agus gan curtha dhi
aici ach cúig míle? Bhí a dhá oiread san le déanamh aice fós. Ach bean
óg, láidir ab eadh í, agus siúd chun siubhail léi arís.
Do chuaidh an lá i mbrothalaighe agus b'fhada, cruaidh le Cáit an bóthar.
Fé dheire thiar, thall do shrois sí an baile cois na fairrge. Fuair sí an
barraic amach. Ag druidiúint leis an ngeata dhí do chonnaic sí saighdiúir
ag gabháil anonn 's anall agus guna ar a ghualainn aige. Bhí eagla uirthe
dul chuige. Tar éis tamaill do chuaidh.
"Bhfuil fear darbh ainm Pádraig Ó Briain anso agaibh?" ar sise.
"Tá," ars eisean."
"An bhféadfá 'innsint dom cá bhfeicfinn é?" "Fan nóimeat," ars
an saighdiúir, agus do ghlaoidh sé ar shaighdiúir eile a bhí ag gabáil thar
brághaid. "Faigh Pádraig Ó Briain don mhnaoi seo," ars eisean. Tar
éis tamaillin do chonnaic sí an fear chuiche agus an chasóg dhearg air. Pádraíg
a bhí ann.
"In ainm Dé," ars eisean, "cad a thug anso thu? Conas a bhainis an
aít seo amach?". Iongnadh is mó a bhí air. Ní raibh aon fhearg 'na
ghlór. Do thug Cáit san fé ndeara.
"De shiubhal mo chos a thánag," ar sise, "agus má eisteann tú liom
inneosad duit an rud a thug anso mé."
Tar éis a scéil do chlos do chaith sé seal ag machtnamh.
"Do dheinis an rud ceart," ars eisean. "Ní foláir no tá ocras agus
tuirse ort anois. Faigh rud éigin le n-ithe dhuit féin agus ansan buail amach
as an mbaile agus fan liom tamall amach ar an mbóthar."
Do dhein sí rud air agus i gcionn uaire an chluig, no mar sin, do tháinig
saighdiúir árd, díreach 'na treo.
"Bhfuilir ullamh?" ars eisean ag teacht suas léi. "Tá bóthar fada
romhainn."
"'Bhfuarais cead teacht?" ar sise.
Níor leig Pádraig air gur chuala sé í.
"Muna bhfuarais," arsa Cait, "béarfar ort agus cuirfear i bpríosún tu."
"Ná deineadh san aon bhuairt duit," arsa Padraig. "Tá sé chomh
maith againn bheith ag bogadh. Téanam, a chailín."
Do thóg sé an leanbh uaithe agus abhaile leis an mbeirt aca.
II.
Bhí doircheacht na hoidhche ann nuair a bhaineadar an chathair amach.
Bhí sé ag déanamh ar an dó-dhéag nuair a chuadar isteach sa bhotháinín.
Níor leig sé dhi dul a chodla
"Téire anonn go tigh Dhiarmuda Bháin." ars eisean, "agus abair leis
go bhfuil an Stróinséar ag teacht chugham anocht agus gur mhaith liom go
bhfuightheá bheith istigh uaidh. Tuigfidh Diarmuid."
Bhí tigh Dhiarmuda os comhair tíghe Phádraig amach ar an dtaobh eile
den lána. Do chuir Diarmuid fáilte roimpe. Chuaidh sí síos sa tseomra
codlata agus d'fhan fear an tighe cois na teine.
Ní fada a bhí Cáit 'na luighe nuair d'airígh sí fead ghreannmhar. D'á
mhéid tuirse a bhí uirthe d'éirigh sí agus d'fhéach sí amach tré fhuinneóig
an tseomra 'na raibh sí. Chonnaic sí stráice caol de sholas ag teacht amach
trí na dorus féin. Bhí ceann Phádraig i slighe an tsolais. Do leig sé fead as.
Mar a chéile í agus an chéad cheann. Do dhún sé an doras arís. Do chuala
sí coiscéim aníos an lána. Do stad sé os comhair a dorais féin. Do buaileadh
ar an ndoras. Buille greannmhar, leis. Do hoscladh don bhuailteóir agus
chuaidh sé isteach. Tar éis tamaill do chualaidh Cáit fead eile. D'fhreagair
Pádraig arís í. Do dhruid beirt leis an ndoras. Buaileadh sa tslighe chéadna
air. Leigeadh isteach iad. D'fhan sí 'na seasamh ag an bhfuinneóig.
Nách fiosarach a bhí sí um an dtaca só! Tar éis roinnt bheag aimsire do
hoscladh an doras arís. Thug Pádraig strac-fhéachaint síos, suas an lána.
Ansan do labhair sé go híseal le duine éigin istigh.
"Brostuighidh," ars eisean. "Tá gach aon rud go ciúin."
Do shleamhnuigh beirt fhear amach as an gcistin. Bhí beart fé na
ascail ag gach duine aca, rudaí ana-fhada a bhí ins na beartaibh. Ní fheac-
aidh Cáit aon rud mar iad sa tigh riamh. Tháinig Pádraig agus an fear eile
amach 'na dhiaidh sin; beart ag gach duine aca leis. Ní rabhadar chomh
fada leis na beartaibh eile.
D'fhan sí tamall fada mar a raibh sí ach níor fhilleadar na fir. Bhí
sí 'na luighe ar feadh na hoidhche ach níor chodail sí. Ag smaoineadh a bhí
sí. B'in é an gnó tábhachtach do réir deallraimh. Gnó a dheineadar fé
chiúineas na hoidhche agus fé cheilt. Ní foláir no ba dhroch-obair éigin é,
agus é 'dhéanamh mar sin aca. Bhí eagla éigin ortha. Ach ní fearr bheith
ag machtnamh. B'fhéidir go n-inneosadh Pádraig dí ar ball mar gheall
air.
Tímpal a sé a chlog ar maidin do tháinig Pádraig isteach sa tseomra.
"Ní foláir dom bheith ag filleadh go dtí an barraic anois, a Cháit?"
ars eisean.
Do phóg sé an leanbh agus d'fhág slán agá mhnaoi. Níor thrácht sé
ar obair na hoidhche. Níor leig Cáit uirthe go bhfeaca sí aon phioc de.
III.
Nuair a bhí a thréimhse sa "mhileesha" caithte, d'fhill sé abhaile. Do
lean sé dá ghnáth-shaoghal. Ag obair ar na calathaibh a bhíodh sé. Fear
iompair ghuail a bhí ann. Ba chruaidh an obair é, ach bhí págh mór le fáil
nuair a bhíodh an obair ann. Is minic ná beadh aon long ann in aon chor,
agus is mó seachtmhain a chaitheadh Pádraig dearg-dhíomhaoin. Ansan
do bhíodh ar Cháit a cion féin a dhéanamh. Is mó rud a dheineadh sí chun
cúpla scilling a thuilleamh. Uaireannta do dhíoladh sí iasc mór dtimpal na
cathrach; ag dul ó dhoras go doras, ciseán mór ar a drom aici. Uaireannta do
bhíodh sí ag obair ar feadh an lae i dtigh dhuine eile ní ba shaidhbhre ná í
féin. Mar sin do b'fhéidir tigh a choimead os a gcionn agus an t-ocras a
choimeád amach uatha. Bhí Cáit sásta go maith lena saoghal, ach bhí
aon rud amháin ag cur trioblóide uirthe,- Pádraig agus a chuid siubhal-
oidhche.
