CEITHEARNACH UÍ DHOMHNAILL.
Lá n-aon dá raibh Ó Dómhnaill .i. Aodh Ruadh Mac Néill
Ghairbh Mhic Thoirdhealbhaigh an fhíona go maithibh a mhuinntire,
a thíre, agus a thalmhuine mar aon fris ag caitheamh fleidhe
agus féasda i mBéal Átha Seanaigh, (do fritheáladh agus
do freastaladh iad le nua gacha bídh, agus le sean gacha
dighe ar cheana), agus an tan ba haoibhinn dóibh ag an
ól do ro labhair aon díobha do ghuth mhór fhollus-ghlan, agus
is eadh adubhairt:
"An bhfuil dís agus fiche ó so go Móir-Ghréig is binne
iná an dís agus fiche atá re ceol agus re h-oirfideadh
an toighe-se anocht," ar sé, ".i. An Conán Maol, Ruadh
Ó Rabhartaigh, Diarmuid Ó Giollagáin, agus Cormac
Ó Craoidheagáin, Tadhg Ó Cómhdháin, agus uimhir eile
nach n-áirmhim fós?"
"Ní shaoilminne go bhfuil," ar cách go cómhchoitcheann.
2. Acht ar mbeith dhóibh ar an gcomhrádh soin do chonncadar
óglach caol-riabhach isteach chuca gacha ndíreach gan
fhuireach, agus leath a chlaidhimh nochtuighthe taobh thiar de,
agus sean-bhróga lán d'uisge ag feadalaigh uime, agus
bárr a (dhá) chluais amach tré n-a shean-tsuanaigh, agus
bunnsacha bonn-loisgthe coill i n-a leath-láimh.
"Go mbeannuighe Dia dhaoibh," ar an ceithearnach.
"Go mbeannuighe Dia duit-se," ar Ó Dómhnaill.
"Cá thaobh as a dtángais, a óglaoich anaithnidh?" ar Ó
Dómhnaill.
"I nDún Monaidh i mBaile ríogh Alban do chodlas
aréir," ar sé: "bím lá i nÍle, agus lá i gCinntíre, lá
i Manainn, agus lá i Rachlainn, agus lá eile ar Fionncharn
na Foraire ar Sliabh Fuaid. Duine beag suarach siubhail
mé, agus i n-Oileach na Ríogh rugadh mé (agus agat-sa
atáim anois)," ar sé, "agus ag sin mo sgéala féin duit,
a Uí Dhómhnaill," ar an Ceithearnach.
3. "Goiridh an dóirseóir do láthair chugainn," ar Ó
Dómhnaill.
Do goireadh an doirseóir do láthair Uí Dhómhnaill, agus
d'fhiafruigh Ó Dómhnaill dhe, "An tusa do leig an fear
so isteach?" ar sé.
"Dar Rí sláine Dé," ar an doirseóir, "ní fhacas
dom' shúilibh ariamh é go soiche anois."
"Leig thart é, a Uí Dhómhnaill," ar an Ceithearnach,
"oir ní fusa liom-sa a theacht isteach iná a dhul amach
arís (an tan is áil liom féin)."
("Suidh síos," ar Ó Dómhnaill.
"Suidhfead nó ní shuidhfead," ar an Ceithearnach, "óir
ní dhéanaim nídh ar bith acht mar is áil liom féin."
D'éist Ó Dómhnaill fris gan freagra dó, óir b'iongnadh
leis cá cineál duine bhiadh ann do thiocfadh isteach isin
dún gan doirseoir ná neach eile dá fhaicsin ag an doras,
no go dtarla i n-áras Uí Dhómhnaill, agus do bhíodar an
lucht ealadhan go géar-shúileach ag féachain fair.)
4. "Seinn rud duinn, (a) Uí Rabhartaigh," ar an
Ceithearnach. Do sheinn (Ua Rabhartaigh port ceóil ar
chómhairle an Cheithearnaigh).
"Seinn rud duinn, a Dhiarmaid Uí Ghiollagáin," ar sé.
Do sheinn (Diarmuid duan agus deigh-cheol dó).
"Seinn rud duinn, a Chormaic Uí Chraoidheagáin," ar
an Ceithearnach.
Do sheinn Cormac Ó Craoidheagáin mar an gcéadna.
(Acht cheana, do sheinneadar na saoithe sin uile cuir
agus puirt, slightheacha siubhlacha taigeanta taitneamhacha,
agus cuisleanna ceoil-bhinne cruite, go gcuirfidís daoine
i n-a gcodladh le fuaim an cheóil shír-bhinn shídhe do sheinn
siad.)
Do labhair an Ceithearnach iar sin, agus is eadh adubhairt,
"Dar go deimhin," ar sé, "ó do chuala mé féin tuarasgbháil
Bhelsebub agus Sátan, agus Abiron, agus Iób, agus
Set, agus Dhamhlaigh, agus prionnsaidhe puiblidhe dubha
dorcha duibhnéallacha íochtair árd-fhuair ifrinn ní chuala
ariamh ceol budh mheasa iná sibh-se."
5. "Seinn féin rud, a Cheithearnaigh," ar Ó Dómhnaill.
"Do-ghéan nó ní dhéan," ar an Ceithearnach, "óir ní dhéan
acht mar is áil liom féin."
Do ghlac an Ceithearnach an chláirseach ar dheireadh laoi.
Ó do chuala fonn aitis na gcnocaibh, mar atá Forghus Fionn
Mac Searaidh Fhinn, agus Seannach Ó Doire, agus
Suanach Mac Seanaidh, agus sgológ Chille Cuilinn, agus
bacach Bhinne Borainn, óir is iad-san do chuireadh na
cleasa cómhchoitcheanna le' gcuirdís cách chum gola, agus
aroile do chum gáiridhe, agus drong eile do chum codalta,
ní chuala ceol budh féarr iná ceol an Cheithearnaigh; fir
ghonta agus mná le naoidheanaibh, agus laoich ar n-a leadradh,
agus curaidh ar n-a gcréachtnughadh, aois ghonta agus
ghalair agus ghéar-easláinte an domhain mhóir, do chodladaois
re foghar an cheóil shíreachtaigh shír-bhinn do sheinn an Ceithearnach
an tan sin.
6. "Is duine binn thú, a Cheithearnaigh," ar Ó Dómhnaill.
"Bím lá binn agus lá searbh," ar an Ceithearnach.
