1. Más libh amháin is le mic Dághda
Más libh amháin is le mic Dághda
blaiseadh tiobrad na niamh n-áille,
a Dhia, cá bhfuaireadar fó seach
saoithe Rómhánda a n-intleacht?
Nó Inis Fáil dá macaibh dil
srutha tonnmhara saorghlan
na heagna anallód, dár rádh linn
aon bhrú eolais an domhain?
Nó iatha iomaí an bheatha bhuain
is gach tír iontu gan athuain
ag cothú éigse, fileadh is fáidheadh
i dtuilte tréana tromdháimhe?
Nach buile an chaill-sa a mheas gur diamhair daoibh féin a chin
sruth na niamh nua go huile d'fhiachaint, is é de ghréas á shilt?
Ó thiobraid dhiaga-ghlan na Tríonóide is léir go dtig
na tuilte grianghlan úd a ruithneadh fialmhacnaidh Éabha ó shin.
2. Ar mhala Dhroma Crí
Ar mhala Dhroma Crí theagaimh domh an naí
is a dealbh mar an gcaomh-Dheirdre,
i dtuirse is í ina suí ag osnaí is ag caoi
is gan neach aici ach í ina haonar,
seo mar deireadh sí: "Mo chreach agus mo dhíth
fár theastaigh uaim mo thrí tréanfhir,
Brian Cheann Coradh an tsaoi, Fachtna de shliocht Ír
is Mac Airt a chothaíodh an fhíor-fhéile.
Bhí mé i dtús mo reatha pósta ag Beartamon cróga
Ar Mhagh Samhaoir i meon na hÉirne:
is agam a bhí an só, aigneadh ard óg,
ba liom sochar chúig cóigeadh Éireann,
a heich agus a hór, a seilg is a tórtha,
a cathracha is a mór-thréada;
níorbh fhada dúinn an ló, seal tamaill ag ól,
ag imirt bhrannaimh is le ceol ag éisteacht.
Tráth theastaigh uaim mo chéile tháinig liom ag suírí
Neimheadh geal na sciath n-órga:
ghabhas leis mar roghain ar fhearaibh an tsaoil,
an barraí úd na liag lómhar,
magha domh gur réigh, chuir cruithneacht i gcré,
iomaí cathair ard alta a thóg sé;
ba liom sochar Inis Éilge, a srutha chun éisc,
a fiodha is a héin bheoilbhinn.
Shantaíodar mo ghné, Fir Bolga gan chlaon
a bhí aimsir gan chéim sócúil
in anbhruid sa Ghréig, lér feargadh gach aon
den dream sin a bhí tréan cróga;
in airm is in éide is dearfa gur léim siad
ina loingsibh i mbéal bóchna
is, mar innistear an scéal, is don inse-se réab
na fionn-fhlatha i gcéill gleo-chuir.
Ar ndearbhadh mo scéimhe do chlainn Chearmada i gcéin
thug ansacht dom a méad dóchais:
shealbhaíodar mé is a gcabhlach go léir,
mar maraíodh mo chéile i gcomhrac;
i dTeamhraigh ghabh réim ceansacht na dtréan
is fán mBanbha, gér chéim dócúil:
Mac Callchraobh is Mac Céacht is mac amhra na Gréine
a fabhradh sa léann chló-dhraoi.
Thimpeall siad mé chois tonn chobhair ghléil
gur fionnadh leo réim mo theorann,
mar bhinn leofa géimneach tromeallaigh is lao
lionnlachta is méad m'fhómhair,
mil bheach is céir, is grinnchruthú an lae
le loinreadh na gréine glóraí,
m'fhionnlocha is m'fhéar, gur mionnadh leo é
gan scarúint ar aon ndóigh liom.
Bhí mé i muirn is i gcéim is mo bhanfhlaith gan léan
ag an chlann sin na n-éacht n-óirdhearc,
mo sheamraí na séad is mo bhantracht in eide
airgid is daor-shrólta;
mo sheang-ghreagha ag léimnigh i gcarbaid is i gcréachtaibh
is in airm umam tréan-óga,
reabhradh na dtéad do mo chealgadh le méir
is oirfide in m'aol-longfoirt.
Chuaigh m'iomrá is mo tháin anonn gus an Spáinn
d'fhios aon-treibh álainn Ghaeil Ghlais,
lér thionscain gan spás go fonnmhar i mbáirc
mór-chompáin de dh'ard-laochra,
gur lonn a ghabh i láimh tromthreabhadh an tsáile
mar d'ionsaíodar fál craobhghlas
na hInse-se Fáil, lér himreadh sa spairn
lannghleic na lámh n-éachtach.
Tógadh i dTailtinn an lá sin meirgí os ard
dealbh-lasta de bhláth péarlaí,
lér feargadh chum áir dearbhfhir gan táir,
meanmnach is iad lán eachta;
ba dearg uile an lár, lann agus lámh,
ó ghlonnghearradh chnámha a chéile,
an dream sin ón tsnámh agus ánraí Chrích Fáil
ag fonnchosnamh Chlár Dé Danann.
Thit Iuchar is Brian is Iucharbha sa ghlia
le hÉibhear na sciath n-órga,
is le hÉireamhón fial, lámh éachtach ba dian
ar laochra finn fian Fódla;
mar treaghdadh gach triath le gaetha fán iath
seo Éireann na ngrian-longfort,
ó Chríoch Fhéilim ina dhiaidh gur léirscriosadh iad
Clann Dé Danann i gcia dhoghroinn.
Roinneadar an chríoch, an chlann-sa, fá thrí
idir fhearantaibh, mhaoin is shéadaibh,
an Mhumhain dheas dob í dúthaigh fhairsing shaor
ag umhlú faoi chíos do dh'Éibhear;
Laighnigh is go dtí Gaillimh Mhá hÍth
le Teamhraigh na Rí ag Éireamhón;
Ulaidh ba hí mír Éibhir Mhic Ír
ó Bhoirche go dtí an Éirne.
Is iomaí rí reachtmhar ard is laoch doníodh ár,
saoi ghlic is bard béilbhinn
is naomh glan gan smál a shíolaigh os ard
go fíor, agus ní táin bhréige,
ón triar úd a d'fhás ó Mhílidh Easpáinne
de líne as ceartlár Ghadelius,
gé nach chí anois ar fáil aon díobh, mo chrá,
nach bhfuil faonlag faoi cháin daoirse."
3. Agallamh le Cnoc na Teamhrach
"A thulaigh an bhláth' chrín, gé gur chinnte barrlaoch is éigse
ar do bhruach,
Cá bhfuil na hardríthe a mbíodh gach sárfhile ag déanamh
dóibh duan,
Ag seinm cláirsí in do pháláis go dtéidís chun suain?
Tá do bhunadh fálta faoin líne ghallta is is éiricigh do shlua."
"Níl fáth bheith ag éagaoin ó bhain an léan domh is ó
d'athraigh mo dhóigh:
sé an dara Séamas do chloígh mo chéadfaí is d'fhág mé faoi bhrón.
Dob iomaí tréanfhear den fhíorfhuil Ghaelach a fuair crá croí ag
Bóinn,
is do cailleadh céadta is na mílte laochra ar lár fá mo choróin."
"A chnoic na mbua-chath, ní hionadh an ghruaim-se gach lá
ort is gach am,
ó d'imigh d'uaisle do shraonadh sluaite is nach ndéanfadh an fheall.
Mo chreach do bhualadh le buín bhocht thruaillí, faoi ghéibheann ag Gaill
a leag do dhúnta, is nach maireann suas díobh ach bréagán
gan cheann."
"Dá maireadh an tréanfhear, Mac Airt na mbéimeann, nó an
sárchuradh Goll,
nó Cú na nÉachta bhíodh ag cascairt Mhéabha gach táth lena
chrann,
Is Conall Cearnach bheith leo sa réim sin, Brian Bóramha is
Conn,
Ni bhfaigheadh éiriceach go deo mo dhaorshlad nó cónaí ar m'fhonn."
"Nach mór an chlú duit, má cailleadh an dúiche, nachar
thréig tusa d'áit?
Is gur comhartha d'umhlú go deo an dún-sa a bhí aerach breá,
ina gcluintí údair is ollaimh ag dúscadh gan léinn ann go sámh:
tá pór Chlann Liútair ag borradh fútsa, is níl Gaeil ar do dhaimh."
"Chan fhiú mo scanrú má líontar tairngire na naomh a chuaigh uainn,
a scríobh go dearfa go scriosfaí an dream-sa le Gaeil go buan;
is nár ba fada an t-am nó go bhfeictear campaí go gléasta ar
mo bhruach,
is mo shluaite i dTeamhraigh is ins an chrích na ceannfoirt le
séan go Lá an Luain."
"Dá seinnfí an uaillstoc is na fearta a fhuascailt ina luíonn siad
na leoin,
thiocfadh na sluaite de shliocht Mhogha Nuat is clann Dál
gCais ina meon;
bheadh ríthe ó Chruachain le curaí ag gluaiseacht is le
Feargas Mac Róigh
a chuirfeadh suas ort arís do dhúnfoirt is a seilbh duit go deo."
"Má thig an lá sin beidh sailm chráifeach i ngrianán na níon,
beidh fíon na Spáinne gan mhaíomh á dháil ann go fial faoi
mo dhíon,
beidhh creideamh an Phápa ag an uile ardfhlaith is mo chléir ar
mo mhian,
is an treibh sin Mháirtín á gcur in airde gan diallait nó srian."
"Dá ndúiseófaí suas iad na curaí buach a thug geall as gach crích,
bheadh Conchúr uasal le Seán Mac Sualtach is an tréanfhear Cú Raoi
ag teacht á bhfuascailt, Feardia na gcruachath is Feargas le brí,
is Conall Cuailgne ag tabhairt deargruathair ar éiricigh gan scíth."
"Is iomaí tréanfhear den fhíorfhuil Ghaelach a bhí in m'áras
gan dua:
bhíodh sliocht Uí Néill ann is Conn Céadchathach na n-ardfhlaith
is Tuathal,
Clann Mhílidh éachtach is Tuatha Dé Danann is Fir Bolga na ndrua,
ach ó d'imigh an méid sin tá na huile léan is an bás ar mo shlua."
4. Is fada ag éisteacht mé
Is fada ag éisteacht mé leis na scéala-sa
ó chogadh Shéamais, an dóú rí
den ainm chéanna, fá ndeachaigh Gaela
i gcathaibh géara, mo bhrón, dá gcloí:
go dtiocfadh éifeacht is fearann saor
ag gach flaith ó fhréimh mar ba chóir sa chrích,
is go lasfadh an spré bheag-sa ar ndul a dh'éag
do mo chreideamh féin feadh na Fódla arís.
Más é toil Mhic Dé nár thé mé i gcré
go bhfeice mé mar is cóir é an saol,
gach duine naofa den fhine Ghael-sa
gan siolla léin, acht ar dóigh ina shuí,
Inis Fhéilim fán uile shaeibhreas,
mil is méithlacht is tórtha ar craoibh,
toradh i ndéis is na srutha ag éagaoin
ó iomad éisc, is sinn beo gan díth.
