Ag taisteal sa ród dom ag fearadh mo dheora,
Go cathathach tóirseach tréithlag,
Idir finne-bhrog Óluim fhlaithiúil fhórsaidh
Agus abhainn na mór-leac scéimhghlan;
Ag machnamh go brónach ar chine Scoit Fódhla
Faoi tharcaisne ag cóip an Bhéarla,
Sea a dhearcas an óigbhean mhaisiúil mhodhúil,
Mheasartha bheoltais mhéar-lag.
Bhí a carnfholt ómbrach camarsach órga,
'na dhlaoithibh gan ghó go féar léi;
Agus luisne den rós le lile gan cheo
Ag siosmadh sa ghleo 'na héadan.
A mala gan smól go ruibionta cóir,
Mar chuirtear i gcló le caol-pheann;
Ba mhaiseach a beol, níor thaise dá sróin,
Ba ghile ná 'n reo a déid ghlan'.
A ramhar-roisc óirirc lasúil lómhar,
Ba shamhail um neoin le Phoebus;
Bhí Cupid gach ló 'na sheasamh 'na cló,
Ag treascairt na sló le gaethe,
A leabhar-chrobh fós a bheartaigh ar shróill
Taisteal an leoin mhic Aesan,
Catha na dtreon mar dhearbhas Hómer,
Ag lasadh 's ag dó na Traoi thoir.
A mama deas cóir ar sheanga-chorp sóch,
'S a troithe 'na gcomhair gan éalaing;
A balla, mo bhrón! a maise 's a snó,
Le taitneamh dá gcló do chréacht mé.
Ar amharc na hóigh' do theilg gan treoir mé,
'S aibidh go feor do shléachtas;
'S cé gur bhalbh mo ghlór i gcreathaibh dobróin,
d'fhiosras-sa sceol den réaltan.
"An tusa an ógbhean a tharraing san tóir
Barca 's treoin na nGréagach;
Nó an bhruinneall gan ghó bhí sealad na bó,
Á faire gach ló le céad rosc?
Aithris dom fós an tú fuair an tseoid,
Thug caismirt 's gleo idir béithe;
Nó 'n ghaithleann 'na dheoigh d'fhág Marcus 's a shló
Gan tapa, gan treoir ag Séasar?
"An tú thaisteal fá sheol ó Albain óir
Ba dhaingean san tóir á caomhnadh;
Nó'n ainnir thais mhódh ag Alastrann mór,
Bhí sealad i gcoróin 's i réimeas?
An tú an eala ar dtús d'fhág muileann ar seol
I bhfearannaibh Fódhla féir-ghlais,
Nó an fhinne-bhean óg ba shoineanta snó
Fuair rachmas go leor do Dhéisibh?"
d'fhreagair an mhóúil mo cheiste gan cheo
I bhfriotalaibh cóir na Gaeilge;
"Ní ceachtar mé fós d'ar chanais go fóill
San leirg ad dheoigh de bhéithe.
Is mé an mhascalach bhróin ba bhuime do threoin,
'S do gach seabhac de phór Mhilésius,
Tá maslaithe ón gcóip am' chreimeadh 's am dheol,
Ó chailleas mo nuachar déanach."
"A chumainn 's a stór fuirigh go fóill,
'S aithris dom sceol go réimeach;
'S gur binne liom fós gach friotal ód bheol
Ná spreagaireacht ceoil ar chaomh-chruit:
An bhfeiceamna an ló a mbeidh leaghadh 'gus lobhadh,
Nó treascairt ar chóip an Bhéarla?
Nó ar chinneadh de Sheoirse coirpeach crón-dubh
Scartha go deo led chaomh-chneas?"
"Tá curadh mar Eoghan i bPáras na gceol,
Go cathúil cróga céim-neart;
Thug treascairt ar shlóite an Impire mhóir,
'S an Russian 'na gcomhair á léirscrios:
Tá an dragan 's an leon's a mbarca i gcóir,
Thar tonnaibh na bóchna ag téarnamh,
'S ar bheannaibh gach ceo-chnoic leagfaidh siad Yeomen -
Sin seilbh na Fódla ag Gaelaibh!
Ceangal:
"Gach glé-bhile Gaelach i bhfearannaibh Airt,
De phréamh-shliocht Ghadelus is doilg fé ghlas;
Do réamh-fhaicsin naoimh é, gur fogas dhaoibh breas,
'S méith-phoic go traochta ó bhéim Bhonaparte.