Do chaitheadar seal dá n-aimsir re ceol agus re
h-aoibhneas go dtainic am suipeára chuca. Do cuireadh
iarraidh ar an Ceithearnach do chum suipeára do dhéanamh,
agus thainic an fear fritheolmha d'ionnsuighe an Cheithearnaigh,
agus adubhairt leis, "Éirigh i gcumaidh agus i gcuibhreann
Uí Dómhnaill," ar an teachtaire.
"Ní racha," ar an Ceithearnach, "óir is mil i gcum
crochaire ealadha mhaith ag duine gránna, agus ní racha
mé thairis so suas; leigeadh siad a maith anuas orm
(má's mian leo)."
Do cuireadh ionar agus atán (agus léine riabhach) agus
matal donn leis an bhfear fritheolmha chum an Cheithearnaigh.
"Ag sin culaidh agat," ar an teachtaire, "do-bheir
Ó Dómhnaill dhuit."
"Ní háil liom í," ar an Ceithearnach, "óir ní bhéidh
aon nidh re n-a mhaoidheamh ag an duine maith orm go
bráth."
7. Do cuireadh fiche marcach ar n-a gceangal i n-arm
agus i n-éideadh agus ós cionn fhichead gallóglach do gach
taoibh dhe amuigh agus istigh um dhoirsibh an dúin, óir
d'aithnigheadar nár dhuine saoghalta ar chor 'sa' bith é.
"Créad do b'áil libh ris súd?" ar an Ceithearnach.
"Do b'áil linn thusa do choimhéad," ar Ó Dómhnaill.
"Dar Rí sláine Dé," ar an Ceithearnach, "cé maith
sibh-se is bhur gcoimhéad ní hagaibh chaithfead mo phroinn
amárach."
"A Aoin Mhic Dé! cia heile?" ar Ó Dómhnaill.
"I gCnoc Áine," ar an Ceithearnach, "sé mhíle amach
ó Luimneach, áit a bhfuil Seathan Mhac an Iarla Deasmhumhan."
"Dár láimh Uí Dhómhnaill," ar gallóglach díobh ag
labhairt, "dá bhfághainn féin thú ag cur aon chuir dhíot go
maidin do-ghéanainn meall comhchruinn dhíot ar lár re
cúl na tuaighe-se."
(Is annsin thug an Ceithearnach lámh fá'n gcláirsigh),
agus do sheinn cuir, agus puirt, agus cuisleanna ceóil:
fir ghonta, agus mná re naoidheanaibh, agus laoich ar n-a
leadradh, agus curaidh ar n-a gcréachtnughadh, aois
othair agus ghalair agus ghéar-easláinte an domhain mhóir
do chodladaois re foghar an cheóil shíreachtaigh shír-bhinn
do sheinn an Ceithearnach an tan sin.
8. "Cá bhfuiltí, a lucht an bhagair mhóir?" ar an Ceithearnach,
"atáim-se ag dol amach chugaibh."
Mar do chuala an gallóglach céadna, do labhair ó thús,
na briathra soin an Cheithearnaigh, (ro éirigh i n-a sheasamh)
agus do thóg a thuagh agus do bhuail an fear fá neasa dhó
i gcruth an Cheithearnaigh, (gur threasgair go lár é).
Do rinne an dara fear re n-a chomhghoire féin mar an
gcéadna. Acht atá ní cheana, do thuitheadar uile do chúl
na tuaighe fria a chéile.
Do léig an Ceithearnach do chum an doruis é, agus
adubhairt, "Do chuireas cuid do mhuinntir Uí Dhómhnaill
do chum báis, agus do b'áil liom a n-aithbheoghadh dhó arís."
"Do badh mhaith sin le dhéanamh, dá ndéantá-sa é," ar
Ó Dómhnaill.
"Do-ghéanad gan chontabhairt," ar an Ceithearnach,
"agus ag so luibh dhuit-se, agus cuimil do charbad uachtarach
gach fir aca í, agus éireóchaidh siad slán arís."
9. Do leig an Ceithearnach chum siubhail é, agus ní dhearna
sgur no comhnuidhe go raibh i mbaile Sheathain Mhic an
Iarla.
(Tharla Seathan Mac an Iarla, .i. Iarla Deasmhumhan,
an tráth sin i n-aonach agus i n-árdoireachtas ar faithche
a dhúin agus a dheagh-bhaile féin.)
An tan do b'aithne do Sheathan ar faithche a dhúin go
bhfacaidh an Ceithearnach caol-riabhach dá shoichin gach ndíreach,
agus leath a chlaidhimh nochtuighthe do'n taoibh thiar de, agus
sean-bhróga lán d'uisge ag feadalaigh uime, agus bárr
a (dhá) chluais amach tre n-a shean-tsuanaigh, agus bunnsach
bhog bhonn-loisgthe chuilinn i n-a leath-láimh (aige).
10. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a Sheathain Mhic an
Iarla," ar an Ceithearnach.
"Go mbeannuighe Dia dhuit-se," ar Seathan. "Cá háit
a rabhais anois, a Cheithearnaigh," ar Seathan.
"I mbaile Uí Dhómhnaill do chodlas aréir," ar sé,
"agus i nDún Monaidh, i mbaile Ríogh Alban, an oidhche
roimhe sin. Bím lá i n-Íle agus lá i gCinntíre, lá i
Manainn, agus lá i Rachlainn, lá ar Fionncharn na Foraire
ar Sliabh Fuaid: duine beag suarach siubhail mé agus
i n-Oileach na Ríogh a rugadh mé, (agus annso agat anocht
atáim, a Mhic an Iarla," ar sé).
"Cár ghabhais chugainn annso?" ar Seathan Mac an
Iarla.
"Ó Eas Ruaidh Mhic Móirne Moill fris a ráidhtear
Béal Átha Seanaigh, go Drobhais, go Dubh, go Sruth an
Tobair Ghil fris a ráidhtear Sligeach, agus go Caomháluinn
an Chorainn, agus go Cruachain Mhaighe hAoi, agus go
Magh Mucshnámha, agus atáim annso anois, a Sheathain
Mhic an Iarla," ar sé.
"Créad is ainm dhuit-se?" ar Seathan.
"Dubhartán Ó Dubhartáin m'ainm-se agus mo shloinneadh,"
ar an Ceithearnach.
"Créad is ealadha dhuit, a Cheithearnaigh?" ar Seathan.