Tháinig an dubhluachair. Is mó oidhche fhuar, fhliuch a tháinig, ach
pe'ca ag obair no díomhaoin bhíodh Pádraig, bhíodh sé amuigh ist oidche.
Is mó sgala do thug Cáit do, ach níorbh aon mhaith é í bheith leis. Do
bheadh sé chomh déanach an chéad oidhche eile. Oidhche i mí na Márta
bhí sé as baile chomh déanach san go ndeaghaidh sí a chodhla sar a tháinig
sé isteach. Ar dhúiseacht di ar maidin ní raibh tásc ná tuairisc air. Bhí
Cáit bhocht buadhartha go mór. Níor fhill sé i rith an lae. Ní raibh a
fhios aici cad a dhéanfadh sí.
Dhá lá 'na dhiaidh sin bhí sí 'na suidhe ar an dteinteán ag gol go fuigh-
each. Níor chodail sí ó fhág a fear an tigh. Theip uirthe a súile a choimeád
ar oscailt an oidhche seo. Thuit a codla uirthe. Níor bhfios di an fada a
bhí sí mar sin, ach nuair a mhúscail sí cé bheadh 'na shuidhe i gcathaoir cois
an bhúird ach Pádraig. Bhí a dhá láimh sínte amach aige agus a cheann 'na
luighe anuas ortha. Bhí sé 'na throm-chodla. D'fhág Cáit mar sin é.
Bhí am mhairbh na hoidhche ann nuair a dhúisigh sé. Ar dhúíseacht dó
do bhain sé searradli as féin. Bhí sé ar crith. Do dhruid sé anonn go dtí
an teine.
"In ainm an Tighearna! cá rabhais le trí lá? " arsa a bhean.
"Bhíos fén dtuaith, a Cháit," ars eisean.
"Cad a thug ann tu? Cad a bhí agat 'ghá dhéanamh ann. Tá'n tú
salach ó bhun go baitheas, fliuch go croiceann."
"Obair a bhí ann romham, ach níor eirigh leis go ró-mhaith agus bhí
orm filleadh arís." Do thuig a bhean ón gcaint sin nár mhian leis a thuille
eolais a thabhaiit di. Do mhothuigh Pádraig gur thuig sí amhlaidh. Chuir
sé a lámh ar a gualainn.
"A Cháit," ars eisean, "ná tóg orm é, ná bíodh fearg oit. Ba mhór
an obair é. Tá deire leis anois. Tá deire lem' chuid siubhal-oidhche."
Ansan do chroith sé a cheann go mall, brónach. Bhí sé ag machtnamh.
D'fhéach sé ar an leanbh sa chliabhán. Bhí coisin leis árduighthe san aer.
Do rug an t-athair ar an gcoisín. Do gháir an leanbh. Bhí áthas air a
chomrádaí 'fheisgint arís.
"Ní thuigean tusa an scéal fós, a Sheáin," ars eisean, "ach beidh lá eile
ag an bPaorach, le congnamh Dé.
IV.
"Ní sheasochaidh abhfad anois," ars 'an dochtúir le seana-mhnaoi a
bhí cois na leapthan. Ag tagairt do shean-fhear sínte a bhí sé.
Bhí fear eile sa tseomra; fear meadhon-aosta, a bhí ag féachaint tríd
an bhfuinneóig ar gháirdín dheas. Bhí gach rud ar áilneacht ann. Bhí
bláthanna an Earraigh ag fás ann. Bhí na crainn ag cur na nduilleog amach.
Bhí beatha nua roim gach aon luibh is crann ann. Bhí beatha nua roimis
an sean-fhear ar an leabaidh leis- beatha na síoruíochta.
Do dhruid an dochtúir amach ón leabaidh. Chuaidh sé fé dhéin na
fuinneóige. Do labhair sé leis an bhfear; mac don sean-duire é.
"Droch-scéal é sin ó Bhaile-Átha-Chath," ars' eisean.
"An t-Eirghe Amach, an eadh?" ársan fear.
"'Seadh," ars an dochtúir "Bhí breall ortha dul i gcomhrac le muintir
Shasana. Teipfidh ortha."
Ansan do chonnacadar rud a leath a súile ortha. Bhí an sean-fhear
'ghá árdú féin sa leabaidh. Bhí teine ar lasadh 'na sheana-shúilibh.
"Éirghe amach! Teipidh orainn! Cé labhran mar sin?" ars eisean.
Bhí fearg 'na ghlór. Do ghlaoidh sé ar a mhac.
"Suas an dréimre sa chistin leat, a Sheáin. Na gunnaí agus na pící
fén úrlár sa lochta. Faigh iad. Brostuigh Caifhfimid... Caith-
fimíd..."
Thuit sé siar arís. Ní raibh cor as.
Bhí an triúr sa tseomra ag féachaint air. Bhí ciúineas an bháis ann.
Ansan d'airigheadar an crónán ón leabaidh. D'aithnigheadar an ceol agus
bhí fhios aca gurbh iad na focail a bhí in aigne an amhránuidhe ná,
"A's na pící bheith le chéile
Le glan-eirghe na gealaighe."
Bhí an crónán ag dul i laighead is i laighead. Ansan do stad sé. Bhí
sé ar shlighe na fírinne.
DÁITHÍ DIOLÚIN.
Intinn Leanbh.
Ní fheadar an bhfuil éinní le feiscint in Éirinn is taithneamhaí i súilibh
Gaodhal ná lín-tighe Gaodhalach. Ní dóigh liom go bhfuil; agus ní dóigh
liom go bhfuil seód ar bith sa tír is deacra 'aimsiu ná lín-tighe fíor-Ghaodh-
alach. Buidheachas le Dia, agus molaim go hárd iad, tá teaghlaig Ghaodh-
alacha fós againn; ach cá bhfuil an ceann aca atá gan lochd, gan luige
éigin? Nách minic a chímíd nuair a bhíonn fear a' tighe 'na Ghaodhal gan
cháim nách mar sin dá mhnaoi,- gur trí chumann dá fear, trí urraim do,
no trí umhluíocht do a bhíonn sí ag cleachtadh nósa Gaodhal. Is furaiste
aithint uirthe dá mba ag fear eile a bheadh sí pósda ná beadh sí 'na Gaodhal
in ao'chor. Is minic leis nuair a thárluigheann don athair agus don mháthair
an Ghaodhluinn a bheith go líomtha aca ná bíonn ag a gcuid cloinne ach
Gaodhluinn bhriste: ní bhíonn an mianach ins na túismhightheoirí, ní bhíonn
an fhaghairt ionnta, ní bhíonn an comhacht aca do stampálfadh a dtréithe
dúthchais féin ar a sliocht. Ní chomh mall san do chómhachtaíbh eile, do
chomhachtaíbh iasachta,- an scoil no droch-shampla na gcomhursan,-
preabaid siad san isteach, agus stampálaid siad leis an stampa bréagach an
sliocht úd, agus deighlid siad ó Érinn go bráth iad.
Ní mar seo a bhí ins na ceanntaraibh Gaodhalacha fiche blian ó shoin.
Bhí brigh ins na daoinibh, agus bhí na leanbhaí mar ba dhual dóibh bheith.
Dob fhuraiste teaghlach fíor-Ghaodhalach d'fháil an uair sin.