Tá 'n laoch mear thar tréan-mhuir le foireann ag teacht,
Ár saoradh ó ghéibheann 's ó mhoghsaine glas.
Sin faesamh ar Ghaelaibh 's Gallaibh go lag" -
Go haerga óm thaobhsa gur thaisteal an bhean.
Tá an lóchrann ar mór-mhuir don táin seo is baol -
'S a shlóite fíor-chróga ag trácht 'na dhéidh;
d'ainneoin Rí Seoirse 's a chairde chlaon
Beidh an leogan ag rós-chur i nGráinne Mhaol.
Gach cnaoiste a shíolraigh ó Mhartan claon,
A dhíbir an íobairt le grá don chraos,
Is aoibhinn don aoilbhroig 's a stát faoi réim;
'S guímse dóibh díth-scrios as Gráinne Mhaol.
Tá na Francaigh go trompach 's go láidir tréan,
A gcabhlaigh ar tonn-mhuir 's a mbáid faoi réim;
Beidh longphoirt gan amhras fa Cháisc ag Gaeil,
'S Gall-phoic 'na lom-rith as Gráinne Mhaol.
Tá an sár-cheap go fearga thar sáil ag téacht,
'S an Spáinneach go láidir 'na pháirt maraon;
Beidh cárta de shár-phuins ar chlár na nGael,
'S a sláinte go dtráifeam i nGrainne Mhaol.
Tá na Yeomen go deorach ó gháir an scéil,
'S a slóite go leointe á dtnáitheadh ag Gaeil;
'Na ndeoraí beidh crón-phoic go brách dá n-éis
Á seoladh le fóirneart ó Ghráinne Mhaol.
A mhaithe na Fódhla a fuair breo agus bascadh buartha,
Is fada bhur sló gan treoir gan tapa ar fhuarchnoic;
Tiocfaidh an ló 's dom dhóigh is gairid uainn é,
A mbeidh an smuilc fós 's a chór dona go luaimneach.
Tiocfaidh an lá go gearr cé fada atá ag triall,
A mbeidh Gaeil gan chás i stát na Banban thiar,
'S an bhuíon so Shátain táite i nglasa na ndial,
I dtinte 'ghnáth go brách á loscadh le pian.
Bzzzzz1807 19T
Druidigí anuas idir shua 's éigse,
'S ná fáigí mé ar buairt im uatha 's i m'aonar,
Go hatuirseach uaigneach buan ag géar-ghol,
Ó chailleas mo chomhluadar dob uasal tréithe.
Canam go caoin agus suíom le chéile
Duain nó laoi ag caoineadh an té seo,
A thaisteal ó chríocha gríofa an tsaogail
Go flaitheas na naomh i gcoimhdeacht Dé ghil.
Dá mb'eol dom ranna a chanadh le héirim
Ba mhian liom labhairt ar fheabhas do thréithe,
Mar bhí tú beartaitheach barrúil béarlach,
Díreach deachtaithe dearfa déirceach.
Ba bhinn ba bhlasta gach aiste ód bhéalsa
Ag ríomh gach gleaca agus gaisce mear-laochais,
Le fíoch a fearadh ag teascadh na Trae Thoir,
'S suim gach feasa i seanchas Éireann.
Ba mhinic i d'fharadsa gasra léannta,
Lucht grinn a chanadh, lucht eagna 's éigse.
Ba bhinn do theanga ag teagasc na gcéadta,
'S níor fiaradh reachta ná aitheanta Dé leat.
Tá osna gan scíth thar aon im thaobhsa;
d'imigh mo bhrí mo ghnaoi 's mo chéadfa;
Ní deireadh dom chaoi go críoch mo shaogail,
Óir cailleadh ár saoi ceart gaoiseach gaoth dil.
Cois abhainn na linn tá buíon ag géarghol,
'S gach ionad a mbíodh do shuí 's do théarnamh.
Tá Ráth Conáin go díomách déarach,
'S tá géim 's gáir cois Máighe na méithbhreac.
Ó cuireadh fá líog mo dhíth go faon tú,
A sheabhac gan bhaois 's a shaoi na Gaeilge,
Gan chealg gan chlaon id chroí gealmhéineach,
Ar chaithis do shaol gan teimheal gan éalaing.
Bíodh gur fada gan tapa i ndaorbhroid
Fíorshliocht frasamhail fearga Gaeil ghlais,
Gan trua age Gallaibh á ngearadh 's á gcéasadh,
Monuar is measa liom iomairt an éaga.