Dá mbíodh na scéala mar deir mo bhéal-sa
ba deas mo ghléas is bheinn óg arís,
bheinn seal ag éisteacht le sailm naofa
i ngach ceall in Éirinn ag mór-mholadh an rí,
bheinn seal ag léamh ar bheatha dea-chlainne
an Athar Naofa bheir beos i ngach aon,
agus seal gann bhuireamh i measc mo ghaolta
in Inis Éilge ag ól fá aoibh.
Bheinn seal ag éisteacht le seinm téad
is le file faobhrach mar Ovid caoimh
ag gabháil véarsaí, agus seal ar stéadaibh
ag reasacht ghéarchon i ndiaidh an mhil mhuí,
bheinn seal ag tréadú na n-ealta ag éirí,
seal ar thaobh srutha is ag tógadh mo líon,
agus seal ag féachaint mo chumas céille
i gcluiche rébhranna ar ordú Naois.
Dar a bhfuil in Éirinn is mar sin ab fhearr liom
is ní bheith 'mo chladhaire gan dóigh mar chím:
gé go dtuigim léann níl siolla céille agam
mar nach saeibhir mé in ór nó i maoin,
ach dá bhfeicfí sréad agus fearann saor agam
thiocfadh cléir agus mór-chlanna rí
seal do m'fhéachain, is ba mhaith mo chéadfaí
ag déanamh réiteach is cóir-sheasamh 'stír.
Ach ó chuaigh an saol ó seach is gur éirigh
an t-each ar chléith an mharcaigh fá dheoidh, mar chím,
is gur bheachtaigh éiclips ar shliocht Mhilesius
i dtuirse ag éagaoin is i meon na ceasnaí,
caithfead féin a bhfuil de mo laethaibh
go dtaga an t-éag feasta ag ól le gach saoi,
ag gabháil véarsaí is ag mealladh maighdean
ar feadh na hÉireann go ceolmhar caoin.
5. Agallamh le héinín
"A éinín bhig shuairc a tháinig ar cuairt
ó thulaigh na ruag go hÉirinn,
aithris an buan do Ghallaibh le bua
nó an neartmhar na sluaite éiriceach;
bhfuil Séarlas fá bhua i Londain gan ghruaimm,
is a choróin fá ghruadha an tréanfhir,
nó ar sraonadh, mar chualas, cath air go crua
ler caiilleadh sa dua a chuid laochra?"
"Ar bhile eadh lae do shuigh mé liom féin
ag breathnú na laoch san ár sin,
ba chalma is ba thréan a churaí sa bhaol
ach gairid gur traothadh ar lár iad;
chruinnigh na céadta thart ar gach taobh
is ba deacair don réics a bhfágáil,
ach tháinig Mac Dé is do scar sé leo é
is dá n-ainneoin tá Séarlas slán uabh'."
"Cé gur briseadh sa mhaidhm ar an chathmhíle thréan,
bhfuil aigesean méin le tarrthaíl?
Nó an dtiocfadh sé féin fá choimirc na nGael
thar tonna lom tréan an tsáile,
go lasfaí leis reím i mbrollach gach aon
dár gcreideamh atá i bpéin fán chás sin,
is go n-íocfadh lom-shraonta Sacsan a dtréas,
is na déarshrutha a scaoileadh an lá sin?"
"Ní mheasaim gur féidir dó theacht chun na hÉireann
le cabhair dá dtéampaill naofa,
tá borbshlua réabtha le fóirneart na dtréatúr
atá cinnte go géar á ruagadh,
tá a éarlaimh i ngéibheann is a chairde gan aon smid
is a gcroíthe araon ró-bhuartha,
Séarlas leis féin i mbréigriocht is i bpéin
ag teitheadh sna sléibhtibh uathu."
"Má tá sé gan slua is dóigh liom nach dual dó
theacht fá na cuanta Gaelach,
is nach dósan a fuagradh ceannas is bua
'réir tairngire dhrua ár naomh-na;
ach beag de mhór-chumhacht na bhflaitheas-sa thuas
go bhfaigheadh sé fuascailt géibhinn,
is go n-íocadh na nua-Ghaill a n-éigeart an-chrua
is go dtiteadh mar shlua Thurgesius."
6. Cá raibh tú le bliain?
"Cá raibh tú le bliain, a theachtaire a thriall as talamh na
Niall i gcéin uainn?
Nó ar lean tú mo riail gach bealach dár iarras ortsa bheith ag
fiafraí scéal ann?
Aithris gan chian más cabhair dúinn iad, nó an maireann sin
iarsma Ghaeil Ghlais
faoi bhrataibh an triaith 'bheir batáilte dhian ar machaire ag
stialladh éiriceach?"
"Ar ndul as Crích Fáil domh amach ar an tsnámh i gceann
astair go bhfaighinn gach scéala
nochtas gan spás mo bhratach in airde os barraibh na sárchrann
gléasta,
chascair mé an sáile go hacmhainneach dána le faobhar glan
ághmhar gaetha
is níor bascadh mo bhárc go ndeachaigh mé i dtráigh ag
Lisbon na lántonn dtaoscach.
"Níorbh fhada dom fós an chathraigh ghlan órga gur chuala
mé i mbeol gach aon fhir
cathú rómhór bheith ag Vernon ag strócadh ballaí sa phort
i gcéanaibh;
nochtas mo sheolta amach ar an mbóchna go bhfaca mé an
gleo á shraonadh
is gur chuir Don Bhlas, an leon, a ladar i dtóin an bhodaigh
d'ainneoin a thréathra.
"As sin a thriall mé soir thuaidh go dian gur thabhaigh mé
rian sa chaolmhuir
a dhealaíos na hiatha, Easpáinn na dtriath agus Barbaraigh
fhiata, ó chéile:
ag Pancho, an triath, go bhfacas mo mhian, sliocht Ghalaimh
na sciath is na ngéarlann
le gasra ghlan fhial Rí Philip ag riaradh Shavoy sa ghlia
is á phléascadh.
"Ins an Eadáinne fós chonaic mé an spórt ag Carolus cróga
tréitheach
le myrmidons bheoga Shisil in ordú catha agus leoin bhras Naples
ag gearradh 's ag leonadh Lobkowitz sa chomhrac, sin agus
fóirneart Ghages
bhain sodar as slóite an iolair fá neoin is níor fhág cleite ar
a thóin nár faofadh.
"Is ag Fontenoy - cúis nach gceiltear go Luan - a fuair
Sacsanaigh an sciúradh géarghlan,
claimhtheacha is púdar is gaetha ag dul fúthu is tharstu le
dlús na dtréanfhear;
ghlac Wully is a thrúpaí briseadh ar lúth, is in Ifreann go
dúnta b'fhearr leo
sula bhfaca na tútaigh amharc dá súile ar an flower-de-luce
go n-éagfadh.
"Thug an general tréan sin Hungary bréithre buile tré mhéad
a dhásacht
go gcreachfadh sé réagúin Bhourbon le chéile is i bPáras go
ndéanfadh ármhach;
ar cluinstin an scéil do Louis a Cúig Déag, mar chruthú ar
thréathra ardfhlaith,
ghabh preab ina thaobh air trasna na Réine is an treas cuid
dá thréan gur báitheadh.
"Dá bhfeicfeása an cóiriú catha agus comhraic fuair easnacha
phór na Galltacht"
ar an mhachaire mhór sin Tournay na sló ó Saxe a bhí seolta
ar ármhach
is a mhacnaidh mar leoin le lanna glan órga a ghearradh an
fheoil go dána,
gan osadh sa ghleo ó mhaidin go neoin gur bheag a bhí beo
dá náimhde.
'Sé deireadh mo scéil go raibh mé ag féachaint Ligonier thréan
is a shlóite
tráth gabhadh na braíghde is gur gearradh dhá léigiún
d'fhearaibh fá aon mhac Sheoirse,
leanadh sa téirim eisean is go Bergen-op-Zoom ar thaobh de
an ló sin,
is ní raibh sna trí réagúin, Sacsain an Bhéarla agus Alba araon
le Fódla."
7. Tá bearád i Londain
Tá bearád i Londain 's is iomaí fear láidir
a cailleadh ina thimpeall fán tulaigh á tharrtháil,
measann Sir Wully gur cuibhe dá dháid é
is creideann lucht boinéad gur cumadh do Chathal é, is iombó!
Creideann fir Shacsan nach scaraid go bráth
le seilbh an chaipín ós acu ba ghnáth é,
ach deirid lucht breacán go ngearrfaidh siad cnámha
is nach scoirid dá racán go gcuirid ar Chathal é, is iombó!
Is cróga do sheasaigh an breacán an báire
ar na slóite ó Loch Abair go Barraic is go Falkirk,
mar bhfuair Cope a thasáil is a raibh ina phártaí,
ach ar theorainn Mhanchester bhain easbhaidh de Chathal é, is
iombó!
Ach munab é Saxe a bhí i gceannas a chairde
sna cóigibh bhí i bhfad uaidh, is a ghasra nach dtáinig,
bheadh Fódla agus Breatain gan stad ag an bpáiste
is chóireofaí a chaipín go tapaidh ar Chathal ann, is iombó!
Ach b'éigean don bhoinéad an bearád a fhágáil
ina dhiaidh agus pilleadh tré iomad a námhad,
ghéaraigh Sir Wully a thrup lena shála
is gan ghéilleadh dóibh uile bhí a ghunna le Cathal uabh', is iombó!
Chnuasaigh Sir Wully a bhunadh as gach áit ann,
bhí triúr in aghaidh an duine aige ar thulaigh na spairne,
d'umhlaigh an boinéad an breacán a dh'áthrach
is murab é Mac Uí Mhuirí ni bhrisfí ar Chathal ann, is iombó!
Adeir Aodhán is Eachain is Gilleaspaic mac Raghnaill
nach bhfuil boinéad nó bearád nó hata dubh lása
nó giolla breá fearúil dár cailleadh an lá sin
nach n-íocfaidh Sir Wully go huile le Cathal iad, is iombó!
Mo léan nachar chas siad ar machaire fásaigh
le chéile, is gan neach acu a bhéarfadh dóibh tarrtháil,
is péire maith bataí is fear aige Cathal díobh,
is é réabfadh easnacha shacáin-a-mhála! Is iombó!
8. Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte
A chiúinbhean tséimh na gcuachann péarlach,
gluais liom féin ar ball beag
nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
ina suan faoi éadaí bána;
in uaimh go mbéam i bhfad uathu araon
teacht nuachruth gréine amárach,
gan ghuais linn féin in uaigneas aerach
san uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.