Tímpal an méid sin blianta ó shoin do thárla dhom bheith i mbaile mór
lá aonaig. Bhí feirmeóir ón iarthar, fear óg córach, ann; do chuir lucht
na dlighe droch-ghníomh éigin a deineadh ar an sráid 'na leith. Raghadh
an [chuis docht go leor air mar a mbeadh go raibh sé ar mo chumas fírinne
an sgéil do nochtadh dhóibh, agus a dheimhniú go raibh fear na tuatha nea'-
chíontach. Do leogadh saor é agus bhí a bhuidheachas ormsa aige. Do
mheas sé go raibh sé fé chomaoine mhór agam, agus ná tiocfadh leis an
mhaitheas a dheineas do do chúitiú go deo liom. Do chaitheas a innsint
do cérbh é mé agus cá raibh comhnuí orm. Tadhg a dubhairt sé dob ainm
do féin, agus do chomhnuigh sé i nDoirín na gClas. Faid bhí sé ag caint
bhí greim dlúth ceana aige ar chába mo chasóige, agus ní bhogfadh sé den
ghreim sin gur chuas leis chun aithne a chur ar a mhnaoi, Máire, a bhí i dtig
duine mhuinteardha sa cheann eile den tsráid. B'é críoch an sgéil é gur
chaitheas an tráthnóna 'na dteannta, agus nár leogadar uatha me gur thugas
geallúint dóibh go raghainn dá bhfeicsint go Doirín na gClas an Satharn
bhí chughainn. Sin mar a thosnuigh coidreamh agus caradas eadrainn a
lean an fhaid is fhanas sa cheanntar san.
Mar a dubhart, fear mór teagartha dob eadh Tadhg agus ceann reamhar
feola air. Bhí tuiscint mhaith aige i mbuaibh, i gcapallaibh, i gcuireadóir-
eacht agus ins gach uile ní a bhain lena shlighe bheatha. Ach sin a raibh.
Blúire tuisgiona ní raibh aige in éinní lasmuigh dhe sin. I gcúrsaíbh creidimh
ná politíochta ní raibh ann ach mar a bheadh leanbh. Cé gur dheacair é
'bhogadh, ná é 'chur trí chéile bhí éinní amháin a chorruigheadh go mear
é: dá bhfeiceadh sé leathtrom no leathchumaig a dhéanamh ar dhuine
bhocht, no droch-úsáid ghá thabhairt do bheithíoch, ba dheacair é 'chosc,
ó choimheascar. Gaodhal den tsean-aimsir dob eadh é,- Gaodhal ina chaint,
ina mheon, ina bhéasaibh. Níor thuig sé cad is Galldachas ann. Níor
mhachtnuigh sé riamh air. Ní raibh fonn air bheith 'na Ghall,- ní raibh
dúíl ná iarraig aige ar bheith 'na Ghall,- cuir i gcás, ach chomh beag is bheadh
ag ceann dá bhuaibh bheith 'na capall.
Ní raibh deáramh ar bith agá mhnaoi, Máire leis. Bean dhathúil, faid-
leicneach, súile móra glasa aici, agus a cneas chomh geal le sneachta. Do
léigheadh sí páipéir, do léigheadh sí leabhair; bhí eolas maith ar stair a
tíre aici. Bhí a fhios aici go raibh Galldachas ann; gur thubaisteach an
namhaid dúinn é; go raibh sé ag brúgh isteach orainn; agus bhí sí de shíor
ar a seachaint féin d'iarraig a cuid leanbh do choimeád uaidh.
Bhí ceathrar cloinne aca, beirt chailiní agus beirt bhuachaillí, Nóra
an té ba shine aca. Cailín áluinn, áid-aigeantach, a máthair 'na dei-bheath-
aidh. Bhí sí dosaon blian. Bhí Neillí, an té dob óige, ocht mbliana.
Leanbh fionn feolmhar a bhí ag dul len a hathair. Eatorra san bhí Tomáisín
agus Tádhg óg,- beirt gharsún a bhí teann sláintiúil, agus cuid de thréthibh
a n-athar agus cuid de thréitibh a máthar ins gach éinne aca.
Ba mhór an t-áthas agus an t-aiteas do dhuine bheith ag spórt agus ag
caint leis an gceathrar leanbh san. Bhíodar chomh cliste, chomh mear,
chomh tapaidh sa Ghaodhluinn is dá mbeidís céad blian d'aois. Seo freagra,
focal ar fhocal a thug Tomáisín orm oidhche Shathairin nuair d'fhiafruigheas
de ar chuir gála an lae roime sin eagla air agus é ag teacht ón sgoil. Bhí
gála trom ann.
"Eagla! a Ghruagaig. Ní raibh a leithéid de spórt riamh againn."
"Cad é an spórt a bhí agaibh?"
"Bhíomair ag féachaint ar na crannaibh i gcoill an Tighearna ag troid.
Dob ionnan is athaig iad ag gabháil stealladh ar a chéile."
Ní hiongna gur mhinic ag scoraidheacht i dtig Thaidhg me. Ní raibh
faill agam ar dhul ann ach gach Satharn; agus toisg Doirín na gClas a bheith
deich no dosaon míle uaim ní shroichinn an áit go dtí déis na hoidhche
'thuitim. 'Na thaobh san ní fheacaidh na leanbhaí riamh me ach san oidhche;
agus ós rud é ná raibh aithne san áit sin orm, agus go raibh ainm shuathantais
orm, do shíleadar gur duine greanúr me, agus bhí sórd sgáth ar dtúis ortha
romham. Leis an aimsir, ar a shon san, d'imthig an chúlbhántacht, agus
bhíomair a gcúigear go mór lena chéile, agus go mór agá chéile. Níl oidhche
ná go mbíodh sgéalta no clis ar siubhal againn. Sa deire do thagadh am
dul a chodladh dhóibh, agus ansan do chaitheadh Tadhg agus Máire agus me
féin, agus go minic duine no dhó des na comhursain an chuid is mó den oidhche
tímpal na teine ag seanachuíocht.
Do lean éinní amháin ag déanamh buadhartha don cheathrar, ámh.
Sé sin cadé an bhrigh a bhí lem' ainm, agus go mór-mhór an "tobar." Is
fíor go raibh ainmneacha mar í ina n-áit féin, ach do thuigidís an bhrigh a
bhí leo. Do bhí Seán Rátha ann, Diarmuid an Ghaorthaidh, Tadhg an
Droma, agus a leithéidí. Do bhí aithne ar an Ráth, ar an nGaorthadh agus
agus ar an nDrom aca, ach ní raibh fhios aca cá raibh an Tobar. Chun an
sgéil a dhéanamh ní ba chruadha ortha isé freagra a thugadh a n-athair
ortha Satharn éigin ná tagainn chucha, "go raibh sé i bhfeidhil an tobair,"
no "gur bádhadh sa tobar é." Is 'mó ceist a chuiridís orm i dtaobh an
tobair sin:
"Ca na thaobh go mbinn 'na fheidhil?"
"Cá raghadh sé, no cad imtheochadh air dá dteithinn uaidh?"
"An mar phionós orm a chaithinn é fheidhil?"
"Cad í an choir a dheineas?"
"A' mbinn ceangaílte 'na aice?"
"Cad a bhí ann,- uisge beannuighthe,- fíon,- bainne?"