Is dochrach lium 's is dubhach déarach
Tá a dhul don úir i gciúnn do ghaolta,
Mar is tú do scrúdaigh gan údar Béarla,
'S gach stair dar tionscnadh ó thúis in Éirinn.
Do bhí tú ciallmhar rialta i dtéacsaibh,
An scríbhinn diaga 's gach cian-stair cléire.
An bás do thriall mo chiach ad thraochadh,
A tháthaigh pian go dian im thaobhsa.
'Sé a dh'fhúig balbh mo theanga gan éifeacht,
A chlaochlaigh taitneamh 's dearcadh mo chlaonroisc;
Tá mo dheilbh le deifir am shéanadh,
'S do-chím san leirg chugham meirge an éaga.
Ocht gcéad ar mhíle ríomh id léannaibh,
An seachtú bliain 'na dhiaidh sin d'éagais,
Iar ngéim Chríost i gclí dhil dhaonna,
'S go flaithis na naomh ár nguí ad dhéigse.
Lá Eoin Baiste mo dheacair mar léitear,
Um neoin Dé Sathairn do chealg an t-éag thú,
iar bhfáil beannacht agus athrach beatha ón Saorcheap,
'S áras fairsing i bhflaitheas Mhic Dé ghil.
An Fheartlaoi:
Scéal doilig liom daor dochrach déarach duairc,
Thug béim choscarthach éag-thorcharthach ar éigse 's sua,
An saor sochrach séimh soineanta saothrach suairc
I gcré tochailte, mo léan, loiscneach go faon in uaigh.
A bhláith dhil an Átha nár chealgach croí,
Is iomaí lá a bhíos láimh leat i dtabhairne 'nár suí,
Ag iomrá feacht ar ard-ghail 's ar ghaisce mearlaoch,
'S do bhás, och mo ghéar-ghol, a chealg mo chlí.
An Ceangal:
A chrua-lic mo bhuaireamh mo mhuar-nimh 's mo bhrostú léin,
fád ghualainn 'na luaithre 's 'na chothú daol,
An sua suilt don tsuairc-stoc bhí stairiúil séimh,
Tadhg uasal nár thuathail Ó Conchubhair caomh.
Bzzzzz1808 19T
Do bhíossa lá bláfar aoibhinn
Ag taisteal trá cois Máighe na mín-sreabh,
Ag maranamh tráth ar chás an tsaoigil,
'S an aiste, mo chrá, 'na dtarla Gaoidhealaibh.
Ba bhreátha an t-amharc go dearbh mar shílim
Ná Nás na bhFlatha 's ná Teamhair na Ríoghra,
Ná Mount Ilympium 's ná Elysium,
'S ná áras taitneamhach Eamhain na Craoibhe.
Do bhí an t-eo ballchorcra is follas sa linn úd
'S an eascú fhada le taitneamh ag síneadh,
Na bric gheala 'na sraithibh sa gcaoin tsruth,
'S an t-iascaire cealgach á dtabhairt chun tíre.
Do bhí fiach agus sealg ar shleasaibh na mínchnoc,
An fia 's an sionnach ag tabhairt a scríbe,
An míol mongrua ba luath ar maoilinn,
Ag marcra uasal fuadrach saoithe.
Do bhí caoin ghuth coin ar bhordaibh fíodhbha
Ag síor-chur nóta i gcomhair na gaoithe,
'S gach ní eile fós ba leor chun aoibhnis
Do dhuine dem shórt a bhí breoite cnaoite.
Níor chian go dtáinig trálacht soilse,
'S urú neamhghnáth san áit im thimpeall;
Maidhm a chuala 's luascadh sí-chnoic,
Agus saighead nímhe buaileadh im chluais a bhíog mé.
Do chuala gáir in airde i nglinntibh,
'S guth os ard á rá go foilseach:
Imigh, fág an áit seo suite,
'S do gheobhair amárach tásc nua sceimhle.
Fágaimse an bealach go hatuirseach scíosmhar,
Go ránga le deifir an leirg i mbímse;
Mar sin dom féin go dteacht don Aoine,
'S do chuala éacht tar éis na hoíche.
Scéal do bhuair mé 's d'fhuig suaite m'intinn,
Scéal thug gruafhliuch sua 's saoithe,
Scéal thug uaill ar fuaid na tíre,
Scéal docht dubhair duairc dubh dítheach.
