CUID 1.
DOMINICA 13a POST PENTECOSTENC ET QUARTA PORS PASCA. DE PECCATO, .I. DON
PHEACADH.
I.
'Sé is peacadh ann, easumhlacht agas easanoir a thabhairt do Dhia
aig briseadh a dhlighidh agas dligheadh na heaglaise agas na doléite
sa ls. agas aghaidh. Dha chineal pheacaidh ann, .i. peacadh na
sinsire agas peacadh gniomha. 'Siod Adhmha agas Eabha a righne an
chéad pheacadh aca ag ithe ubhal na haithne a ngairdín phárdhaois,
agas is mór doléite sa ls. a tharla dhoibh féin agas da doléite
sa ls a shon, .i. sgrios agas di doléite sa ls. mheas da raibh
aca doléite sa ls. talmhan easumhla doléite sa ls. eile, gach
mór- doléite sa ls. an bás féin doléite sa ls. an pheacdoléite
sa ls. aca so orra doléite sa ls. asbal ag rádh doléite sa ls.
Per unum hominem pe<c>catum intravit in mundum, per pe<c>catum
autem mors.
Roinntear an peacadh a doléite sa ls. chineal eile, .i. an peacadh marbhtha
agas an peacadh sologhtha. Nídh an peacadh sologhtha an t-anam tinn, acht
do bheir an peacadh marbhtha bás iomlán dó, oir is náduir don pheacadh
marbhtha an t-anam a chruthaigh Dia rosgiamhach ro-áluin ann fein
do thruaileadh agas do shalchadh chomh graineamhail agas sin go sgaran grasa
Dé leis,
.i. doléite sa ls.dh agas glóir an anma. doléite sa ls.eibh bás siordhaidhe
doléite sa ls. as an staid sin doléite sa ls. Dhé arist. Ca leis is
cosamhail an t-anam ar staid an pheacaidh? Is cosamhail é le corp
atá tar eis bais. Caillean an corp a dha doléite sa ls. cuma. An ghnuis a
bhi moiseach gloirdhealbhach an aimsir na beathadh, eirighean sí fiamhach dorcha
dathghrana, air mhodh go mbian faitgheas agas leisge air a' duine bheo, an
fhiorcharaid féin, a thoigheacht da chóir, dá ghar, no fheuchaint air le
heagla agas le huamhan na hanchuma agas na graineamhlacht a bios air, agas
fós air mhead a mhorgaidh, a bhreantanais, agas a dhrochbholaidh.
Teagbhan a' nídh ceadna don anam air staid an pheacaidh. Caillean se a
dhealradh agas a sgeimh; caillean se na grasa; agas ce gur fhuiling
Críosda bás air a shon, agas ce gur mor a' grádh agas a' cion a bhi aige air
roimhe sin, ní feidir leis feasda feuchaint no amh-arc air, cionn gur chuir
sé luireach agas eideadh bainsdhdoléite sa ls. Chriosda dhe agas gur chuir
leibhreigh doléite sa ls. ghrana an diabhail air.
Mar sin, ní bhfuil olc air bith is mó agas is measa no an peacadh marbhtha.
Ní bhfuil olc ann acht é féin amhain, oir is uadha fhásas agas shiolaigheas
an uile olc eile dar féidir olc a ghairm dhe. Saoilean a' duine ainbhfiosach
égcéillidh gur mór a' t-olc a bheith bocht, gan mhaoin, gan chuid, gan
charuid, gan slainte, gan luaithdoléite sa ls.le, gan luth, gan lúas, gan
mheas, gan chluthaigh, acht tuig gur mó an t-olc a<o>n pheacadh marbhtha
amháin no iad sin, agas a mhíle uirid eile, or ni bhfuil duine ar bith
bocht, amhgrach, no miofhortunach ach amháin an té ata air staid a' pheacaidh.
An té nach bhfuil air a' staid sin ach (air) staid na ngrás, ata an fear sin
ni<os> saidhbhre a suilibh Dé an ua<i>r an bhais no bhidh Solamh
mhac Dailbhi no an prionsa saoghalta is cumhachtaidh air bith, ma
fuair se
bás air staid an pheacaidh. Is amhlaidh a bhidh Iob naomhtha saidhbhir a
latha<i>r a' bhais, agas Lasarus a bhidh 'na luighe ag geataibh an duine
shaidhbhir agas aniomad eile do na naoimh, ce nach raibh meas orrtha a
suilibh daoine.
Adubhairt me roimhe nach bhfuil olc air bith is mó no an peacadh, agas is
cruthughadh air sin nach bhfuil olc air bith ann agas nach raibh ariamh nach
é an peacadh air mhodh eigin is cionnsioca<i>r leis. Bhidh Lucifer 'na
phrionsa agas 'na archaingiol a bhflaitheas Dé. Is aige a bhí lochran
soillseach na gloire air iomchar. Bhí se mórchumhachtach as cionn na
n-aingeal eile. Bhí sé dobhásaigh, 'se sin le radh, niarbh éidir a bhasgadh
no a mharbhadh. Bhi se saortholach, .i. 'na mhaistir air a thoil agas a
chomha<i>rle féin. Bhi se fiosach fioreolach glormhor gnúisdhealradhach
oireamhnach coimhfhreagarach don bheathaidh shiordhaidhe agas do na
subhailcibh, capax omnium virtutum et beatitudinis, ach d'aimhdheoin sin
uile, díbreadh e féin agas na sloite eile maraon ris sios go hifrionn amach
as radharc agas as fiaghnaise Dé as sioca<i>r a<o>n pheacadh 'mháin
marbhtha, .i. peacadh an diomais, an uabhair, no na haindreime, agas gan
toil a thabhairt ach aon uair amháin don pheacadh sin. Agas chomh luath agas
thugadar an toil sin, chlaochlo agas d'athruigh a ndeilbh agas a snuadh ona
bheith soillseach gnuisainglidh chum a bheith dubh dorcha diabhlaigh
daolmhur ó mhead an uamhain agas na hanchuma a chuir smúid agas gráin a'
pheacaidh orrtha, air mhodh nachair fhuiling Dia amharc no feuchaint orrtha
o sin amach go siordhaidhe.
Creud far díbreadh Adhmha as gairdin phardhaois? Rinneadh fa pheacaidh
marbhtha na sainte, an chraois, agas na heasumhlacht, agas ce go bhfuil se
sin sé mhile bliadhan o shoin, niar cosgadh agas niar sásadh fearg Dé fós
leis féin no lena threibh 'na dhiaidh. Or marb e na peacaidh sin Ádhmha,
bhiaidh se féin agas a chlann o sin a leith saor air an uile chineal amhgair
agas aicideacha euxamhla ata toruigheacht orrtha, agas fós saor on bhás
féin. Agas mar an gceadna, bhiaidh beatha aoibhin ag an duine, tórtha
taitneamhacha na talmhan ag teacht agas ag fás uadhfa féin, gan allas, gan
saothar, gan mórghniomh, agas fa dheoidh bheadh beathaigh allta na talmhan,
eunlaidh an aeoir, iasg na marra, agas creatuir
euxamhla eile na cruinne faoi umhlacht, faoi smacht, agas faoi
thigheardas aige. Gen.c 2.
Is as sioca<i>r pheacaidh na tnutha agas an dunmharbhaidh a dhíbir Dia
Cain mhac Adhmha amach as a phobal agas bhuail se comhartha agas branda
grána an pheacaidh air ionnas go n-aithneochfidh é agas go mbiadh na huile
dhuine san ruaig air. Mar an gceadna, an t-anam a bhias airna thruailleadh
agas airna mhilleadh le branda agas le graineamhlacht an pheacaidh agas a
chailleas moise agas sgéimh na ngrás, ni feidir le Dia, le na haingil, no le
na naoimh an t-anam a gheibh bás air a' staid sin a fheuchaint no fhulang,
ach díbread uadhfa an t-anam sin mar dhibrear fear lobhar no plaighe as
meadhan agas as lár an phobail, no caora chlabh as a' tsred, nó mar
dhíbereadh caora a huan féin uaidhche da bhfaiceadh si cuma, deilbh, no
deanamh madraigh no mic tíre air tteacht air.
Is as pheacadh na hantola agas na drúise a bathadh an saoghal an am na
diliona, agas fan adhbhar cheadna a slugadh Sodom agas Gomora sios
an aigean na talmhan. Agas adubha<i>rt an Tighearna, "Sgriosfuidh me an
duine do chruthaigh me o aghaidh na talmhan, oir is aithreach liom a
ndeanamh" (Gen.,c.6,v. 7; Gen.,19,24).
Is air son a' pheacaidh a d'fhuiling Criosda an pháis, .i. a chéasadh re
croich; agas ni ttainic rith cogaidh no cloidhimh, plaigh no gorta, sgrios
no sguirse air thír no air dhaoinibh ach mar chanaigh agas mar dhioghaltas
air son peacaidh egin anna raibh siod ciontach, a thig go coitcheanda gach
amhgar, gach buaidhreadh, gach léan agas leatrom aca. A dhuine, ata h'intin
buaidhrea, ní bhfuil comhnaigh no socraigheacht oidhche no lae agad. Is
iomdha mi-ádh agas tubaiste a' tuitiom ort agas gan fios agad creud is
freamh, adhbhar, no cionnsioca<i>r doibh. Ach ransaigh thu féin go cruaidh
agus feuch nach ionnad féin astigh ata freamh do mhi-áidh agas do
bhua<i>ridh. Feuch nach bhfuil leannan eigin peacaidh agad ata taraing gach
oilc agas gach urchoide aca so ort. Ma ta, an fad agas a chuinneochas tu an
diabhal sin mar dhalta 'ga oileamhuin agas 'ga altrom ionnad fein astigh, na
bidh aontas ort a bheith gan sásadh inntinne, gan siochainte, ach díbir an
gadaigh sin uaid a<o>n ua<i>r amháin, agas ansin fillfidh
siochainte, suaimhneas, agas socraigheacht ad chroidhe arist. Leig do rún
let athair faoisidin agas inneasaigh se dhuit creud is coir duit a dheanamh.
Deirim arist nach bhfuil olc air bith is mo agas is urchoidigh no an
peacadh. Díbrean se na grasa, marbhan se an t-anam, ni fhagan se neart no
brigh annsna subhailcibh no annsna deaghniomharadh, ni bhfuil maith no
luaidheacht annsa trosgadh, annsa déirc, annsan urnaigh, no annsna
deaghoibreacha eile a nithar air staid a' pheacaidh. Ni bhfuil ionta ach
oibreacha marbha gan maith, gan bhrígh, réir na ndiadha<i>readh.
A dhuine, da mbiadh do bheatha chomh naomhtha riaghalta le hancoire a
gcloich no le dithreabhach air uaigneas, da ndeanfa uirid muirbhilleadh agas
rinne Peadar no Pol no Padruic na bhfeart, da nduisgeochfa an marbh as an
uaidh le méad do naomhacht agas do chrábhaidh, no thabha<i>rt air na
rialtogadh tuirling anuas as na flaithis, agas tuit<iom> 'na dhiaidh sin a
bpeacadh marbhtha, chaillfea luaidheacht do chrabhaidh agas h'oibreachadh
uile. Moirtnighean an peacadh marbhtha na deighniomharadh a rinneadh air
staid na ngrás féin, ach amháin go n-athbheoidhead arist an tan eirighios an
peacach ona pheacaibh - ni nach dean na hoibreacha marbhtha a nithear air
staid an pheacaidh, a bhias a gcomhnaigh marbh gan maith, gan bhrigh, mar
adubhairt me roimhe.
Ba mhór agas ba mhaith an seirbhiseach do Dhia Solamh mhac Daibhi seal da
shaoghal, ach creud an ta<i>rbhe a bhi aige an tan a chuaidh se ar earroid?
Bhí Iadas 'na chompanach agas 'na chomradaigh aig Criosda fein agas aig a
dheisgiobail ag deanamh crabhaidh, muirbhilleadh, agas morghniomharadh
euxamhla leo, etc., acht an ua<i>r a thuit se ar staid an pheacaidh ag brath
a mhaistir, chaill se e féin agas a ndearna se ariamh.
Chaill an Pharisineach uaibhreach luaidheacht a chrábhaidh agas a throsgaidh
as sioca<i>r pheacaidh an diomais (Luc.,18).
Mar an gceadna, Ananias agas Saiphiras, ce gur mhór a gcrábhadh,
thleig siod a gcuid don tsaoghal le barr crábhaidh fa chosaibh
na n-easbal, ach cionn go ndearnadar a<o>n bhreug amháin, rinne
Dia muirbhilleadh air a' bpunc orra (Act.,5).
Slugadh Corach, Dathan, agas Abiram agas an pobal uile
maraon leo sios go hifrionn beó tre fhosgladh na talmhan
(Nimh.,c.16) tre pheacadh an mhurmuir agas na heasumhlacht.
Ma rinne Dia gach dioghaltas aca so ar son peacaidh eigin air
a mhuintir féin a bhi a bhfad ag deanamh crábhaidh agas a' cathamh
a saoghail anna sheirbhis, creud shaoileas tusa eireochas duit
féin, a dhuine nach dearna lón air bith crábhaidh no dei-ghniomharadh
ariamh agas atá ag síordheanamh peacaidh don
uile shiord an aghaidh Dé o thainic cial thugad olc a dheanamh?
Dearc tuilleadh eile air urchoid an pheacaidh. 'Sé an peacadh,
mar adubhairt me roimhe, is freamh agas is ceannfatha don
uile olc. Is é thairngeas sgrios agas fearg Dé, mar is é a
sgriosas agas a chuireas amach as leabhar na beathadh ainm an
fhíréin ata sgriobhtha le meur Dé air neamh agas a chuireas an
t-ainm sin sios a leabhar dubh dorcha daolaidh an diabhail
ann ifrionn. 'Se an peacadh a lassas agas a ghríosaigheas pianta
purgadara agas teine dofhulaing ifrinn nach feidir a mhuchadh no
chur as go trath bheith síor, agas fa dheoidh caillean lucht
deanta na bpeacadh, eadhon an gaduigh, an breagaire, an
craosaire, etc., a gclu agas a meas air a' tsaoghal sa bhos féin a
suilibh daoine, agas ní is measa no sin, an ghlóir shiordhaidhe air
a' tsaoghal eile. Mar sin, ní bhfuil ní is dearbhtha nach
bhfuil olc air bith is mó agas is measa no an peacadh.
II.
Anois, a Chriosdaidhe, mas maith leat na hoilc se do sheachna,
seachain freamh, siocair, agas ocoideachadh na n-olc. Más maith
leat an phlaigh no an lobhar a sheachna, seachain lucht na
plaighe agas an lobhar d'eagla do mhilleadh no do shalchadh leo.
Mar an gceadna, seachain an drochchuideachta agas lucht dheanta
na n-olc d'eagla do thruailleadh no do shorbadh leo, or ní feidir
tathaigh a dheanamh air an drochchuideachta ata gonta le cron
an pheacaidh gan a bheith salach gonta ar aon nós agas air
aon bheasa leo, mar deir an psailmcheadach, Cum perverso
perverteris (Psailm.,17, v.27).
Fiafraigh don duine dhamanta creud fa air damnadh é, no
don duine mhiofhortunach adhbhar a mhiofhortuin. Freagrad
dhuit, "Drochchuideachta na bpeacach a thug chum na criche
se inn." Mar sin, mas aill leat an t-olc do sheachna, ni foloir
na hocoideachadh agas lucht dheanta na n-olc agas na ndroichghniomh
do sheachna, or truaillighear an fíreun agas an nimhchiontach a
measg agas a gcuideachta na gciontach air a' nós cheadna mar
mhillear agas mar truaillighear an fioruisge ag dórtughadh agas ag
comeasgadh fríd searbhuisge saile na fairge agas na mara.
Acht cionnas is feidir le duine a lucht gaoil agas páirte no an
mhuintir orrtha a bhfuil cion aige a sheachna, biodh gu raibh
siod go holc féin? Freagran Criosda féin don cheist se ag rádh,
"Ma thugan do shuil no do lámh dheas oilbheim no sgannail
duit, teilg uaid iad, or is fhéarr duit a dhul go flaitheas Dé le
aon suil no le aon láimh no a dhul go hifrionn le do dhá shuil
no le do dhá láimh" (Mat.,5,29). Mínighean na haithreacha
naomhtha, St Aug., St Hier., agas St Hilarius, na briatharadh
sa ag rádh, H'athair agas do mhatha<i>r, do dheirbhshiur agas do
dhearbhratha<i>r, do mhac agas do inghean no do bhean phosta,
etc., orrtha a bhfuil cion agad mar air do shuil no ar do laimh
dheis, ma bhian siod 'na n-ocoid no 'na gceannsiocair peacaidh
agad, teilg uaid iad, 'se sin le radh, sgar leo, fag agas seachain a
gcuideachta nias luaithe agas nias tuisge no a dhul go hifrionn leo.
Acht mar ttiocfa leatsa iadsan a tharaing d'ionsaidh Dé agus na
gloire, na leig doibhsean thusa a tharaing agas do mhealladh
d'ionsaidh an diabhail go hifrionn; oir is fearr dhuit a dhul do
dhithreabhach bhocht leat féin san bhealach chumhan chruaidh
a threóraigheas go flaigheas Dé no a dhul a gcuideachta do
charad agas do chompanach san bhealach reigh rofhairsaing a
threoraighios go hifrionn.
Anois a dhuine, ort a bhfuil tromualach a' pheacaidh, éisd
go dithchiallach le Criosda ag glaoidh agas ag sgairtidh go laidir
ort agas ag rádh, Venite ad me omnes qui laboratis et onerati estis
et ego reficiam vos (Mat.,II,28), .i. "Tigidh chugamsa uile oraibh
a bhfuil dochar agas tromualach agas bheara me fuasgladh agas furtacht
dhíbh."