Do bhíodh "sgéal thairis" i gcomhnuí agam dóibh, agus do dheininn
iad do bhréagadh le cleas no le peictiúir chun go dtéigheadh cuimhne an
tobair as a gceann. Ach tháinig an lá, no an oídhche, sa deire gur theip glan
ar an rógaireacht agam. Chomh luath is do shuidheas cois na teine do
bhailigheadar tímpal orm agus stailc ionnta. Ní raibh meas ar bhréagánaibh
anois; caithfí sa teine iad. Ní tabharfí cluas d'éan sgéal eile ach do sgéal
an tobair. Do chaitheas géilleadh dhóibh. Mar do chuaidh an sgéal chun
cinn 'na dhiadh san is iad féin a bhí ghá innsint, agus mise bhí ag éisteacht.
Níor éisteas le sgéal riamh a thaithn ní b'fhearr liom. Thá súil agam nách
scoirn le leightheóirí an Bhranair sgéalta na leanbh mbocht so do léigheadh;
agus do chomairleóchainn do gach léightheóir go bhfuil páisdí aige féin, no
aici féin, gan bheith sásta go mbeidh Gaodhluinn aca chomh líomhtha is do
bhí ag páisdibh Thaidhg i nDoirín na gClas.
Tomáisín.- Cuir uait do chuid "trics," a Ghruagaig. Ní héan chabhair
duit bheith linn. Ní himreófar cleas, ná ní neosfar sgéal anso anocht
go gcloiseam sgéal an tobair. Thá sé geallta seacht n-uaire dhúinn agat.
Nóra.- B'fhéidir ná fuil cead aige é 'ínnsint dúinn, a Thomáisín. B'fhéidir
gur leis an saoghal eile a bhaineann an tobar céadna. Marab eadh, cá
bhfuíl sé? An bhfeacaidh éinne riamh é? Cad tá ann? Ca na thaobh
go dteastuigheann aire uaidh? Ca na thaobh gur san oidhche bhíonn
an Gruagach amuich? An bhfeacaidh éinne riamh sa ló é?
Gruagach.- Cad is dóigh libh féin?
Tomáisín.- Is dóigh liomsa gur teine atá ann.
Tadhg Óg.- Is dóigh líomsa gur piastaí atá ann.
Neillí.- Féach air sin! A' bhfeacaidh éinne tobar teine ná tobar piastaí
riamh?
Gruagach.- Cad a chuir ag machtnamh mar sin sibh?
Nóra.- Bhíomair ag caint mar seo an oidhche eile sul ar chuamair a choladh.
Is dócha gur dhein sé buairt dúinn, mar bhíomair go léir ag taidhreamh
ort an oidhche sin.
Tadhg Óg - B'in í an oidhche a thug mo mháthair an peictiúir nua chun
Thomáisín.
Gruagach.- Cad é an peictiúir a thug sí chuige?
Tomáisín.-Ó, chonnaicís cheana é: Naomh Pádruig ag díbirt na bpiastaí.
Tadhg Óg.- Tromluighe tháinig ormsa, agus dhúisigheas an chuid eile lem'
sgréachaig.
Nóra.- Taidhreamh breágh a deineadh dómhsa.
Neillí.- 'Seadh agus dómhsa.
Tomáisín.- 'Seadh agus dómhsa leis.
Gruagach.- Mar gheall ar an dtobar?
Iad Uile.- Mar gheall ar an dtobar agus ortsa.
Gruagach.- Innsidh bhúr dtaidhrimhthe dhom ar dtúis, agus mar a bhfuil
siad fíor tabharfad féin cúntas díbh ansan air. Tosnuigse a Thaidhg
Óig.
Tadhg Óg.- Do shamhluigheas go raibh an tobar i bhfad ó bhaile; go raibh
sé in áit uaigneach; ná raibh bóthar ná casán ag teacht chuige ná uaidh.
Do shamhluigheas go raibh cnuic árda ag eirighe suas san aer ar gach
taobh de; agus ná raibh coill ná fraoch ná féar ag fás ortha. Bhí an
tobar 'na pholl dhoimhin idir na cnocaibh, agus pé ní bhí ann ní uísge é.
Bhí balaithe gránda aníos as, agus piastaí fada ag fás thíos ann.
Neillí.- Ó, sin é an peictiúr. Sé an peictiúir a chuir id cheann é.
Tadhg Óg.- Ní fheadar; b'fhéidir gur b'é. Bhí an Gruagach ceangailte, ar
fhaill ar bhruach an phoill, agus dá dtuiteadh codladh air ar feadh éan
nóimit amháin, bheadh sé ar bhior a chinn ameasg na bpiastaí.
Tomáisín.- Níl éan chiall led' thromluighe, a bhuachaill. Dá mbeadh an
Gruagach ceangailte, mar a deireann tú, ar bhruach an tobair, conus
a bheadh sé anso anois againn?
Tadhg Óg.- Fan go fóil is dóigh. Tá aingeal ar neamh, agus tá truagh don
Ghruagach aige. Bhí an t-aingeal 'na leanbh ar an saoghal so fadó,
agus do dhein an Gruagach maitheas éigin do. Dá dhruim sin tagann
an t-aingeal go minic agus cuireann sé ceangal an Ghruagaig air féín;
leogann sé ar siubhal an Gruagach, agus fanann sé os cionn an tobair
go dtagann an Gruagach thar n-ais.
Neillí.- Agus cad tá sa méid sin chun tú 'chur ag sgréachaig? Ná cloisfí
thíos ag bun an bhaile an bhéiceach a bhí agat?
Tadhg Óg.- Nuair a bhéiceas bhí an t-aingeal i bhfad gan teacht ag uaníocht
ar an nGruaghach. Ní fheadar ca na thaobh. B'fhéidir gur dhein
an Gruagach rud éigin as an slighe a chuir amuigh leis é; no b'fhéidir
ná fuair sé cao ar theacht, no b'fheidir nár leogadh amach é chun teacht.
Pé rud a chimeád é níor tháinig sé, agus bhí an Gruagach ag míogarnaig
ar an bhfaill, agus na piastaí gránda ag snámh agus ag snámh sa pholl,
agus an balaithe gránda ag teacht aníos as.
Neillí.- Agus cad a bhí sa pholl? Níor innsis é sin fós dúinn. Deireann tú
nách uisge bhí ann.
Tadhg Óg.- Ní fheadar i gceart cad a bhí ann, b'fhéidir gur praiseach éigin
bhuidhe-dhearg a bhí ann. B'fhéidir gur piastaí go léir a bhí ann, ag
casadh agus ag casadh ar a chéile mar a bhíonn iasg sa bhfarraige,-
piastaí granda, salacha, buidhe-dhearga.
Pé sgéal é bhí an Gruagach ag míogarnaig thuas ar an bhfaill, agus
bhí truagh mo chroidhe agam do. Sa deire do chorruig na piastaí
níosa mhó, do thuit an Gruagnach anuas ar bhior a chinn chúcha, agus
siúd 'na thár iad chun é 'stolladh as a chéile. Ansan do bhéiceas agus
do dhúísígheas sibhse.
Tomáisín.- Agus do loitis mo thaidhreamh breagh ormsa.
Gruagach.- Cadé an taidhreamh a loit sé ort?
