AR AN AIFRIONN.
Raghad d'éisteacht Aifrinn Dé,
'na dtig Íosa i ngach aoinghné,
tig na Dhia agus na Dhuine ann,
cia do'n uile nách admhann.
Gluaisfidh mise cé atáim tinn,
amach d'éisteacht an Aifrinn,
is foigse dom shláinte sin,
do chor fáilte rém' athair.
Ó lot m'anma atáim tinn,
raghad d'éisteacht an Aifrinn.
iomdha am dhiaigh dá labhradh liom,
biadh gach nduine an t-Aifrionn.
Ó chúig bhriathraibh bhíos molta,
tig Críost a gcorp daonochta.
fios an sceóil dá chur 'gá chloinn,
an fhuil an fheóil san abhloinn.
Ní críostaidhe nách creid sin,
go dtig Críost le chúig bhriaithribh
na dhuine mar do bhí i mbroinn,
Rí na n-uile san abhloinn.
A fhir lé'r mhian íoc do chean,
Is triall go teach na n-aingeal,
réitig fá choróin an chinn
's éirigh dfhaghbháil an Aifrinn.
Má áil leat leigheas id lot,
gibé thú tharla id othor,
má rug guais gach aithghearr ort,
gluais go h-Aifreann do t'fhortocht.
Dá dteangmhadh duit, a dhuine,
Críost acht i gcorp colluidhe,
ná feug tar an abhlainn air,
ní shaoilim nách seud samhail.
An sagart bocht bhíos go glan,
cuireann, le beagán briathar,
acht go raghadh a anál uime,
Dia a n-arán na h-abhluinne.
An t-Aifreann d'éisteacht do leas,
madh mór beag bhíos do thinneas,
má aithghearr é má righin
'sé an t'Aifreann tfhóirithin.
An t'Aifreann d'éisteacht ó thoil,
liaigh leighis gacha peacaidh,
ár ndíon aithghearr gus i bhfad,
go h-Aifreann an Ríogh raghad.
Raghad.