Ní bhfuil ualach air bith is truime no an peacadh. Ni thig
leis na flaighis féin a iomchar, ce gur laidre iad na práis aithleite.
B'éigin do Chriosda féin lubadh go talamh ag iomchar peacaidh
chine daona, .i. an chroich cheasda, ag triall go Cnuc Cailveri
na paise. An tan a pheacaidh Lucifer, réab agas sgoilt na flaithis
faoi, or ní ttainic leo truime an pheacaidh marbhtha iomchar,
ce go ttiocadh leo sleibhte marmuir iomchar air a muin. Agas
tharaing an tromualach sin sios go heigean ifrinn é. Da ttiocfa
leis an diabhal ualach an pheacaidh a chur dhe, ni fada a bhiadh
se faoi; agas thusa, a dhuine, a' ttig leat sin a dheanamh? Ní
bhfuil tu ach 'ga charnadh air do ghuailleach mar ualach
connaigh le haghaidh tu féin a losgadh.
Is cosamhail an peacach leis an té a bhiadh ceangailte do
chloich mhuilin. Ní mhoitheaghan se troime na cloiche an
tan a bhian sé ar cruaidhteach, ach chomh luath agas theilgear
a nduibheagan na fairge iad, theid siod araon air iachtar. Mar
an gceadna don pheacach. Ní mhothaighean se truime an
pheacaidh an tan a bhias air cruaidhteacht no go ttig go bruach
an eigein, .i. go bruach a bháis. Ansin bheir cothrom an
pheacaidh go hiochtar agas go heigean ifrinn é.
Is furas an peacadh a leigheas mar gach aicide eile, ma
ghlacar an am agas anna thosach é, sul fa ngeabhaidh se freamhughadh
no neart annsna ceadfa. Geintear é air ttus san tuigse,
thig on tuigse gona tola, on toil go gniomh agas o ghniomh go gnás
agas go cleachtadh, agas an ua<i>r a thig an fad sin is doiligh a chlaoidh.
Bian ag meadughadh, ag borrughadh, agas ag lassadh. Mar
thairngeas lub an tslabhraigh lub eile, is amhlaigh is gnas le
peacadh peacadh eile tharaing 'na dheidh. Is amhlaidh tharaing
peacadh na tnutha Cain mhac Adhmha chum peacaidh eile, .i.
a dhearbhratha<i>r do mharbhadh. Thuit Daibhi an rí a bpeacadh
na druise; niar fhan se 'na bhun sin no gur thuit se a bpeacadh
eile an dúnmharbhaidh. An uair a shéan Peadar Criosda niar
fhan se a mbun an chead pheacaidh no gur thuit se trí huaire
a ndiaidh a cheile. Bhrath Iudas Criosda; tharaing an peacadh
sin é chum peacaidh eile, .i. e fein a chrochadh.
Leughtear a Sgathan na sampladh go raibh aingeal agas dithreabhach
uaigneach lo n-aon a' siobhal re cheile agas theagaibh
corp morgaidh marbh san mbealach orrtha. Druideas an
t-aingeal an aice an chuirp gan fhaitcheas, gan uamhan, gan
eagla; acht niar leig eagla don dithreabhach a theacht da choir
air bhreantanas agas ar mhorgadh an bholaidh agas air graineamhlacht
agas ar uathbhas an amhairc adhuathmhair do chona<i>rc se air.
Niar chian doibh 'na dhiaidh sin air chas oganach sgiamhach
orrtha. Gabhas an t-aingeal biogadh agas eagla ag feuchaint an
oganaigh. "Creud fá", air an dithreabhach, "a bhfuil eagla ort
reis an oganach sgiamhach agas nachair ghabh uathbhas thu leis
an chorp mhorgaidh mharbh?" "Cionn go bhfaicim", air an
t-aingeal, "anam an oganaigh se, ce gurab aluinn a chodlan,
chomh morgaidh marbh leis na peacaidh ann ma shuilibhse
agas a bhí an corp marbh ud ann do shuilibhse."
GEARRDHUTHRACHT EILE.
An sal agas an mheirg a chuireas an peacadh marbhtha air an
anam, ma gheibh se bás ar a' staid sin, ni thig le neart theinidh
agas lassrachadh ifrinn an sal na an mheirg sin a ghlanadh no a
losgadh go siordhaidhe, mar is dual don teinidh a dheanamh
go coitcheanda le miotal air bith meirgeach da gcuirear innte.
A pheacaidh, nach bhfuil eagla ort go ndeanaidh Dia ball
sampail dhiot don tsaoghal uile, mar rinne do mhnaoi Lot
(Gen.,19, 26), cionn gur dhearc sí ar a hais air crois an aingil;
no air Mhaoise an tan a bhuail se an chreag fa dhó (Nibh.,
c.20 v.II) - niar leig se asteach go talamh a' ghealtnais é;
no mar rinne air a' dís agas da fhichiod leanamh a bhi magadh
air an fháidh Elisa agas gan iad a' radha ach fa dhó, "Éirigh
suas,
a chinn mhaoil. Éirigh suas, a chinn mhaoil" (IV Riogh,
c.2, v.23). Ag filleadh air ais don fháidh bheannaigh orrtha,
mhallaidh se iad an ainm an Tighearna, agas air a' bpunc thainig
dhá mhathghamhuin amach as an choill agas reabadar uile ona
chéile iad.
Mharbh Dia caogad míle fear ag Bethshemesh air son
feuchaint asteach ansan áirc choisreaga an Tighearna, agas fos
mharbh se Ussa air son a lámh a chur air an áirc choisreaga
cheadna an Tighearna (I Riogh, c.6, 19; II Riogh, c.6, v.7).
Ma rinne se gach ní aca so as sioca<i>r peacaidh eigin,
na gaibhse aontas, a pheacaidh, ma chaill tu do shlainte, do
chlann, do charuid, do mhaoin shaoghalta, etc., ach breathnaigh
gur chum triala no air son leannan eigin peacaidh a luigheas
lámh Dé go trom ort.
Finis.
Deus propitius esto mihi peccatori (Luc.18, 13). Per unum
hominem pe<c>catum intravit in mundum, per pe<c>catum, (etc.)
(Rom.,c.5).
DOMINICA TERTIA QUADRAGESIMAE.
DON FHAOISIDIN.
I.
Erat Jesus ejiciens daemonium, et illud erat mutum (Luc.,II,
14).
"Bhí Iosa a' teilgint diabhail amach agas bhí se balbh, agas an
tan do dhíbir se amach é, labhair an balbhan."
Is air shacramaint na haithrigh, .i. air an fhaoisidin, is rún
tracht do thairbhe shoisgeil an lae 'niodh. Bacan a' diabhal
don pheacach faoisidin a dheanamh, cuirean se glac ana sgornaidh,
dúnan se an croidhe, tochtan se an beul, agas cuirean glas air a
theanguidh le naire agas faitcheas a thoirmeasgan an fhaoisdin a
dheanamh, agas is uime sin a ghoirthear an diabhal balbh san
tsoisgeul dhe. Acht an uair a dhíbrear an diabhal amach le
grasa na haithrigh, bristear na glasraidh sin, agas labhran an
balbhan ag deanamh na faoisidin. Acht sul fa ndeanmoid
craobhsgaoilidh nias fuide air so, abramoid an tAue Mairia.
Ata se sgriobhtha ag Eoin ansa 20 caib. agas ag Matha san
18 caib. go ttug Iosa ughdaras do na habstolaibh agas don eaglais
Chatoilice na peacaidh do cheangal no do sgaoileadh, Quorum
remiseritis peccata, remittuntur eis, et quorum retinueritis, retenta
sunt.
Is tré shacramaint na faoisidin a nithear an sgaoileadh se,
a gheibhear maitheamhnas agas absolaid, saoradh agas sábhail on
pheacadh agas on phéin shiordhaidhe a dhlighear 'na chionn.
Is é is faoisidin ann, gearan tuirseach a nídh an peacadh
air féin le athair faoisidin aga bhfuil cumhachta absoloid a
thabhairt dó anna pheacaidh ma bhian na coinghil riachtnach
aige.
'Sé an t-athair faoisidin léigh an anma; mar sin, is riachtnasach
cneadha an anma a nochtadh dhó, .i. na peacaidh, mas maith
leis a shlanughadh no a leigheas; or mar nach feidir an
t-othar no an duine tinn do leigheas no go bhfuighidh an léigh
fios na n-aicideachadh ata air, mar an gceadna, no go n-inneasfear
don atha<i> faoisidin aicideachadh an anma, ni féidir a
leigheas.
Ata dhá chineal peacaidh ann, eadhon peacadh na sinnsire
agas peacadh gniomha. Ní féidir an chead pheacadh aca so a
leigheas ach tré shacramaint an bhaistidh no an dara peacadh
ach tré shacramaint na faoisidin. Mar sin, mar nach tteid duine
air bith gan bhaisteadh go flaitheas Dé, is amhlaidh ni rachaidh
duine air bith a rinne peacadh marbhtha san ghloir neamhdha
no go ndeana se faoisidin no go háiridh rún a bheith aige a
dheanamh; or da mbearadh duine a chuid don tsaoghal do
na bochtaibh agas imeacht air feadh a' tsaoghail le crábhadh ag
deanamh trosgaidh, deirce, agas urnaighe, mar ndeanaidh se
faoisidin agas an absoloid fhaghail no go háiridh rún a bheith aige
a dheanamh, ni bhian achd diomhnas ana shaothar uile.
Acht an té a nídh faoisidin agas na coinghill riachtnach aige,
ma bhian a pheacaidh chomh dearg le sgárlaid chorcracha, no
chomh lionmhar le féar faithe no le gaineamh trádha, bhearaidh
Dia siothchainte agas maitheamhnas san iomlan dó. Ní bhian
cuimhne aige orrtha nias mó agas ní iarran dioghaltas a dheanamh
ionta. Quaecunque solveritis super terram, erunt soluta et in
caelo (Mat.,8, v.8).
Tortha na faoisidin, .i. comhoibrighean an fhaoisidin grasa
san anam, aithbheodhaighean agas duisgean é an tann a bhias
marbh air staid a' pheacaidh, agas cuirean blath agas snuadh úr air.
Leagan fearg agas fíorcheart Dé, lagaighean cumhachta agas cathaigh
an diabhail, a' tsaoghail, agas na codla. Sgriosan agas crosan amach
na peacaidh agas múchan teine ifrinn agas pianta purgadora.
Tortha eile fhásas as an fhaoisidin, .i. grádh Dé, fuath na
locht, leasugh na beathadh, umhlacht an chroidhe, agas socruigheacht
agas suaimhneas na hintine agas an choinsis.
Leughthar ag Lucas san 15 caib. fioghar roghaolmhar ris an
fhaoisidin air mhac na miochomha<i>rle a chuir a chuid ranna
dh'oighrigheacht athara tort go caithmheach. Agas ar m<b>eith
an oireasbhuidh mhór dó a ttír choigcríchigh choimhigh agas é
ag mucuidheacht mhuc, do smaoinigh lo n-aon air fein gurab
olc a chaith se a chuid agas fearg athara a bheith fós aige. Do
ghaibh aithreachas é, agas as e adubhairt, "Eireochad agas rachad
d'ionsaigh m'athara agas dearad ris, "Athair, do pheacaidh me
go trom a bhfiaghnaise Dé agas do latha<i>rse. Anois ní fiu me
do mhacsa a ghairm dhiom; gegheadh, déan oglach no fear
tuarasdail dhiom."" Air chonairc an t-atha<i>r a mhac earroideach
a' filleadh arist chuige, ghabh luagha<i>r agas gairdeachas é.
Agas thug se air a stiobhart no air fheadhmantach eadach
uasal agas earradh do chur air, agas ceol agas féasda a dheanamh 'na
chuinne.
Is tusa, a pheacaidh, an mac earroideach ud do chuaidh
air seachran. Chath tu go diomhain na tiodhlacaidh agas na tallain
a thug an tAtha<i>r neamhdha mar chuid ranna dhuit, .i. na
grasa. Smaoinidh ort féin anois agas abair mar dubhairt an mac
ud, "Eireachad agas rachad d'ionsaidh m'athar faoisidin, fear ionad
Dé air a' tsaoghal, agas dearad leis, "Atha<i>r, do pheacaidh me
go trom an aghaidh Dé agas do latha<i>rse. Ní fiu me do mhac a
ghairm dhiom; cegheadh, gaibh riom a mosaine na haithrigh.""
Ma nidh tu mar sin, geabhaidh an tAthair siordhaidhe riot
go luaghaireach agas dearaidh lena stiobhart, .i. leis an atha<i>r
faoisidin, do nighe agas do ghlanadh a' tabhairt na habsoloide
dhuit agas ag cur éideadh dealradach na ngrás umad.
Leughtar fioghar eile roghaolmhar ris an fhaoisidin san 9 caib.
do Ghniomharadh na n-easbal, .i. go raibh Pól ag díbirt agas ag
geirleanmhuint na naomh a nDamascus ach ag dul chum na
caithreacha sin dó, chona<i>rc se teisbean<a>dh air an mbealach.
Ag faiceal dealraidh soillseach 'na thimchiol, thuit se marbh
le heagal agas do chuala se guth as a chionn ag rádh, "A Shail,
a Shail, creud fa bhfuil tu dam gheirleanmhuint?" Freagras
Pol, "A Thighearna, creud is aill leat mé do dheanamh?"
"Imigh asteach go caithrigh Dhamascus agas inneasaigh Ananias
an sagart creud is cóir dhuit a dheanamh." Do chuaidh Pol
amhlaidh asteach san chaithrigh. Bhi se dall trí haoidhche agas
trí lo. Bhi se gul agas a' caoidh fana pheacaidh. Thainic
Ananias chuighe. d'aidimh Pol a pheacaidh dhó, agas an
ua<i>r a thog an sagart a lamh as cionn Phoil thuit na bruit a
bhi air a shuilibh agas chonairc se go glanradharcach.
Thusa, a pheacaidh, ata troid an aghaidh Chriosda mar bhi
Pol, imigh romhad gona tsaga<i>rt agas aidimh do chionta le
croidhebhrughadh, le gul, agas le deara na haithrigh, agas gheabhair
siochainte agas maitheamhnas mar fuair Pol.
Mharbh Cain a dhearbhratha<i>r féin Abel agas cheil se an
fheall air Dhia, an ua<i>r a d'fhiafraigh car ghabh Abel,
Ubi est frater tuus, Abel? Deir St Tomas, dam aill le Cain an
peacadh aidmheal agas gan a shéana, mar righne se, go bhfuigheadh
siochainte agas maitheamhnas o Dhia ann agas nach ndíbearfuidh é ona
thír agas ona mhuintir mar rinneadh. Agas creidean Auguistin
naomhtha go bhfuigheadh Adhmha féin maitheamhnas agas párdun dam
áill leis an peacadh a rinne se aidmheal.
An Phairisineach nachair aidimh a pheacaidh san teampol
tugadh breith dhamanta air, agas saoradh an puibliocanach cionn
go ndearna faoisidin ag aidmheal go raibh se fein 'na pheacach
(Luc.,18).
Ní bhfua<i>r Daibhi an righ féin párdun no gur aidimh se
a pheacaidh do Natan an faidhe, oglach agas fear ionad Dé (2 Reg.,
c.12,v.13).
D'aidimh gadaigh na laimhe deise a pheacaidh air a' chroich
an a<i>rde agas fua<i>r se maitheamhnas ionta. "Feuch", adeir
St Auguistin agas St Criosostom, "mar d'fhosgail an fhaoisidin
sin a rinne an gadaigh doras phardhais roimhe agas mar fua<i>r se
an absoloid agas trocaire as beul Chriosda amach do thairbhe na
faoisidin ceadna."
Leughtar stair as an leabhar darab ainm Scala caeli, .i.
dreimire fhlaitheas Dé, air dhís seanmontaigheadh thainic chum
caislein airighthe anna raibh bean aice a raibh leanan peacaidh
nachair leig a' naire dhi a chur a bhfaoisidin go feadh a<o>n
bhliaghan deug, ach air chonairc sí an eaglais dheorachta no
choimheach, do mheas sí faoisidin a dheanamh leo do bhrígh
nach raibh eolas aca urrtha. Is amhlaidh triallas d'ionsaigh
fir aca agas rinne faoisidin. Ag deanamh na faoisidin dhi, do
chonairc an fear eile péist ag teacht amach air a beul le hucht
gach peacaidh dar innis sí agas ag dul tar dhoras an teampoil amach.
Agas a bhfiorcheann na faoisidin do chonairc se dragun mór ag cur
a chinn amach as a beul agas ag filleadh asteach arist. Gedheadh,
an tann do loc an bhean an dragun do sgeith, feuch, do fhilleadar
na haithreacha nimhe reamhraite a mbeul agas a mbroinn na mna
arist, agas d'imigh mar sin gan a peacaidh d'fhaoisidin. Agas
triallas an dias eaglasach rompa. Agas ar mbeith san ród doibh,
d'innis fear aca don fhear eile creud do chona<i>rc se. Gabhas
biogadh an dara fear agas dubhairt gur peacadh eigin do cheil sí,
agas fhilleadar san chonair cheadna tar a n-ais arist. Agas air tteacht
doibh gusan chaislein fuaradar an bhean marbh. Do ghabh
tuirse mhór iad, acht tar eis staideir a dheanamh orrtha fein,
síneas air trosgadh agas air urnaighe go diochra dithchiollach da
iarraidh air Dhia foillsioghadh doibh creud a tharla don mnaoi.
Agas a gcionn an treas lo do choncadar an bhean ag marcuidheacht
ar dhragun tindrigh agas dha nathair nimhe a ttimcheal a
muineil, dhá phéist uathmhara air a suile, agas grís dhearg ag
teacht amach air a beul, dhá mhadradh chonfadha ag creimneadh
a lámh, dhá shoighead thintigh trena cluasa, agas arc sleibhe no
luachra fana braghaid. Gabhas biogadh an eaglais ag feuchain
urra. "Na biodh eagla oraibh, a charruid Dé," air sise, "or is
mise an bhean mhallaidh do rinne faoisidin an lo fa dheireadh,
agas do bhrigh gur cheilis peacadh trom do rinnis, ataim damanta
gan doigh fuasglaidh go siordhaidhe."