A rún mo chléibh, nach mar siúd ab fhearr duit
tús do shaoil a chaitheamh liom
is gan a bheith i gclúid faoi léan ag búr gan chéill
i gceann túirne is péire cardaí;
gheobhair ciúl na dtéad le lúth na méar
do do dhúscadh, is véarsaí grádha,
gan dún faoin ghréin chomh súgach aerach
le húrchnoc Chéin Mhic Cáinte.
A phlúr na maighdean is úire gné
fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
a chúl na bpéarlaí, a rún na héigse
a dhúblas féile is fáilte,
a ghnúis mar ghréin le dúscadh lae
a mhúfadh léan le gáire,
sé mo chumha gan mé is tú, a shiúr, linn féin
sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Táim brúite i bpéin, gan suan gan néal
de do chumha-sa, a ghéag is áille,
is gur tú mo roghain i gcúigibh Éireann -
an chúis nach séanaim áthas de.
Dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin
ba súgach saor ár sláinte,
gheofá plúr is méad is cnuasach craobh
sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Cluinfir uaill na ngadhar le luas i ndiaidh
Bhriain luaimnigh bhearnaigh mhásaigh,
fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
go suáilceach ar ghéagaibh áltán;
i bhfuarlinn tséimh ag lúbadh an éisc,
ag ruagadh a chéile sa tsnámh ann,
is an cuan gur léir duit uait i gcéin
ó nuachonoc Chéin Mhic Cáinte.
9. An ghéag dá dtug mé grá di
An ghéag dá dtug mé grá di is áille í ná Helen mhór
is an triúr a nochtaigh a mbánchneas do Pharis fán úll óir,
is gile a píob is a bráighe ná an bán-shneachta ar thaobh an róid
is tá an lile i ndeabhaidh 'e ghnáth ina dá ghruaidh is an dearg-rós.
Gach éad dár cheangail Bláthnaid idir Cú Raoi is Cú na Ceárta
go réifeadh an ainnir mhánla-sa cách díobh le póig,
ar scéimh, ar mhaise, ar bhreáighe a leithéid ní bhfuil den
Ádhamhchlainn,
sé a béal is binne thug bua gach fuile i véarsaí is i bprós.
Sé mo chumha nach raibh mé féin is an spéirbhean i dtír na mbua
nó ag siúl tríd Phennsylvania i measc $Quakers nach mbeadh dár lua
nó i gcoillte dlúth Loch Éirne, gan daeibhreas, gan díth, gan fhuath,
is gur bhinne liom a béilín ná an smolach is guth na gcuach.
Is deise thú ná Deirdre le a ndeachaigh Naoise ar éaló,
a mhaighdean mhaiseach bhéasch a chuir céad fear san uaigh;
ar shaibhreas ríthe an tsaoil-se is pronntanas na Gréige,
nó ar scéimh na dtalta cha scarfainn leat dá bhfaighinn iad mar
dhuais.
An stáid-se atá mé a lua is í is uaisle de mhnáibh an tsaoil
is níl gné fá seach sna cuanta nach bhfuaifeadh le barr a méar
ar shíoda chaol go stuama, mar ghluaisid gach tráth na héin,
an smaolach binn is na cuacha gé suairc iad in airde ar ghéig.
Níl draoi nó file fuair tíolacaí nach scríobhann síos gur
bhuaigh sise
i ngnúis, i ngile, is suáilce ar gach snua-bhean le céim;
nacharbh aoibhinn domh is mé i mbuairt a bheith snadhmtha
leat mar chuallaí,
a bhláth na finne ar dháimh na cruinne, fuascail mé ó phéin.
10. Ar ndul domh amach fán tsliabh
Ar ndul domh amach fán tsliabh gan choin gan each, 's an ghrian
ina gaetha glana aniar go glórmhar,
fá thulca glasa an fia ag dul chum reatha siar
is guth na mbeach ag triall sa nó-choill,
i measc na dtor níor chian gur theagmhaigh domh rialt
sholasta na gciabh n-ómra,
is a péire roscaí liath mar dhriúcht na maidne, riamh
ní fhacas bean chomh trian ródheas.
Tráth dhearcas ar an tsaoi mo mheabhair is mo bhrí
chailleas trí na líthe saora
a fearadh óna gnaoi, ach ghoireas uirthi arís
is labhair mé go caomh léithe:
"Cá ndeachaigh uait, a naí, a theachtaire na rí,
Pallas nó an ríon chréachtach?
Nó an chugamsa fán ghníomh tháinig tusa, a níon,
mar bhreitheamh mé ag fíoradh séad duit?"
Labair sí go séimh mar fhoghar chaoin téad
Mhic Mhanair óna thaobhaibh síthe:
"Tabhair th'úidh féin, ní mise aon ghéag
dár astraigh go taobh Ída,
ar fheabhas thrí ngé go ndeachadar a dh'éad
fán úll ón spéir dhíle,
is ná meastar leat ar aon mhodh go maireann sin spré
ionamsa den scéimh chéanna."
"A mharthain chaoin tséimh le lasann fíor-scéimh,
a bharraigh ar an réim dhaonna,
is acmhainneach na gaetha a chaithir ó do ghné
ler goineadh mo thaobh chlí-se;
ós dearbh brí an scéil, a shearcrún na dtréan,
muna ndéana tú mo chréacht 'íce,
go mbeidh talamh agus féar tharamsa mar éide
is ba haithreach duit an daorghníomh sin."
"Dá gcantaí leat fá thrí ar labhair mac Prímh
i bhfoghar gutha ar shlí suírí
ler gadaíodh don Traoi Helen na maothchrobh
ó Mhenelaus, a caomhchéile,
is ar tharraing arís a dhearbhráithre lér líonadh
leabhair ar Bhriséada,
is tugtar dom mar mhaoin an India gan chíos
mo chumann ní bhfaighidh aon fhear."
"Ós deimhin nach bhfuil brí i mo chumann leat, a níon,
a thabhaigh domh baois céille,
glacfaidh mé taom buile mar níodh
curaí na maidhm éachtach,
is ní scoirfeadh de m'fhíoch ach ag traothadh mo bhíobhadh
mar Chonall ag cloí Mhéibhe,
is gach conair ina mbia leanfad thú go dian
go mbrise mé sa haon déag ort."
11. Ólfaidh mé sláinte
Ólfaidh mé sláinte an pháiste is daoire folt
a shileas go trácht ina scáineacha péarlach tiubh.
Ní fuireach is áil, ach ar ball ina gcéadta lúb
pilleadh san áit ór fhás gach aon acu.
Ólfaidh mé sláinte chláir a héadain dil
thart timpeall atá ar dhath an laoige ghil,
siúd a soineann gan smál is dealramh gréine ansin
a cumadh ina patrún áille is scéimhe duinn.
Ólfaidh mé sláinte a dá bhraoi chaola inniu,
cé fogas atáid de ghnáth dá chéile scor,
siúd a samhail - nó tá mé lán díchéille, tur -
mar chleite ar a rása i láimh an chléirigh mhir.
Ólfaidh mé sláinte a dá rosc shéimhí ghlais
le gaethaibh an ghrá a ní ár is í féin gan fhios,
dá bhfeiceadh a ndealramh ardmhic Hecuba thoir
ní chaillfidís lán mo mháime Gréagaigh d'fhuil.
Ólfaidh mé sláinte a dá ghrua a threaghdas fir,
an ghile á rá gurb áil léi an chéim a chin,
siúd a drithle ina lár is a gáir mar bhéadh a goil
is ach mise bheith slán más fearr liom gléas a bhfuil.
Ólfaidh mé sláinte a gáire is a béilín dil,
gach siolla á rá ag breith barr ar mhéir Mhic Lir,
is ceart a chruthaigh an Ceard gan smál mar néamhainnibh
go fraschumtha in áras cnámh a déada-sa.
Ólfaidh mé sláinte a bráighe is gléile cruth
mar shneachta as an aird nach gnáth teas gréine theacht,
ní fada is ní gearr, ní cam, ní caol is ní tiubh,
ach suite gan táir is ní háille inné ná inniu.
Ólfaidh mé sláinte a bánchíoch is caoile goib
atá nite as an bhláth mar dhá ubh éan i neid,
nár milleadh le lámha cháich á sméaracht-siud
is is mise bheadh slán an fad a bheinn á ngoid.
Ólfaidh mé sláinte a dá chrobh maothghil mbig
a sheinneas mar Dhághda a ndearna in éigse uilig,
níl fíor ar fáil nach dtairneodh a méir, cé lag,
ina mbrataibh a bheir náire 'mhnáibh is a mbéil gan smid.
Ólfaidh mé sláinte óna baithis go dté a troigh,
ciste na ndámh a bhfuil fáilte is féile inti,
níl startha nó dáin ón áirc nach léir di a mbrí,
is is miste Críoch Fáil a bás tráth éagfas sí.
12. Mala Shliabh Mór Féilim
"A ainnair chiúin na gciabh teana liom is triall
ar astar go Sliabh Féilim,
mar nach dteagann 'ár ndiaidh caraid nó cliar
nó neach ar bith faoi chian buartha;
beidh mise duit 'mo sciath chosanta i ngach glia,
a lile mar an ghrian ag éirí,
is mhuirfinn dhuit mar bhia an torc alla is an fia
is dhéanfainn cathair dhuit den fhiair chraobhaigh"
"Dá dtéinnse leat siar go talamh Shíol mBriain
is iad mo mhacnaidh bheadh 'mo dhiaidh buartha,
mar nár apaigh mo chiall is nacharbh fhiosach domh riamh
ceannach nó díll a dhéanamh;
b'olc mo ghnoithe ar shliabh, folamh leat gan bhia
mar nach bhfaighinn ann ach fia faofa,
is chuirfinn a bhfaca mé riamh go ngoilfinnse mo thriall
sul fá gcónóinn ann bliain de laethaibh."
"Créad fár shamhail tú liom, a stór, go bhfuilim gan ór
an fhad a mhairfes mo mhórléann domh?
Is deas a chumfainn duitse bróg is culaith den tsról,
is stuama ar gach sórt saothair mé,
chuirfinn long faoi sheol, níl ealaín domh nach eol
beagán di ar dóigh a dhéanamh,
is ná meastar leat níos mó go dtitfeadh orainn brón
ar mhala Shliabh Mór Féilim."
"Ó tharla tú chomh stuama ar gach ealaín dár dhúrais
is eagal liom gur chluain Mhuimhneach
a chuirfeá orm dá ngluaisinn leat don tír thuas
i bhfad ó mo chuairt mhíosa,
ach fanfaidh mé fá bhruach an bhaile úd ina bhfuaireas
foscadh ón fhuacht agus dídean,
is nach fearr dom fuireach uait in aice na gcruach
ná bheith 'pilleadh ó mo ruaig dhíomhaoin?"
"A chuisle agus a stór, is gur deise thú faoi dhó
ná Helen fár leonadh tréanfhir
is gur binne liom go mór nuair a chluinim guth do bheoil
ná seinm na meor ar théadaibh,
gluais liom ins an ród is ná fulaing mise i mbrón,
a lile, is gur tú a bhreoigh is a bhuair mé;
gheobhair imirt agus ól is do chuid den uile shórt
ar mhala Shliabh Mór Féilim."