Tomáisín.- Fan go n-innsead duit ar dtúis cad do chuir im cheann é: An
lá roimis an dtaidhreamh do thug mo dhaid sa trucail leis go dtí an
Crosbhóthar me, agus do chuamair isteach go ceártain an ghabha. Ní
fheaca gabha ná ceárta gabha riamh roime sin. Sé rud a chonnac ann ná
tobar teine agus gasra fear 'na seasamh tímpall air. Bhíodar ag gáirí, agus
ag caint mar gheall ar an sean-aimsir, agus gunaí agus pící ar siubhal
aca. Níor chuireas éan tsuim ionnta, mar bhíos ag faire ar an ngabha,
chomh maith is d'fhéadas é idir chosa na bhfear. Bhí bruain leathair
air, agus bior fada iarainn ina láimh agus é ag corrú na teine sa tobar
leis. Uaireanta eile do théidheadh ag déanamh gnótha éigin sa cheár-
tain, ach ba gheárr go bhfilleadh sé ar an dtobar arís. Sa deire do rith
sé chun na teine agus ursal fhada aige. Do sháidh sé síos sa tobar í,
agus do tharraig sé amach,- Cad is dóigh libh? sleán nua agus é ar dhath
an óir! Is dócha go dtáinig eagla ar na fearaibh, mar do dhruideadar
go léir ar gcúl go tapaidh, ach im thaobh féin nuair a chonnac an mhíor-
bhúilt sin, do theitheas lem' anam ar fad.
Nuair a bhíomair ag teacht abhaile um thráthnóna d'innseas dom'
athair é, ach is amhlaidh a gháir sé, agus do chuir sé a lámh i gcliabhán
a bhí sa trucail againn, agus do tharraig sé amach as sleán nua a bhí ar
dhath an airgid.
"Sin é an sleán céadna, a Thomáisín," ar sé, "agus bainfead-sa an
mhóin leis."
Dob fhíor do, do bhain sé an mhóin leis, agus bead-sa gus an
t-asal óg-
Gruagach.- Tá'n tú ag dearmhad an taidhrimh.
Tadhg Óg.- Táim ag teacht chuige díreach. An oidhche chéadna 'seadh
deineadh an taidhreamh dom. Bhí an tobar ann mar a bhí tobar
an ghabha, ach bhí sé céad uair níos mó. Bhí an Gruagach ann
ag tabhairt aire dho, agus bruam leathair air mar a bhí ar an ngabha;
agus gual agus salachar go dtí an dá chluais air mar a bhí ar an ngabha;
agus bior iarainn ina láimh mar a bhí 'gen ngabha ach go raibh bior an
Ghruagaíg chomh fada le slat iasgaig.
Bhí sluagh fear idir me agus bruach an tobair nuair a thosnuig an
Gruagach ar na rudaí breághtha do tharrac as. Thógadh na fir uaidh
iad, agus rithidís chun na coille leo. Bhíos ag druidim le béal an tobair
i gcomhnuí, agus ba ghearr go bhfaghainn ceann, ach mar ba mhí-
ádhmharaí ar domhan é, do sgread Tomáisín ar an nóimeat san. Do
dhúisigheas, agus do chailleas mo rud breágh go bráth.
Neillí.- Agus cad a chaillis?
Tadhg Óg.- Ní fheadar i gceart, ach is dóigh liom gur sleagh agus sgiath
óir mar a bhí ag Cú Chulainn ag cosaint an Átha.
Neillí.- Nár bh'é an chreach é! Níor chailleas-sa éinní mar sin. Do shamh-
luigheas ná raibh sa tobar ach tobar,- tobar mar Lochán na nGéana, ach
go raibh uisge glan ann. Uisge salach atá i Lochán na nGéana, agus
bíonn sé tirim uaireanta. Bíonn Tadhg Óg agus mise ag iascach go
minic ann, ach níor rugamair ar bhreac riamh ann, mar níl na bric ann
chuige. Do shamhluigheas go raibh tobar an Ghruagaig lán de bhreac-
aibh, agus go raibh saoghal breágh aige ann ag breith ortha. Bhí sé
ag iascach ann nuair a chonnac é; ach nuair a léim ceann tiom geal
as an uisge chun breith ar an ndubhán, do sgread Tadhg Óg, agus do
dhúisigheas. A Ghruagaig, caithfir mise do thabhairt leat chun an
tobair lá éigin go bhfeicead ag iasgach arís tu, agus caithfir dhá bhreac
gheala do thabhairt dom,- ceann dom fhéin, agus ceann le tabhairt do
Thadhg Óg.
Gruagach.- Thá go maith a Neillí. Cailín ciallmhar is eadh tusa. Anois,
a Nóra, cá bhfuil do thaidhreamh-sa?
Nóra.- Thá eagla orm ná féadfad é 'innsint go maith; agus bhí sé chomh
háluinn sin gur mór an truagh é 'lot.
Uisge, mar a shamhluig Neillí, is eadh do shamhluigheas a bhí sa
tobar,- uisge breágh glan. Ach bhí sé chomh leathan le loch, agus
bhí an ghrian ag taithneamh air. Ar uairibh do thagadh scáil na sgamall
os a chionn, ach ba ghearr go nglanadh an spéir arís. Bhí coirníní
geala lil an uisge anso agus ansúd air, agus bhí bláthana ar a bhruach,
agus coill chluthar ina thímpal. Ní fheaca breac ná iasg ann. 'Sé rud a
bhí 'na n-ionad ann ná lán an locha d'éininibh óga ag snámh anonn is
anall. Ní fheacathas gearrcach éin riamh ná raibh ann. Níl ar an
saoghal rudaí ba dheise ná iad, rudaí ba laige ná iad, rudaí gur mhó
go mbeadh truagh ag duine dhóibh ná iad. Bhí an Gruagach ag síor-
shiubhal tímpal an locha, agus árus de bhiadh dos na gearrcachaibh aige.
Bhí cuid aca fiadhain, agus ní thagaidís chuige; bhí tuille 'ca ceann-
dána, agus ní ghlacaidís an biadh uaidh. Dob fhearr leo bás den ocras
d'fháil ar an uisge, agus is minic d'fhaghdís. An chuid ís mó aca ámh,
do shnámhdís 'na choinnibh agus do phiocaidís an biadh as a láimh.
Do tháinig tormad agam leis,- formad mo chroidhe. Do shíleas ná
raibh sa domhan obair dob fhearr liom ná bheith ag tabhairt bídh dos
na héanaibh beaga gleóite úd.
Do leath scáil an sgamaill, mar a mheasas, os cionn an locha arís.
D'fhéachas suas, agus do chonnac nách sgamall a bhí ann, ach go raibh
an spéir lán d'éanaibh móra gránda, agus crúcaí cama géara ortha.
D'fhéachas fé dhéin an Ghruagaig, mar bhí súil agam go raibh gunna
aige, agus go gcuirfeadh sé an ruagairt ar na droch-éanaibh: ach ís
amhlaidh a bhí an Gruagach ag féachaint taobh thiar de ar chrann bhreágh
a bhí sa choill. Níor chuir sé éan tsuim ins na fealltóiribh thuas. Leis
sin do sgeinn ceann aca anuas, agus do sguab sé leis éinín bocht ina
chrúcaibh géara. Do sgreadas go hairthinneach ar an nGruagach, ach
níor thug sé éan toradh orm. Níor chuala sé in ao' chor me. Do
sgeinn éan eile anuas, agus do sguab sé gearrcach eile leis. Ceann eile,-
do dhein sé an cleas céadna. Do bhí mo chroidhe ghá bhriseadh, ach
díreach ar an nóimeat san d'iompuig an Gruagach ar an uisge, agus na
droch-éin, do ghlanadar leo.