"Cuirim foirceadal as ucht Dé ort," ar an t-oide faoisidin,
"an dá cheisd a chuirfid ort d'fhuasgladh damh. An chead
cheist, creud chiallaigheas euxamhlacht na bpian sin ort? An
dara ceisd, cia an peacadh is mo a ndamantar daoine air a
son?" Freagras an bhean agas as eadh adubha<i>rt, "As é adhbhar
a bhfuilead na hairc luachra sa air mo cheann, an éirc a ndeanain
do chiorughadh, d'oirneadh, agas d'fholcadh air mo ghruaig agas ar
mo cheann. Ataid na soighide tintidhe se tre ma chluasaibh
a ndiol an ithiomraidh agas na culchainte a rinnis agas d'eistin go
toileamhail. Ataid na haithreacha nimhe se fa mo bhraghaid
air son ga<ch> soirighe agas gach taghalladh neamhghlan da ndearnais.
Is uime ataid na madraighe se ag creimneadh mo lámh tre
mhionaca do bhearuin do mhadraidh agas do ghadraibh nídh
le bhfeadfuin bochta Dé do riar."
Freagras an dara ceist ag rádh, "Is iomdha peacadh le a
tteid daoine go hifrionn, agas go sunradhach, diomas, saint, tnuth,
etc., agas fa dheoidh an diud agas an naire a chuirean an diabhal
orra ag deanamh na faoisidin", agas garab uime sin a damnadh í
fein. Agas an tan a d'fhiafraighe an t-atha<i>r faoisidin dhi
an raibh furtacht na cobha<i>r le faghail aice, fuadaigheas an
dragun maille re iomad pian go hifrion an bhean.
Leughtar stair a Sgathan na sampladh air mnaoi do mharbh
a leanabh féin. Agas an ua<i>r a thuig creud an t-olc a rinne sí,
bhidh aithreach mor urra. Rinne si móran trosgaidh, deirce,
agas urnaighe air a shon, agas bhidh sí gul agas a' caoidh ag iarraidh
trocaire agas maitheamhnas air Dhia air son an pheacaidh sin.
Gedheadh, niar leig a' naire dhi a chur a bhfaoisidin. Air mbeith
dhi seal aimsire mar sin a gcathair na Romha, thainic an diabhal
a gcruth agas a ndeilbh dhaona agas innsias d'oificeachaibh an dlighidh
an bhean agas an choir do rinne sí agas go ndeanadh se féin fiaghnaise
'na haghaidh. Do chuadar na hoificidh agas ghabhadar an bhean
agas d'innsiodar an choir do bhi urra. Ghuidh an bhean a tabha<i>rt
a latha<i>r an phapa, agas air tteacht a lathair dhi, d'aidimh an
choir agas rinne faoisidin agas cuireadh ar a hais a latha<i>r an dlighidh
air cuaiste a hanma arist an bhean. d'fhiafraigh an breitheamh
don fhiaghnaise a bhi 'na haghaidh, creud an chúis a bhi aige
le cur urra. Freagras an t-oglach agas dubha<i>rt go ndearna an
bhean faoisidin agas uime sin go ndearna seisean dearmad don
choir a bhi 'na haghaidh; agas le sin d'imigh se 'na splanc
teineadh, or as e a' diabhal a bhi ann a ndeilbh agas a gcruth dhaona.
Is iontuige as so nach bian cuimh<n>e ag an diabhal féin air
pheacadh air bith tar eis a chur a bhfaoisidin.
Tarla do shagart a bheith air urnaighe ló n-aon láimh leis
an altoir, agas silleadh da ttug seacha chona<i>rc se bean ag deanamh
crabhaidh air a gluinibh; agas chona<i>rc fos deamhan as a cionn
a' sgig agas a' fochmaid fuithe. "Foirceadal ort, a dheamhain",
ar an sagart. "Innis damh an ainm Chriosda adhbhar do
mhagaidh." "'Se adhbhar ata agam," air an deamhan, "an
bhean sa 'ga snoighe agas 'ga seargadh féin le caoidh agas le crabhadh
agas nach fada uaidhche a dhul go hifrionn, or saoilean an amaid
mna sa go bhfuidhe sí maitheamhnas ansa trompheacadh do
rinne sí gan a chur a bhfaoisidin, ní nach feidir, da mbiadh
si gul agas a' caoidh go lo an bhreitheamhnais." Air gclos sin don
tsagart, do ghabh se ag griosacht na mna a dhul chum faoisidin.
Leig a' bhean air a gluinibh í a bhfiaghnaise an tsaga<i>rt agas
rinne faoisidin iomlan ghearchaointeach leis agas fua<i>r an absoloid.
Acht an tan a thuig an deamhan go ttainig da uirghiol féin
an bhean d'anacal an diabhal, do ghaibh aithmheal agas eagla é.
Do sgread agas do sginn se 'na mheall teineadh as ballaibh an
teampoil amach.
II.
Ata se sothuigse as a ndubhramar feidhm agas riachtnas na
faoisidin, agas ata Criosda féin, na haithreacha naomhtha, na
comhairleacha gineirealta, agas comhaonta coitcheanda na
heaglaise ag deanamh fiaghnaise air riachtnas, air bhrigh, agas
air fhearta na faoisidin. Anois teisbeanuid san dara roinn don
chomhradh sa na coinghill agas na daighin riachtnasach chum
an fhaoisidin a dheanamh go glan agas go diongmhalta.
Ataid ceithre coinghill riachtnasach an fhaoisidin a dheanamh
mar is coibhe, eadhan sgriodughadh coinsis, croidhebhrughadh,
aidmheal na bpeacadh don athair faoisidin, agas loirghniomh. Is
leis an chroidhe, leis an bheul, agas le gniomharadh a nithear an
peacadh; mar sin, is leis an chroidhe, leis an bheul, agas le
gniomharadh is cóir an aithrigh a dheanamh. Leis an chroidhe,
ag deanamh tuirse agas dólais; leis an mbeul, ag deanamh faoisidin;
agas le gniomharadh, .i. an loirghniomh, mar deir St Auguistin agas
comha<i>rle Threant.
DON SGRUDUGHADH COINSIS. Ata se riachtnasach ag an uile
dhuine a choinsias a sgrudughadh agas a ransughadh go dithchiollach
ag triall chum na faoisidin. Is maith an riaghail chum an
sgrúdaigh sin a dheanamh feuchaint go géurchúiseach ar
aitheanta Dé agas na heaglaise agas fhiafraigh dhe féin cionnas agas
ca mheid uair a bhris se gach aithne aca fa seach, .i. ca mheid
uair a thug se easonoir do Dhia lena mhichreidiomh, ainm Dé
gan adhbhar, easonoir d'atha<i>r no do mhathair, etc. Smaoinidh
air na seacht bpeacaidh marbhtha, .i. diomas, saint, tnuth,
druis, craos, fearg, agas leisge agas air gach peacadh eile fhreamhaigheas
uadhfa, agas cuimhnigh ca mheid uair, mas féidir, a chlaon no a
thuit tu ionta. Agas smaoinigh mar an gceadna air gach muineachtaigh
agas air gach failligh a ndearna tu san trosgadh, san déirc,
san urnaighe, no ann do dhualgasaibh eile a bhaineas go
sunradhach leis a' staid no leis an tslighe beathadh ata agad.
Agas as cionn an iomlain, cuimhnigh air a' leanan peacaidh is
mó a bhfuil tu claon chuige. Agas fa dheoidh, cuimhnigh
air gach ait anna raibhis, air gach gnothaigh, agas air gach comhradh
da raibh agad. Agas mar sin tuigfe tu gach modh, gach gléas,
gach rún, agas ca mheid a pheacaidh tu, agas fós cáilidheacht agas
caindigheacht gach peacaidh aca. Agas tar éis fheuchaint mar
sin air staid do choinsis, agas do pheacaidh a chruinioghadh ar
aon lathair ad fhiaghnaise, réab agas sgoilt do chroidhe le doilgheas
agas le tromdhólas fa thuitiom ionta; agas is de sin a goirar an
croidhebhrughadh, .i. an dara coingheall ata riachtnasach chum
na faoisidin a dheanamh.
Ata dhá chineal croidhebhrughaidh ann, da ngoirthear san
Laidin contritio agas attritio, .i. croidhebhrughadh foirfe no
iomlan agas croidhebhrughadh bacach no neimhiomlan, croidhebhrughadh
gráidh agas croidhebhrughadh eagail. Is e is contritio no
croidhebhrughadh gráidh ann gráin agas fuath air na lochta mar
gheall agas mar ghrádh air Dhia ata ann féin go maith agas rogheanamhail
agas go bhfuil gráin agas fuath nádurtha aige air na peacaidh.
Mar sin, is as fhiorghrádh Dé a thig agas fhásas an contritio;
agas is uime sin a goirthear croidhebhrughadh gráidh de. Cebe aige
a mbiadh an cineal croidhebhrughaidh se an aimsir a bháis,
ní tteid anam go hifreann; sin agas nach mbéaradh an sagart beó
a<i>r ach amháin rún daighion a bheith aige faoisidin a dheanamh
agas an absoloid fhaghail da mbiadh am no foill aige, 'se sin le
rádh, cebe a mbiadh rún aige a bheatha a leasughadh mar
fhiorgheall air Dhia agas tromdhoilgheas a bheith anna chroidhe
fa chorruighe agas fa fheirg Dé do thuilleamh, ni rachaidh go brach
go hifrionn.
'Se chiallaigheas a<t>tritio, .i. an croidhebhrughadh neimhiomlan
no bacach, doilgheas agas briseadh croidhe fan pheacadh
ata ann féin gráineamhail, air eagla a bheigh 'ga losgadh ann
ifrionn no aoibhneas fhlaitheas Dé do chailleadh. Agas is de sin
a goirthear croidhebhrughadh an eagail. Agas tuig nach leóir agas
nach bhfóghnann an cineal croidhebhrughaidh se leis féin gan
sacramaint na haithrigh maille re na coinghill reamhraite
riachtnasach a bheith maraon leis.
AIDMHEAL NA BPEACADH. Aidmheal na bpeacadh don oide
faoisidin an treas coingheall ata riachtnasach chum sacramaint
na haithrighe (vide pag. 29). Imigh fa dhein h'oide faoisidin,
fear ionad Dé agas léigh h'anma, agas nochtaigh do chneadha dó;
agas na leig don diabhal diud, náire, no faitcheas a chur ort; na
leig do bheul a dhúnadh, no glas a chur ar do theangaidh, no
balbhan a dheanamh dhiot, mar rinne leis an oglach aniodh san
tsoisgéul (Luc.,11,14). Innis cebe leanan peacaidh ata agad
air ttús, agas is luighide a bhias náire ort an bealach a leigint
leis an chuid eile.
Na tracht air peacaidh dhuine eile acht air do pheacaidh
féin, or is ort féin amhain, agas ní air dhuine eile, is cóir an gearan
a dheanamh. Na bí fuireach leis an athair faoisidin gach aon
fhocal fhiafraigh dhiot, or mar dob eol duit an peacadh do
dheanamh, creud fá nach eól duit a gcur a bhfaoisidin muna
mbiadh an diabhal balbh sa ag dúnadh do bhéil. Tar éis an
diabhal a chur amach, labha<i>r an balbhan air mhodh gur
ghabh aonadh an slúadh uile, deir an soisgeul. Dibirse an
diabhal amach a<o>n ua<i>r amháin leis an aithrighe, agas ní
bhian tu balbh nias fuide.
Gheabhaidh tu cearrbhach agas ma labhrar ar chuis imearrtha
leis ní cliste Lucifer ina é a' caint; cedheadh, nithear balbhan
dhe an uair a thig chum faoisidin.
Gheabhaidh tu duine eile a bhias mar ghealbhan ghlórach
ag brosdughadh agas ag gríosughadh a chompanach chum na n-olc
do dheanamh, acht an tan a thig chum an athair faoisidin bian
glas air a theangaidh, oir rinne an diabhal balbhan dhe.
"Ní heól", adeir duine, "dhamh ma pheacaidh a chur a
bhfaoisidin", acht dob eól dó a ndeanamh. Ni haonadh sin,
oir bhi an diabhal a' cuidioghadh leis a ndeanamh agas 'ga thoirmeasg
a gcur a bhfaoisidin. Nach féarr a' fios ata agad féin air do
pheacaidh no ata ag an t<s>agart; nach iad oibreachadh do
chroidhe, do bhéil, agas do lámh? Is iomdha ló agas oidhche a chath
tu air chomha<i>rle an diabhail ag smaoinioghadh agas ag staideoir
orra, agas cath seal éigin anois air chomha<i>rle Dé ag smaoinioghadh
a gcur a bhfaoisidin.
Ata d'fhiachaibh ní he amhain an peacadh ach fós imhir,
mead, naduir, aicide, caindigheacht, agas cailidheacht an pheacaidh
a fhoillsioghadh agas a chur sios san fhaoisidin. Is diobh sin
a ghoiread na diadha<i>readh circumstantiae, agas áiread seacht
n-aicideachadh don tsiord sa ann, .i. an ti a nídh an peacadh,
an t-am a ndeantar é, an áit, an modh, an chaindigheacht, .i.
ca mheid uair, an comhluadar, agas an fáth; or meadaighean no
claochlaighean na haicideacha euxamhla sa an peacadh (vide
Aodh Macc Aingil, pagina 258; vide an Teagasg Criosdaidhe,
pag. 134).
DON LOIRGHNIOMH AGAS DON BHREATHAMHNAS AITHRIGH, an
ceathramhughadh coinghioll a bhaineas leis an fhaoisidin. Is
e is loirghniomh ann, cuitioghadh agas sásadh a thabhairt do Dhia
agas don chomharsain, or ce go maithear an choir agas an phian shiordhaidhe
tre shacramaint na haithrighe, maireann 'na dhiaidh
sin, pionus no cáin aimsiora re diol air a' tsaoghal sa no a
bpurgadoir. Sasaighear Dia le coimhlionadh an bhreith aithrigh,
le trosgadh, le deirc, le hurnaighe, le cradh coirp, agas oibreachadh
na troca<i>re. Cuitioghear an chomharsain le sásadh agas le haisioc
a thabhairt doibh air son gach eugcora da ndearnadh orra ana
maoin, ana gcluthaidh, agas ana bpearsain, agas cebe nach ndeanaidh
sin air a' tsaoghal sa no go háirigh rún a bheith aige a dheanamh
reir a chumhachta, beith an díolaigheacht agas an sásadh le deanamh
d'éis a bháis a bpianta purgadora aige no go saiseochfar dioghaltas
Dé air a shon agas go ndiolfar no go n-iocfar an fheoirling dheigheanach
do na fiacha sin, mar dhearbhas Criosda duinn (Matha,
c.5, v.25,26).
Mar sin, reidhigh dhuit féin anois, ceanaigh do pheacaidh
an aimsir do bheathadh, deana loirghniomh, dioluigheacht, agas
aisioc air a' tsaoghal sa, agas coimhlion do bhreitheamhnas aithrigh.
Geubhaidh Dia gach ní aca a ttús dioluigheacht uait. Na
bi allas an duine bhocht, tuarasdal an tsaothairigh no an
tseirbhisigh, no fiacha dleisteanach air bi<th> <mas feidir> gan
ioc gusan tsaoghail eile leat. Or an uair sin ni bhian se ann
do chumas no ann do chumhachta fuasgladh no furtacht ort
féin. Ní eisdean Dia le do ghuidhe; ni bhian trúaidhe no
taise aige le do ghul, le do dheóra, no le do dhólas, no go ndiolfa
tu cáin an pheacaidh a ttromphianta dofhulaing purgadora.
Na taobh gnothaidh h'anma le do chloinn, no le do charruid,
or ce gur fhágais do sholar, do shaidhbhreas, agas do mhaoin
uile aca, ní fada no go ndeanad dearmod dhiot. Fa chionn miosa,
ráiche, no bliaghna, ní ttugad déirc no cumaoin aifrinn do do
chuid féin chum osaidh agas socruigheacht a thabhairt dod anam
(vide an Teagasg Criosdaidhe Gaoidheilge, pag. 247).
SEANMOIR AIR PHÁIS CHRÍOSDA.
Bhí pais Chriosda comh ainmheasartha do-innse agas sin gur
ghabh ceathrar stárthoir diadha, .i. Matha, Marc, Lucas, agas
Eoin,
chum beatha agas bás Chriosda do sgriobhadh agas dochar na paise agas
na bpian euxamhla a d'fhuiling se a chur sios go hiomlan.
Dhá ló roimhe leis a' Chaisg, air chonairc Iosa go raibh an
uair a' teannadh leis annairbh eigin an phais d'fhulang, d'aithin
se da dheisgiobail a dhul asteach go caithrigh Ierusalem agas
seomra a oirnioghadh agas a dheasughadh 'na choinne, ionnas go
n-iosaoidis an t-uan Casg re cheile, reir gnas agas cleachtadh na
nIudaighean. Agas an tan a bhí gach aon ní réigh, tangadar agas
chathadar an Chaisg re cheile Iosa agas a dheisgiobail. Ag an
tsuipear sa d'innis Iosa doibh go raibh treatur 'na measg do
bhrathughadh agas do thairbhearadh é. d'eis coda do chaitheamh,
d'eirigh Iosa agas nigh agas d'ionnail se cosa na n-easbal le
huisge agas thriomaigh se iad le líneadach, ionnas go tteisbeanadh
easampla<i>r na humhlacht agas na huirísle doibh, agas da chur a
gcéill gur chóir do na huile a bheith inneallta, saor, agas glan
air pheacaidh aige caitheamh corp naomhtha an Tighearna. Or so an
oidhche a thionsgan an Tighearna sacramaint naomhtha a choirp féin a
thabhirt do na deisgiobail faoi fheaghar arain agas fiona (Matha,
c.26, v.26; Marc, 14,22; Luc.,22,19; vide Teag. Crios., pag.92).