"Seinnim nídh agus léighim nídh éigin."
11. Do chuaidh an Ceithearnach isteach (agus do niamh-ghlan
a chosa) agus d'ól deoch, agus do chodail, agus do bhí 'san
chodladh sin go dtainic an tráth céadna ar n-a mhárach.
Thainic Seathan dá ionnsaighe, (agus do labhair sé leis go
mín muinnteardha,) agus is eadh adubhairt:
"Is fada do chodladh, a Dhubhartáin," ar sé, "agus
ní dá chur i n-iongnadh ort atáim-se, óir do b'fhada do
shiubhal indé. (Acht dubhrais go rabhais tréightheach ar
leabhraibh agus ar chláirsigh, agus badh mhaith liom do chloistin,"
ar Seathan.
"Atáim-se ró-thréightheach is na healadhnaibh sin go
deimhin," ar an Ceithearnach.)
Tugadh cláirseach dá ionnsaighe agus níor sheinn aon
phort uirthi.
Tugadh leabhar dá ionnsaighe agus níor léigh aon fhocal
ann.
"Nach mór an náire dhuit bréag do dhéanamh," ar
Seathan.
"Do rinne mé an uirid do bhréig," ar an Ceithearnach.
"Do rinne mé féin rann duit," ar Seathan.
"Abair do rann," ar Dubhartán.
CzzzzzFil.
"Nach mór an chluiche dhó
Nach seinneann 's nach léigheann leabhar,
Dubhartán Ó Dubhartáin
'S gan aon fhocal dá mheabhair."
CzzzzzPrós
12. Mar do chuala Dubhartán é féin dá aithisiughadh
agus dá imdheargadh do ghlac an chláirseach chaoin-téadach
agus do sheinn cuir agus puirt agus sligheacha seanma,
agus adhbhann ciuil, agus cuisleanna binne taidhiúire:
fir ghonta agus mná re naoidheanaibh, laoich ar n-a leadradh
agus curaidh ar n-a gcréachtnughadh, aois ghonta agus
ghéar-easláinte an domhain do chodladaois re foghar an
cheóil shíreachtaigh shír-bhinn do sheinn an Ceithearnach an
tan sin.
"Is duine binn thú, a Cheithearnaigh," ar Seathan.
"Bím lá binn, agus lá searbh," ar an Ceithearnach.
Do rug sé ar shean-leabhar sheanchuis Sheathain Mhic an
Iarla annsin, agus do léigh sé síos an leabhar go stuamach
stuidéarthach blasta binn-bhriathrach.
(D'éis meadhon lae) do chuaidh an Ceithearnach le Seathan
do spaisdeóracht tar mhaoilinn chnuic do bhí ar aghaidh an
bhaile.
"A Dhubhartáin, an raibh tusa ariamh roimhe so ar an
gcnoc so?" ar Seathan.
"Do bhíos gan chontabhairt," ar Dubhartán, "i gcuideachta
dhuine mhaith ar a ndeachaidh cliú fhiadhaigh agus
chaoimh-shealga (agus fian-choscair i n-allod) .i. Fionn Mac
Cumhaill, agus do cuireadh fiadh faiteach foluaimneach
chugainn tar mhaoilinn an chnuic seo amach, agus do leanadar
dhá ghadhar déag agus a gcoimhlíon sin do chonaibh do bhí
ag maithibh na Féinne é.
13. Do bhí an Ceithearnach ag múnadh na sligheadh
i n-ar ghabh an fiadh do Sheathan, agus an dara féachain
thug Seathan thairis ní raibh a fhios aige cá háird do'n
domhan i n-ar ghabh Dubhartán uadha.
(Gluaiseas an Ceithearnach agus ní dhearna fos nó
friothairiseamh no go raibh i Sligeach.)
An tan do b'aithne do Chonchubhar Shligigh ar faithche a
dhúin agus a dheagh-bhaile féin go bhfacaidh an Ceithearnach
caol-riabhach dá shoichin gacha ndíreach agus leath a chlaidhimh
nochtuighthe do'n taoibh thiar de, agus sean-bhróga lán
d'uisge ag feadalaigh uime, agus bárr a dhá chluais amach
tré n-a shean-tsuanaigh, agus bogha agus bolgán saighead
aige.
14. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a Uí Chonchubhair,"
ars' an Ceithearnach.
"Go mbeannuighe Dia dhuit-se," ar Ó Conchubhair.
"Cá rabhais aréir?" ar Ó Conchubhair.
"Do bhí mé aréir i dtoigh Sheathain Mhic an Iarla Deas-
Mhumhan, agus an oidhche roimhe sin i mBéal Átha Seanaigh
i mbaile Uí Dhomhnaill, agus an oidhche roimhe sin i nDún
Monaidh i mbaile Ríogh Alban: bím lá i Manainn agus
lá i Rachlainn, lá i n-Íle agus lá i gCinntíre, lá eile ar
Fionncharn na Foraire ar Sliabh Fuaid: duine beag suarach
siubhail mé."
"Cá hainm atá ort?" ar Ó Conchubhair.
"Giolla Dé m'ainm," ar an Ceithearnach.
15. Cá huair is cá haimsir sin acht Ó Conchubhair a
bheith ag dol do dhíoghail chléibhín na Caillighe Connachtaighe
ar an gCailligh Mumhan, agus sluagh agus sochraidhe cruinn
aige.
Adubhairt Giolla Dé go mbéadh sé féin ris Ó Chonchubhair.
"Go deimhin ní bhéidh do léithid do cheithearnach smeartha
ris Ó Chonchubhair," ar óglach do mhuinntir Uí Chonchubhair
fhéin.
"Go deimhin," ar Ó Conchubhair, "béidh Giolla Dé
liom, agus créad é an tuarasdal iarrfas tú orm?"
"Ní iarrfad ort," ar Giolla Dé, "acht gan leath-chuma
do dhéanamh orm (an feadh bhím féin riot."
"Do gheabhair sin," ar Ó Conchubhair.)
16. Gluaiseas Ó Conchubhair agus a shluaighte, agus a
shochraidhe, agus Giolla Dé leo, agus ní dhearnadar
comhnuidhe go rabhadar i gCúigeadh Mumhan, (go dtugadar
sgeimheill trí lá i ndiaidh a chéile imeasg Muimhneach agá
slad, agus ag breith leo gach ní ba hionaistir, agus ag
cruinniughadh a mbó is a gcapall is a dtréad go haoin-ionad.