"Tá do gheallúna rómhór lena gcomhlíonadh go deo,
a radaire a bhreoigh is a bhfuair mé,
imirt nó ól, cuideachta nó spórt
cha ghnóthóinn ar do mhórléannsa;
mar atá mise óg ba mhaith leat mo thabhairt
i bhfad ó mo mhórghaolta,
agus imeacht leat sa ród mar nach n-aithneochainn neach
beo ar mhala Shliabh Mór Féilim."
"A bhruinneal gan smúid nachar mealladh le cluain,
a réalt eolais mar dhriúcht ag éirí,
gheobhair meadhair ar dtús, seaghais gan chumha
agus gadharchoin go ciúin béilbhinn,
beidh d'eachraidh ar lúth leatsa chaoin siúil
le geataí gach dúin a réabadh,
is gach aiteas don chúis le frasa caoine dlúth
ar astar go dúiche Fhéilim."
"A chuisle rún mo chléibh, is acmhainneach 's is réidh
a chanaíos tú do chéim líofa,
dá gcluineadh an chléir go rachaimis i gcéin
scarfadh óna chéile arís sinn,
ach má théid tusa i gcéim le feabhas do léinn
gheobhair cuideachta go mbéir cloíte,
is beidh mise liom féin is mo mhacnaidh gan réim
ag pilledh agus mé i m'aonar."
"A chuisle is a théagar, ná ceasnaigh go héag
go dtillfeá leat féin i d'aonar,
gheobhair cuideachta ón chléir, beir i gcumann na naomh
is ní heagal duitse céim dhaor ann;
má chreideann tú mo scéal is gairid nó go mbéir
is do mhacnaidh ar an gcéim dhíomais,
ar eachraidh chiúin tséimh ag brostú na ngadhar
mar Pharis ar Shliabh Ída."
"Nach mé bheadh millte go deo dá dtéinn leat sa ród
go neamhchead do mo mhórghaolta?
gan chapall, gan bhó, gan chiste, gan stór
ach beagán beg de lón éadaigh,
gan charaid de mo chomhair maidin ná neoin
is tusa ar an nós chéanna,
is nuair a chruinneochadh an ceo thitfimis i mbrón
ar mhala Shliabh Mór Féilim."
"A chom sheang séimh an úrchroí réidh
rug barr ar an tsaol le críonnacht,
is leanbaí an focal béil a cheanglódh sinn araon
nacgh bhfaighfí go héag ár scaoileadh;
níl aon neach faoin ghréin nach bhfaighidh ina éadan
mórchuid dá mhéin scríofa:
aithris ort dá mbéadh, go dtiocfadh an t-éag
fuascailt duit féin ní bhfaighidh tú."
13. Cad é sin d'aon duine in Éirinn?
Cad é sin d'aon duine in Éirinn thart timpeall
dá ndéanainn le cailín suírí,
a dtugas spéis mhór go deimhin dá gné is dá hinneall
atá ar aon nós i gcruth mar Aoife?
Gan géilleadh do thuilte sléibhe is don uile
thréanfhear dá bhfuil á dídean,
má fhéadaim, beidh an ainnir chéanna ina bhfoirinn
méarlag gan ghuth liom sínte.
Dá ndéarfadh a cine is a lucht gaoil liom cad uime
fá léigfeadh go leamh mo chroí domh
bheith ag dréim lena cumann san éagruth a bhfuilim
is ar shaeibhreas na má nach bhfaighinn í,
mo scéala dóibh uile gur lena scéimhse do cuireadh
mo chéadfaí ina gcruth gur baoth mé
is nach ionadh dá mbaininn éiric as duine
chaitheas gaetha tré bhrú mo thaoibhse.
A spéirbhean den fhine is féile go deimhin
de shliocht Éibhir na gcath Mhic Mhílidh,
ní léitear le file i véarsa siolla,
a chraobh ghlas den bhile ríoga,
gur éagas tré ghean ort, féach is ná fulaing
domh féin feasta dhul faoi líogaibh,
ach déana mar deirim is déarfaidh gach duine
gur tú an leigh a thug fadú saoil domh.
Ós léir do Chrích Uladh gurb i d'eadansa cruinníodh
an scéimh uile ón chine dhaonna,
mar Helen fár tugadh céad cath inar goineadh
Gréagaigh le lucht na Traoithe,
ní féidir domh fulaing éifeacht mo ghean ort,
a spéirbhean mhilis mhaothgheal:
ná déana mar rinne Briséada gan chumann,
ach mar Dheirdre chuaigh ar muir le Naoise.
14. I ndún a chois coilleadh
I ndún a chois coilleadh ar imeall na trá
tá snua an aoil úir is an rós
i ngnúis an linbh nár milleadh, is is áille
cúl na lúb mar an ór.
Ar chinniúin Leander ní thairneofaí scríobh
nó ar Helen an uicht bhláthghil fár sárscriosadh an Traoi,
dá mb'fhiosach do chách go mbeadh mo ghrá-sa ins an tír
ina huilleagán gan bhrón.
Is míle binne mo leanbh ná an Dághda
is a thrí mic ciúil dá mbíodh beo
is ná an siansa úd a sheinneadh Mac Manair ar a chláirsigh -
na faoilte le a múchtaí an brón.
Is ionann is an samhradh gach geimhreadh gan ghaoith
agus tuilte le gach arbhar le leamhnacht is fíon
fá mhullaí is fá ghleannta gan amhras mar mbíonn sí,
m'uilleagán gan bhrón.
Is aoibhinn ceiliúr agus seinm na n-éan beag
fá choillte dlúth caomh cnó
is sníomh na n-inbhear is a bhfoireann le héisc
ag brúchtadh de dh'oíche is de ló,
is meanmnach gan angar gach clann mhac is níon,
a bhfeara is a mbantracht ag reabhradh fá aoibh
is an mhil ag teacht ó neamh an uile aimsir istír
a mbíonn m'uilleagán dubh ó.
Níl gné sa chruinne le cumas a méar
nach bhfuaifeadh an naí ins an tsról
le céill nó le teanga dár canadh faoin ghréin ghil
buailte i laoi nó i bprós.
Nach fiosach di mar shealbhaíos tallanna na níon
ó Helicon a dhealraíos fán cheathairdhúil gach saoi
is na srotha is glaine ag sleamhnú ó sheomraibh Chastalia
san uilleagán dubh ó?
Sí mo rúnsa ar an gcruinne dár gineadh ó Éabha í,
an chúileann is caoimhe cló
a fuair clú ar a cine le hoineach is le féile,
an cluanaí is milse póg,
is go bpronnfainn dá mba liom tuile tonn agus tír
ó imeall chríocha Luimnigh go hInse Mhic Aoidh
agus tórtha shrotha Ganges go hiomlán mar mhaoin
ar an uilleagán dubh ó.
A shiúr mhaoth mhilis, dá mb'fhiosach duit mar tá mé
i mo dhúscadh de dh'óíche is de ló
i bpéin, lán tuirse is ag éag de do ghrá-sa,
shiúlfá an saol liom, a stór.
Ach muna dtiocfaidh tú, glac peann blasta in am agus scríobh
litir ghlan do m'ionsaí agus sloinntear leat síos
nach orm a luíos d'ansacht, do ghean nó do mhian
is nacht tú m'uilleagán níos mó.
15. Róis Nic an Bhaird
Cé go raibh sí, Róis, is mise 'ár gcónaí mar lánúin thart thall
is nach gcreidfeadh slóite go scarfadh an óigbhean ar tháinte
choích' liom,
thug sise móide mire móra, ó fágadh mo chrann,
go rachadh i gcomhar leis an tSagart Eoin i mbun crábhaidh sa ghleann.
Nach ait an nóisean a ghlac sí, Róis Nic an Bhaird, ina ceann,
go dtug sí móide nach dtabharfadh póg domh os ard nó faoi choim?
An bhean ba chóir a bheith ag gol go brónach bím fágtha nó tinn,
gurab í is troime labhras is chaitheas mórchlocha na sráide liom.
Dá dtabharfaí fós domh Inis Fódla gan cháin le mo linn,
líoga lómhara ríthe Eorpa ina mbárcaibh ar toinn,
mo chatha cróga chun seasamh gleo domh i ngach gábhadh le fonn,
níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá mbeinnse cóirithe san éide is mó luach ar fáil ins an Fhrainc
is coróin chlócheart Athar Scóta gach lá fá mo cheann,
sin is mo chóistí bheith nithe as ór uile ó thairne go rinn,
níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá mbeinn i mo chónaí ina cathair órga mar Áras Mhic Goill
is na ceatha ceoil a bheith ar feadh mo longfoirt go sámh ar
gach fonn,
a raibh de stór ag Crassus Rómhánda ar fáil agam gach am,
níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá mbíodh mo bhordaí faoin uile shórt bídh ab fhearr i
gCríoch Choinn,
bruite is rósta is mo choirn fórlíonta de ghnáth de gach lionn,
brataí sróil feadh mo leapa cóirithe de bhánscotha fionn,
níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá mbeinnse croga mar Shamson moghach thug barr ar gach clann
is go beacht i bhfoghlaim ar aiste Homer thuill táin lena pheann,
dá seinninn ceol 'bhéarfadh an uile othar chun sláinte gan mhoill,
níl gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá mbeinnse pósta is áirighe bhó agam is áltaibh crom,
maighe mómhar a bheith agam cóirithe is mo lámh faoina ceann,
scata óighfear a sheasfadh cóir domh chomh láidir le Goll,
ní bheadh gar sa dóigh sin is cogadh Róis Nic an Bhaird a
bheith liom.
Is dá mbeinn gan treoir in anaoibh bróin, is mé cráite, lag, tinn
is feart mo chónra á dheasú romham ar ball ins an chill,
gáir na slóite ar an ócáid is mé i ngábhadh mo chinn,
ba mheasa an sceol liom cogadh Róis Nic an Bhaird a bheith liom.
Dá maireadh i gcónaí mo charaid beoga thuill táin domh is greann,
ní scarfadh Róis liom is ní rachadh i gcóir ar bith crábhaidh
sa ghleann:
ach ó theastaigh an ró-gha bhí agam thóg sise ard-arm teann
is beidh an cogadh mór seo gan osadh comhraic go bráth feasta liom.
An amaid shúgach
Bhí mé ag suírí le cailín a bhí fíneálta, geanúil,
caoindealbhach, maiseach, múinte,
is go sílfí gur ghlaise a gné ná Helen,
Venus, Minerva is Juno,
a súil gur ghlaise ná driúcht na maidne,
de réir mar a d'fheicfí domhsa,
is nuair a tháinig an tSamhain is fuair mise an t-amharc
ní raibh inti ach amaid shúgach.