IOSA AG TEAGASG NA N-EASBAL. An tan a chuaidh Iudas a'
deanamh connraigh leis an chinne Iudaigh chum a mhaistir
do bhrath, bhí Íosa ag teagasg na n-easbal agas ag innseadh
dhoibh gach nídh da raibh chuca. d'innis se do Pheadar, prionsa
agas priomhaidh na n-easbal, go seanfadh se é trí huaire sul fa
ngoirfeadh an coileach. Agas d'innis se don chuid eile aca go
ttreigfidis agas go bhfuigfidis leis féin 'na aonar é. Agas is
amhlaidh thainic gach nídh aca sin asteach, mar dubha<i>rt seisean.
IOSA SAN NGÁIRDIN. Air gcriochnugh an chomhraidh sin lena
dheisgiobail, chuaidh se anunn air abhain darb ainm Cedron
láimh le Sliabh na nOilibh. Agas air tteacht dó go gáirdin
Ghethsemaini, adubha<i>rt se leo, "Suidhighse annso no go racha
misi ansud anunn a dheanamh urnaighe." Agas air mbreith Pheadair,
Sheamais, agas Eoin leis, do thionsgain se ag a bheith
rothuirseach, Tristis est anima mea usque ad mortem, .i. "ata
m'anam tuirseach, triamhuineach roimhe an mbás; fanaigidhse anso
agas deanaigidh foire agas coimhead seal am fhocha<i>r." Agas air
n-imeacht fa thuairim urchair mearoige, leig air a ghluinibh é,
agas ghuidhe sé Athair trí huaire fan bhás a dhul thairis,
dama fheidir.
"Cedheadh," air sé, "go ndeantar do thoilse, agas ni mo thoilse."
Agas do thainig aingeal o neamh da chomhfhurtacht. Agas ar ndul an
anbhuinne dhó, thainig allas fola fríd a chorp.
Chonairc Criosda anna mheanmain agas ann intinne an
tromdhioluigheacht a bhi aige féin le tabhairt a gcrann na
paise air son pheacadh chine dhaona. Chonairc se mar an
gceadna feall agas miorún Iudais, miothrocaire na cine Iudaigh,
Peadar 'ga sheana, na heasbail agas a charuid 'ga threigbhal
agas 'ga fhagail 'na aonar air lamhaibh a námhad, an dólas agas an
tromdhoilgheas a bhiadh a' gearradh agas a' briseadh croidhe a
mhathara Muire. Radharc ionmheadhanach air gach smaointioghadh
uathbhasach aca so a chomhsgair agas a chorraigh leanntaidh
Chriosda an t-allas fola sa a chur fríd a chorp, adeir na
diadhaireadh, mar chuireas daoine pian agas allas na codla an tan
a bhios iomaoineacha an bháis ag iomlat agas ag imirt agas ag
oibrioghadh orra.
GABHAIL AGAS CEANGAL IOSA SAN NGA<I>RDIN. Air mbeith d'Iosa
ag spreagadh na n-easbal cionn gur thuiteadar 'na gcodladh agas
nach ndearnadar foire agas coimhead leis, sul far chriochnaigh se
a chomhradh leo, feuch, thainic Iudas d'ionsaigh Iosa maille re
cuideachta mhór do shoideiribh na cinne Iudaigh, le batuibh agas
le claoidhemhibh, agas do thug se pog mhiorunach feill dó; agas is
amhlaidh a bhrath se a Thighearna agas a Mhaistir le poig a
bhi 'na chomhartha eidir e fein agas na soideiribh. Air bhfaicsind
sin do na soideiribh, tangadar agas rugadar air Iosa agas cheangladar
é. Air chonchadar na heasbail Iosa ceangailte a measg na
conairte diabhlaigh sin, do ghabh eagla agas uathfas iad agas theathadar
mar chaoiridh gealtacha agas d'fhagadar eision cruaidhcheangailte
'na aonar a measg a námhad.
Strocadar na mic thíre sin Iosa leo, a bhi gan mhairg, gan
urchoid, a latha<i>r Annas, a bhi 'na árdshagart an bhliaghain
sin. Air tteacht a latha<i>r dó, chuir Annas Iosa chum ceasda
a ttaobh a theagaisg agas a dheisgiobal. Acht air bhfreagra
d'Iosa, as eadh dubha<i>rt, "Niar theagais me aon ní os iosal,
ach a bhfiaghnaise an phobuil; mar sin, dob uras duitse ma
theagasg a chluinsind." Ag labhairt mar sin d'Iosa, tógbhas
oglach mallaidh a bhi latha<i>r a lámh gan choisreagadh agas buaileas
Iosa air an eadan bheanaighe ag rádh, "An mar sin a fhreagras
tu an t-árdshagart?" Agas d'fhuiling Iosa Criosda an masla sin
go ceansa foighideach agas niar labha<i>r focal nias measa leis no
a rádh gurab olc a rinne se a bhualadh gan adhbhar.
IOSA A LATHA<I>R CHAIPHAS. Tugadh Iosa o thigh Annas go
tigh Chaiphas, an t-árdshagart eile. Bhi comhchruinioghadh agas
comhairle mhór ag an chinne Iudaigh annsin, ach an ua<i>r a
chonairc an t-árdshagart nach raibh na fiaghnaiseacha a bhi
an aghaidh ag teacht le cheile, chuir se féin ceisd air Iosa, ag
rádh, "Innis duinn as ucht Dé bheobhuan, an tu Críosda
Mac Dé?" d'aidimh Criosda an fhirine, .i. gurab é fein Mac
Dé. Air sin, éirigheas an t-árdshagart agas stroc se a chuid eadaigh
uime ag rádh, "Creud an feidhm fiaghnaise ata nias fuide aguin?
nach gcluinmoid féin é ag labhairt blasphemia an aghaidh Dé?"
Thogadar an sluadh ansin gáir ag rádh agas ag iarraidh a chéasadh
agas a chur chum báis. Annsoin chuireadar búicin air a shúilibh
agas ghabhadar do sheilibh, do bhosaibh, agas do shlataibh air. Bhi
siod fós a' strocadh a ghruaige, a' magadh agas a' fochmoid faoi,
agas ag rádh, "Mas faidhe thu, innis duinn cia bhuail tú." Sin an
masla a fua<i>r Iosa a halla Chaiphas. Is annsa halla sin a
shéan Peadar Iosa, a Mhaistir, ach air gcuimhnioghadh dó air
bhriatharaibh Chriosda, chuaidh se amach agas ghuil se go
géur.
Ló airna mharach tugadh Iosa a lathair Phioloid, a bhi 'na
cheannphurt agas 'na bhreitheamh a ttír Iudaigh faoi an impire
Romhanach. Thug seision iarraidh Iosa a shaoradh, or d'aithin
se nach raibh coir air; acht an tan a chonairc se nachair mhaith
leis an phobal Iosa do shabhail, chuir se d'ionsaigh Herod,
rígh na nIudaighean é.
IOSA A LATHA<I>R HEROD. Bhi luatha<i>r air Herod Iosa theacht
'na lathair, or chuala se iomradh air na muirbhilleadh móra a
righne se. Agas shaoil se go ndeanadh tuilleadh aca 'na latha<i>r
féin, agas an tan nach dearna Iosa sin, thug Herod agas a mhuintir
masla agas tarcuisne dhó, agas chuir siod arisd d'ionsaigh
Phioloid é agas culaidh amadain uime.
IOSA A LATHA<I>R PHIOLOID AN DARA HUAIR. An tan a chona<i>rc
Pioloid nach ttainic leis Iosa do shaoradh gan miosta an phobail
a tharaing air féin, d'órdaigh se fa dheoidh Iosa do sgiuradh.
Agas tar eis a nochtadh agas a cheangal do cholmhain an ait phuibligh,
bhuaileadar cuig mhíle buille air a chorp lomnochta le trí shiord
sgiurseadh, .i. le cordadh cnaibhe, le slata cruadh agas le leathar
gan leasughadh, air mhodh nach raibhe aite roinn an deilg ana
chorp uile gan cneadha dheirg, gan chreachta, mar dhearbhas
ughdar oirdhirc dhuinn.
DON CHOROIN SBIONAIDH. Rinneadar na soideireadh coroin do
dhealgaibh nimhneacha druighin agas chuireadar air cheann Iosa í.
Bhi na déara fola a' tuitiom 'na mbraonaibh o bharraibh na
ndealg leis. Chuir siod éadach corcracha uime agas slat ghiolcaidh
anna laimh, agas rinneadar sleachtain agas umhlacht dó mar rígh
magaidh, a' sgig agas a' fochmoid faoi. Theisbein Pioloid san
chruth sin don phobal é, ionnas go ngeabhoidis truaidhe leis,
ag rádh, Ecce homo, .i., "feuch an fear."
Bhi gnás an ua<i>r sin a ttír Iudaigh anam duine do shábhail
am aimsir na Cásga. Reir an chleachtaigh sin d'fhorail Pioloid
Iosa do shaoradh don phobal, ach d'eigheamhadarsan uile
d'aonghuth Iosa do chéasadh agas Barabas, a bhi 'na ghaduigh,
do shaoradh. Ba doilghidh le Pioloid sin a dheanamh, or
chona<i>rc se nach raibh coir air bith 'n aghaidh; agas as a chionn
sin, chuir a bhean teachtaireacht chuige ag radh, "Na bí bainte
agad don fhíreun sin, or is mór a d'fhuiling misi a
mbriongloidigh air a shon." Air chona<i>rc Pioloid nach raibh
maith dhó pléid no adhbhcoideacht a dheanamh ar son Íosa, ghabh se
uisge agas d'ionnaill se a lámha ag rádh, "Saoramsa me féin air
fhuil an fhírein se. Feuchuigidhsi dhíbh fein." Acht dubhradar
san, "Bi a fhuil oruinne agas air ar gcloinn." Fa dheoidh, shaor
Pioloid an gadaigh agas thleig se Iosa agas tha<i>rbhir don chinne
Iudaigh é chum a chéasta.
IOSA AG IOMCHAR NA CROICHE. An ua<i>r a tugadh breith bhais
mar sin air Iosa, rinneadar an chinne Iudaigh croich a bhfeaghar
chroise dó. Bhi si cuig troighthe deug air uirde. Bhaineadar
an t-éadach sgarlaide a bhi air dhe agas chuireadar a chuid
éadaigh féin uime. Agas thug siod air Iosa an chroich iomchar ar a
ghuailleach naomhtha féin. Acht mar bhi se lag o mhead na
fola a chaill se roimhe sin, bhi troime an ualaidh a' tabha<i>rt
air lubadh, aomadh, agas tuitiom go talamh. Air mbeith dhó mar
sin claoite le luige agas le meatacht ag iomchar an tromualaidh sin
pheacaidh chinne daona, thug siod air oglach a bhi teacht on
tuaith, darab ainm Simon an Sirineach, an chroich iomchar ar
a shon, no go raingeadar go háit darbh ainm Golgota air Shliabh
Caluarí, .i. áit na cloigne, agas is uime a tugadh an t-ainm sin
air, cionn go bhfuras clagan Adhmha adhlacaidh ann, reir mar
deir Auguistin agas ughdair eile.
Deir úghdair nach raibh Muire a latha<i>r, agas nach gcuala si
na sgeula go nuige so; ach air gcluinsint na sgeula o Eoin
Seibhisgeul, thainic si féin agas Muire Mhagdailéan maille le mna
eile naomhtha d'ionsaigh an chruinnigh ag iarraidh Iosa; agas air
nach ttainic leo fhaicsind o imhir agas o thiu na ndaoine, feuchas
Muire sios air talamh, agas air bhfaicsind deora fola air a' talamh,
d'éigheamh sí go mór ag rádh, "Féuch annso a chuid fola." Agas ag
tabhairt tóruigheacht don fhuil, niarbh fada no go bhfacadar
triúr ceangailte cruaidhchuibhrighthe a measg sé chéad, seisear,
agas tri fighid soighdeoir 'ga ngardail le pícibh agas le cloidhmhibh
nochtuighthe roinngheura. d'fhiafraigh Muire d'Eoin cia haca
don triúr Iosa, or niar aithin sí é on anchuma agas on andreachd
anna raibh se. Freag<r>as Eoin agas as eadh adubha<i>rt, "Sud do
Mhacsa agas mo Thighearnasa ceangailte cruaidhchuibhrighthe eidir
an dís gadaighean ud. Sud é air a bhfuil an chonoir do dhealgaibh
druighin. Sud é ata ag tuitiom agas ag lúbadh go talamh
tre iomchar na croiche céasda agas ag triall go Cnoc Caluerí na
paise." "Uch," air Muire, "Chighim 'nois gurab é sud Íosa,
ór cia nach n-aithnighim a ghnúis on mhasla a fuair se, aithnighim",
air sise, "a dheanamh agas a shiobhal. Sud an Mac",
air sí, "nach dearna olc ariamh anois 'ga strocadh agas 'ga chéasadh
gan adhbhar air son choir na muintir eile." Is amhlaidh a
labhras St Bernard agas úghdair eile.
Air chona<i>rc Iosa Muire agas na mna eile a bhfagas dó agas iad
ag caoi, adubha<i>rt sé, Filiae Jerusalem, nolite flere super me,
sed super vos ipsos et super filias vestras (Luc.,23,28), eadhon
"Ingheanachadh Ierusalem, na guiligidh ar mo shon ach air
bhar son fein agas air son mar ccloinne." Is go faidhchiallach
a labhair Iosa leo, amhail agas mar dearadh, "A mhuintir Ierusalem,
is mó an t-abhar gola ata agaibh umaibh féin agas fa mar gcloinn
na iomamsa, or ní fada no go ttiocfaoi sgrios agas tromár oraibh.
Ní fada no go ttiocfaoi na Romhanaigh agas go leagfad balladh
agas múir mar gcaithreacha go talamh. Ní fada no go muirfear
na mílte do mar bhfearaibh, do mar mnaibh, agas do mar leanbaibh
le rith cogaidh agas le faobhar an chloidhimh. Beith gorta agas ocras
chomh mór mar measg go n-iosughadh na mna a leanba féin."
Is uime sin adubha<i>rt Criosda, "Tiocfuidh na laethe iona
n-aibeoruidh siod, "Is beanaighe na mná aca nach bhfuil clann,
na bronna nachair thuismidh, agas na ciocha nach ttug diul.""
Agas thainic so uile asteach reir mar thargair Criosda.
CEASADH CRIOSDA. Air tteacht dó go Sliabh Caluerí, sgriosadar
an chinne Iudaigh a chuid éadaigh dhe, air mhodh gur osgail
na creachta fuilteacha arist go nuadh. Annsin leagadar na
céasadoireadh an chroich sios air talamh agas shíneadar Iosa
síos a ttaoibh a chúil agas a dhroma urrtha. Tharaing siod a
lámha air bheannaibh na croise agas sparr siod tairneadh garbha
tré chroidhe na ndearnad aige, agas mar an gceadna lena chosaibh.
An aon fhocal, tharaingeadar boill agas ailt a choirp chomh mór
agas sin o cheile nachair fhág siod alt no asna anna chorp uile gan
leonadh. Annsin thógadar an chroich an áirde, agas niar
baineadh crathughadh no corughadh aiste nach raibh goineadh
agas creachta na lámh agas na gcos, 'ga méadughadh agas 'ga strócadh
le comhthrom agas le crathadh an chuirp.
DÓLAS MHUIRE. Bhi Muire 'na seasamh aige bonn na croiche,
adeir Eoin, c.19, go déarach dubronach cumhach currtha
craite ag feuchaint go truadh tuirseach air a haon Mhac Íosa a'
tabhairt dioluigheacht air chrann na páise air son pheacadh
chinne daona. Chonairc sí deilg nimhe na corana sbionaidh,
na deara fola len' eadan, a lámha agas a chosa 'ga strocadh le
ta<i>rneadh garbha agas a chorp naomhtha 'ga thogbhail suas air
bhearaibh na croiche céasda, cuig troighthe deug air uirde.
Chonairc sí cuma, deilbh, agas deanamh an bháis fhiamhaigh
adhuamhair ag oibrioghadh agas ag imirt ar a bheul, air a shuilibh,
agas air bhallaibh a chuirp go hiomlan. An aon fhocal, ní féidir
doilgheas no dólas Mhuire a chur síos, or bhi gach amharc
craite da bhfaca si air Íosa mar shoigheadaibh nimhe no mar
chloidhmhibh roinnghéura ag treadadh, ag tolladh, agas ag torchradh
a croidhe.
An tan a bhí Muire san mhórbhruid sin, feuchas Íosa anuas
urrtha agas thaobh se lena dheisgiobal Eóin rochuram a dheanamh
uimpe. Agas tar éis Iosa deoch nimhe domlais agas uinigéara
d'ól, dubhairt se, "Ata an t-iomlan anois criochnaighthe." Agas
air gclaonadh a chinn thairbhir se anam, Consum<m>atum est.
Et inclinato capite emisit spiritum. Chriochnaigh se iodhbairt
na páise agas slanughadh chinne daona. Dhiol se fiacha agas cáin
an pheacaidh, sgaoil se ifrionn na n-aithreach naomhtha,
d'fhosgail se doras fhlaithis Dé, chlaoidh agas bhris se cumhachta
an diabhail agas an bháis, d'fhoillsigh se an seisgeul, thionsgain se
na sacramainteadh, agas d'fhág se mar leagoid agas mar leigheas ag
an pheacach iad 'na dhiaidh. Agas air nach raibh nias mó le deanamh
aige, dubhairt se, Consum<m>atum est, agas thairbhir se a sbiorad
suas.