Fuaireadar trí ba breaca agus tarbh maol na
Caillighe Muimhnighe, agus thug Ó Conchubhair iad sin do'n
Chailligh Chonnachtaigh i ndíoghail a cléibhín).
Do leanadar a raibh i ndá Chúigeadh Mumhan iad, agus
do bhí marbhadh agus argain dá dhéanamh ar mhuinntir Uí
Chonchubhair.
Do labhair Giolla Dé le Ó Chonchubhair ag rádh, "bíodh
bhur rogha agaibh," ar sé, "na creacha do thiomáin nó an
tóir do chosg."
"Is eadh ar rogha," ar Ó Conchubhair, "na creacha do
thiomáin."
17. Filleas Giolla Dé ar an tóraidhe, (agus bogha agus
ceithre saighde fichead leis), agus ní raibh córughadh iomlán
ar aon saighid dá raibh aige, agus do marbhadh naoi naonbhair
(do Mhuimhneachaibh) do gach urchar dá gcaitheadh sé. Do
bhuail donas beag eile ar mhuinntir Uí Chonchubhair: dá
mbeith a bhfacadar ariamh i ngeall air uatha ní thiomáineadaois
na creacha urchar saighde.
Do cuireadh duine i gcoinne Ghiolla Dé (ag iarraidh
air an chreach do thiomáin.)
Thainic Giolla Dé dá n-ionnsaighe agus do chuaidh mar
luas áinle no feirbe i dtimcheall na gcreach, agus do bhí
ag tiomáin go dian déin-mheanmnach.
(Mar do chonncadar na Muimhnigh an Giolla Dé ag tabhairt
a chúil dóibh do dheifrigheadar i ndiaidh fhear gConnacht
go rabhadar ag a marbhadh gan choigilt ionnus gur ab éigin
do'n Ghiolla Dé filleadh ar an tóir arís), agus ní raibh
acht gach ré feacht aige idir na creacha agus an tóir go
dtángadar i ngar do Shligeach agus gur fhill an tóir
uatha.
18. Do ghlac tart mór Ó Conchubhair tar éis a asdair
agus a imtheachta, agus do chuaidh isteach (roimh chách) agus
d'ól deoch, agus níor chuimhnigh ar Giolla Dé, agus thainic
Giolla Dé dá ionnsaighe iar sin, agus adubhairt fris,
"Atáim féin ag glacadh mo cheada agat, a Uí Chonchubhair,"
ar sé.
"Ná déana sin," ar Ó Conchubhair, "agus, má's fá'n
digh a d'ól mise atá tú (ag imtheacht), do-bhéara díol is
féarr iná í dhuit ar a son, óir do-bhéarad inghéan ghlan
atá agam dhuit agus leath m'oighreachta agus m'fhineachais
ó mo lá féin amach."
"Maith í," ar an Ceithearnach, "má tá sí glan nó má
tá sí gránna, béidh sí agam nó ní bhéidh, agus dá dtugthá
th'oighreacht uile damh ní ghlacfainn uait í, ó nár chomhall
tú an ní ro gheallais damh, agus do rinne mé féin rainn
dhuit, a Uí Chonchubhair," ar an Ceithearnach.
"Abair do rainn," ar Ó Conchubhair.
CzzzzzFil.
"Leath-chuma ar Giolla Dé,
Neamh-chumaoin do'n té do-ní;
Innis uaim do'n fhlaith go lí
Nach maith an bhreith do rug an rí.
"Ní mise nach rachadh leo
I gcoinne na mbó go Tráigh Lí;
Gibé neoch do choisgfeadh an tóir
Níor bhreith chóir é bheith gan ní.
"Dá mbéinn-se is Murchadh Ó Briain
Ag gabháil giall 's ag déanamh creach
'S ag tobhach cíosa an domhain mhóir,
Ní thiubhrainn-se dhó acht (a) leath."
CzzzzzPrós
Féachain dá dtug Ó Conchubhair thairis níor bh'fhios dó
cá háird do'n domhan i n-ar ghabh Giolla Dé uadha.
19. Dála an Cheithearnaigh do léig chum siubhail é
agus ní dhearna fos nó comhnuidhe go ndeachaidh do chum
toighe ceannaidhe do bhí rae chúig mbliadhnaibh roimhe sin
i seirg ghalair agus leanna duibhe gur sháruigh ar uimhir
áirighthe do léaghaibh agus d'fhisigibh agus do dhochtúiribh
fíor-fhóghlamhtha i n-ealadhain léighis leis an bhfad sin
d'aimsir.
Do chuaidh an Ceithearnach do chum an dorais, agus
d'iarr fosgladh, agus d'fhiafruigh an doirseóir créad
é an duine é.
Adubhairt an Ceithearnach fris gur bh'ádhbhar léagha é.
"Ní mheasaim," ar an doirseóir, "go bhfuil gnothuighe
ar bith agat annseo, óir is iomdha liaigh maith agus fisig
agus dochtúir annso romhat, agus ní bhfuil maith ar bith
aca dá dhéanamh do'n cheannaidhe."
"Déana thusa oirchill damh-sa fris an cheannaidhe agus
féach an leigfe sé isteach mé."
20. Do chuaidh an doirseóir chum an cheannaidhe, agus
ro innis dó go raibh a léitheid sin d'ádhbhar léagha 'san dorus.
"Léig isteach é," ar an ceannaidhe. "Cá fios duinn
nach é do léigheósadh sinn."
Do léigeadh an Ceithearnach isteach, agus d'fhiafruigh
dhe cá raibh sé.
"Do bhí mé aréir i Sligeach i mbaile Uí Chonchubhair,
agus an oidhche roimhe sin i dtoigh Sheathain Mhic an Iarla
Deas-Mhumhan, agus an oidhche roimhe i nDún Monaidh
i mbhaile Ríogh Alban. Bím lá i n-Íle, lá i gCinntíre,
lá i Manainn, lá i Rachlainn, agus lá ar Fionncharn na
Foraire ar Sliabh Fuaid. Duine beag suarach siubhail
mé, agus i n-Oileach na Ríogh a rugadh mé."
"Cá hainm atá ort?" ar an ceannaidhe.
"Atá orm-sa "Diarmuid na Dighe Móire,"" ar an
Ceithearnach, "agus créad é an luach léighis do-bhéaras
tusa dhamh-sa, má tá go léigheósad thú?"