As san amach níor thógas mo shúile de'n Ghruagach, ar eagla go
dtabharfadh sé a chúl len a chuid gnótha arís, agus go mbeadh tuille
des na gearrcachaibh caillte. Ba gheárr go dtugas fé ndeara ná raibh
an Gruagach ina aonar. Bhí sgáil, no samhail fir, taobh thiar de i
gcomhnuí, agus é mar a bheadh sé ag magadh fé. Ní dóigh liom go
bhfeacaidh an Gruagach é, ná go raibh fhios aige é bheith ann. Ó am
go h-am do phriocadh sé sa drom an Gruagach, agus ansan d'iompuigh-
eadh an Gruagach ar a chúl, fé mar bheadh sé ag féachaint ar chrann
no ar bhláth. Is minic ar na huairibh sin do sgeínneadh na droch-éin
thar nais, agus do sgiobaidís leo cuid des na gearrcachaibh. Ansan
iseadh is mó bhíodh deáramh an mhagaidh ar an samhail ag cúl an
Ghruagaig.
Bhí mo chroidhe buartha brúighte, agus ní fheadar cad ba cheart
dom a dhéanamh. Ar an noimeat san do gheal an spéir mórthímpal
orm le gile ná feaca riamh; do gheal an loch agus an choill: do chiúnuig
agus do gheal mo chroidhe, mar do thúirling ar an bhféar nglas im aice
aingeal anuas ó neamh. Ní fheacaidh an Gruagach é chomh beag is
do chonnaic sé an tsamhail mhagúil a bhí laistiar de; ach is cinnte ná
raibh an tsamhail féin mar sin, óir ar theacht an aingil, do sgrios
sé leis, agus ni bhfuaras radharc eile air. Bhí an Gruagach go cúramach
ag tabhairt aire don tobar, agus ag riaradh bídh ar na héinínibh.
"Ó, a aingil," arsa mise, "ná labharfá leis an nGruagach?"
"Cad déarfainn leis?" ars an t-aingeal.
"Innis do go bhfuil an tsamhail ghránda úd ag magadh fé, ag déan-
amh amadáin de, agus abair leis é 'chur uaidh."
"Ní chreidfeadh sé me, a Nóra; ní chreidfeadh sé go bhféadfadh
éinne amadán a dhéanamh de; agus ní chreidfeadh sé go bhfuil an
tsamhail ann, mar ní fheaca sé riamh é."
"Nách mór an truagh é," arsa mise, agus do leogas osnadh asam.
"Tar ar mo bhaclainn chugham," ars an t-aingeal.
Do thánag, mar ní raibh pioc eagla orm roimis. D'eirigh sé san
aer liom,- os cionn na coille,- os cionn na gcnoc,- suas sa spéir-uachtaír
chun go raibh radharc ar an saoghal go léir agam.
"Féach thart," ar sé.
D'fhéachas, agus sé rud a chonnac ná na mílte toibreacha mar thobar
an Ghruagaig agus gruagaig eile ina bhfeidhil. Bhí na gruagaig,- cuid
aca ag tabhairt aire dá ngnó, agus cuid aca nea-shuimúil go leor ann,
agus an tsamhail ghránda mhagaidh le cúl gach éinne 'ca. Bhí gearr-
caig bheaga ghá bhfuadach go tiugh ar gach taobh díom. Tháinig
brón agus áthas orm i dteannta chéile.
"Nách breágh an radharc é, agus nách mór an truagh é!" arsa mise.
"Níl leigheas air," ars an t-aingeal.
"Ach an tsamhail mhalluithe sin," arsa mise, "ná féadfá é 'chur
uatha?"
"Siné cúram an tsaoghail a Nóra," ars an t-aingeal. "Thá a
shamhail féin le cúl gach éinne: thá daoine an domhain meallta aige.
Ar mhaith leat cúrarn tobair a bheith ort féin? Dubhraís ó chianaibh
go raibh formad agat leis an nGruagach."
"Ní leogfadh eagla dhom é, agus an tsamhail taobh thiar díom,"
arsa mise.
"Féach ar an dtaobh eile den chnoc," ar sé.
D'fhéachas, agus do chonnac ann toibreacha eile agus gruagaig
ag tabhairt aire dhóibh. Bhí róbaí fada ortha, cuid aca dubh agus
cuid aca bán, agus ní raibh an tsamhail ghránda ina ndiaidh in
ao'chor. Do gheal mo chroidhe dhóibh féin agus dá gcuid oibre. Bhí
na héin ghránda os a gcionn leis, ach is anamh a thigeadh leo díobháil
a dhéanamh.
"Ó, tabhair tobar anso dhómhsa," arsa mise, "agus ní iarrfad dul
abhaile go deo."
"Do chaithfá sgarúint leis an samhail úd ar dtúis," ars an t-aingeal.
"An deacair sgarúint leis?" arsa mise.
"Ana-dheacair," ars an t-aingeal.
"A leanann mórán teinnis é " arsa mise.
"Mórán," ars an t-aingeal.
"Bhfuil sé chomh holc le teinneas fiacal?"
"Níos measa."
"Bhfuil se chomh holc le fiacal do stracadh?"
"Níos measa ná fiche ceann aca 'stracadh."
"A' marbhóchadh sé duine?"
"Ní dóigh liom go ndéinfeadh."
"An bhféadfá-sa é 'sgarúint liom?"
"Tá's agam cá ndéintear é."
"Tabhair ann me," arsa mise.
"Bhfuil tú dáríribh?" ars an t-aingeal.
"Táim go deimhin," arsa mise.
"Neillí agus na buachaillí?" ars an t-aingeal.
"Thá mo Mham aca," arsa mise.
"T'athair?" ars an t-aingeal.
"Maithfidh sé dhom é," arsa mise.
"Do mháthair?" ars an t-aingeal.
"Ní fheaca riamh í gan truagh don ghearrcach. Beidh a cead
agam," arsa mise.
"Beir barróg dhaingean orm," ars an t-aingeal.["]
Ar an nóimeat san do sgread Tadhg Óg, agus do dhúisigheas, agus
do chailleas an tobar agus an t-aingeal in éanfhacht.
Gruagach.- Fuairis cúntas cruinn ar an dtobar tríd' chodladh, a Nóra.
Nóra.- Cadé an mhaith dhom san, agus é caillte go deo anois agam?
Gruagach.- B'fhéidir ná fuil, a Nóra. Cad deireann tusa, a bhean an tighe?
Ach is amhlaidh a bhí bean an tighe ag sileadh deor go breágh bog,
agus Neillí ina codladh ar a baclainn.
GRUAGACH AN TOBAIR.
Rudaí Reatha.
Na Teachtaí ó Americe.
I mí Feabhra so 'imig tharainn do tháinig comhdháíl le chéile i gcathair
Philadelphia in Americe fé cheannas an Chairdionail Mac Giobúin.
Bhí os cionn 5,000 duine láithreach, daoine a toghadh agus a cuireadh ann
ós gachaon pháirt d'Americe, ó Chanada agus ó Thír an Airgid. Do toghadh
ag an gcomhdháil sin triúr fear, Próinsias Breathnach, Éamon Ó Duinn agus
Mícheál Ó Riain, agus do cuireadh anall go dtí Páras na Frainnce iad chun
cabhrú le cúis Phobaltacht na hÉireann ann. Do shroicheadar Páras ar
an 11 adh lá don Abrán, agus d'iaradar cead saor a thúirt do De Valera, don
bPluinncéadach agus d'Art ó Gríobhtha dul go Páras chun bheith láithreach
ag Comhdháíl na Síochána ar son Phobaltacht nua na hÉireann.