ECLIPSIS SOLIS, .I. DUIBHNÉAL NA GREINE. Deir Matha seibhisgeul
go ttainic smuid, gruaim, agas dorchadas air an ghréin, air na
dúilibh, agas air aghaidh na talmhan uile go feadh thrí n-uairean
a bhi Criosda ag fulang na páise. Do ghabh eagal agas
uathbhas aitreachaibh na talmhan, do bhrígh nach bhfacadar
a shamhail sin do dhorchadas ariamh roimhe. Do sgoilt beann
an teampoil o mhullach go lár. Do chriothnaigh an talamh
le basma<i>rt agas creatha talmhan. Sgoilt na clocha agas na cairge.
d'fhosgail na tuambadh, agas d'éirighdear moran do na muirbh agas
do na naoimh a bhí 'na gcodladh agas chuadar asteach san chaithrigh
naomhtha, agas theisbeanadar iad fhéin do mhóran. An aon fhocal,
bhéic, agas bhladham, agas d'éigheamh creatuir eaxamhla riasunta
agas miriasunta na cruinne le gárrtha caointe agas cumha fa pháis
agas fa bhás Iosa Criosda.
Air tteacht don trath nona, thainic Ioseph o Arimathea,
duine naomhtha a bhí 'na dheisgiobal ag Iosa go foluightheach,
agas d'iarr se corp Iosa air Phioloid. Thug Pioloid sin uadha,
agas air bhfaghail a chuirp dhó, fhill se líneadach glan 'na
thimchiol agas chuir se anna thuamba nuadh féin é, noch do
thochail se amach as creig ann nachair hadhlachadh a<o>n duine
riamh roimhe. Agas tar eis leac mhór chlaoiche a chur ar dhoras
an tuamba, d'fhág se adhlacaidh annsin e.
Anois, a cha<i>rde ionmhain, feuchmoid ar ndiaidh go
cráibhtheach caondurachtach ar phais Chriosda, agas smaoinuighmuid
go hinmheadhanach gur air ar sonsa agas nach air a shon
fein d'fhuiling se na daorphianta sin. Air an adhbhar sin,
tóg suas do shuile, buail h'ucht, agas reab do chroidhe le tuirse agas le
dólas, agas caoin bás agas páis Iosa an Slanaightheoir.
Dearc suas as do chionn agas chífe tu an ghrian, reanna nimhe,
agas na dúile go huile a' dubhughadh agas a' dorchughadh le cumhaigh,
gruaim, agas tuirse le linn bháis agas pháis Chriosda. Amhairc fud
air a' talamh, air na cnuic, agas air na sleibhte; ata basmairt
agas boill chriotha orra ag caoineadh na páise aniodh. Ataid
na clocha agas na ca<i>rge 'ga sgoilteadh. Ataid na túambadh
ag fosgladh agas na muirbh ag éirigh agas ag aithbheodhughadh le
linn páise Chriosda.
Agas an mbiaidh tusa do thocht, a Chriosdaidhe chruaidhchroidheach,
agas creatuir examhla eile na cruinne a' caoi. Sgoilt
do chroidhe claoiche le doilgheas agas croidhebhrughadh; fosgail
do bheul agas aidimh do chionta; leig don anam a bhi marbh
éirigh as tuamba na bpeacadh agas e féin a theisbeanadh don
chaithrigh naomhtha, eadhon, don athair faoisidin.
Thusa, fhir a' díomais, na sainte, agas dheanta na heugcora,
agad a bhfuil allas agas saothar, cóta agas léine an duine bhocht an
asgaidh a' meadughadh do mhaoine agas do shaidhbhris, feuch
suas anois air do Shlanaigheoir 'ga chéasadh, gan léinigh, gan
chóta, gan mhaoin, gan spré, air son do chiontasa agas cionta do
shinnsire. Thusa, fhir a' chraois agas na hainmheasaracht, a
leigeas thu féin amach le craosól agas le póit, nach dean trosgadh,
carghaos, no crádh cuirp, agas nach gcuirean srian let anmhianta,
dearc anois air Íosa sínte air an chroich chéasta agas antart
air agas gan aige le faghail ach searbhdheoch nimhe chum iota do
chosg.
Anois fa dheoidh, ce go bhfuil se dearbhtha gur dhiol Críosda
fiacha chinne daona lena dhaorpháis, air a shon sin agas eile, na
meastar go bhfuighidh duine air bith toradh na páise sin an
asgaidh. Cebe lear mian Criosda a leanmhaint is éigin do
cuideachta a chongbhal leis agas an bealach cumhan cruaidh na
croise do ghabh seision do ghabhail. Si quis vult post me venire,
abneget semetipsum et tollat crucem suam et me sequator (Luc.,9,
23). Is éigin do e féin a shéana, .i. a dhrochbhéasa, a chlaonta
agas antoil, agas crosa agas ceasaigh an tsaoghail se fhulang agas iomchar
air son Criosda go foighideach, mar rinne seision ar a shonsan.
Is éigin dó flaitheas Dé a bhaint amach le trosgadh, le crádh,
agas le claoi a chuirp agas a chéadfa, mar righne Criosda agas na
naoimh le déirc na mbocht agas oibreacha na trócaire, le caonduracht
urnaighe agas éisteacht an aifrinn, le deanamh faoisidin agas
tathaigh air na sacramaintibh. Sin a' casan a ghéabhas tu, a
Chriosdaidhe, mas áil leat tóruigheacht a thabhairt do Chríosda
no toradh na páise do ghnothughadh, a' nídh atámoid uile aig
iarraidh an ainm an Athar agas an Mhic agas an Sbiorad Naomhtha.
Amen.
AGALLADH IOSA AGAS MHUIRE AIGE TRIALL CHUM NA
PÁISE, RÉIR MAR INNSEAS BONAVENTURA NAOMHTHA DUINN.
A mhathair agas a bhuime na páirte, biodh a fhios agad go
ttainig an uair réir tola m'Athara annair dual damhsa páis agas bás
d'fhulang air son chine daonna. Mar sin, o 'sé so ma chomhrádh
deigheanach air a' tsaoghal sa leat, fágam mo bheanacht agad
agas guidhim thu foighide a dheanamh agas do thoil do chur do réir
thola m'Athara fan pháis agas fan bhás ata 'ga ullmhughadh ma
chuinne, oir chífeadh tu me amárach aig fulang na huile
chineal maslaigh agas páise dar féidir le créafoig dhaona fhulang.
Fhreaga<i>r Muire a Mac do ghuth thruagh thuirseach thromchaointeach
aige rádh, "A Mhic mhuirnigh, a shúith ma
chroidhe, áilligain ma shúl, a dhalta m'anma agas m'ochta, a bhí
ariamh do chuideachta agas do chompanach umhal agamsa, do
mhátha<i>r, is truagh, tuirseach liom do sgeul cráite damh. An
féidir go bhfaicfidh na súile se agamsa thusa 'ga do shíneadh a
gcrann na páise agas táirneadh ceangharbha aige strócadh agas aige
reabadh do lamha agas do chosa? A Mhic ionmhuin nachair
chuir gruaim no fearg ariam oram, na tabha<i>r anois bás damh,
agas fuasgail cine daona air gléas éigin eile. Ach mas nídh
sin nach féidir a dheanamh, ach gurab éigin toil an Athara
shíoraighe a choimhlíonadh agas thusa páis agas bás fhaghail,
cuirimse ma thoil le toil Dé; ach amháin iarram mar athchuingidh
dheigheanach ort air son a ndearnais ariamh do oileamhuin agas
d'altrom ort me fein bás fhaghail maraon leat." "A mhatha<i>r
ionmhuin," air Iosa, "ce go mothaighim do dhoighlios a' tréadagh
mo chroidhe mar shoigheidibh nimhe, ní féidir an athchuinge
dheigheanach sin a thabhairt duit, oir as é toil m'Athara misi
bás fhághail ar son chine daona ma aonar. Mar sin, sul fa
sgarfoid leat, tabhair do bheanacht agas póg na siothchainte
dod Mhac." Le sin, thóg Muire a súile suas agas thug póg na
siothchainte agas a beanacht dó aige rádh, "A Mhic, a Mhic, go
mbeannaighthear thu on Trionoid." Aige críochnughadh an
chomhraidh se dóibh, do ghluais Iosa lena dheisgiobail go
fleadh agas go féasda an uain Cásg réir dhlighe Mhaoise san
tseanreachd.
CUID II.
DOMHNACH NA TRIONOIDE. LABHRAR AIR OIDEAS
AGAS AIR THEAGASG AN CHRIOSDAIDHE ANSO
SIOS GO SUNRADHACH.
Euntes, ergo, docete omnes gentes, baptizantes eos in nomine
Patris, et Filii, et Spiritus Sancti; docentes eos servare omnia
quaecumque mandavi vobis (Mat.,c.28, v.20).
"Air an adhbhar sin, imigidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacha,
da mbaisteadh an ainm an Athar, agas an Mhic, agas an Spiorad
Naomh; agas teaguisgidh iad gach uile ní dar aithin misi dhibh
do choimhead; agas feuch, ataimsi bhur bhfochair gach uile
ló go críoch an domhain."
Is air an chomhradh dheaghanach a bhi ag Iosa lena dheisgiobuil
ag imeacht uadhfa air neamh a thrachtas seisgeul an
lae 'niodh. Foillsighthear ceithre neithe éfeachtacha ansa
tseisgeul sa aniodh: 1, na cumhachta a fuair Críosda air neamh
agas air talamh; Data est mihi omnis potestas in caelo et in terra;
2, cumhachta na n-easbal an seisgeul do sheanmoir agas do
theagasg san uile ait; 3, ruindeamhair na Trionoid ronaomhtha agas
shacramaint an bhaistidh; agas fa dheoidh, an uile ní is coir
a dheanamh no a choimhlionadh, maille leis an ghealladh a
thug se don eaglais a bpearsain na n-easbal nach ttréigfeadh
iad go deireadh an domhain.
Is fada agas is binn an comhradh dob fhéidir a dheanamh air
gach punc aca so air leith, ar nach bhfuil sin comhgarach
annso do dhéanamh, ní leabharuid acht amháin anois ar na
cumhacht a thug Críosda do na heasbail agas don Eaglais Chatoilice
go coiteanta an seisgeal, .i. oideas agas fóghlaim an Chríosdaidhe, a
theagasg agas a sheanmoir air feadh na cruinne.
Euntes, ergo, docete omnes gentes. "Imigidh", adeir Críosd, "agas
teaguisgidh air feadh a' tsaoghail, san uile áit, san uile thír, san uile
chaithrigh, san uile thigh, agas san uile phobal, eólas agas uideas an
tseisgeil. Foillsigidh soillse agas deallradh an chreidimh do na
huile dhuine, do na huile náision, don Turgach agas don pháganach,
don pháiste óg agas don duine ársaigh, agas do gach créatur daona
riasunta air dhruim na talmhan. Clama, ne cesses, quasi tuba exalta
vocem tuam et an<n>untia populo meo scelera eorum, "Éabh, na déana
sgíth no súaimhneas, tóg do ghuth agas do ghlór mar bhúabhal no mar
ghalltrompa agas innis do ma phobul a lochta" (Isaia, c.58).
Is air uideas agas air theagasg an Chríosdaidhe is rún liom trácht,
ag roinn ma chomhraidh a ndá chuid. Teisbeanuid san chead phunc
creud is teagasg Críosdaidhe ann. Tráchtuid san dara roinn air
riachtanas na fóghlama néamhdha sa; cionnas nach feidir toil Dé do
dhéanamh, no le duine air bith an t-anam a shábhail air fhearg Dé
no air dhamnughadh síordhaidhe, muna mbeith eólas éigin aige air
rúindeamhraibh Dé agas air phungaibh prionnsapailte an chreidimh.
Ach, air tús, iarrmoid grása agas congnamh an Sbiorad Naomh tré
impidhe na hóighe Muire, ag rádh Fáilte an aingil. Aue Mairia.
AN CHEAD PHUNG. Is é is teagasg Críosdaidhe ann, uideas agas
fóghlaim néamha a
theisbeanas go glanradharcach an uile nídh is cóir don Chríosdaidhe a
chreidmheal, an uile nídh is cóir dó iarraidh no fhaghail, an uile mhaith is
cóir dó dhéanamh, agas an uile olc is cóir a sheachna. An aon fhocal,
teisbeanan an léighion néamha sa don uile dhuine gach nídh da bhfuil
d'fhiachaibh air a dhéanamh do thaoibh Dé, da thaoibh féin, agas do thaoibh
na comharsain.
Is d'easbhuidh cleachtaigh agas staideara air an teagasg Críosdaidhe, agas go
sbécialta a gceileamhar agas a gcanamhuin dúchasa
ar mathara, eadhon san teanguidh Ghaoidheilg, do bheir air na mílte agas
air na slóite a bheith ainfhiosach aineólach a bhfóghlaim agas an oideas
an Chríosdaidhe, noch do theagais Críosd agas a dheisgiobuil a bheith
riachtanach chum na subhailceadha do chleachtughadh, na lochta do sheachna,
agas an ghlóir shíordhaidhe do shealbhugh.
Is uime, mar an gceadna, atáid na slóigh arna n-adhlacadh agas airna
ndalladh an aigean agas an ndorchadas eirceacht d'easbhuidh soillse,
deallradh, agas eólas an chreidimh a theagasg dóibh go much agas go
dithchialach an tráth do bhi siod óg neamhurchoideach.
O thús, múinean an teagasg Críosdaidhe don uile dhuine creud na
fiacha ata orra a ttaoibh Dé, .i. go bhfuil aon nDia amháin ann,
an Tríonoid naomhtha 'na ttrí bpearsanaibh gan eidirdhealaigh na
substainte no roinn na diadhacht, agas gurab ionan aois, óige, glóir,
agas cumhachta dóibh; gurab é an t-aon nDia sa a chruthaigh neamh
agas talamh agas atá 'na thighearna agas 'na mhaistir air gach
creatur da bhfuil ionta. Ata teagasg, ruindeamha<i>r, no
místerí na Tríonnoid chumh neamhchuimseach domhain dorcha diamha<i>r
dothuigseach agas sin nach féidir le tuigse, le hintliacht, no le
briatharadh daona a mhínioghadh. Is uime sin adeir Pól easbal
chum na Rómhanach, c.II, O altitudo divitiarum sapientiae et
scientiae Dei, "o dhoimhneacht shaidhbhris, eagna, agas eólais Dé", amhail
agas mar dearadh sé, Atá ruindeamhra Dé chumh árd os cionn na daonacht agas
sin nach féidir lorgoireacht no tóruigheacht a dhéanamh air a' tsaoghal sa
orra.
B'eagnaidh agas ba fhóghlama an duine naomhtha Auguistin; cedh
eadh, an tráth a bhí sé ag staideir agas ag smaoinioghadh go
rodhoimheaganach air an Tríonoid, cionas mar dob éidir a thuigbheal
go raibh trí phearsa an aon Dia amháin, no go raibh an Mac chomh
aosta leis an Athair, agas gur úadha féin do geineadh é, agas gur
úadhfa araon a thainig an Sbiorad Naomh, ag smaoinioghadh dó go
dithcheallach mar so, theagaibh leanban dó ag déanamh loig bhig
air bhrúach na fairge agas ag iomchar uisge na hébhese le sligean
ann. "Creud a dhéanas tu leis an tsaothar sin?", ar an naomh leis an
leanban. "Dhéanuid uisge na fairge uile a chur ann", air an leanban. "Is
dithchéillidh h'oibuir", air an naomh, "or ní thig leat sin a dhéanamh
achaoidhche."
"Is diomhaoinidh agas is dithchéillidh dhuitse", air an
leanban, "a bheith ag iarraidh rúindeamhra do-innse na Tríonoid a chur
asteach an do cheann agas an do chloguin féin." Leis na héagaladh sa d'fhág
an leanban amharc a' naoimh, agas annsin do thuig sé gur aingeal do mhuintir
Dé a bhi ann ag tabha<i>rt sbreagaidh dó fan dóchas a bhí aige as a cheill
ainbhfiosaigh féin.
Do bheir diadhaireadh agas daoine fóghlama túaléas duin fa thúairim na
Tríonoid mar so: ge gur on ghréin a thig teas agas dealradh na gréine, is
ionan nádura, aois, agas óige dóibh 'na ttriúr, .i. don ghréin, don teas,
agas don dealradh. Mar sin, ní féidir a rádh go raibh an ghrian ann nias
luaidhche no nias tuisge no a bhí an teas agas an dealradh ann. Mar an
gcéadna, ge go bhfuil an tAthair ann on tsiordhaidheacht gan tús gan
tionsgnughadh, agas gur úadha a geineadh agas a gheintear an Mac, agas gur
úadhfa araon a thainig agas a thig an Sbiorad, da imhdheoin sin, is
inchreidte gurab ionan náduir, aois, úaisle, agas óige dóibh.
Atá easamplair eile ag na diadhaireadh air thiobroid fíoruisge, air shruth,
agas ar loch. Is ionan náduir do na huisgeachadh sin, ge gur on tobar a
gheintear an sruth agas uadhfa araon a thig an loch; mar an gcéadna, is o
thiobroid na diadhacht, .i. on Athair, a gheintear an Mac agas úadhfa araon
a thainig an Sbiorad Naomh.
Acht, d'eagla a dhul a bhfad air an adhbhar sa, féuch air h'eis air Chré
na n-easbal, noch do theagasgas agas fhoillsigheas gur ghabh Íosa Críosda,
an dara pearsa don Tríonnoid, codlan daona a mbroinn na hóighe Muire le
comhoibrioghadh aontach an Sbiorad Naomh chum cinne daona do leigheas agas
do shlánughadh o pheacadh na sinnsire agas ó dhamnughadh síordhaidhe.