"Inghean ghlan atá agam-sa, agus leath m'oighreachta
agus m'fhineachais ó mo lá féin amach."
"Maith í," ar an Ceithearnach, "má tá sí glan, nó má
tá sí gránna, béidh sí agam-sa nó ní bhéidh."
Do chuir Diarmuid d'fhiachaibh deoch fhíona do thabhairt
dá ionnsaighe, agus do chuir luach chúig bponta do spíosrachaibh
ar an digh, agus adubhairt, "Is do'n liaigh féin
is cóir fios blasa na dighe-se d'fhéachaint roimhe an othar;
mar sin gur cóir damh-sa fios blasa na dighe seo d'fhéachaint
romhat-sa," agus iar sin tógbhas an cupa chuige, agus
níor fhágaibh aon bhraon ann gan ól.
"Cuir iomad go maith anois, a cheannaidhe, agus má
chuirir allus dhíot do dhruim na dighe seo d'ól mise béidh
tú slán gan chontabhairt."
Do cuireadh mórán éadaigh os cionn an cheannaidhe go
raibh ag cur alluis de, agus thainic Diarmuid os a chionn,
agus adubhairt an rann mar leanas: -
CzzzzzFil.
"Éirigh, ná lean do luighe,
Cuimhnigh méad mo mhór-dhighe,
Coimhéad go cóir an tsláinte,
Mór íota na heasláinte."
CzzzzzPrós
22. Ro éirigh an ceannaidhe, agus do rinne gáire ró-mhór
ar iongantaighe leis é féin do bheith slán agus gan aon
bhraon do'n digh d'ól.
Ní dhearna aon gháire re cúig bliadhnaibh roimhe sin.
"Is liom féin th'inghean, a cheannaidhe," ar Diarmuid.
"Is deimhin gurab leat," ar an ceannaidhe. Ro cuireadh
fleadh mhór áluinn dá hullmhughadh d'inghin an cheannaidhe
agus do Dhiarmuid, agus an tan dob' ullamh an fhleadh
do léig an Ceithearnach ar shiubhal é agus leath a chlaidhimh
nochtuighthe do'n taoibh thiar de, agus sean-bhróga lán
d'uisge ag feadalaigh uime, agus bárr a dhá chluais amach
tré na shean-tsuanaigh, agus an dordán amhráin aige dá
rádha roimhe, agus ní dhearna sgur no comhnuidhe go ndeachaidh
chum tighe (Mhic) Eochadha, ollamh re dán, do bhí ré seacht
mbliadhnaibh roimhe sin, agus a chos briste, agus gur
sháruigh ar iliomad do léaghaibh, agus d'fhisigibh agus do
dhochtúiribh léighis leis an bhfad sin d'aimsir.
23. Do chuaidh an Ceithearnach do chum an dorais,
agus d'iarr fosgladh.
D'fhiafruigh an doirseóir créad é an ealadha do bhí
aige. Adubhairt-sean gurbh' ádhbhar léagha é.
"Go deimhin," ar an doirseóir, "is díomhain do thoisg
annso, óir is iomdha liaigh maith agus fisig agus dochtúir
'san tigh seo romhat, agus ní dhearnadar maith ar bith do
chois Mhic Eochadha."
"Innis dó go bhfuil mo léitheid-se d'ádhbhar léagha
'san doras."
Do chuaidh an doirseóir d'ionnsaighe Mhic Eochadha, agus
d'innis dó go raibh a léitheid sin d'ádhbhar léagha 'san
doras.
"Léig isteach é," ar Mac Eochadha, "cá fios duinn
nach dó atá i ndán ar léigheas."
Do léigeadh an Ceithearnach isteach, agus d'fhiafruigh
Mac Eochadha dhe cá raibh sé.
D'fhreagair an Ceithearnach é ag rádh, "Do bhí mé aréir
i dtoigh Shéamais A Bláca, agus an oidhche roimhe sin i Sligeach
i mbaile Uí Chonchubhair, agus an oidhche roimhe sin i dtigh
Sheathain Mhic an Iarla Deas-Mhumhan, agus an oidhche roimhe
sin i mBéal Átha Seanaigh i mbaile Uí Dhómhnaill, i nDún
Monaidh i mbaile Ríogh Alban an oidhche roimhe sin. Bím
lá i n-Íle agus lá i gCinntíre, lá i Manainn agus lá i
Rachlainn, lá ar Fionncharn na Foraire ar Sliabh Fuaid:
duine beag suarach siubhail mé, i n-Oileach na ríogh rugadh
mé, agus ag sin mo sgéala dhuit," ar an Ceithearnach.
24. "Cá hainm atá ort?" ar Mac Eochadha.
"Cathal Ó Céin m'ainm agus mo shloinneadh," ar an
Ceithearnach, "agus créad an luach léighis gheabhad uait-se
má tá go léigheósa me thú?"
"Do-gheabha tú inghean ghlan atá agam-sa, agus leath
m'oighreachta agus m'fhineachais ó mo lá féin amach."
"Maith í," ar an Ceithearnach, "má tá sí glan nó má
tá sí gránna, béidh sí agam nó ní bhéidh, agus léig thusa
dhíot an ghortaigh atá ionnat, agus an tart mór, agus
léigheósad-sa thú gan chontabhairt."
"Atá sin ionnam gan amhras," ar Mac Eochadha, "óir
ithim trí ghreim, agus ólaim trí deocha roimhe chách, agus
is cuma liom créad do-ní cách ó sin amach."
25. Cíodhtrácht do gheall Mac Eochadha do Chathal nach
n-íosfadh greim agus nach n-ólfadh deoch acht i n-éinfheacht
re cách ó sin amach.
As a haithle sin thug Cathal luibh amach, agus do chuimil
do chois Mhic Eochadha í, agus d'fhágaibh sleamhain slán-
chréachtach mar do bhí roimhe í.