Duarthas leo go dtabharfaí an cead san dóibh, ach sara ndéanfaí éinní,
gur mhaith le Lloyd George iad féin d'fheisgint, agus ceapadh lá chun iad
do bhuala lena chéile. Tháinig an lá ach níor tháinig Lloyd George. Is
amhlaidh bhí sé ró-bhruidiúíl, aduairt sé, agus ná féadfadh sé iad d'fheisgint
go ceann seachtaine no mar sin. Ní gnáthach le muintir Ameríce leigeant
don bhféar fás féna gcosa. D'imigheadar gan mhoill agus loirgigheadar
cead teacht go hÉirinn ar chuire ón Uachtarán De Valera. Bhí an cead acu
laistig do dhá uair a chluig.
Thánadar i dtír in Éirinn Dé Sathairn an 3 adh lá de Bhealltaine. Bhí
cuid de mhuintir Dháil Éireann ann rompa chun fáiltiú rompa go hÉirinn,
agus do tugadh go dtí tigh an Ard-Mhéire iad agus as san go dtí 5 Fitzwilliam
Square mar ar chomhnuighdar an fhaid a dh'fhanadar i mBaile Árha Clíath.
Ag cainnt do i dtaobh a misiúin anall ó Americe, duairt an Breathnach go
dtánadar go hÉirinn chun dul i gcomhairle leis an Uachtarán De Valera, ar
a chuire féin, i dtaobh cad ab fhearr a dhéanamh chun go n-admhófaí Pobal-
tacht na hÉireann i gComhdháil na Síochána, agus chun staid na tíreach
d'fheisgint dóibh féin. Ní raibh aon sgáth air roimis na focail sín "Uach-
tarán" agus "Pobaltacht," agus gachaon uair a labhair sé go poiblí, agus
an bheirt eile chomh maith, níorbh é a dhearmhad gan tagairt éigin a dhéanamh
don bPobaltach agus dá hUachtarán.
Do thug na teachtaí naoi lá in Éirinn, ag imeacht tímpal na dúthaí, ag
cur aithne ar dhaoine, ag labhairt go poiblí agus ag feisgint dóibh féín conas
mar atá an sgéal ann agus an saghas rialtais atá á dhéanamh ar an dtír. Sidé
mar a chaitheadar an aimsir:-
Dé Sathairn.- Thánadar i dtír agus do fáiltigheadh rompa. Chuadar ag
feisgint an Árd-Mhéire.
Dé Domhnaig.- Thugadar turus go Gleann Dá Loch. D'imig an Breathnach
tharnais go Sasana tímpal gnótha éigin leis féin.
Dé Luain.- Chuadar ó thuaidh go Béalfeirste ar chomhairle Lloyd George.
Do chuir an t-Árd-Mhéire, J. C. White, agus cuid dosna daoine is mó
tábhacht sa chathair suas do iad fheisgint. D'fhanadar i dteannta an
Easbuig Mac Ruaidhrí an oidhche sin.
Dé Máirt.- Turus go Magh Nuadhat.
Dé Céadaoin.- Turus go Corcaigh mar ar cuireadh na fáilte geala rompa.
Déardaoin. - Cathair Luimnighe. - Tháinig an Breathnach tharnais ó Shasana
agus bhí sé láithreach nuair a bronnadh saoirse na cathrach ortha.
Dé hAoine.- Bhíodar i láthair ag cruinniú de Dháil Éireann i dtigh an Árd-
Mhéire i mBaile Átha Cliath. Chuadar 'na dhiaidh sin go dtí an Oll-
sgoil Náisiúnta, agus an fhaid a bhíodar ann do tháinig na saighdiúrí
agus meaisín-ghunnaí acu agus do thógadar seilbh tighe an Árd-Mhéire.
Ar fhille dosna teachtaí ón Ollsgoil do stopadh iad ag ceann Shráid
Dawson. Nuair d'fhíafruighdar ca na thaobh, duarthas leo go leigfí
iad féin isteach ach ná leigfí De Valera, agus isé leath-sgéal a bhí acu
ná go rabhdar ag cuardach an tighe do dhaoine éigin a bhí ag teiche ón
"ndlighe." Duairt an Breathnach ná raghaidís féin gan De Valera
a leigeant lena gcois, ach ní leigfí. Do cimeádadh ansan iad ar feadh
leath uair a chluig no mar sin, nuair a tháinig órdú ag glaodhach ar na
saighdiúirí tharnais. Do bhí cruinniú mór 'na dhiaidh sin i dtigh an
Árd-Mhéire in onóir dóibh.
Dé Sathairn.- Dul go Halla na Cathrach ar chuire ó Bhárdas Bhaile Átha
Cliath, agus dul ag feisgint phríosúin Mountjoy. Thugadar cuaird ar
an Árd-Easbog. Duairt sé leo a bhaochas a chur in úil don Chairdional
Mac Giobúin, agus do dhin tagairt don dtaisbeána a thug lucht an airm
dóibh an oidhche roime sin 'á rá leo gurbh 'in sompla maith leis an saghas
rialtais atá i réim in Éirinn. D'fhágadar an chathair ist oidhche chun
dul go Gaillimh agus tímpal an Iarthair. Le linn dóibh imeacht duarthas
leo ná faighdís dul go Cathair na Mart toisg an áit sin a bheith 'na
mhilitary area.
Dé Domhnaig.- Sa Ghaillimh agus ar fuaid Chonnacht. Do stopadh ar an
dtaobh amuich de Chathair na Mart iad agus b'éigean dóibh fille.
Dé Luain.- Thánadar tharnais go Baile Átha Cliath. Chuaidh an Breath-
nach agus De Valera go Dún Dealgain chun buala leis an gCairdional
ann. D'fhág an bheirt eile Éire an oidhche sin.
Do tháinig na teachtaí anso chun staid na hÉireann d'fheisgint lena
súile féin, agus do chonaiceadar. Dá mba d'aon ghnó déanfaí é ní fhéadfaí
somplaí ní b'fhearr de ríaltas airm a thúirt dóibh ná mar dineadh. An fháilte
mhór a cuireadh rompa ins gach áit dár ghabhadar, do chuir sé in úil dóibh
go soiléir an taobh politíochta atá ag furmhor mhuintir na hÉireann. An
fhaid a bhíodar anso níor chuaidh aon lag ar pháipéir nuachta Shasana, ná
ar pháipéir nuachta le Sasana sa tír seo, ach ag sgreadaig go hárd 'na gcoinne
agus ag túirt fé Lloyd George i dtaobh iad a leigeant anall, agus i dtaobh a
gheallúint go raghadh sé chun cainnte leo. Do tháinig as gur eitig Lloyd
George iad d'fheisgint, ach mar aduairt an Breathnach 'na thaobh, dob é
Lloyd George féin gur theastaig uaidh dul chun cainnte leo an chéad uair.
Tá an tarna eiteachas fachta anois acu. Ní tabharfar pas do theachtaí
Phobaltacht na hÉireann chun dul go Páras na Frainnce. Duairt na pún-
cáin féin nuair a bhíodar anso gan aon droch-mhisneach a theacht ar mhuintir
na Éireann dá mba ná tabharfaí cluas dóibh i gComhdháil na Síochána, ach
leanúint don obair agus ionntaoibh a bheith acu asta féin agus go dtiocfadh
an sgéal 'na cheart ach gan cailliúint ar a ndóchas. Ní tabharfar cluas
dóibh i gComhdháil na Síochána d'réir deallraimh, ach ní hé deire an sgéil
fós é.