Teagasgan an Chré chéadna rúindeamhra iomdha eile, .i. gur fhuiling
Críosda bás pianóideach na croiche, go ndeachaidh
sé síos go hifrean na n-aithreach naomhtha, go ndearna eiseirigh
ghlórmhar o mharbhuibh a gceann an treas ló, go ndeachaidh
sé súas air neamh, etc.; agas is amhlaidh foillsighear gach airtiogal
is cóir don duine a chreidmheal a ttaoibh Dé agas an tsaoighil eile
a gCré na n-easbal.
Féuch air an teagasg Críosdaidhe agas múinfeadh an Phaidir cionnas is cóir
an urnaighe a dhéanamh agas créud na neithe is cóir d'iarraidh air Dhia le
muinin agas le dóchas a ttaoibh anma agas cuirp.
Arísd, múinean an fhóghlaim se an Chríosdaidhe ní he amháin créud is cóir
iarraidh acht fós na meódhain atá le faghail agas a d'órdaigh Críosda do
gach huile dhuine; 'síod sin na seacht sacramaint, .i. baisdeadh, dul fa
láimh easbuig, corp Chríosda, faoisidin ghlann, ola roimhe mbás, órd, agas
pósadh. Ciallaighean agas comhoibrighean na sacramainte se grása an Sbiorad
Naomh san anam aga bhfuil na coinghil riachtanach. Deallraighean na grása
sin an tuigse agas gríosaighean síod an toil chum dligheadh Dé do thuigbheal
agas a choimhlionadh go fonnbhar. Is tré na meódhain se, .i. tré na
sacramainteadh, a thig agas a dhóirtear lúaidheacht agas torradh na páise
oruinn mar uisge tré fheadánuibh. Bheir síod sláinte don anam amhail mar
bheir an leighios agas an uileamhuin riaghalta don duine thinn.
Dearc air aitheanta Dé agas na heaglaise agas chífe tu gach maith is cóir
duit a dhéanamh agas gach olc is cóir duit a sheachna a ttaoibh Dé, ad
thaoibh féin, agas a ttaoibh na comharsain. chífe tu ansna haitheanta sa gach
adhradh agas gach umhlacht a dhlighear do Dhia, dod atha<i>r agas dod
mhatha<i>r agas don uile dhuine, gach saoire, gach trosgadh, gach crábhadh,
agas gach deaghobuir eile is cóir a chleachtadh.
Dearc air na subhailceadh diadha no cáirdinealta, air oibreacha na trócaire
corpara no sbioradalta, air thiodhlacaibh agas air thóraibh an Sbiorad
Naomh, agas chífe tu go bhfuil síod taitneamhach, lán áille, sgéimhe, agas
geannamhlacht, agas go bhfuil lúaidheacht agas an ghlóir shíordhaidhe ag
lucht a ndéanta. Acht féuch, air an taoibh eile, air na lochta, air na
peacaidh mharbhtha, agas air na mighníomha, agas chífe tu go bhfuilead
grúama gráineamhuil miothaitneamhach a bhfiaghnaise Dé agas gurab é ifrion
síordhaidhe a lúach saothair.
So iad na neithe prionsapailte atá le faicsint agas le fóghlaim san teagasg
Críosdaidhe; agas cebe nach beith fiosach fíoreolach orra, cionnas is féidir
dó na subhailceadh do chleachtadh no na lochta do sheachna, toil Dé do
dhéanamh, anam féin do shabhail,
no damnughadh síordhaidhe do sheachna, neithe orra air gheallais tracht
san dara roin dom chomhrádh?
AN DARA ROINN. Is follas nach féidir an t-anam a shábhail gan toil Dé do
dhéanamh. Is follas, arísd, nach féidir an toil sin do dhéanamh gan
aitheantadh agas dligheadh Dé do choimhlionadh; agas san treas áit, nach
féidir na haitheantadh no gach pung eile do chreideamh Dé a choimhead gan
eólas a chur orra. 'Sé an teagasg Críosdaidhe a bheir an fhóghlaim agas an
t-eólas sin duin. Mar sin, atá sé riachtanach ag an uile Chriosdaidhe an
teagasg Criosdaidhe d'fhóghlaim dar mian na subhailceadh do chleachtadh, na
lochta do sheachna, toil Dé do dhéanamh, an t-anam a shábhail, no damnughadh
síordhaidhe do sheachna.
Créud a theagbhas don duine ainbhfiosach a riaghalachuibh an chreidimh?
Theid sé air seachran mar theid an t-aineólaidh a ttír choimhigh, no an
máirnealach air fairge a bhias gan uideas, gan eólas air riaghalachaibh an
chompais agas na mara, no air threalaibh eile na loingse no na ttáclaibh.
Probatur exemplo. Créud fá bhfuil na mílte agas na slóite airna ndalladh
agas arna n-adhlacadh san tír se ann aigean agas a ndorchadas na heirceacht?
Atáid, d'easbhuidh dealraidh, soillse, agas eólas an chreidimh a theagasg go
much agas go dithchiollach don aois óig an tan atáid ar staid
neamhurchoidigh.
Féuchuigidh anois air fhíneamhuin na hÉirion, annair cuireadh an síol maith
o chianaibh agas a thug na tórtha ceadach úaidhche, aniodh 'na fásach
d'easbhuidh gníomha agas glanshaothar a dhéanamh innte! An t-úrghairdin se
darbh ainm analad Oilean na Naomh agas a bhí líonmhar an árdsgoltaibh agas a
ndaoine diadha fóghlama eagnuidh, atá sí aniodh lán ainbhfis, dorchadais,
agas eirceacht. An tír se a bhí roimhe so líonmhar an easbugaibh agas an
abuibh, a mbrathairibh agas a mnáibh riaghalta, a mainistreachaibh agas a
gcealluibh coisreaga, ionta a raibh creidiomh Chríosda go laetheamhuil 'ga
mhínioghadh agas 'ga theagasg don phobul ainbhfiosach; féuch mar atá an tír
se aniodh, gan ab, gan chill, gan chléir, gan altoir, gan adhradh, gan
aifrionn, gan
iodhbuirt, gan le faghail air lorg na naomh ach áiteacha úaigneacha
agas ionadadh falmha, balladh dorcha dubha airna gcaitheamh le haois
agas le haimsir, ag tuitim agas ag tuirneamh go talamh; Dún,
Sabhal, agas Fachairt, áras na naomh; longphurt Phadruic,
Bhrithide, agas Cholaim Cille, gan díon, gan chrann, gan
chraoibh, muna bhfuil dreas no eidhnean ag deanamh fasgaidh
do bheathachuibh álta no d'éunlaidh úaigneacha an aéir.
Bruic agas sioncha ag tamhan agas ag sgréachaidh, feithideadh agas
préachain ag grágarnaidh an áit na n-organ, na psailm, na n-iomnadh, agas na
gcaintigeadh ceólmhara a bhí 'nallad 'ga sinm ansna hárasaibh naomha sa. Ach
creud fa ndéarna Dia an sgrios agas an chillearguin se ar lorg agas air áit
na naomh? Ni air na naoimh a righne sé an dioghaltas no an díbhfheirge ach
air na daoine mallaidh míriaghalta nachair ghéill agas nachair éisd lena
tteagasg no lena mbriatharuibh ach a lean a gclaonta cama míriaghalta féin,
ag tabha<i>rt druim agas diultughadh le crábhadh agas le creidiomh, agas ag
déanamh dearmoid d'aitheanta Dé agas da dhligheadh.
Créud fá air sgrios Dia an pobul Adhbhra, no créud fá air fhuiling
sé an chinne Iudaigh, a mhuintir thotha féin, a mbreith go bruid
na Babilone, áit a raibh síod dhá bhliaghain déug agas trí fighid
a sglámhuigheacht agas a ndaoirse ag allbharaidh choimheacha?
Righne, cionn go ndeachaidh síod an úabhar agas a ttréas air agas
gur leigeadar a dhligheadh ar dearmod. Atámuidne aniodh, ar an
adhbhar chéadna, faoi smacht agas faoi dhaoirse, faoi léan agas faoi
leatrom cionn go ndearnamar dearmod do Dhia agas da dhligheadh,
or, cebe nidh dearmod do Dhia, nidh Dia dearmod d'eisean; tógan
a ghrása agas a chuideamh úadha; ansin is cosamhuil é le harm gan
cheannphurt, le loing gan stúir no le sréad gan sréadaigh ag imeacht
ar seachran; agas ni dúal don té sin no don mhuintir sin rath no
toradh saoghalta féin a bheith orra, ar a saothar no air a <n>gníomh,
mar dhearbhas an fáidh Isaia duin, c.17, v.10.
Anois, a Chríosdaidhe ionmhuin, ó chúaidh ar n-aithreacha agas air sinsire
an uabhar agas a ttréas air Dhia agas go ndéarnadar muineachtaigh ana
dhligheadh, righneadar dearmod do chreidiomh agas do chrabhadh, d'fhag siod
a gclann agas an mhuintir a
thainig air a lorg a ndorchadas agas an ainbhfios, gan eolas gan uideas,
agas is amhlaidh, uime sin, thainig seanmhallacht agas fearg Dé orra fein
agas oruine; agas na bidh dúil no dochas ag duine air bith go n-imeochaidh
an seanmhallacht sin no go mbearfar an chinnsiocair air siobhal, .i. an
doille agas an dorchadas anna bhfuilmoid d'easbhuidh eolais agas uidis a
bpungaibh agas an airtiogolaibh prionsapailte ar gcreidimh.
Ni bhfuil saor claoiche no crannaldha no lucht ealadhna air bith
eile nach bian riaghail air leith aca chum gach obuir da ndeanad a
thomhas agas a cheartughadh go díreach. Is é is obuir agas
ealadhain phrionsapailte don Chriosdaidhe anam fein do shábhail.
'Siod aitheanta Dé agas na heaglaise agas gach pung agas airtiocal
eile don chreidiomh Chatoilice an riaghail agas an stúir a thug
Criosda uadha chum na móroibre se do dheanamh, mar dhearbhas Matha
seibhisgeul, c.19, v.16, Si vis ad vitam ingredi, serva mandata,
"mas toil leat a dhul asteach san mbeathaidh, coimheid na
haitheanta." Creud mar is feidir sin a dheanamh gan eolas a chur
orra? Mar sin, ata eolas an chreidimh fiorriachtnach ag an uile
Chriosdaidhe an t-anam do shabhail.
Tomhais do bheatha le haitheanta Dé agas na heaglaise agas chife tu cionnas
a thig siod le cheile, creud an ait a bhfuil an locht agas cionnas is coir a
cheartughadh.
Gaibh fóghlaim on mháirnealach ag triall air fairge. Do bheir se stuir agas
compas mairnealaigh leis; bian duine ag coimhead na stuire agas an chompais
sin d'oidhche agas do ló, d'eagla an long a dhul ar seachran, no go ttiocfa
sí gusan chuain agas an longphurt anna raibh a triall. Párdhas neamhdha an
cuan imchian anna bhfuil triall gach uile Chriosdaidhe. 'Siod aitheanta Dé
agas na heagluise an compas agas an stuir a threoraigheas é tré sheachran
a' tsaoghail no go ttiocfuidh slán go rioghachta na gloire.
Ni bhfuil árdleighion no foghlaim air bith is fear agas is tarbhuidh no an
teagasg Criosdaidhe, do bhrigh gurab é an leighion sa tiobroid agas freamh
gach mórleighion no gach árduideas eile. 'Sí so an fhoghlaim a theagaisg
agas a mhúin Criosda e fein; 'si so an fhoghlaim a theagasgadar na heasbail,
na haithreacha naomhtha, agas an eaglais Chatoilice a thainig air a lorg
agas a thiocfas go deireadh an domhain.
Mar sin, ata d'fhiachaibh agas d'oibliogoid air na heasbuig agas
air na huachtrain a gcumhachta a chur a <n>gniomh, ag dusgadh
agas ag griosughadh na cléire inghilt agas uileamhuin an chreidimh
a thabha<i>rt don tsréad agas do phobal Chriosda go laetheamhuil
d'eagla a dhul ar seachran no a ghorta. Arísd, ata
d'fhiachaibh air an chléir, agas go specialta air an eaglais orra
a bhfuil cúram anamna, an leighion néamhdha sa nach cóir a
hadhlacadh faoi thalamh a theagasg go soilleir sothuigsiona do na
poibleachadh, reir comhairle Threant, sess. 24, c.7. Ata an
oibliogoid agas an cúram ceadna ar na haithreacha agas air na
maithreacha, air na hoidibh foghlama, ar na cairdiosaibh Criosd, agas
air gach aon eile da bhfuil muintir no teaghlach faoi smacht no
faoi chúram aige. Acht, ma bhian an mhuintir sin iad fein dall,
cionnas is feidir leo cách do theagasg? Ni feidir leo a dheanamh,
or adeir Criosd san tsheisgeul, "Ma threoraighean dall dall eile,
tuitead araon a ndíg", Si caecus caecum ducat, ambo in foveam
cadent.
Ma deir duine air bith, Cionnas is feidir linn an teagasg Criosdaidhe, .i.
eolas an chreidimh, a thabha<i>rt dar gcloinn agas gan e aguin féin, agas
ata se anois mall antrathamhuil aguinn a dhul da fhoghlaim? freagraim don
cheist se, o thús ag rádh, Ma righne mar n-aithreacha féin an drochsheanadh
sin orraibhse, .i. mar bhfagbhail dall gan uideas, gan fhóghlaim, gan
uileamhuin no bheathaidh sbioradalta, is mór ata le freagra aca, agas na bí
an drochchuntas ceadna aguibhse le tabhairt air son mar gcloinne féin. San
dara hait, deirim nach bhfuil se mall no antrathamhuil ag duine air bith
fógh-laim a bheith 'na Chriosdaidhe, agas an aimsir a chuaidh thort le linn
na hoige a thabha<i>rt asteacht le linn na haosa.
Gan amhras, is mor an tuar beanacht don athair agas don mhatha<i>r a sheolas
agas a threoraigheas a gclann air slighe na fírine agas a mhúineas a
tteaghlach le sampladh maithe, le gniomharadh, agas le teagasg; fagan siod
lón anma aga mhuintir, agas, gan chuntabhairt, ni chaillfe siod fein a
luaidheacht no a luach saothair; agas an té nach dean sin, b'fhéar dó nach
mbeadh clann no muintir aige.
Ma chuirean duine ar bith a chlann chum sgoile, tugaidh se aire do féin
creud an cineal úghdar no leabhar a gheabha
siod air tús. Is maith an leabhar an teagasg Criosdaidhe, an trath
Muire, an Manual, agas a samhail sin eile do leabhraibh Catoilice.
'Siod sin na freamha tóramhail astadh a bhfásan siol neamha an
chreidimh Chatoilice, agas na tiobroideadh uadhfa a ttig fioruisge
na beathadh, noch do choisgeas tart agas iota an té ibheas iad. Is
air na tiodhlaice se agas air thiodhlaicibh eile agas ar dhriucht
an Sbiorad Naomh a labhras Criosd leis an mnaoi Samairitain, ag radh,
"Gidhbe neach ibheas as an uisge do bheura misi dhó, ní bhia tart
air go brach" (Eoin, c.4, v.13). Air a' taoibh eile, is mór an
doille, an t-easbhuidh eólais, agas an tuar mallacht don mhuintir
a thugas da gcloinn leabhair eirceacht mar chead leighion, or
buailean an drochuideas agas an drocheolas a gheabhad as na
drochleabhair se, buailean siod branda agas seala mallaidh air
thuigse agas air cheil mhaoth an leanbain no an phaiste a
thruaileas agas a mhilleas iad agas nach sgaran leo go réigh.
Mar sin, tugar uideas agas foghlaim an chreidimh don aois óig an tan ataid
fós maoth agas sul fa ttiocfad a ngnás no a gcleachtadh na n-olc. Or mar
chomhdaigheas an soigheach dath, blas, agas bolladh an chead lain a
chuirthear ann, is mar an gceadna a chomhdaigheas an aois óg an fhoghlaim no
an t-uideas olc no maith a gheibhead o thús.
As cion gach fiach agas gach oibliogoid adubhramar a ttaoibh an teagasg
Criosdaidhe, ata loghadh on phapa ag na huile dhuine a mhúineas, a
theagasgas, no ghriosaigheas cách chum a fhoghlama. Mar an gceadna, ni
dlighear faoisidin, naomhchorp Chriosda, sacramaint an phosda, gradha
coisreaga, no tiodhlacaidh eile na heaglaise a thabhairt don te a bhias
ainbhfiosach aineolach san teagasg Criosdaidhe.
Is mór an cúram a bhias fa thógbhail suas, fa uideas, agas fa
bheathaidh na codla, acht is mó an cúram is coir a bheith fa uideas
agas fa bheathaidh an anma, do bhrigh gurab uaisle an t-anam no
an corp. Is air an adhbhar sin adeir Criosda san tsoisgeul, "Creud
an tairbhe do dhuine an domhan uile do ghnothughadh agas anam fein
a leigint amugha, no creud í an mhala<i>rt do bhearadh duine ar son
anma fein?" (Matha, c.16, v.26). Mar sin, is mairg nach dean
rochuram fan anam - an t-anam nach feidir a bhásughadh no a
mharbhadh go siordhaidhe acht a bheas beo go brath a bhflaitheas
Dé no an ifrion.
Is mar gheall air an anam úasal a fuair Maoise san tseanreacht
an dligheadh sgriobhtha a ndá chlár claoiche; is mar gheal air a thainig
Criosd agas na heasbail san reacht nuadh a theagasg agas a sheanmoir na
beathadh.
Dearc anois, a Chriosdaidhe, an bhfuil an bheatha sa an anma agad
fein no ag do mhuintir, .i. an bhfuil eolas maith agad ar Dhia agas
air a dhligheadh, air aitheanta Dé agas na heaglaise, air na
subhailcibh agas air na sacramaintibh, air oibreachuibh na trocaire,
an chrábhaidh, agas an trosgaidh. So iad na neithe prionsapailte
adubhrais a bhi riachtanasach ag an uile dhuine chum toil Dé do
dheanamh, an t-anam do shabhail, agas ifrion siordhaidhe do
sheachna, a' nídh atamoid uile ag iarraidh aniodh, Domhnach na
Trionoide, ar an Trionoid Naomhtha fein. Amen. Finis.