"Faicim an bhfuil rith agat anois," ar an Ceithearnach.
d'éirigh Mac Eochadha amach ar an bhfaithche agus do
cuireadh sé dhuine dhéag do na daoinibh ba luaithe agus
ba cliste dá raibh 'san mbaile do choimhlinn fris, agus
d'fhágaibh sé amuigh iad do tharbha reatha agus rinn luais;
agus do ghlac tart an-mhór é tar éis a reatha, agus d'ól
deoch. Agus do ghlac fearg Cathal, agus d'iarr taisbeanadh
na coise do bhí folláin air, agus tug-san sin dó,
agus do chuimil Cathal luibh eile dhi do bhí ó nádúir contrárdha
do'n chead luibh, agus d'fhágaibh briste í níos mó nó mar
do bhí an chos a roimhe, agus do bhí Mac Eochadha ag caoi
is ag gearán go mór, agus adubhairt Cathal muna beith
nár chomhall an ní do gheall sé nach mbrisfeadh an chos sin
aige, "agus anois cuir bannaidhe agus cuir rátha ort
gan greim nó deoch do chaitheamh acht i n-éinfheacht re teaghlach
an tighe.
Do gheall Mac Eochadha dhó nach deanadh.
Thug an Ceithearnach luibh eile amach agus dó chuimil
do'n chois chéadna í, agus d'fhágaibh sleamhain slán-
chréachtach í mar do bhí roimhe.
26. Is annsin adubhairt an Ceithearnach, "is liom
th'inghean, a Mhic Eochadha," ar sé.
"Is deimhin gurab leat," ar Mac Eochadha, agus do
cuireadh fleadh mhór chaoimh lán-adhbhail dá ullmhughadh
d'inghin Mhic Eochadha agus do Chathal Ó Céin, agus tar
éis an fhleadh do bheith ullmhuighthe do chonnairc óglach do
mhuinntir Mhic Eochadha Cathal Ó Céin ag dul tar mhaoilinn
cnuic do bhí ar aghaidh an bhaile amach agus thainic an
t-óglach d'ionnsaighe Mhic Eochadha agus adubhairt: "An
liaigh Ultach do bhí agat," ar sé, "an míol mong-ruadh fris
a ráidhtear an gearrfhiadh is luaithe leis sin ag dul tar
mhaoilinn na tulcha úd thall amach iná sin."
"An deimhin sin?" ar Mac Eochadha.
"Ní bhfuil contabhairt ann," ar an t-óglach.
"Do rinne mé féin rann do'n liaigh Ultach sin," ar Mac
Eochadha.
"Abair do rann," ar an t-óglach, agus adubhairt Mac
Eochadha an rann mar leanas: -
CzzzzzFil.
"Liaigh Ultach, ionmhuin liaigh,
Mar is ionmhuin Ultach féin,
Mac an athar ó áird thuaidh
Ní mairg fuair Cathal Ó Céin."
CzzzzzPrós
27. Iomthúsa an Cheithearnaigh chaoil-riabhaigh do léig ar
siubhal é, agus leath a chlaidhimh nochtuighthe do'n taoibh thiar
de, agus sean-bhróga lán d'uisge ag feadalaigh uime,
agus bárr a dhá chluais amach tré n-a shean-tsuanaigh agus
leabhar i n-a láimh, agus dordán amhráin aige dá rádh
roimhe, agus ní dhearna sgur nó comhnuidhe go raibh i mbaile
Ríogh Laighean, agus do bheannuigh dhó.
d'fhreagair an rí an beannughadh mar an gcéadna, agus
d'fhiafruigh dhe cá raibh sé.
d'fhreagair an Ceithearnach é, ag rádh: -
"Do bhí mé aréir i dtigh Mhic Eochadha, ollamh re dán,
agus i dtigh Shéamais A Bláca an oidhche roimhe sin, agus
i Sligeach i mbaile Uí Chonchubhair an oidhche roimhe sin, i
mBéal Átha Seanaigh i mbaile Uí Dhomhnaill an oidhche
roimhe sin, i dtigh Sheathain Mhic an Iarla Deas-Mhumhan
an oidhche roimhe bheith i dtigh Uí Dhómhnaill, agus an oidhche iar
sin i nDún Monaidh i mbaile Ríogh Alban. Bím lá i n-Íle
agus lá i gCinntíre, lá i Manainn agus lá i Rachlainn,
lá ar Fionncharn na Foraire ar Sliabh Fuaid. Duine
beag suarach siubhail mé, i n-Oileach na Ríogh rugadh mé,
agus ag sin mo sgéala dhuit, a rígh," ar an Ceithearnach.
("Cá hainm atá ort?" ar rí Laighean.
"Giolla Deacair is ainm damh," ar sé.)
28. Dála an ríogh do bhí dhá dhearbh-chomhdhalta dhéag aige,
agus dar leó féin ní raibh i nÉirinn daoine budh bhinne
nó iad féin.
"Seinnidh ní éigin duinn," ar an Ceithearnach.
Do sheinn gach fear aca port.
"Go deimhin féin," ar an Ceithearnach, "ó do chuala
mé féin tuarasgbháil Bhelsebub agus Abiron agus Dhamhlaigh,
agus Iób agus Set agus Aitinne, agus prionnsaidhe
puiblidhe dubha dorcha duibhnéallach íochtair ath-fhuair
ifrinn ní chuala ceol bhudh mheasa agus budh seirbhe iná
sibh-se."
Do labhair an dearbh-chomhdhalta fá sine díobh agus is
eadh adubhairt:
"A Cheithearnaigh smeartha ghránna, an linne adeir tú
sin?"
"Go deimhin," ar an Ceithearnach, "gidh searbh an t-aon
dhuine déag sin eile, rug tusa barraidheacht seirbhe ortha
uile."
29. Iar chlos na mbriathar sin do'n dearbh-chomhdhalta
thug buille d'ionnsaighe an Cheithearnaigh agus is é áit i
n-ar bhain an buille .i. dó féin, i n-a cheann.
Cíodhtracht, gach duine aca dá dtugadh buille chuige is
é áit i n-a mbaineadh dhó féin i gcois nó i láimh nó i mball
éigin dá mballaibh fó seach, nó gur fhágaibh an Ceithearnach i
gcroibhlighe bháis iad uile go ndeachaidh na sgéala d'ionnsaighe
an ríogh, agus gur gabhadh an Ceithearnach leó, agus gur
rugadh do chum na croiche é, agus gur crochadh é dar leó,
agus tar éis filleadh do chum an bhaile dhóibh is é 'chead
duine fuaireadar rompa an Ceithearnach.
Do ghlacadar iongnadh mór dhe sin, agus do chuaidh
daoine d'fhéachain na croiche, agus is é duine fuaireadar
innti .i. an dearbh-chomhdhalta budh sine ag Rígh Laighean.