Shíl mé seal tamaill gurbh í réalt eolais an domhain í
is go ndallfadh sí dealramh na gréine,
nuair a chonaic mé mo chailín chuirfeadh éiclips ar an ghealaigh
is go dtug sise bua ar Dheirdre,
Orpheus le binneas bhainfeadh damhsa as crannaibh
is, dar liomsa, ba bhinne an chúilfhionn,
is é bheir mo chéadfaí ar mearú munar léir domh a bealaí
nuair a shantaigh mé an amaid shúgach.
Bhí sí macánta riamh gé nach dtáinig a ciall
is, dar liomsa, níor léir di a béasa,
cibé d'fheicfeadh í ar an tsliabh ba chosúil í le rialt,
mar Phallas nó mar an ghrian ag éirí,
bhí sí dána ina cumann mar mhná óga an domhain,
cha scríobhaim a hainm is níorbh fhiú liom,
nuair a thiocfas an tSamhain is féile na Nollag
gheofar oighear ins an amaid shúgach.
d'fháiscfeadh sí duine go gráúil ina cumann
chun a dá chích chruinne chumhra,
is gurbh aoibhinn an t-ionad a bheith aici seal tamaill
san áit a bhí faoina cúram.
bhí sí fírinneach seasmhach do thrí fichid buachaill
is go sílfeá nach raibh sí lúbach
is, dar bheith Ardrí na cruinne, ba chráite an chinniúin
a bheith i ngrá leis an amaid shúgach.
Cha scríobhfadh Tully is ní mhíneodh a thalann
a caoineas i nglórtha céillí,
Homer, go deimhin, ós é bhí mar ollamh
le héifeacht i measc na nGréagach,
Ovid is Horace a fuair céim agus onóir
ag déanamh véarsaí is dánta clúiteach,
cha smaoineodh a dtuigse is ina dhiaidh sin a ngliocas
gach beart dá raibh san amaid shúgach.
Suirí Mhuiris Uí Ghormáin
Ar maidin Dé Máirt is mé ag dul go Droichead Átha
theagaimh domh an stáid ar an Turnpike Road,
sí is deise dár tharla orm de mhnáibh
ó gineadh mo lár go bhfaca mé an tseoid.
Gabhaimse a lámh an oiread is a rá:
"Shall travel wit' bláth na finne, sweet rose."
"Dar by me own troth," ar sise 'thabhairt sásaimh,
"where will ye call, or wither shall go?"
Fhreagair mé an tráth sin lile na mbánchrobh
ba ghile ná bláth na n-abhall faoi dhó,
is tráth haithníos gur pháiste Sacsanta gallta
ainnir na bhfáinní chas mé mo ghlór:
"Me is go Droichead Átha, shall give you a cárta,
and heartily fáilte, madam, wit' póg."
d'amharc i mo dháilse is rinne sí gáire:
"Sad is the cás, me money has none."
Tráth haithnigh mé an sméideadh ag teacht fá mo dhéin
ón choinneal mar ghréin na maidne gan cheo,
b'fhearr liom ná saeibhreas Mharcais is Shéasair
ise agus mé bheith i gcumann 's ag ól.
Las mé sa Bhéarla is labhair mé léithi:
"If him had apron fill of the ór
the devil a ha'penny me let you pay,
shall drink the good ale till feather-cock crow."
Thaitin mo Bhéarla blasta le spéir
na ndearca mar réalta glasa go mór
is do labhair de shéimhghuth 'bhinne ná téada:
"What is you name, or what town was your home?"
Fhreagair mé scéimh na cruinne go léir:
"Me is christened Moresius Gormáin cóir.
I is very schoolmaster, dar by me salvation
shall carry good favour for you go deo."
Ar ndul go tigh an óil dúinn shuíomar ar bord
mar Pharis ón Traoi is mar Helen ón Ghréig,
bhí mise á pógadh is ise mar lóchrann
solais gan bhrón ag moladh mo léinn:
"You's very fine clothes, you's purty fine brogues,
you's Latin well spoke, and what me can't name."
Ach bhíomar ag ól gur thit mise 'mo cheo
is don deamhan sin orlach fuair Muiris dá feidhm.
Ar theacht as mo néal domh dhearcas gach taobh
den halla a raibh an ghéag is mise fán bhord
is ní fhaca mé aon a bhéarfadh domh scéala
ach gasún gan chéill nach dtuigfeadh mo ghlór:
"Did you see fair fine handsome white lady
that was me comrady last night ag an ól?"
"She make runaway with a shintleman brave,
horseback and away along the road mór."
Ar chloisint an scéil-se ghlac mire is éad mé
fán staraí a thréig mé ar scodaí gan treoir,
is dar Croisín Mhic Géile is coróin Rí Shéamais
b'fhearr liom i gcré nó crochtaithe beo.
"What be your name, a smuigín an Bhéarla?
Wallop you bravely má thig tú 'mo chomhair.
Go mbeire an chorr iasc léi thusa is an péire,
whip 'em wit' fairy amach ins an cheo"
Sábha Nic Oireachtaigh
Tréigfidh mé ceol, cuideachta is spórt
agus cromfaidh mé le fónamh chun an tsaoil seo,
ceannóchaidh mé bó, capall nó dhó
agus, b'fhéidir, gabhair agus caoirigh,
diúltaim go deo do imirt nó do ól,
do chuideachta nó pógadh maighdean
ach, cibé dúras fós, tá sé sin uilig romham,
níl gar ann muna bpógfainn Saebha.
Tá daoine san áit seo agus bhíonn siad á rá
nach mbíonn agam go bráth saeibhreas,
cluinim iad á rá ach cha chuirim orthu aird
agus chífidh siad ar ball gur bréag é,
beidh mise ag ceannach snátha ar aontaí ó mhná
agus línéadach bán glégeal,
ach dá ndéanainn dubh den bhán agus caisleán ins an lá
ní bheadh gar ann muna sásóinn Saebha.
Rachaidh mé amach agus ceannóchaidh mé speal
agus gearrfadih mé fásaigh agus léantach,
is ar mo philleadh domh isteach beidh ór agam go fras
agus b'fhéidir go bhfaighfí feidhm leis,
ceannóchaidh mé mart is cuirfidh mé í sa toit,
óir sílim nach cúrsaí tréas' é,
ach dá dtaomainn an loch níl brí ann nó gar
muna sínfinn mo chorp le Saebha.
Rachaidh mé a dhróbhaireacht is ceannóchaidh mé scóp
de thalamh mhéith a chomhair Dhún Laoire,
beidh aoire agam dóibh de dh'oíche is de ló,
is má thig toradh orthu tógfaidh mé dairy;
má fhéadaim, dar ndóigh, beidh giolla agam fósta
a chuirfeas an t-ógeallach fá bhruach sléibhe,
ach dá ndéanainn níos mó ná ar dhúirt mise fós
ní bheadh gar ann muna bpógfainn Saebha.
Níl aon duine bocht i muinín cúpla mart
nach dtabharfaidh mé bearach is féar dó,
nó go gcruinneochaidh siad stoc is maoin mhór ar cnoc
is go bhfaighidh siad téarma is léagsaí;
mar a fuair mé iad gan locht, cha bhímse féin go holc
don méid úd atá faoi léanbhroid,
ach dá síolainn an cnoc ba díomhaoin mo bhoc
muna sínfinn mo chorp le Saebha.
Níl saor dá ndeachaigh anonn nach dtabharfaidh mé anall
agus tógfaidh mé long ar an Éirne,
beidh tuistiún ar an cheann dá dtriallfaidh ar toinn
ach don deamhan pingin a bhéas ar mhaighdin,
níl ceard dá raibh riamh nach dtoiseochainn gan chian
is treiseochaidh mé ar an bponc le Gaelaibh,
ach an curach sin Dhún Binne dá dtabharfainn go Baile Áth Troim
cha sásóchadh sé gach aon Saebha.
19. Méabha agus Mánas Buí
Ní chodlaím néal i dtuirse ag smaoineamh ar bhláth na gcraobh,
sí is gile déad is is binne béalghuth ar mhnáibh an tsaoil,
dearca réghlas is maille féachaint dá grá gur líon
a bhfaca scéimh gheal do gheansa, a Mhéabha, gan Mánas Buí.
I neart dá mbéinnse mar Iollann tréitheach thug barr ar gach crích
go gcuirfinn faobhar mo lainne i gcéill do a lán fán mhnaoi,
ní mó an t-éachtas a rinne Diomedes in ár na Traoi
ná dhéanfainn féin ach go mbuafainn Méabha do Mhánas Bhuí.
Leis an mhílidh Theseus a d'imigh Phaedra is níor náir dó í,
is le Parsimenes a d'imigh péarla na mbánchrobh mín,
le Diarmaid déadgheal a d'imigh scéimh na Banbha-sa arís
is ar an aiste chéanna go n-imí Méabha le Mánas Buí.
Le Paris tréitheach a d'imigh Heléna go cathair na Traoi,
is le Iason éachtach a d'imigh Medea a bhí i ngrá go dian,
le Naois na scéimhe a d'imigh Deirdre ón chlár-sa thíos,
ar an aiste chéanna go n-imí Méabha le Mánas Buí.
Fá Pholyxena thug Hector éachtach ar Achilles bruíon
is fá Phroserpine na méar lag a throid Theseus le Cerberus thíos,
fán tseoid Briseis a throid Diomedes agus Troilus go fíor
is fán racán chéanna go mbuaitear Méabha le Mánas Buí.
Le Cú na nÉacht a d'imigh an spéirbhean gan spás ó Chú Raoi
is le Mars na ngéarlann a d'imigh Venus gach tráth den oích',
bhí Vulcan béaldubh go cinnte ag éad leis gach tráth fána mhnaoi,
is go n-imí Méabha gan fios a scéala le Mánas Buí.
Ach i measc na ndéa-bhean dá gcasfaí Méabha, nó i láthair
Mhic Prímh,
agus í bheith faofa ar mhala an tsléibhe mar raibh Paris ina shuí,
ar bhreathnú a caolchoim don bhreitheamh thréitheach dob
áille dlaoi
is deimhin scéal an abhaill óir go léigfeadh ar a láimhse gan scíth.
B'fhearr liom féin ná an t-each is gléasta ar stábla ag an rí
nó a bhfuil de shaeibhreas ó Lios na Scéithe go Carn Chlann Aoidh,
go raibh mé féin is an ainnir shéimh úd a chráigh mo chroí
i gcuasán sléibhe ó luí na gréine go tráth an mheán oích'.
I gcuasán sléibhe nó i ngleannta doigheartha nó in áltáin fraoich
dá gcasfai Méabha is gan duine léithi do Mhánas Bhuí,
dá deoin is dá héigean mo ghrá go léigfinn ar lár ach go bhfaighinn
mo roghain féin ar gach seoid ba daoire óna bánchích síos.
Bhéarfainn trí léaga de thrí léim mar a gcónaíonn mo mhian
a bhfuil m'anam fuaite taobh istigh dá léine in aice lena croí,
ní mó a bhí Gréagaigh lasta in ead le Paris mac Prímh
ná bheinn féin ach go mbainfí Méabha de Mhánas Bhuí.