Téarmaí na Síochána.
Na téarmaí síochána atáthar d'iaraidh ar an nGearmáin a shaighneáil,
ní síocháin atá ionnta ach adhbhar cogaidh eile. Tá siad chomh bun os
cionn le Cheithre Poinntí Déag Wilson gur dhó' le duine ná raibh aon lámh
ag Americe in éan-chor 'na dtarac suas. Téarmaí Shasana agus na Frainnce
isiad iad. Níl macántacht, fírinne ná síocháin ionnta. Taisbeánan na
téarmaí tímpal talmhan an méid sin. Tá an Saar Valley le túirt don
bhFrainnc, agus stráicí móra talmhan sa Phrúis Thoir agus Thiar agus i
Silesia le túirt don bPólann. Ní fiafrófar de lucht áitreibh na n-áiteann san,
Gearmánaig uile, ceaca olc maith leo iad a sgarúint amach ón nGearmáin.
Agus ní lughaide an éagóir, d'ainneoin a ndeirtear, nách d'aon namhaid amháin
a tabharfar iad, ach do sgata namhad a ghlaodhan Connradh na Náisiún
ortha féin. Ní bheidh aon bhaint ag Connradh na Náisiún le rialtas an
tSaar Valley; beidh na mianaig i seilbh na Frainnce amháin agus gabhan
na daoine leis na mianaig. 'Sé an sgéal ceadna ag Dantzic é. Glaodhfar
"Saor-chathair fén gConnradh" uirthe, ach is ag an bPólann a bheidh riara
a custuim a bóithre iarainn agus a tráchtála, agus isé an Pólann, leis, a shoc-
róidh a connbharsáid le tíortha eile. An pasáiste talmhan, ansan, ón bPólann
go Dantzic, Gearmánaig ar fad a lucht áitreibh agus gearrfa sé an Phrúis
Thoir amach ón gcuid eile den nGearmáin. Dá mba d'iaraidh cogadh eile
a tharac a bheadh Sasana agus an Fhrainnc ba dheacair dóibh plean ab
fhearr a cheapachuige.
I dteannta an méid sin talmhan a bhaint den nGearmáin féin, caillfe
sí a raibh de thalamh aice thar lear. Ní cuirfear an talamh so fé Chronn-
radh na Náísiún ach é thúirt díreach dosna Comhachta Móra, agus coisgfear
ar an nGearmáin aon trádáil a dhéanamh le haon tír thar lear. Tá a hárthaí
trádála bainte dhi cheana. Fágfaidh san an Ghearmáin gan aon tarac aice
ar stuif chun déantúis, agus gan aon mharga aice dá hearraí féín, i dteannta
an chuid is mó d'iarrann, de ghual agus de lucht oibre a dúthaí féín a chail-
liúint. 'Na éaghmais sin ís uile, cuirfear fíneáil chúig míle milliún púnt
uirthe, agus é go léir a dhíol 'na ór.
Siné an saghas "síochána" a theastuighean ósna Comhachta Móra
a dhéanamh leis an nGearmáin,- siné tora an chogaidh mhóir a buaileadh
ar aon Críostuíochta, Síbhialtachta agus Ceart na Náisiún Beaga. Mara
ngéillfidh an Ghearmáin dosna téarmaí, déanfar a cathracha agus a bailte
móra a shéide agus fáisgfear an bhlocáid uirthe no go gcuirfidh an ghorta
d'íachaibh uirthe stríoca. Tá an ghorta ag siúl ar na bailte cheana féin;
níl aon obair 'á dhéanamh, agus níl aon mhaith ín airgead mar nách féidir
éinní a cheannach leis. Tá na daoine gan dóchas, mar isé a dtuairim go
bhfuil socair ag Sasana agus ag an bhFrainnc ar iad a sgriosa ar fad ar fad,
agus má caithtear géille dho théarmaí na síochána titfidh an Rialtas. An
t-aon dóchas amháin sa sgéal isé go mbéidir go gcuirfeadh Lucht Oibre Idir-
Náisiúnta cosg éigin leis an éirleach. Bhí cruinniú acu in Amsterdam i
ndeire an mhí seo 'imig tharainn, agus do dhiúltuighdar de ghlaca leis an
síocháin mara ndéanfaí boga éigin uirthe. Bhí Lucht Oibre na Frainnce
féin ana-láidir 'na thaobh. Níl muintir Americe ró-shásta leo mar théarmaí
síochána, leis. D'eirig naonbhar acu béal na gclár as an gComhdháil nuair
a fuaireadar amach an saghas síochána a bhíodar a chabhra chun a dhéanamh.
Ach do chuir an Censor a chomhacht i bhfeidhm, d'réir deallraimh, mar níl
aon chúntas isna páipéir ó shin i dtaobh cad a thit amach. Ní fios cadé an
deire a bheidh air mar sgéal, ach ní haon deire cogaidh é go háirithe.
AN RUIS.
l gcaitheamh an mhí seo 'imig tharainn do tháinig breis ghuimh ag an
Entente chun na mBolsévicí; tá siad i bhfabhar dul 'na gcoinne sa Rúis
anois. Is deacair teacht ar an bhfírinne imeasg na gcama-chúntaisí go léir,
ach is furaiste a dhéanamh amach go bhfuil naimhde na mBolsévicí i bPáras
ag déanamh a ndíchil chun an Ceathrar Mór a chur ag obair 'na gcoinne.
Tá páipéir nuachta Shasana ag ullmhú na ndaoine chun sgéal mór éigin a
a leigeant chútha. Do hadmhuigheadh Rialtas Koltchak, - fear leis an
seana-réim go bhfuil rialtas beag curtha suas aige i gcoinne na mBolsévicí-
agus tá saighdiúirí Sasanacha 'á chur i dtír go tiugh in Archangel. Do chuir
an Entente Pobaltacht bheag suas i gcoinne na mBolsévicí, leis, i dTír na
bhFinn, agus tá siad ag ullmhú chun túirt fé Phetrograd le cabhair Shasana.
Tá Flít Shasana ag oibriú insa Bhaltic, ag súngcáil árthaí na Rúise agus ag
déanamh bombárduíochta ar na bailte puirt, agus tá an Bhlocáid 'á chur
bhfeidhm ar an dtír ar lán an bhata. I dtuaisgeart na Rúise agus i Siberia
tá bia, púdar agus lón cogaidh 'á chur i dtír go tiugh ag sna Sasanaig, agus
tá dul chun cinn éigin déanta ag Koltchak san Oirthear le cabhair na n-earraí
sin. Tá sé de chuma ar an sgéal gurab é atá ón Entente ná Koltchak a chur
i réim, isé sin, an Impireacht a chur ar a bonnaibh arís agus na tiarnaí talmhan,
na póilíní agus an lucht airm a leanan í. San am chéadna, tá neart slógh an
Entente 'á chruinniú i gCzecho-Slovakia, sa Phólann agus sa Rúmáin mar
chlaidhe cosanta i gcoinne Bolséveachais, agus d'fhonn gan na Gearmánaig
a leigeant isteach 'on Rúis. Déanfaidh so an Ghearmáin a ghearra amach
ón t-aon mharga amháin atá fanta aice dá hearraí, d'fhearaistí curadóireachta
go mórmhór, agus 'na theannta san méadófar ar ghorta na Rúise.