Do rugadh ar an Cheithearnach an athuair agus do rugadh
do chum na croiche é, agus do crochadh é arís, agus
d'fhilleadar do chum an bhaile iar sin, agus is é an chead
duine gheibhid rompa istigh .i. an Ceithearnach.
30. Ní bhfuil feidhm dá chur i bhfad, óir do crochadh dhá
dhearbh-chomhdhalta dhéag Ríogh Laighean fá seach i gcruth
an Cheithearnaigh, agus d'fhan an Ceithearnach 'san mbaile
an oidhche sin gan bhuidheachas an fhir ar a chéile go dtainic
maidin ar n-a mhárach. Agus i gceann na rae sin thainic
an Ceithearnach d'ionnsaighe an ríogh, agus adubhairt fris:
"A rígh Laighean," ar sé, "do chuireas féin do dhearbh-chomhdhaltaidhe
do chum báis, agus dob' áil liom a n-aithbheoghadh
dhuit arís."
"Do badh mhaith liom-sa sin do dhéanamh, dá ndéantá-sa
é."
"Do-ghéanad gan chontabhairt," ar an Ceithearnach, agus
tug luibh amach as a haithle, agus do chuimil do charbad
uachtarach gach fir aca í, agus d'fhágaibh sleamhain slán-chréachtach
iad mar do bhíodar roimhe.
31. Iomthúsa an Cheithearnaigh do léig chum siubhail é
agus ní dhearna sgur nó comhnuidhe go raibh i mbaile Thaidhg
mhóir Uí Cheallaigh.
An tan dob' aithne do Thadhg mhór Ó Cheallaigh ar faithche
a dhúin agus a dheagh-bhaile féin go bhfacaidh an Ceithearnach
caol-riabhach dá shoichin gach ndíreach, agus leath a chlaidhimh
nochtuighthe do'n taoibh thiar de, agus sean-bhróga lán
d'uisge ag feadalaigh uime, agus bárr a dhá chluais amuigh
tré n-a shean-tsuanaigh, agus mála cleasaidhe faoi n-a
asgaill.
32. "Go mbeannuighe Dia dhuit, a Thaidhg mhóir Uí
Cheallaigh."
"Go mbeannuighe Dia dhuit-se," ar Tadhg.
"Cá háit a rabhais anois?" ar Tadhg Ó Ceallaigh.
"Do bhí mé aréir i mbaile Ríogh Laighean, agus an
oidhche roimhe sin i dtoigh Mhic Eochadha, ollamh re dán, agus
an oidhche roimhe sin i Sligeach i mbaile Uí Chonchubhair, agus
an oidhche roimhe sin i mBéal Átha Seanaigh i mbaile Uí
Dhómhnaill, agus an oidhche roimhe sin i nDún Monaidh
i mbaile Ríogh Alban. Bím lá i n-Íle, agus lá i gCinntíre,
lá i Manainn agus lá i Rachlainn, lá ar Fionncharn na
Foraire ar Sliabh Fuaid; duine beag suarach siubhail
mé, agus i nOileach na ríogh rugadh mé."
33. "Créad is ealadha dhuit?" ar Tadhg.
"Cleasaidhe maith mé," ar an Ceithearnach, "agus dá
dtugthá-sa cúig mharg dhamh do-ghéanainn cleas duit,"
ar an Ceithearnach.
"Do-gheabhair gan chontabhairt," ar Tadhg.
Do ghearr an Ceithearnach trí sibhne, agus do chuir ar
chlár a dhearnainne iad, agus adubhairt ria Tadhg, "Séidfe
mé an sibhin úd i lár do mo bhois agus coingeobhad an dá
shibhin eile 'na gcomhnaidhe."
"Cá fios duinne nach maith an cleas é," ar Tadhg. Do
rinne an Ceithearnach sin ag congbháil a dhá mhéar ar an
dá shibhin imeallach. Do mhol Tadhg an cleas.
"Ná raibh maith ó Dhia ag fear a dhéanta nó ag fear a mholta,"
ar fear do mhuinntir Thaidhg, "agus dá bhfaghainn
féin leath na cúig marg do-ghéanainn an cleas úd."
"Ó's agam-sa atá na cúig mharg," ar an Ceithearnach
caol-riabach, "do-gheabha tú a leath agus déana an cleas
úd."
34. Do ghearr Ceithearnach Thaidhg trí sibhne, agus do chuir
ar chlár a dhearnainne iad, agus do chuir a dhá mhéar ar an
dá shibhin leith-imeallacha díobh, agus do b'áil leis an sibhin
do bhí i lár do shéideadh dhá bhois, agus do chuaidh a dhá mhéar
tré chlár a dhearnainne, (amach as chúl a láimhe), agus do
bhí ag gul go mór agus ag béicfigh, agus gan cumas aige
a dhá láimh do sgarthain ré chéile.
"Ob, ob, a dhuine," ar an Ceithearnach, "is míostuamach
an cleas sin do righnis, agus ní mar sin do
righneas féin; acht cheana, ó chaillis an t-airgead do-ghéan-sa
do léigheas. Cuimleas an cleasaidhe luibh íce
do'n láimh gurab slán i gcéadóir í.
"Ag sin cleas agat, a Thaidhg," ar an Ceithearnach.
"Maith é go deimhin," ar Tadhg.
35. "Dá dtugthá cúig mharg eile dhamh," ar an
Ceithearnach, "do-ghéanainn cleas eile dhuit."
"Do-gheabhair go deimhin," ar Tadhg, ("is cia an cleas
sin?")
"Bogfaidh mé mo chluas ar mo leith-cheann," ar sé,
"agus béidh an chluas eile 'ná comhnuidhe."
"Cá fios duinne nach maith an cleas sin féin?" ar
Tadhg.
Do chuir an Ceithearnach a lámh suas, agus do bhog a
leath-chluas ar a leith-cheann, agus do chongbhuigh an leath-chluas
eile 'na comhnuidhe.
"Ag súd cleas eile agat, a Thaidhg," ar an Ceithearnach.
"Maith é go deimhin," ar Tadhg.
"Ná raibh maith ó Dhia ag fear a dhéanta nó ag fear
a mholta," ar Ceithearnach Uí Cheallaigh, "agus muna
beith an donas orm-sa," ar sé, "do-ghéanainn an cleas
ó chianaibh, agus do-ghéanad féin an cleas úd anois gan
chontabhairt."
"Faicim," ar an Ceithearnach, "ó do sháruigh an cleas
ó chianaibh ort, déana an cleas anois."