(COMHAIRLE DO NA SEANMÓNTAITHE.)
Ata an pobul coitcheanta ainbhfiosach san teagasg Criosdaidhe, .i. an
saothairidh, an lábanach, etc., agas ni ghlacan an eaglais an saothar is
dual doibh, ergo, etc. Is as an dorchadas <s>a fhásan fréamh gach
oilc, .i. air easbuidh eolais. Or creud mar is féidir do neoch an
maith do dheanamh nach aithne dó, no an t-olc do sheachna nach
gcuailidh iomrodh air? Is cosamhuil creidiomh Dé le gairdin theid a
bhfásach muna mbeith saothar agas lucht oibre cinnte ann. An
saothar, .i. an teagasg a bhi air buil da fhighid no tri fighid
bliaghuin o shoin, ca bhfuil se aniodh d'easbuidh an churaim
cheadna a chur air aghaidh a gcomhnaidh? Oir ata an t-ainbhfios
mar oighreacht aguinn o gheinealach go geinealach o Adhmha 'núas,
agas is amhlaidh is coir a dhibirt go laetheamhuil. Ni bhfuil fear
ceirde no ealadhna, ceannaigh, etc. nach glacan am agas saothar
eolas agas foghlaim a dheanamh air cheird shaoghalta. Ni bhian
easbhuidh tuigse, gliocais, cuimhne, no inntlieacht acht amhain a
bpuncaibh creidimh. Ni fiu leis an eaglais a n-aimsir a
chaitheamh leis
a' teagasg Criosdaidhe acht le sea<n>morachadh mora ardfhoghlama
aintleachtacha nach ttuigean an pobal a ndeathmhadh, agas is uime
sin, fa-raor, gurab iomdha ata ag eisteacht le haifrin agas le
seanmorachadh air feadh a shaoghail gan móran tairbhe agas ata fos
aineolach a gcreidiomh Chriosd. Ni bhian meas ag moran air an
teagasg sa nach bhfearan air leo fein acht air paistibh. Air an
taobh eile, is mó an clu agas an meas air an tsheanmontaidh
thrachtas air neithibh foghlama, etc. (vid.pag.131). Creud is
feidhim do sin ag an phobal coiteanta? Is ansa teagasg Criosdaidhe
ata an fhoghlaim is fearr, agas is fearr meas agas clu Dé no an
tsaogha<i>l.
DOMINICA PALMARUM. DE PASSIONE DOMINI NOSTRI JESU CHRISTI.
"Agas ag iomchar a chroiche dó, do chuaidh se amach don ait da
ngoirthear ait na cloigne, darab ainm an Eabhrais Golgota, ait
annar chéasadar é."
Is rún liom tracht anso air pháis air Slanaigheora Iosa Criosd reir
sgeuluigheacht agas sgriobhadh na seibhisgeul.
Ní bhfuil peacadh da mhead no da ghraineamhla nach sgriosar, nach ndíbrear,
agas nach leigheasar le brígh agas le fearta na fola fioruaisle a thainig as
creachta Chriosda, muna ciontach an duine da thaoibh fein sin do thoirmeasg
no do bhacail, ag diultughadh na ngras neamha, no d'easbhuidh na gcoingheal
riachtanach.
Mar sin, is iocshlainte agas leighios dearbhtha don anam air a
bhfuil sal, smúid, no lobhar an pheacaidh a theacht agas e féin a
nighe, a ghlannadh, agas fhórcughadh a ttiobroid agas a sruth na
páise nach feidir a thrághadh no thriomughadh go siordhaidhe.
Cebe smaoineochas go fírineach air phais Chriosda Mac Dé, an fíreun
uasal, an t-uan ceansa, chífe se an bhraighe neimhchiontach, gan choir, gan
cháin, gan pheacadh, 'ga chéasadh air chrois, agas an gadaigh
Barabas, do righne feall agas moirt, 'ga shaoradh; Iosa, nach
ndearna an t-olc, ag fulang go foighideach gan gruaim, gan gruig
eidir na madraigh agas na mic thíre, an chinne Iudaigh, 'ga
strócadh agas 'ga chur chum báis air son na bpeacadh agas na
gciontach, air son Adhmha air sinsire a pheacaidh o thús, agas air
son gach diomais, sainte, tnuth, druise, craois, feirge, agas leisge,
agas gach cinneal eile peacaidh da ndearna a chlann 'na dhiaidh.
Creud na tórtha no na tiodhlacaidh fhásas as na smaointidh
staidearacha air phais Chriosda? Is iomdha sin, acht go sunradhach
fásan astudh truaighe, craoidhebhrughadh, fuath na locht, agas gradh
na subhailceadh. Or o thús, ní bhfuil craoidhe da chruas nach
maothachadh le taise agas le truaidhe ag feuchaint go gar air phais
Chriosda. San dara hait, ni bhfuil duine air bith nach
gclaonughadh chum dólais agas tuirse, ag caoineadh a pheacaidh le
craoidhebhrughadh, an trath a smaoineochadh se gurab iad a chuir Iosa
chum báis, agas gurab iad do lochtasa agas ma lochtasa, a
Chriosdaidhe, a tug air an t-allas fola agas uisge a chur 'na
cheathaibh a ngairdin Gethsemani. Is air a son a ceangladh a
lamha go cruaidh air an cholmhuin agas a sgiuradh a chorp le
sgiúrseadh garga. 'Siod a chuir an choroin spionaidh air a chean,
agas na deilg nimhe anna chloguin, na tairneadh geura garbha anna
chosaibh agas anna bhosaibh, agas an tsleadh fhaobhrach anna
thaobh. Cebe dhearcas mar so air na neithe se go grinn, tiocfaidh
dhó fuath a bheith aige air na lochta amhail agas mar bheadh air
an chinne Iudaigh a chuir Criosda chum bais. Agas fa dheoidh,
gradh na subhailceadh, .i. gradh na humhlacht, na feile, na
carranacht, na measardhacht, na geanmnaigheacht, na foighide, agas
an diothchol crabhaidh; do bhrigh gur leis na subhailceadh sa go
sunradhach a chlaoitear cathaighe an diabhail, an tsaoghail, agas
na codla, tri naimhde baoghalacha contabhartacha an anma. Acht, sul
fa ttionsgnam air an daorphais <s>e do mhinioghadh,
iarrmoid guidhe na hoighe Muire, ag rádh Failte an aingil. Aue
Mairia.
Bhi pais Chriosda chomh ainmheasardha anchuimseach agas sin gur
ghabh si ceathrar starthoir diadha da sgriobhadh agas da chur sios
go hiomlan, .i. Matha, Marc, Lucas, agas Eoin seibhisgeul,
noch do sgriobh beatha agas bás Iosa, gach aon aca air leith, agas
ni mó no go ttainig leo uile mead agas dochar na paise a chur sios
go hiomlan. Or dearbhan St Tomas naomhtha nach ttainig pian no
pionoid ariamh, amach o phiantaibh ifrin no purgadora, comhmeas
no comh dofhuiling le pais Chriosda, agas bheir se an iomad céile
agas riasuin le sin a rádh ata anois fada miochomhgarach le cur
sios annso.
Dhá lo roimhe sollamain na Casg, .i. Dardaoin na gCumaoineach, air
chonairc Iosa go ttainig an úair gurbh eigin do an saoghal
d'fhágbhail, bás dh'fhulang, agas a dhul ar eis arist
d'ionsaidh Athara, d'ordaigh se da dheisgiobuil, reir
cleachtaigh agas gnás an dlighidh, a dhul asteach go caithrigh
Ierusalem, agas a ttigh duine áirighthe go bhfuighidis seomra
mór deaghmhoiseach, agas an t-uan Cásg d'ullmhughadh ann, ionnas
go n-iosaidis é. Agas is amhlaigh a thainig Iosa agas a
dheisgiobuil agas chathadar an Chaisg le cheile. Is ag an
tsuipear dheigheanach sa a d'innis Iosa don da easbal deug go
raibh treatur 'na measg do thairbhearadh agas do bhrathughadh
go fealltach é. d'éis na cuirme do chaitheamh, d'eirigh Iosa
on chlár, ghabh se uisge, agas d'ionnaill agas nigh se cosa na
n-easbal. So an uair agas an ait air thionsgain agas air órdaigh
Iosa sacramaint naomhtha chuirp an Tighearna agas iodhbairt an
aifrinn, mar is follas aige Matha,c.26, v.26; Marc, c.14, v.22;
Luc.22,v.19. Agas is uime a nigh agas d'ionnaill se cosa na
n-easbal air ttus chum subhailce na humhlacht a mhúnadh agas a
theagasg doibh leis an easamplair sin, agas fós chum a chur a
gceill doibh gur choir do na huile dhuine a bheith glann,
ionnallta, saor o pheacadh ag caitheamh sacramaint naomhchorp an
Tighearna. Or ge gur beatha mharrthanach an corp naomhtha sa don
anam fhireanta air staid na ngrás, is damnughadh siordhaidhe é
don pheacach. Is uime sin adeir Eoin seibhisgeul, c.13, v.27,
an tan a chath Iudas an t-aran neamha sa o laimh Chriosda
fein go ndeachaidh an
diabhal asteach anna chorp go codlaigh, cion go raibh se air
dhrochstaid, rún an uilc agas an pheacaidh aige, .i. rún
Criosda agas a chuideachta do sheana agas a sheachna agas a dhiol
go fealltach miorúnach leis an chinne Iudaigh mar gheall air dheich
bpiosa fhighid airgid. Agas, ge gurb e peacadh na sainte a thug
air sin a dheanamh, ní bhfuair se fein tairbhe no toradh da luach
saotha<i>r, or ar ttuighmheal dó go ndearna se an fheall agas an
eugcoir, thleig se an t-airgiod chuca arisd, agas ar ndul amach,
chroch se e fein le neart feirge, eada, agas eadochais. Cuimhnigh
anso, a Chriosdaidhe, gur dual drochchríth a theacht go much no
go mall ar lucht deanta na heugcora, an mhiorúin, agas an leatroim,
mar thainig air Iudas, muna ndeanad aithreachas mór, loirghniomh,
agas sasadh ann.
IOSA AG TEAGASG NA N-EASBAL. An tan a bhi Iudas ag deanamh an
chunraidh agas an chliamhnais sin leis an chinne Iudaigh, bhi
Iosa ag comhairleachadh agas ag teagasg na n-easbal agas ag
innseadh doibh gach nidh da raibh chuca. D'innis se do Pheadar,
prionsa agas priomhaidh na n-easbal, go seanfadh se é trí huaire
sul fa ngoirfeadh an coilleach, agas d'innis se don chuid eile go
ttreigfidis agas go bhfuigfidis 'na aonar leis fein é. Agas ge
gur dhearbhaigh agas gur umhachtaigh gach aon aca nach deanaidis sin,
rinneadar 'na dhiaidh sin e.
IOSA SAN NGAIRDIN. Air gcriochnughadh an teagasg sin d'Iosa,
chuaidh se anun ar abhain bhig darbh ainm Cedron, laimh le
Sliabh na nOillibh. Agas air tteacht do gusan ngairdin darbh
ainm Gethsemani, dubha<i>rt se lena dheisgiobuil, "Suidhigise
annso no go rachaidh misi ansud anun a dheanamh urnaighe." Agas
air mbreith Pheada<i>r, Sheamuis, agas Eoin leis, do
thionsgain se a bheith rodhubhronach rothuirseach, ag radh,
Tristis est anima mea usque ad mortem, .i. "ata m'anam tuirseach
go soithe an bhais; fanaigidhse annso agas deanaigidh foire agas
coimhead seal am fhocha<i>r." Agas air n-imeacht fa thuairim
urchor mearoige, leig se e fein air a ghluinibh ag deanabh na
hurnaighe. Ghuidh se an tAtha<i>r tri huaire an bás a dhul
thairis, da m<b>'eidir. "Gedheadh", air se, "deantar do thoilse
agas ní he ma thoilse." Agas do teisbeanadh dó aingeal o neamh
da chomhfhurtacht. Agas air ndul an anbhuinne no a luige dhósan,
thainig allas fola 'na cheathaibh a' tuitim go talamh leis.
Ni chuala a<o>n duine ariamh neoch air bith cur allas fola aroimhe.
Smaointioghadh agas radharc innmheadhanach na meanmna agas na
hinntinne air uathbhas na paise a chomhsgair agas chorraidh
leantaidh critheaglacha a chuirp thug air an t-allas folla sa a
chur, adeir na diadha<i>readh. Smaoinidh air pheacaidh chinne
daona agas air an tromdhioluigheacht a bhí aige le tabhairt air a
son, air fheill agas air mhiorún Iudais, air mhiothroca<i>re na
cinne Iudaigh, air sheana agas air theathadh Pheadair agas na
n-easbal, air dhólas agas air thuirse Mhuire agas an chuid eile
da charruid; mar an gceadna, smaointioghadh air na mílte
do gheabhadh bás tréna gcionta fein gan toradh no ta<i>rbhe na paise
d'fhaghail; 'siod na smaointidh se agas a samhail eile a thug
air Chriosda an t-allas fola a chur san ngairdin, mar chuireas
daoine pian agas allas na codla an tan a bhias iomaoineach an
bhais ag iomlat agas ag imirt agas ag oibrioghadh orra.
GABHAIL AGAS CEANGAL IOSA SAN NGAIRDIN. Air mbeith d'Iosa ag
spreagadh na n-easbal cion gur thuiteadar 'na gcodladh agas nach
ndearnadar foire agas coimhead dó, sul far chriochnaigh se a
bhriatharadh, feuch, thainig Udas d'ionsaigh Iosa go miorunach
le poig, maille re cuideachta mhór do shoideiribh na cinne Iudaigh,
le claoidhmhibh agas le batuidhibh, no go rugadar air Iosa agas gur
cheangladar é. Air chonchadar na heasbail Iosa ceangailte mar
sin a measg na cona<i>rte diabhlaidh sin do mhuintir ifrin, do
ghabh eagla agas uathbhas iad agas theathadar mar chaoiridh
gealltacha roimhe le conairt tar eis an sreadaigh do chailleadh,
agas d'fhagadar mar sin a tTighearna agas a Maistir
cruaidhcheangailte a meadhan a namhad 'na aonar leis fein. Strocadar
agas tharuingeadar na mic thíre agas na madraigh sin Iosa, a bhi
mar uan gan urchoid, gan mhairg otarra, go maslamhail miomhodhamhuil
a lathair an árdshagairt Annas. Bhi gach aon aca lena bhuille,
len' urchar, agus lena thromfhocal air, cuid aca gabhail do
dhornaibh air, cuid do sheillibh, agas cuid ag magadh agas ag
fochmoid faoi.
IOSA A LATHAIR ANNAS. Ar tteacht do a latha<i>r Annas,
cliamhain Chaiphas an t-ardshagart, chuir se Iosa chum ceasda
a ttaoibh a theagaisg agas a dheisgiobuil. Acht air bhfreagra
d'Iosa, adubha<i>rt, "Niar theagais me aon nídh os iosal acht a
bhfiaghnaise an phobuil; mar sin, dob uras duit ma theagasg
a chluinsind." Ag labha<i>rt na mbriathara sa d'Iosa, tógas
oglach diabhlaidh a bhi a latha<i>r a bhos mhallaidh gan
choisreagadh agas buailleas air an eadan bheanaighe é ag rádh,
"An mar sin a fhreagras tu an t-árdshagart?" Agas ni ttug Iosa
freagra no aidhneas don oglach acht amhain, "Creud far bhuail tu
me gan adhbhar?"
IOSA A LATHAIR CHAIPHAS. Tugadh Iosa ceangailte go tigh
Chaiphas, an t-árdshagart eile. Bhi comhairle agas
comhchruinioghadh mór don chinne Iudaigh ansin. Tangadar annsin
fiaghnaiseachadh bhreige an' aghaidh. Acht an uair a chonairc an
t-árdshagart nach raibh siod a' teacht le cheile, chuir se fein
ceisd air ag rádh, "Innis duin as ucht Dé bheobhuan, an tu Criosda
Mac De?" D'aidimh Iosa an fhírinne. Ansin eirigheas an
t-árdshagart 'na sheasamh agas stroc se a chuid eadaigh uime ag
rádh, "Creud an feidhm fiaghnaise ata aguin? na gcluinmoid fein é
ag labha<i>rt blaisphemia?" Ansin thógadar an sluadh gáir ag rádh,
"Daorar, tleigear, agas cuirear chum báis e." Annsin chuireadar
búicin air a shúilibh agas ghabhadar do sheillibh, do bhosaibh,
agas do shlataibh air. Bhi siod fós a' strocadh a ghruaige agas a
chinn, a' magadh agas ag fochmoid faoi, agas ag rádh, "Mas faidh
thu, innis duin cia bhuail thu." So an úsaid a fua<i>r Iosa a
ttigh agas a halla Chaiphas. Is annsa halla sa a shéan Peadar
a Mhaistir trí huaire, acht air gcuimhnioghadh dó air
bhriatharuibh Chriosda, chuaidh se amach agas ghuil se go geur.
Lo airna mhárach tugadh Iosa ceangailte go halla Phioloid, a
bhi 'na cheanphurt agas 'na bhreitheamh a ttír Iudaigh. Thug
an breitheamh sa iarraidh Iosa a shaoradh, or thuig se go raibh
se neimhchiontach; acht an tan a chonairc se nachair mhaith leis
an chinne Iudaigh é sin a dheanamh, chuir se Iosa uadha
d'ionsaigh rígh Herod.