Más i ndán do Mhéabha mhilis bhéasaigh atá Mánas Buí
nár bhaine aon neach faoi luí na gréine don stáidmhnaoi chaoin,
mar i ndúil is go dtréigfeadh sí na cleasa cnéamhartha bhíos
ag mná ins an oích'
is go n-ólfainn féin as an ghloine chéanna-sa a sláinte arís.
20. An Guairne
Is tubaisteach a chuaigh dom mo chuairt chun an Mhuilinn
Dé Máirt.
Theagaimh domh an guairne dubh, gruama, gan chuma, gan bhláth;
tráth shuíos lena gualainn chun suaircis ba deacair í an dáil,
ghair sí na fuachais mar a d'uaillfeadh cú alla bheadh in ált.
Tá déada fada gránna aici fánas idir gacha ndís,
i mbéal an chaile spágaigh, is go mbáfadh a cuid ronna an
Má hÍth;
bléin mar leathar láidir a bhí ag sábháil Mhic Damhain sa mhaidhm,
is a péire ramhar másaí ba mhó tábhacht ná Teamhair agus Scrín.
Tá folt ag sileadh anuas lena guaille is duibhe ná an daol,
is go gcreaplódh go crua iomadúil sin gach ribe de laoch;
mar arrachtach Mhagh Nuartha is é tuairisc a bheirim uirthi daoibh,
is go dteithfeadh Críocha Cuailgne go Tuamhumhain dá bhfeicfidís
a caoi.
Tá leaca ar dhath an ghuail ar an tuathphéist chaile gan chéill,
is a dearca chuirfeadh suan le neart uafáis ar Chonall, gér thréan;
mallacht shímhná Chruachan anuas ó mhullach go féar
ar an namhaid nach bhfuil stuama, is go bhfuadtar go Sodom í, an
pheist.
Is deacair di bheith slán fán táin a rachas uirthi uaim,
ar feadh Éire ar fad fán scanradh thug Calpyso na neamhan
domh mar dhuais;
gach léan dá raibh ar Pharaoh do bádh go dtite uirthi anuas;
bead féin á gearradh go dtiocfaidh an bás gan osadh lena huaigh.
Ní fiosach ar bith gur fhás sí ón Ádhamhchlainn, an mharbhmhuc úd,
ach mur' deamhan de shliocht Charain í, an cnábaire caile
gan snua;
siúd ceap a cine, an bháirseach mhínáireach gan mhaitheas gan chlú,
Mac an Deacair nár shásta le dtráchtar i startha Mhic Cumhaill.
Gearradh con is crámhilleadh is baidhbh ag tochailt a cuid radhairc!
Breith seachad is báiní go dtarlaí go haichearra dá céill!
A habach is áras a gráinne go dtite as an phéist,
ach a hanam a bheith slán go mba gránna lena huile dhuine a gné!
Fearthainn, tine, tuadhghaoth, cruashioc is sneachta bheith léi!
ag Aeolus á ruagadh go cuanta Acheron ina diaidh.
Go mba measa naoi n-uaire í ná an fuath bhí ar Ulaidh sa léan,
is galar ar an tuathphéist nach dual do Hippocrate a leigheas!
21. Toirdhealach cóir Ó Hámaill
Cha chreidim go deo dá ndéarfaidís slóite:
"Beir bocht nó go leona an bás thu",
is a liacht sin dóigh a dtiteann sin tórtha
ar dhuine gan stór is é ársa;
ní fiosach neach beo cia maidin nó neoin
dá gcuirfeadh an Rí glórmhar ádh air,
mar theagaimh i gcóistí a thaisteal na mbóithre
Toirdhealach cóir Ó Hámaill.
Níor chruinnigh sé stór nó ciste den ór
ach a chaitheamh i dtigh an óil go fáilteach;
shuífeadh sé ar bord ó mhaidin Dé Domhnaigh
go n-éireodh an ló Dé Sathairn air;
cha ghlacfadh sé comhairle a mhná nó milord,
ní fhuirsfeadh, ní threabhfadh is ní fhálfadh;
is nach bhfeic sibh faoi dheoidh gur chuir Fortún i gcóiste
Toirdhealach cóir Ó Hámaill.
Ní raibh tigh leanna máguairt ó Charraig ó thuaidh
go hInis Caoin suairc na fáilte,
ó shin go Móin Fhuaid is go Dealgain na gcuach
nár thriomaigh sé suas, mo pháiste;
dá dteagadh na sluaite phronnadh gan ghruaim dóibh
na cascaí ón chuan gan chánaigh;
is ní raibh oslóir gan duais ó Thoirdhealach rua
fán eachraidh a chur suas ar stábla.
B'fhearr liom le mo bheo gan chapall, gan bhó,
gan fhearann, is fós gan áras,
ná imeacht sa ród mar Icarus óg
Mac Daedalus eolaigh, ághmhair;
b'fhearr imeacht sa meon, mar teagascadh dó,
ná brosnú le stró go hard suas,
gur thit sé faoi dheoidh is a chleití gan treoir
is gur i dtonnaibh na bóchna bádh é.
A Thoirdhealaigh, fiach is ná leansa don riail
ler cailleadh an fialmhac áirid,
tráth thabhaigh den ghrian cead a eachraidh a riaradh,
ag imeacht le riail a mháthara;
lig leis na srianta is bhrosnaigh gan chian
na greagha bhí diana, dánbhras,
gur loisceadh sna cianta na horisons siar;
is nach dona chuaigh a mhian do Phaeton!
Dá nglacadh mo chomhairle an duine a dtabhaireadh
tuilte den ór, is grá fós,
a aigneadh ní thógfadh seacha mar chóir dó,
ach imeacht sa nós ba ghnáth leis.
Níl ann ach ceo is ní mhaireann sé i gcónaí,
's is cathú rómhór a lán de;
is go gcroitheann an cóiste an fear úd nach eol dó
amach, is a thóin in airde air.
22. Tá stéad mear acmhainneach
Tá stéad mear acmhainneach, taitneamhach tréitheach
ag an dea-mhac sin Paidí chun cogaidh á thraenáil;
is gile é ná an eala agus reathfadh le héanlaith
ach murab é go bhfuil creapall ar a altaibh le téada.
Ní raibh ach snámhaí gan tapa, is í bacach gan chéimniú,
i mear-Bhucephalus faoi Alastran éachtach,
nó i nGalata faoi Hector ag saltairt na nGréagach,
san áit a mbeadh an t-each-sa is Paidí á thraenáil.
Níorbh fhiú snaoisín tombac an Liath Mhacha is a céile,
cé go gcloífeadh siad ceapaí i mbreisleacha Mhéibhe,
le taobh an eich bharrúil-se a dhéanfas cáir-réabach
ina maidhmibh má theagmhann siad aturnamh in Éirinn.
Níorbh fhiú an Stua Mhárta bhí ag an chathmhílidh chróga,
Lughaidh Lámhfhada i Magh Tuireadh, inar leonadh
na céadta curadh a bhí ullmhaithe in am fómhair,
ná an stéad-sa ag Paidí, má chleachtar dó comhrac.
23. Eachtra an Ghearráin Bháin
Má tá an gearrán-sa bán ní náir dó gan a bheith donn,
is gur dhuibhe é ná an bhadhbh an tráth do cruthaíodh an fonn;
gheobhadh an fia bairr dá dtarlódh marcach ar a dhroim;
is gur de na capaill a bhí ag Ádhamh é an lá do pheacaigh fán chrann.
Ar ndul ins an áirc dó b'álainn a bhrollach is a dhroim;
is faoi Nimrod ba dána é, an tráth a bhí cruinniú na ndream
fán chaiseal is mar ar bádh Pharaoh is a bhunadh sa toinn;
is dobhí ag clann Iacob, an fhálra acmhainneach theann.
Faoi Josua níorbh fhálta é an lá úd do scoireadh dó an ghrian,
gur bhris ar a náimhde cách nach gcreidfeadh do Dhia;
bhí aige Rí Saul ag tabhairt ár na $bhFilistines dian;
agus bhí ina státa ag Dáibhí ag lasadh na ngliadh.
Bhí sé ag Priamus i gcath i bhfad ins an Traoi;
is faoi Hector ba láidir a spág ag saltairt na laoch;
faoi Alastran ard ba dásachtach eisean 'dul síos
ins an bhreisligh in aghaidh Darius gan scáth nó eagla ina maidhm.
Faoi Nuin mhór Mhac Péil ba tréan é ag taisteal na slí
ó éirí na gréine i gcéin go luíodh arís;
ba comhdheas an stéad é féin ar muir is ar tír,
is mar chruthú thug féar ó Éire ar ais leis dá chrích.
Faoi Bhalor na mbéimeann chéimníodh trí thibhe na slua,
is ní bhascadh é gaetha laochra Dhanann na ndrua;
ba samhail a thréathra ag éirí, a aigne is a uaill,
le tuile theann sléibhe ag réabadh roimpi go cuan.
Ba cumasach, tréan an stéad é faoi Lughaidh mhac Ciain,
ag cumadh na n-éacht ar réidh-Mhagh Tuireadh na sciath;
ag macaibh Mhilesius ba éifeachtach eisean ina shrian
ag dianscabadh laochra Thuatha Dé Danann soir agus siar.
I mbrollach na Tána b'ard a chlaigeann is a chiabh
ag seasamh gach bearnan gábhaidh i dtulamh na n-iath;
bhí sé san áth an lá do goineadh an Feardia,
is faoi Chonall na ndámh ag tabhairt ár an deargruathair siar.
I gcath Chnoc na Sló ba bheo é faoi mharcach san ár,
ag trascairt na leon ba cróga lanna agus lámh;
i Magh Mucraimh, mo dhóigh, níor leonadh alt ann nó cnámh,
gérbh iomaí cneá mhór a bhí ródaithe thart ar gach ball.
I Magh Léana faoi Chonn ba teann é ag titim mar stoirm,
ag briseadh na lann agus compar curadh le foirn;
níor lagadh a lonn faoi Gholl ag cora Liosa Doirn,
is faoi Chairbre i gCath Gabhra níodh argain ar fhearaibh
Mhic Mhuirn'.
Bhí sé faoi Niall ag tabhairt giall na dtalta anall,
is bhí sé faoi Fhiachaidh i gCath Liatháin ag imirt na n-arm;
bhí sé i ndiallait ag Brian i mbriseadh Chluain Tarbh -
ní hionadh a mhala bheith liath, mo chian, is a chraiceann bheith
garbh.
Bhí sé ag Ruairí uasal, oide na laoch,
dár ghéill an taobh thuaidh is go Tuamhumhain dósan mar rí;
dá n-imreadh go stuama a chuaine a ghala is a ghníomh
bhí Strongbow san uaigh is a shluaite scabtha gan bhrí.