36. Do chuir an t-óglach a lámh suas agus do b'áil leis
a chluas do bhogadh ar a leith-cheann, agus thainic a chluas
ó'n leith-cheann leis, agus do bhí ag caoineadh a chluaise
go mór.
"Ag sin cleas agat, a Thaidhg, (acht is míothapaidh an
Ceithearnach so agat," ar an cleasaidhe).
"Maith é go deimhin," ar Tadhg, "is é locht is mó liom-sa
air gan mo cheithearnach do bheith slán."
"Ní husa liom-sa a chur 'san gcruth úd nó cluas do
chur air arís," ar sé.
Do rug an Ceithearnach ar an gcluais agus thug urchar
di ar an leith-cheann, agus do chuir a bárr isteach agus
a bun amach.
"Go deimhin féin," ar Tadhg, "do b'fheárr dhó gan a
chluas do bheith air nó í bheith air mar súd."
"Is urus liom-sa a chur ar an gcaoi chóir," ar an
Ceithearnach.
Do rug an Ceithearnach ar an gcluais, agus do chuir
mar do bhí an chead uair í.
"Go deimhin," ar Tadhg, "ní féarr mar cleasaidhe
nó mar liaigh (thú)."
37. "Dá dtugthá-sa cúig mharg eile dhamh," ar an
Ceithearnach, "do-ghéanainn cleas eile dhuit."
"Do gheabhair gan chontabhairt," ar Tadhg.
Iar sin tug an Ceithearnach mála amach ó n-a asgaill
agus tug ceirtle shíoda amach as an mála chleasaidheachta
agus do theilg suas i bhfrithibh na fiormamainte í, agus
do rinne dréimire di, agus thug gearrfhiadh amach (as
an mála chéadna), agus do léig suas annsa dréimire é.
Thug gadhar cluais-dheirg amach arís, agus do léig suas
i ndiaidh an ghearrfhiaidh é. Thug cú faiteach foluaimneach
amach agus do léig suas i ndiaidh an ghearrfhiaidh agus
an ghadhair í, agus adubhairt, "Is baoghalach liom," ar sé,
"go n-íosfaidh an gadhar agus an chú an gearrfhiadh agus
ní mór liom anacal do chur ar an ghearrfhiadh."
38. Thug annsin ógánach deas i n-éideadh ró-mhaith amach
as an mála, agus do léig suas i ndiaidh an ghearrfhiaidh
agus an ghadhair agus na con é.
Thug cailín áluinn i n-éideadh ró-dheas amach as an
mála, agus do léig suas i ndiaidh an ghearrfhiaidh, an
ghadhair, an ógánaigh agus na con í.
"Is dona d'éirigh dhamh anois," ar an Ceithearnach, "óir
tá an t-ógánach ag suirghe le mo mhnaoi, agus an chú ag creim
an ghearrfhiaidh."
Do tharraing an Ceithearnach an dréimire anuas agus
do fuair an t-ógánach ag suirghe leis an mhnaoi, agus an
chú ag creim an ghearrfiaidh amhail adubhairt.
"d'aithin mé súd," ar an Ceithearnach.
Thug an Ceithearnach a chlaidheamh amach agus do bhuail
buille i gcomhrac a chinn 's a' cholna ar an ógánach, agus
do theilg a cheann dá cholainn.
39. "Is gníomh mire sin do rinnis," ar Tadhg, "agus
gur shaoileas gur dhuine macánta thú roimhe sin."
"Má tá gurab olc leat-sa do rinne mé an gníomh úd,
is urusa liom-sa a léigheas dó arís," agus iar n-a rádh
sin dó do rug ar an gceann, agus is amhlaidh do chuir a
chúl ar a aghaidh, agus a aghaidh ar a chúl.
"Cionnus do thaitnigheas an cleas úd leat, a Thaidhg?"
ar an Ceithearnach.
"Dar go deimhin," ar Tadhg, "do b'fhéarr dhó a bheith
gan cheann nó a cheann do bheith air mar súd."
Do rug an Ceithearnach ar an gceann an ath-uair agus
do chuir ar an gcaoi chóir é, agus tug Tadhg fiche marg
dhó, agus do rinne an Ceithearnach rann do Thadhg annsin.
CzzzzzFil.
Do bheir beagán, do bheir mórán,
Do bheir fós na fiche marg;
Do bheir ní d'fhear gan ainm,
Mian gach ríogh ar talmhain Tadhg.
CzzzzzPrós
40. Do léig an Ceithearnach ar siubhal é, iar nglacadh
a cheada ag Tadhg, agus is amhlaidh do bhí ag imtheacht agus
leath a chlaidhimh nochtuighthe do'n taoibh thiar de, agus sean-bhróga
lán d'uisge ag feadalaigh uime, agus bárr a dhá
chluais amuigh tré na shean-tsuanaigh, agus leabhar i n-a
láimh, agus an dórdán amhráin aige dá rádha roimhe, agus
ní dhearna sgur nó comhnuidhe go raibh ag toigh Sheathain
Uí Dhartáin agus do bheannuigh dhó.
D'fhreagair Seathan an beannughadh agus d'fhiafraigh dhe
cá raibh sé.
"Do bhí mé aréir," ar an Ceithearnach, "i dtoigh Thaidhg
Mhóir Uí Cheallaigh, agus an oidhche roimhe sin i dtoigh Ríogh
Laighean, agus an oidhche roimhe sin i dtoigh Shéamais A
Bláca, agus an oidhche roimhe sin i dtoigh Mhic Eochadha,
ollamh re dán, agus an oidhche roimhe sin i dtoigh Sheathain
Mhic an Iarla Deas-Mhumhan, agus an oidhche roimhe sin
i dtoigh Uí Chonchubhair Shligigh, agus an oidhche roimhe sin i
dtoigh Uí Dhomhnaill, agus an oidhche roimhe sin i nDún
Monaidh i mbaile Ríogh Alban. Bím lá i n-Íle, agus lá
i gCinntire, lá i Rachlainn agus lá ar Foraire ar Sliabh
Fuaid. Duine beag suarach siubhail mé, agus i n-Oileach
na Ríogh do rugadh mé."
Iar sin tugadh mias d'ubhlaibh, agus meadar bainne
reamhair chuige, agus d'ith a leor-dhóthchain díobh, agus ní
fios duinne cá háird d'áirdibh an domhain ar ghabh an
Ceithearnach ó sin amach.
Finis.