Scéal goinideach do bhruinnealla gnaoi-gheal,
Scéal tubaisteach do lobhar 's d'fhíor-bhocht,
Scéal loiscneach do lucht frofa na Gaoilge,
Scéal t'orchra a bhain osna as mo chroíse.
An scéal so aithrisfead feasta go fíor daoibh,
Gé gur thál frasa óm dhearcaibh é insin:
Bás mo mharcaigh mhear-mheanmnaigh mhíonla,
Iarna theascadh dá chapall gan bhrí ar bith.
'S dearbh thar aon san réim sin ríomhaimse,
Gur fhágais créachta ró-ghéar im chlíse.
Gé nárbh fhollas don phobal mo ghaol leat,
Do bhí mo chumann ar gcumas ó chroí leat.
Ba bhlasta ód bheólsa cóir-stair Gaoilge,
'S ar canadh le Hómer ar dhó na Traoi Thoir;
Virgil 's Óvid cé mór a scríobh siad
B'aithnid duit fós 's go leor ná ríomhaimse.
An Fheartlaoi:
Níor bhaosmhar a thréithe ná a labhartha grinn,
Bhí léannta geal-mhéinneach gan magadh gan poimp,
Gan éalaing 'na bhéasa gan gangaid 'na chroí,
Lán d'fhéile do dhaonnacht 's do mhaise 'na ghnaoi.
Go buan guím Íosa fuair peannaid go dian,
'S banríon an aoibhnis le'r hoileadh tú, a Dhia,
Na naoimh, na mairtírigh 's na haingil mar iad,
Dod chaomhnadh ar an bhfíor-nimh úd charcair na bpian.
An Ceangal:
Is fád thaobhsa a chaomh-lic i gcoimeád crua,
Tá an saorbhile séimh-oilte folláin suairc;
Go faon-lag, mo léir ghoin, sin Tomás sua
De chaomh-fhine Ghaelach Uí Chatháin uais.
Bzzzzz1806 19T
Go moch im reathaibh ar maidin Dé hAoine,
Go docht ag taisteal le sleasaibh gach tíre,
Le brón ag machnamh ar iomad gach díthe
is breo a thug Galla ar chalmshliocht Mhílidh.
Im réim do ránga don stáir chun scíthe
Le taobh Chnoc Áine dob áláinn fíor ghlas;
Cois abhann do stadas go hatuirseach caointeach,
'S mo dhéara ag fearadh go talamh 'na linntibh.
Do bhí sruth tréan de dhéaraibh fíorghoirt
Óna réalt-roisc go féar léi ag síneadh;
Bhí a craobhfholt ar gach taobh léi scaoilte,
'S ba chathach a héadan réaltach ríoga.
Ba leabhar a haolchorp aolmhar síodmhar,
Ar lasadh le péarlaibh 's séadaibh saíbhre;
Ba shamhail do Phoebus le méad a soilse,
Fá scamallaibh néal d'fhág caoch mo chlaoinroisc.
Óir ba shamhail do Hélen a gné 's a caoindreach,
Nó leis an dé-bhean Vénus mhíntais;
Do rug sí an chraobh ó Dhéirdre 's Aoife,
Gur bhuaigh scéimhchruth ó ghéar-chnaoite.
Mo mhilleadh mo thrua 's mo bhuairt é sínte,
Gan mire san uaigh le lua is díth liom;
Cuisle na sua chun duan 's laoithe,
d'fhuig mise am uath go buan á chaoineadh.
Ba chróga a sheasamh ar mhachaire coimheascair
Ag seoladh namhaid chun reatha lá maidhme;
Bhí modhúil measartha maisiúil míonla,
Gan speois i dtaiscithe mearaithe an tsaoil seo.
Do bhí sé uais gan uaill gan díomas
I gcaoin-chomhluadar sua 's saoithe;
Ba mhór a thabharthas ar fheabhas ón Naomhspiorad,
Fear diaga i bpearsain gan chleasa gan chlaoine.
Dá mbeadh sé fealltach falsa fíochmhar,
Aithiseach clamparach cantlach coímhtheach,
Gan céill gan gliocas gan mire gan míne,
An t-éag dá sciobadh chomh hobann níor bhaol do.
Mo laoch in úir mo chumha mo scíos goirt,
Mo ghlé-fhear lonrach laochdha;
Ba chróga seasamh go calma fíorcheart
An uair tharla i nglasaibh ag Gallaibh 's i gcuibhreach.