I nDroim Seanbhó buí crón ba mhór sin a aigne is a léim,
is le linn Bharún Thír Eoghain is dó a dhéanadh marcaíocht
Uí Néill;
i gCnoc na nOs fós níodh bóthar ag trascairt na dtréan,
is i gCath Bhealach Cró chuir slóite ar mearú is i scéin.
I gCluain Tiobrad faoin sparnaí an lá d'imigh Bagenal i scaoll,
nuair a briseadh a ghardaí is básadh a cheannfoirt ón Mhí;
bhí sé in Ardmhacha is ní áirím i mBéal an Átha Buí,
is faoi Fhéilim go hard ag buansásamh Oileán Mhic Aoidh.
Bhí sé ag Eoghan, an t-óigfhear tapa, ina srian
an lá bhris ar Mhonroe sa ghleo go Binn Bhoirb na ngiall;
bhí sé sa Bhóinn go cróga is in Eachdhroim, mo chian!
ní hionadh rige bheith ina thóin, ochón, is casadh ina ghaill.
24. An dá Sheán
Bhí Seán againn ba suairc i gcéill,
sréadaí uasal na sean-Ghael,
adharc líonta riamh faoina choim,
níor iarr ach fíon do chomhroinn.
Seán a phronnadh maoin is ór,
mo chrá, ina luí faoi thromfhód,
agus Seán nach roinneann spré nó lionn
ina ionad, mo léan, go maireann!
Is annamh thig díth céille i gcéill,
Seán dob fhearr ná an chéad Seán,
Seán mar Ghuaire i gcill ina luí
agus Seán mar thuata ina chathaoir.
Den dá Sheán sin dob é an Seán dob fhearr liom ina phríomhfháidh
beo
Seán dob fhéile de shliocht Mhilesius ba dísle nós,
ós é nach séanadh fíon ar éigse agus dhíoladh scór,
ach an dara Seán-sa bíonn fuisce ina adhairc leis is ní
bhfaighinn uaidh deor.
25. Tairngire dheárscnaí
Tairngire dhéarscnaí a rinneadh le Créafann mac Fhéilim an Fhíona
mhic Chairbre Chéir mhic Chonaill mhic Néill mhic Eochaidh
Mhímheoin,
go dtiocfadh sin léan dofhulaing ar Ghaelaibh, ní nárbh
íonadh, is gur mheasa dá bhfaomhadh fear acu féin ná an
iomad dá mbíobhaibh.
Is gearr ina dhéidh gur tháinig sin tréanshlua Lochlann dár ndíobhadh,
go feadh cheithre mblian déag faoin anfhlaith Turgesius orainn do híocadh.
An dara tromléan a thit ar na Gaeil trí mhírún a ngaolta,
Murchadh ó Laighnibh a mhúscail go hÉirinn Briotanaigh mhaola.
An treas tubaiste d'éirigh dúinne, faraor, Harry is a níonsan,
ler imir go claon a gclaimhthe ar a chéile is ar mhaitheas ár dtíre.
An ceathrú tromléan a tháinig ina dhéidh, slua Chromail ler díthíodh
Ulaidh is Laighin is Connacht go léir, is maitheas na Muimhneach.
An cúigiú maidhm-éacht a tháinig orainn is ar Shéamas an
Dara ba rí dúinn,
ler gearradh gach géag dár mhair de shliocht Ghaeil Ghlais
againn sa tír-se.
CzzzzzPrós
Amhail mar deirid i dTaispeánadh Sain Eoin, chuaigh na
cúig dubha móra sin thart, agus anois tá an seisiú dubh i
láthair againn .i. tabhach le rannghaetha nimhe agus le
haincheart cléire; ní mar sin a d'ordaigh ár nArd-Rí, ár
nArd-Sagart, ár lia anama is coirp .i. ár Slánaitheoir Íosa
Críost, a n-abair cléir na haimsire gur lucht leanúnta Dó féin
iad, agus nach é a leigheas na slán a tháinig siad chun an
tsaoil-se, ach a leigheas na n-easlán, ag tógáil a n-ualaí troma
díobh is á n-iompar ar a nguailleacha féin. Ní contrártha an
oíche don lá ná an chléir ag comhlíonadh na mbriathra sin,
óir taispeánaid iad féin ina bhfáidhí i gcruinniú agus i
gcomhdháil, ar aonach agus ar machairí, bheir onóir don
tsaibhir agus easonóir don daibhir; is mian leo suí suas sna
hionadaibh is uachtaraí agus is neasa don tsó. Ní mar sin a
d'órdaigh an Críosta atá thiar againn, agus deirimse gur
mic tíre i gcraicne caorach iad.
CzzzzzFil.
Tá sagart stuama in áit na huaisle ar an tsráid-se Chríonchoill
nach nglacann uatha gan maola is cruacha is ciseán líonta.
Bíonn an buinne suas gach bliain dá ngluaiseann ag tabhach a chíosa,
ní ghlacann sé trua le tréan nó trua gan a fháil mar is mian leis.
Mura mbí ag an bhochtán ach ceathrú ná hochtú is cáil bheag síl ann,
tiocfaidh an dochtúir chuige go toiciúil tapa le "Líon seo."
Sé deir an faonlag: "Tá mo mhuirín faofa, is iad ar íneadh;
mé féin is mo chéile ar ghannchuid spré, is maith dúinn an cíos úd."
"A thrú gan éifeacht, b'fhearr liom féin do chrochadh ar íribh
ná scarfainn go héag le do bhothán faofa gan mo chiseán
líonta."
Dearcaidh an créatúr uaidh go faonlag tar éis a líonta:
"mo mhallacht féin go dté mé i gcré ar an chléireach chéanna."
Cha raibh an léan-sa riamh ar Ghaelaibh againn sa tír-se
ó d'imigh Turgesius uainn as Éirinn mullóg is maológ.
Ba bhéasa dó gach maighdean óg dá bpósadh rímhac
tús a hóghachta 'fháil don stróinse ag cosc a mhianta.
Is béasa gnáth ag an chléireach bhán atá againn sa tír-se
mura bhfaighe sé sásamh le ciseán lán, beidh aige faoi dhaorbhroid.
Má thigid ina dháil faoi Nollaig nó Cáisc ag iarraidh faoistin:
"Siúil, a phlá, ní fhaigheann tú grása, is táir faoi íneadh.
Táir á iarraidh le trí bliana, is níl mo mhian leat;
fansa siar, char thuillis mo bhuíochas, is níl tú díolta.
A bhodaigh bheadaí, ag teacht go sobaí is gan mo chíos leat,
cúpla meascán, sin is duisín, is ciseán líonta."
Ní hé líonadh lánbhruite an leathbhairille in áit an bhuiséil
de shíol ghlan cháite bhán is cás dócúil nó doilís do bhochtaibh
an Fheadha, ach gach daorcháin eile dár mian leis an
phrealáid-se d'fháil dó féin agus don stócach fadbhuinneach
a bhíos ag tabhach na cánach suas de réir proinne luchtmhar,
lánaibhseach, don ainmhí bheoga, bhronnmhar,
dhroimleathan a bhíos ag ardiompar an chléirigh chéanna
sin; agus mura bhfaighe gach ní ar a mhian féin bagraidh
mar dtrascairt agus mur ngearradh go lár agus go lántalúin
le bun fuipe lódáilte - go seachnaí Dia sibhse agus mise ar
fhíoch agus ar fheirg an fhir chéanna sin.
26. Dá mbeinnse saibhir
Dá mbeinnse saeibhir i maoin is in éadáil
is iomaí déa-mhac a theannfadh liom;
ba is caoirigh is stoic ar shléibhte,
ba chríonna mé ná Solamh ina am;
gheobhainn cuirí chun féasta i dtíortha ó chéile,
agus fíon na Gréige á scabadh liom;
is níl aon pheaca éiriceach dá dtabharfainn spéis dó
nach maithfeadh an chléir dom mo choir gan mhoill.
A Thríonóid Naofa, nach mór an scéal é
nach bhfuair mé saeibhreas an tsaoil le roinn?
Bheadh Eaglais Dé dom ar hallaí ag léamh,
agus mise ag éisteacht a gceiliúir foinn;
ach mar bhí mé faofa, i mo bhochtán thréithlag,
cha ndéanfadh aon acu caidreamh liom,
is nach ndearna mé tréas ach aon chaoinbhean bhéasach
a dtug mé spéis di a mhealladh liom.
Sé deir an chléir liom in aimsir éisteachta:
"Is tusa an t-éiriceach is druid anonn,
is d'ainneoin Éireann tá d'anam réidh leat,
mar thug tú spéis do fuiscí is lionn."
A Rí na gréine, nach mór an éagóir
na peacaí céanna a shamhail liom,
is gur cáil dá bpléisiúr de ló is d'oíche
bheith ag fáisceadh a mbéil ar na gloiní rum?
Dá scriosainn téampaill i dtíortha ó chéile
is dá marbhainn céad fear arís le feall,
bheith ag gríosadh éada idir mhnáibh is a gcéilí,
is ag déanamh adhaltranais lena gcasfadh liom;
ach cáil de m'éadáil a chaitheamh ina dhéidh sin
faoi láimh na cléire gan easbhaidh anonn,
go bhfaighinn loghadh sna peacaí céanna,
is go scríobhfaí léis ins na flaithis liom.
Dá dtabharfainn réchiseán líonta saeibhris
faoi mhaoil don tréadaí agus snaois faoi choim,
is duisín déanta ó mo mhnaoi go gléasta,
sníofa óna méara go sleamhain slim,
meascán gréiseach a mbeadh boglán méise ann,
teacht aimsir Bhéaltaine nuair a thiocfadh an t-im,
ní fhuaródh gné de mo chorp sa chré
go mbeadh m'anam daingean ins na flaithis thall.
27. Caiptín Fuiscí
Níl cailleach i gclúid is a leaca ar a glúin
dá mblaiseadh mo rún nach léimfeadh go hard,
is a teangasa lúfar glic i ngach cúrsa
ag aithris a clú is a maise ar na mnáibh;
Is é chuirfeadh úir isteach ins an chnúidín,
chasfadh a chúla is a bhuiceoid le cách,
is nár mhaire go Luan an fear a chuir smúid
ar mo chara ba súgaí bhí in Inis Chrích Fáil.
Is é chuireadh beos is spracadh mar leon
sa ghliodaí gan treoir darb ainm dó an tráill,
bhíodh dhá thaobh an bhóthair leis, sin is a bhróga
ag titim is a chóta folaithe i láib;
níorbh eagal dó leonadh, tuirse nó brón
dá dteagadh sin geoiste is fiche ina dháil,
níorbh fhearr leis-sean fós ar leaba den tsról
ná ar leaca is gan róinne bheith idir é is lár.
Níorbh acmhainní cróga Hector i ngleo
ná an leisíneach leonta is eisean bheith dall,
tráth shlogadh sé corn den $whiskey ina scóig
do chumadh mar Ovid, file, gach rann;
níl ceist ins na leabhair nó ealaín nárbh eol dó
a aithris gan ghó, gan chasadh, gan cham;
an maireann neach beo nach dtitfeadh i ngleo
do thaithigh gach ló mo chaiptín bhí teann?