Is trua liom pobal na Droman gan príomhcheap,
Ina chuaille cosanta i gcothrom an choimheascair;
Is trua do bhráithre gach tráth ad chaoineadh,
Ag déanamh a n-ochláin ó tharlaís sínte.
Go mearaithe lingeas ó ionad mo scíthe,
An t-am a chuala uaill-ghuí na ríona;
Do dhruideas 'na dáil cér dhána an gníomh dom,
'S mo hata im láimh le páirt don aoileann.
Atá clann Ghiobúin is feas dubhach choíche,
'S tá Ó Cearbhaill ar mearú tríd sin;
Tá Ó hIúmhair fá chumhal go scíosmhar,
Ó cuireadh in úir go dlúth an saorfhear.
Is atuirseach Donn gan mheabhair dáiríribh,
'S flaith Chnoc Samhna go fann lag fíochmhar;
Tá gasra garg Dhrom Asail go scíosmhar,
'S is mearaithe is feas tá Cnap 's a bhuíon ban.
Do shárghoil Áine 'na dheáidh 's Aoibheal;
Is taomach d'fhág an stáidbhean Clíona;
Níl finne-bhrog leasa ná sí-chnoc
Ón bhFéil don Charraig nár chealg an saoi suilt.
Tá an Úir Ghearra mo dheacair gan aoibhneas,
'S an Dromain dealbh gan cabhair chun síthe;
Tá an tÁth Leacach fá cháid 's teimheal dubh,
A dtuargna catha is feasach fá líogaibh.
Tá Dún Cobhthaigh go canntlach claoite,
Is tá Dumhaghlam, an seandún aoibhinn;
Tá Dún Dealgáin ar anáird sílim,
'S i nDún gCrot tá tocht ar dhaoine.
Tá ár 's orchra i gCeann Chorra an Chíosa,
'S i gCruachain Chonnacht tá foireann ag síor-ghol;
Is déarfhliuch feara in Eamhain na Craoibhe,
'S tá scéal i gCaiseal 's i dTeamhair na Rí air.
Is tuirseach d'fhág gach ársa Gaelach,
Bhí fiúntach fáilteach sárghlic saorga,
Fá mhoghsaine Gall na gcama gcleas claona,
Ó torchradh fann a nGoll 's a Míleadh.
Ba é a gcabhair a dtaca 's a ndíon é,
A sciath catha a gclogad 's a gcraoiseach,
A gceann cuir 's a dtiarna coimheascair,
'S is long gan seol 'na dheoidh na Muimhnigh.
Do fuaireadar amas le cealg chun díoltais,
'S uain na faille ar ghasra an choimheascair,
Iar dteacht dóibh armtha gan fhios go fíochmhar;
'S le feall gur cailleadh seabhac dá mhuintir.
Do thugadar ruaig go cruaidh dá dhíth-ghoin,
Ar mbeith gan slua dó ar uatha buíne;
Ní ráinig leo an laoch sa ngleo a thraochadh,
Go dtáinig an t-éag dár ghéill na mílte.
Na préamhaibh órga gan tlás ór shíolraigh
A réim mo chás go hard ní mhaoífead:
Mac Giobúin cáidh fuair cás i gClár Loirc,
'S Ó Riordáin thug ár a naímhde.
Níl suim éifeacht im bhréithre baoithe,
'S táim tinn traochta ó ghéar-ghol caointe;
Fuigfead féin tú, a réaltain mhíonla,
'S slán 's céad maraon lem ghuí leat.
A shoilbh-fhir don bhorbfhuil dob áille préamh,
Ag cosnamh cirt i bhfearann Loirc fuair sádhas 's réim;
Fá ghoirm-lic sa Dromain seo ó tharlais faon,
M'osna-ghoin is doilig liom 's is cás mo scéal.
Níl greann 'na dheoidh i bhFódhla féir ghlais Airt,
Níl rann go cóir á chló, cur síos ná reacht;
Tá scanradh 's scóladh ar phór-shliocht Mhílidh is feas,
Os faon ar feo a dtreon, a saoi 's a searc.
Dob oirirc an saoi seo fád thaoibh a gharbh leac mhór,
Ceap cosnaimh na nGaoidheal á ndíon ar Ghallaibh gach ló;
Dá thascar fá líog Dia hAoine is doilig liom ón,
'S go flaithis na naomh mo ghuí bíodh leat go deo.
I Ríocht Dé ghil tá an sárfhear ón bpobal sa thriall,
I bhfíor-chaomhnacht na naomh 's i gcaidreamh cliar;
Is síor-dhéarach d'fhág Gaela gan cabhair 'na dhiaidh,
'S mo ghuí féin leat, a Shéamais, go cathair a' Triair.
Bzzzzz1814-15ls 19T
Glóire dhuit Athair a dhealbhaigh réalta,
A chruthaigh talamh 's an fhairrge chraosach,
Grian 's gealach chun solas a dhéanamh,
Naoimh 's aingil 's na flaithis le chéile.
Go dtige do Ríocht go fíor a Dhé dhil,
Go ndéantar do thoil ar an dtalamh 's t'ainm go naomhthar;
Ár n-arán laethúil inniu tabhair féin dúinn,
'S maith dhúinn ár gcionta in am ár n-éaga.
Mar mhaitheamna tráth do chách le chéile
Do ní in ár n-aghaidhne cionta daora;
Ná lig sinn a chlaoi i gcaithí claona,
Ach ó gach olc 's toisc tabhair saor sinn.
Mar a thugais Naoi 's a bhuíon ón nDílinn,
Mar a thugais Ísaac ón íobairt saor leat,
Mar a rugais Maois leat tríd an dtréanmhuir,
'S mar a thugais Lot ó Shodom na gclaonbheart.
Mar fhuasclais Jób ó mhór-chuid péine,
Mar a thugais an triúr ón bhfuirnéis bhaolach,
Mar a thugais Dónall ós na leoin gan sméide,
'S mar a rugais na hApstail ó ghlasaibh 's ó ghéibheann.
Go mbeannaítear dhuit a Mhuire tá lán gan bhréaga
Do na grásta do thál an Naomhspiorad,
Tá ár dTiarna maille leat gan traochadh,
A Bhanríon mhilis na cruinne le chéile.
Is beannaithe tú, a ghrá, idir mnáibh an tsaogail,
Is beannaigthe toradh do bhruinne ró-naofa;
Sin Íosa Críost go fíor dár saoradh,
d'fhulaing a chroí 'na chlí a raobadh.
A Naomh Mhuire is gile ná réalta,
A Mhaighdean ghrách 's a Mháthair Dé ghil,
Bíodh do ghuí chun Críost dár saoradh,
Anois le fonn 's in am ár n-éaga.
A Íosa Críost a d'íoc go daor dúinn
Ar chrann na croise d'fhulaing do chéasadh,
Trí goin do chlí 's trí shuim do chréachta
Dhein dúinn díon ar fhíoch na péiste.
A Rí na bhflathas do cheannaigh go daor sinn,
A Dhia tú mholadh, mo dhochar, ní fhéadaim,
Óir táim im pheacach gach uile thréimhse,
Báite im chionta i gceann a chéile.
Táim ag casadh fá bhrataibh do scéithe,
'S glac isteach mé, a Cheap-rúin naofa,
'S geallaim go humhal led chúnamh a Dhé dhil,
Ná tuitfead le fonn ins na cionta céanna.
Admhaím tráth i láthair Dé dhil,
'S Muire Ógh an tÓr-chiste naofa,
Na naomh, na n-aingeal 's na n-apstal le chéile,
Go ndearna do reacht agus t'aitheanta a raobadh.
Ba mhór mo leisce 's do b'annamh mo thréanas;
Do bhínn ar meisce agus ar uireasa céille;
Ba mhór mo shainnt chun saibhris saolta,
'S ag briseadh na saoire bhínn gan traochadh.
Uch, mo mhairg, mo ruaig, mo chréacht-ghoin,
A gcur síos go fíor ní fhéadaim,
Óir ní lia gaineamh na mara le chéile
Ná a bhfuil do pheaca ar m'anam dá thraochadh.
Athair na ngrásta a thál do dhaonnacht,
Trí thinnis páise tÁrd-Mhic naofa,
Maith dhom mo pheacaí 's óm namhaid tabhair saor mé,
'S ná lig dom triall go fuineadh na péine.
A Dhia uile chómhachtaigh led thrócaire faosaigh
Ar na mairbh gan gó tá fós i ngéibheann;
Oscail na flaithis dóibh Athair le daonnacht,
'S dúinne uile ar ár dtriall le héag-ghoin.
Glóire d'Athair na beatha 's na saorbhreath,
Ár bpiolóid seasaimh ár gcabhair 's ár gcaomhnadh,
Dár Slánaitheoir Críost 's don Naomhspiorad,
Mar bhí mar tá's bheas gan traochadh.