Is iomaí sin baol a tháinig ar Ghaeil
ó thug Rí Laighean a choróin ar toinn,
ler chaill siad a gcéim is a bhfearannta saora,
a ngunnaí is a ngadhair is an breac ins an linn.
Is measa liom féin ná a dtáinig de léan
le Sibeoil ar Éirinn, caraid mo choim
a chailleadh, gan aon sáthadh scine nó claímh,
mo chaiptín bhí tréan, an $whiskey geal fionn.
Do b'fhuras le Críosta aiséirí arís
a thabhairt don tsaoi a chuideochadh linn,
chuirfeadh misneach is brí ins an fhear is ins an mhnaoi,
leanbh na cíche is an bunadh bhíos crom.
Dá bhfeicinnse i gcrích mo charaid arís
léimfeadh mo chroí mar gheilt as mo choim;
seo sláinte na díse, Nicí den tsíol
nár milleadh is a chaoifeach galánta grinn.
A chompáin shaor
A chompáin shaor ar mhian liom a bheith libh i ngach áit,
nach ait libh mar táim, ón teanga níl urlabhra le fáil?
dá gcastaí sa tslí daoibh an ní bhainfeadh a challán as cách,
gur miste daoibh féin dá bhfaigheadh sibh a bhlaiseadh i mo dháil.
A Chonaill is ionúin, is fíor, mur dtuigis mo chás,
nach bhfuil duine sa tír-se ar díth leo dá dtigeadh mo bhás;
a chara na ndraoi ler scaoil an iomad ar clár,
fliuchaidh mo theanga is beith an píobán s' slán.
Cuimhnígí arís ar dhílseacht na seanfhear go dtrást,
mar d'innis siad daoibh gan claonadh ar mur gcaraid i gcruachás;
solas don tsaol iata gurb aicíd mhór bháis,
sin an deoch le mur dtaobh is tí sibh mise mar táim.
Úr-Ghaeil thug d'fhíor-fhéile is taitneamh do ghreann,
ag díol éigse le mór-éifeacht ba follas é an dream,
ó tí sibh mé gan chuid den phléisiúr is go bhfuilim ró-thinn,
is dóigh, an iomad libh mar fhéirín domh luach scillinge 'lionn?
Aguisín 1
Feartlaoi Pheadair Uí Dhoirnín
Art Mac Cubhaigh cct.
Ar mhullach an Átha Buí i mo luí teacht ghoirm na gcuach
sé chonaic mé naoi mná caoimhe ag frasghol dá ngruaidh;
Parnásas na dtrí sruth íce tirim go bruach,
is ar chnoc na mban sí gur éirigh tuirse agus gruaim.
Bhí Apollo ina luí gan bhrí, gan mhisnigh, gan stuaim,
Mineirve ag caoi, is a croí istigh ag bascarnaigh suas;
Aeólas le fíoch ag síobadh Neiptiúin ón chuan,
is Mac Manair nár mhian leis siansa a chanadh nó duan.
Chuir Lúna agus Féabas éiclips orthu le dlúimh,
Mars agus Véineas ar téitheadh le Méarcairí suas,
Satarn ag méadú léinn ar chinniúin an tslua,
agus Iúpatar céillí ag réabadh an fhlaithis anuas.
Clann an Dághda is Oirféas thréig siad cruit agus duan,
is d'imigh gach réalt faoin spéir ón Artach anuas;
an Sóidiac go léir ag séideadh doineann is fuacht,
is do ghoil na Néiriaidí ar thaobh na toinne le gruaim.
Bhí Oivid i gcéin a chum véarsaí snoite ag cur uaidh
Agus Horás na dtéad ag méadú eagna gach uair;
Veirgil na nGael ó thaobh na Gearmáine anuas,
agus Hóiméar na Gréige, fear déanta startha gan duais.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur éirigh chugam ar cuairt
Diána ón Ghréig, is a péarlaí daite gan snua;
d'fhiafraíos den néimhghin mhéarlag mhilis na mbua
cé acu de shíol Éabha fár éigh sí a bosa chomh crua.
d'fhreagair dom an ghéag mar thaoscadh toinne le cuan,
dá dhearbhadh dom féin gan bhréig, gan mhagadh, gan chluain
go raibh Oracal Gael ag éag in aice an taoibh thuaidh -
Ó Doirnín na Séad a fuair léagsa ar chiste na ndrua.
Mo dhalta, mo spré, mo shamharclán cogair gach uair!
Is é bálach gan chéill nach ndéanfadh caidreamh le stuaim;
ach dá dteagmhadh dó féin fear céillí carthanach suairc
do sceithfeadh go léir sruth gléigeal Helicon uaidh.
Ní raibh curadh nó réics ar mhaoilinn Theamhrach na ndrua
nó in Eamhain na n-éacht fár éigníodh teach na Craobhrua,
nó ruathar a thug Méabh do laochraidh Uladh na slua
nach dtigeadh ina chéill tráth shéidfeadh an beathuisce suas.
Sí Banbha féin an mhéirdreach mhínáireach gach uair,
a scar le gach céile dár cheangail di cumann gan chluain,
ó Pharthalán na mbéimeann go ré Clainne Chearmada anuas,
is gach flaith de shliocht Ghaeil dár ghléas ón Easpáinn ar
cuairt.
Míle, seacht gcéad, seascad is ocht mbliana anuas,
trí mhí ina dhiaidh sin, aois Mhic Mhuire san uaigh,
ar an cúigiú lá séimh de laethaibh an Aibreáin gan chluain
chuaigh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.
Séamus Mac Murchaidh
Ar mhullach Shliabh gCuilinn bhí an choirm á réiteach,
agus Séamas Mac Murchaidh 'na thaoiseach ar an fhéasta;
cha dtabharfadh sé urraim do bhodaigh an Bhéarla,
'gus anois tá sé in Ardmhacha is gan faill ar a réiteach.
A Shéamais Mhic Mhurchaidh, a rímharcaigh chlúitigh,
a phlanda den fhíorfhuil a shíolraigh ó uaisle,
cad chuige nár smaoinigh tú do dhaoine bheith dod ruagadh
nuair nár éalaigh tú san oíche sular díoladh faoi do luach thú?
Tiocfaidh garda tréan láidir ar an tsármhac ina chodladh,
beidh claimhte acu nochta is ní áirím lucht gunnaí;
beidh an Scotach rua ó Ardmhacha ann, Dé Máirt bheas an cruinniú,
is ar uachtar na sráide tá an bás faoina choinne.
Trua gan mo chos a bheith briste nó mo lámh a bheith leonta
sular ól mé an cupán fuisce ar maidin Dé Domhnaigh;
ghoid siad mo hata agus loit siad mo phóca,
agus bhuail an mí-ádh orm is sháraigh sé beo mé.
Trua gan mé i mo fhraochóig ar thaobh mhala shléibhe,
nó 'mo shamharclán deas gréigeal ar dheisiúr na gréine,
nó mar Shéamas Mac Murchaidh is deise bhí in Éirinn,
agus dhéanfainn an Nollaig ar an Chreagán dá bhféadfainn.
Trua gan mé ar bharr Ardach' nó ar Bharr ard an Fhéadaín
ag ól as na cártaí i do phárlús, a mhaighdean;
dhéanfainn cúpla dán duit is, dar mo láimh, ní gan phléisiúr,
is a mhaighre an ghil-bhrád, is tú d'fhág m'intinn buartha!
Dá mbeinn i mo fhraochóig ar thaobh Bharr an Fhéadáin,
nó dá mbeionn 'mo ghas raithní ar dheisiúr na gréine;
dá dtéinn mar londubh go coillidh Dhún Réimhe
agus thart go Carn Eallaigh mar ar tógadh le réim mé!
An lá sin ag briseadh Eachdhroim is orainn bhí an buaireamh,
trua nach bhfaca mé mo chonairt is í cóirithe gléasta;
is trua nach é an cogadh é is na fir 'gabháil i gcampa,
agus Séamas Mac Murchaidh i dtús ann mar cheannfort.
Measaim gur féidir an chuid sin thuas ar a laghad a chur ar
Ó Doirnín.
Amárach, Lá Fhéile Pádraig, an chéad lá den tseachtain,
beidh na bréaga á n-ársaí, is a lán lena gcruthú;
beidh na scaiftí as Ardmhacha ann, agus Airtí fá mhionna,
is ar uachtar na sráide, Dé Máirt, bheas mo chonsú.
Och, shíl mise, 'Airtí, dá muirfinn na céadta
agus tusa teacht orm i ndiaidh an chíothach sin a dhéanamh,
go ndéanfása rún chomh fada liom féin de,
agus sin mo chid fola i mbrollach do léine.
Bliain is an lá úd bhí muid ag Patrún Chill Shléibh,
agus bliain an lá amárach bhí muid ar rásaí i nDún Laoire:
inniu fágfar mé in Ardmhacha mar fágadh na céadta,
is ar uachtar na sráide dhéanfar mo chás a réiteach.
Éireoidh mé amárach le fíorbhreacadh an lae ghil,
is siúlfaidh mé an tsráid is beidh garda ar gach taobh díom,
beidh na gunnaí 'g éirí in airde ion ní áirím a gcuid piostal,
is ar uachtar na sráide beidh an bás fá mo choinne.
Nár shíl mé go raibh pardún i gcaisleán an rí dom
nó go bhfaca mé mo chónair á síneadh liom síos,
is mo bhearád geal gréigeal á shíobadh le gaoith,
agus Beirnigh ina dtuiltibh is iad cruinnithe ar gach taobh díom.
Ó fágadh mé in Ardmhacha, is char bhréag liom mo spéis ann,
cha dtuigfeadh siad mo ghlórtha mura labharfainn leo Béarla,
bhí sloitire cacach ann, an chailleach spáigéarach,
ach sí mo londubh an bhean dubh i ngleanntán an tsléibhe.
Thíos i lag an tseantí bhí an chailleach spáigéarach,
is leithead chroí mo bhoise de bhob i gclár a héadain,
cha dtuigeann sí mo chanúint, is cha labharfainn léi Béarla,
ach sí m'ansacht an bhean dubh atá i ngleanntán an tsléibhe.
A Neillí dheas chaoin, má d'ordaigh tú an bás dom,
triall chun mo thórraimh is cóirigh faoi chlár mé;
más mian leat mo phósadh is mo chroíse bheith ar láimh leat,
fill is tabhair póg dom is beidh do chroíse lántsásta.
Triallaigí chun mo thórraimh go brónach Dé hAoine,
nó ar maidin Dé Domhnaigh fríd na bóithre gos íseal,
tiocfaidh Cáit Óg Ní Dhónaill agus ógmhná na tíre,
is beidh mé ag éisteacht le bhur nglórtha faoi na fóide is mé sínte.