IOSA A LATHA<I>R HEROD. Bhi luatha<i>r air an rígh Iosa
d'fhaicsint, or do chuala se iomradh agas tuarasgbhail air agas
air na muirbhilleadh móra do righne se. Shaoil se go tteisbeanadh
Iosa comharthadh aontacha do féin, agas air nach dearna, thug se
fein agas a mhuintir masla agas tarcuisne dó, agas ar gcur culaigh
amadain air, chuir siod arisd d'ionsaigh Phioloid é. d'eagla
miasto an phobuil a tharaing air féin, ordaigheas an breitheamh Iosa
a cheangal air cholmhain agas a sgiuradh. Air mbeith d'Iosa
nochtaidh an ait phuiblidh, buaileadh cuig mhile buille air le trí
chinneal sgiurseadh, .i. le slata, le cordadh cnaibe, agas le
leathar gan leasughadh, air mhodh nach raibh ait roin an deilg gan
chneadh dheirg, gan chreachta, mar dhearbhas ughdar oirirc dhuin.
DON CHOROIN SBIONAIDH. Rinneadar na soideoireadh coroin sbionaidh
le dealgaibh nimhneacha druighin agas chuireadar air chean Iosa í.
Bhi na deara fola a' teacht 'na mbraonaibh o bharraibh na ndealg
leis. Chuir siod eadach dearg no corcracha air a chorp agas slat
ghiolcaidh anna laimh; rinneadar sleachtuin agas umhlacht dó mar righ
breige, ag magadh, sgig, agas fochmoid faoi. Theisbein Pioloid san
chruth sin don phobal é ag rádh, Ecce homo, .i., "feuch air an
duine", ionas go ngeabhaidis truaidhe leis. Bhi gnas agas
cleachtadh a ttír Iudaigh an uair sin anam duine do shabhail an
aimsir na féile. Reir an chleachtaigh sin d'iarr Pioloid
Iosa do shabhail, acht fhreag<r>adar an sluadh Iosa do cheasadh
agas Barabas an gaduigh do shabhail. Ba doilghidh le Pioloid
sin a dheanamh, or chonairc se go raibh se gan choir; agas as a
chionn sin, chuir a bhean teachtaireacht chuige ag radh, "Na bi
bainte agad don fhíreun sin, or is mór a d'fhuiling misi a
mbriongloidigh air a shon." Air chonairc Pioloid nach raibh
maith dó pleid no adhbhcoideacht a dheanamh air son Iosa, ghabh
se uisge agas d'ionnail se a lamha ag rádh, "Saoramsa me féin
air fhuil an fhírein se. Feuchuidhse dhibh féin." Acht
dubhradarsan, "Bi a fhuil oruinne agas air air gcloinn." Fa
dheoidh, shaor Pioloid an gadaigh Barabas agas thairbhir se
Iosa don chinne Iudaigh chum a cheasta.
IOSA AG IOMCHAR NA CROICHE. An uair a tugadh breith bháis mar sin
an aghaidh Iosa, righneadar an chinne Iudaigh croich amuid a
bhfeaghair croise, cuige troighthe deug air uirde agas tlachtamhar
da reir sin. Bhaineadar an t-eadach corcoracha dhe agas
chuireadar a chuid eadaigh fein air. 'Na dhiaidh sin, thug siod
air Iosa an chroich throm sin iomchar air a ghuaileach naomhtha
fein. Acht mar do bhi se lag anbhfan on mead fola
do chaill se roimhe sin, bhi se ag aomadh, ag lubadh, agas ag tuitim
air gach coisgceim le luige agas le meatacht faoi an tromualach sin.
Ar mbeith d'Iosa claoite mar sin, thug siod air oglach a bhi
teacht on tuaith, darab ainm Simon an Sirineach, an chroich
iomchar a ndiaidh Iosa no go ttainig siod go hait air Sliabh
Caluari darbh ainm Golgota, .i. ait na cloigne. Deir Auguistin
agas ughdair eile gurab uime a tugadh an t-ainm sin air an
ait sin cionn go bhfuaras clogan Adhmha adhlacaidh ann.
Deir ughda<i>r mhaithe nach raibh Muire a lathair, agas nach
gcuala si na sgeula go nuige so; acht air gcluinsint na sgeula
fa dheoidh o Eoin seibhisgeul, thainig sí féin agas Muire
Mhagdailean maille le mna eile naomhtha d'ionsaigh an chruinigh
ag iarraidh Iosa; agas air nach ttainig leo fhaicsind o imhir
agas o thiu na ndaoine, feuchas Muire sios air talamh, agas air
bhfaicsint deora fola annsin, d'éabh si do ghuth árd ag radh,
"A mhna, a mhna, feuchuigidh lorg a chuid fola." Agas ag
tabha<i>rt toruigheacht don fhuil, ni fada no go bhfacadar triur
ceangailte cruaidhchuibhrighthe a lár agas a meadhan 666 soighdeoir
'ga ngardail le píceadh agas le claoimhuigheadh nochtaighthe
roinnghéara. D'fhiafraigh Muire d'Eoin cia haca don triur
Iosa, or niar aithin si é on anchuma agas on anrucht anna
ndeachaidh se. Fhreagair Eoin agas adubha<i>rt, "Sud do
Mhacsa agas mo Mhaistirse ata ceangailte cruaidhchuibhrighthe
eidir an dís gadaighean ud. Sud é air a bhfuil an chonoir
dhealgach sbionaidh. Sud é ata ag tuitim agas ag lúbadh go talamh
tre iomchar na croiche agas ag triall go Cnuc Calueri na paise."
"Uch," air Muire, "chím anois gurab e sud Iosa, agas ce nach
n-aithnighim a ghnuis on mhasla a fuair se, aithnighim a
dheanamh agas a shubhal." "Sud an Mac", air si, "nach dearna olc
ariamh agas righne moran maith, anois 'ga strocadh agas 'ga
cheasadh gan abhar" (ita D. Bernardus et alii).
Air chonairc Iosa a mhathair agas na mna eile a bhfagas dó agas
iad ag gul go cruaidh, adubha<i>rt se, Filiae Jerusalem, nolite
flere super me, sed super vos ipsas et super filias vestras (Luc.,
c.23, v.28) eadhon "A ingheanachadh Iarusalem, na guiligidh ar
mo shonsa, acht guilidh air bhar son fein agas air son bhar
gcloinne." Is go faidhchialach ag deanamh targuireacht do
mhuintir Iarusalem a labhras Iosa mar so, amhail agas mar
dearadh,
"A mhuintir Iarusalem, is mo an t-ábhar golla ata agaibh umuibh
féin no umamsa, or ni fada uaidhbh dibirt agas dicheanadh, gorta
agas amhgar, sgrios agas tromár. Ni fada no go ttiocaidh na
Romhanaigh agas go gcuirfidh siod leigir no seige libh no go
sgriosfar agas go mbrisfear mar múir agus mballaidh go lár, agus
go ttiocaidh rith agus faobhar claoidhimh air fhearaibh, air
mhnaibh, agas air leanbaibh. Beith na maithreacha ag ithe a
gcloinne fein le hocras." Is uime sin adeir Criosd, "Feuch,
tiocfuidh na laethe iona n-aibeoruidh siod, "Is beanaighe na
mna aca nach bhfuil clann, na bronna nachair thuismidh, agas
na ciocha nach ttug diúl."" Agas is amhlaidh dearbhaighean
Iosephus, noch do sgriobh stairr air chogadh na cinne Iudaigh,
go ttainig gach ni aca so asteach reir mar do thárgair Criosda
(Josep., De bello judaico, lib.7#0#, c.18).
CEASADH CHRIOSDA AIR SLIABH CALUAIRI. Air tteacht do Chriosda
go hait na cloigne air a' tsliabh, mar dubhrais aroimhe, sgriosadar
an chinne Iudaidh a chuid eadaigh dhe, ar mhodh gur osgail na
creachta fuilteach arist agas go raibh an fhuil a' raithidh go
nuadh leo. Is ansin do leagador na ceasadoireadh an chroich
cheasda sios air talamh agas shíneadar Iosa sios a thaoibh a
chúil agas a dhroma urra. Tharuing siod a lamha air beanaibh na
croise agas sparr siod tairneadh garbha geura tre chroidhe na
ndearnad aige, agas mar an gceadna lena chosa. An aon fhocal,
thairneadar agas shíneadar boill agas oilt a chuirp chomh mór
agas sin nach raibh alt no asna anna chorp uile gan leonadh. Is
ansin thogadar an chroich suas air a bonn 'ga daighnioghadh san
talamh. Niar bainneadh crothughadh no corrughadh aisde nach raibh
goinneadh agas creachta na lámh agas na gcos 'ga meadughadh agas
'ga strócadh le comhthrom an chuirp.
DÓLAS MHUIRE. Bhi Muire, mathair Iosa, 'na seasamh ag bonn
na croiche, adeir Eoin, c.19. Bhi si ansin go dólasach dearach
dubhronach agas go cumhthach cúrtha craite ag feuchain go
truadh tuirseach air a haon Mhac Iosa ag tabha<i>rt dioluigheacht
air chrann na paise go daor air son an chraois do righne Adhmha
agas Eabha ar chrann na haithne. Is amhlaidh a chonairc Muire
a mac 'ga chéasadh. Chonairc sí deilg nimhe na corana sbionaidh,
na deara folla len' eadan, a chosa agas a lamha 'ga strócadh le
tairneadh geura, agas a chorp naomhtha 'ga thogbhail suas air
bhearaibh na croiche ceasda cuig troighthe deug air
uirde. Chonairc si cuma, deilbh, agas deanamh an bháis fhiamhaigh
fhuathmha<i>r ag oibrioghadh agas ag imirt air a bheul, air a
shuilibh, agas air bhalluibh aluin examhla a chuirp go hiomlan.
An aon fhocal, ní feidir doilgheas no dólas Mhuire a chuir sios
acht amháin go raibh gach pian agas gach pianoid agas gach amharc
craite da bhfaca sí mar chlaoidheamhuibh roinngheura agas mar
shoigheaduibh nimhe ag treadadh, ag tolladh, agas ag torchradh a
croidhe.
An tan a bhi Muire san mórbhruid sin, feuchas Iosa anuas urra go
truadh tuirseach agas thaobh se lena dheisgiobal ionmhuin Eoin,
a bhi 'na sheasamh laimh lia, rochúram agas ro-aire a dheanamh
uimpe. Agas tar éis Iosa deoch nimhe vinegeara d'ól, dubhairt se,
Consu<m>matum est. Et inclinato capite emisit spiritum, .i.
"Chriochnaigh me an t-iomlan." Agas air gclaonadh a chinn
siar, d'fhág a' t-anam é." Consum<m>atum est. Creud
chiallaigheas na briatharadh sa Chriosda? Ciallaighean gur
choimhlion Criosda an uile ni da raibh le deanamh, .i. toil an
Athara shiordhaidhe, amhail agas adearadh se, "Chriochnaigh me
iodhbairt na paise agas slanughadh chinne daona, d'fhoillsigh
agas d'fhuaga<i>r me an seisgeul, dhiol me fiacha agas cain an
pheacaidh, d'fhuaisgail me muintir phurgadora, d'fhosgail
me doirse phárdhais neamha, chlaoidh me cumhachta an diabhail agas
an bháis, d'fhosgail me sruth agas tiobroid na ngras agas na
sacramainteadh." Agas is amhlaidh, ag criochnughadh gach ní aca so,
adubha<i>rt se, Consum<m>atum est. Agas d'fhág an t-anam é.
ECLIPSIS SOLIS. Deir Matha seibhisgeul linn go ttainig gruaim,
dubhadh, agas dorchadas air an ghrein, air na duile, agas ar aghaidh
na talmhan uile go feadh thri n-uairean a bhi Criosda ag fulang
na paise, .i. on seiseamhudh uair go nuige an naoidheamh uair.
Ghabh eagla agas uathbhas aitreachuibh na talmhan, do bhrigh nach
bhfacadar a shamhail sin do dhorchadas ariamh roimhe. Do sgoilt
beann an teampuil o mhulach go lár. Do chriothnaigh an talamh le
basma<i>rt agas creatha talmhan. Sgoilt agas reab na clocha agas
na cairge. d'fhosgail na tuambadh agas d'eirighdear moran do na
muirbh agas do na naoimh a bhi 'na gcodladh, agas air tteacht
amach doibh d'eis na heiseirigh, chuadar asteach san chaithrigh
naomhtha agas theisbeanadar iad fein do mhóran. An aon fhocal,
is feidir a rádh gur bhéic, gur bhlaodhm, agas gur eighbh
creatuir eaxamhla na naduir uile le gárrtha comha<i>rc agas
caointe fa pháis agas fa bhás Iosa Criosda.
An mhuintir mhallaigh a chuir chum báis fein é, an ua<i>r a
chonchadar na comharthadh uathbhasacha aontacha sa, ghabh siod
criothnughadh agas eagla, agas d'imighdear uile ag cneadaigh, ag
éaghbhaidh, ag bualadh a n-ochta, agas ag radh, "Go firineach,
a b'é an fear sa Mac Dé."
Bhadar a latha<i>r na tri Mhuire, .i. Muire, matha<i>r Iosa, Muire
Magdailean, agas Muire, mathair Sheamuis, maille le mna riaghalta
beanaighe eile, noch do lean Iosa on nGailili ag deanamh freasdail
agas friotholaigh dó.
Air tteachd don trath nona, thainig duine saidhbhir naomhtha o
Aramatea, darbh ainm Ioseph, agas a bhi 'na dheisgiobal ag Iosa
go folluightheach le heagla na cinne Iudaigh, thainig an duine
beanaigh se d'ionsaigh Phioloid agas d'iarr se corp Iosa
a<i>r. Agas air bhfaghail an chuirp dó, do fhill se lineadach
glann 'na thimchiol agas do chuir se anna thuamba nuadh fein é,
noch do thochail se amach as creig ann nachair hadhlacadh a<o>n
duine riamh roimhe. Tar eis an corp adhlacadh mar sin agas leac
mhór chlaoiche a thiompagh san doras, d'imigh se roimhe;
cedheadh, a d'fhag se Muire Mhagdaileana agas an Mhuire eile
maille le mna beanaigh eile aga gull agas ag caoidh as cion na
huaidhe agas ag feuchain air an ait annair cuireadh Iosa.
Is amhlaidh a mínighthear agas a mhionsgrudar pais agas pianta air
Slanaightheoir Iosa Criosda reir innseadh agas sgeuluigheacht na
seibhisgeul agas minioghadh na n-aithreach naomhtha agas na
ndiadha<i>readh.
Anois, a chairde ionmhuin, feuchmoid air ndiaidh go craibhtheach
caondurachtach le toradh agas tairbhe anma air an daorphais a
d'fhuiling Criosd air ar son agas smaonuighmuid go hinmheadhanach
annair gcraoidhibh nach air a shon fein no air son a chionta ach
mar gheal agas mar ghradh oruinne a d'fhuiling Iosa na
tromphianta sa a gcumhachtaibh an anma agas a gceadfa a chuirp,
.i. anna mheabhair, anna thuigse, agas anna thoil, anna radharc,
ann' eisteacht agas an gach ceadfa eile corporrdha.
Anois, a Chriosdaidhe, buail h'ucht, reab do chraoidhe, agas cuir
ort féin cullaidh chumha agas dhólais, agas caoin bás agas páis
Iosa an Slanaightheoir. Feuch suas air na flaithis agas chife tu an
ghrian, an ghealach, na reulta, agas creatuir eile riasunta agas
míriasunta na cruine ag dubhadh agas ag dorchughadh le cumhaigh,
gruaim, agas tuirse le lin bas agas páis Chriosda (Mat.,c.27, 45).
Feuch sios air a' talamh agas chífe tu air crith agas a'
criothnughadh é, basmairt agas boillchreatha air na cnuic agas air
na sleibhte ag caoineadh na paise aniodh. Ataid na clocha agas na
cairge ag sgoilteadh agas ag reabadh. Ataid na tuambadh ag fosgladh
agas na muirbh ag eirigh agas ag aithbheodhughadh le linn phais
Chriosda. Sgoilt thusa, a Chriosdaidhe, do chraoidhe claoiche
fein le tuirse agas craoidhebhrughadh; fosgail do bheul ag cathair
na faoisdin agas aidimh do chionta, agas leig don anam a bhi marbh
a ttuamba na codla eirigh agas aithbheodhughadh air staid na ngrás
agas na neimhchiontacht agas e fein a theisbeanadh san chaithrigh
naomhtha.
Thusa, fhir a' diomais, na sainte, agas na gaduigheacht, ata
lionadh a mborr agas a saidhbhreas go heugorach, agad a bhfuil
allas agas saothar, léine agas cóta an duine bhocht an asgaidh ag
meadughadh do mhaoine agas do shaidhbhris, feuch suas aniodh air
do Shlanaigheoir Iosa sinte air bearruibh na croiche ceasda gan
léinidh, gan chota, gan mhaoin, gan sbré, gan eideadh, gan
earradh; agas smaoinigh arisd nach dual saidhbhreas na
heugora a bheith buan no marthanach agad fein no ag do chloinn
air a' tshaoghal sa agas nach leanan se gusan tsaoighil eile thu.
Thusa, a fhir an chraois agas na hainmheasarracht, nach dearna
trosgadh, tréighnios, cradh cuirp, no deaghoibre eile, amhairc air
throsgadh Iosa air an fhásach dha fhighid aoidhche agas ló, an
tart a d'fhuiling se ar an chroich cheasda, agas feuch a chuid
fola agas feola 'ga strocadh air son do chiontasa agas do
pheacaidh, ar son na fola agas feola ata tu ithe anois an aimsir
thoirmeasga bheanaigh an charghais.
CHRIOCHNUGHADH. Is amhlaidh thug Criosda dioluigheacht air son
an duine agas shaothairigh an ghloir shiordhaidhe dhó. Gedh
eadh, na saoilidh duine air bith go bhfuighidh se féin toradh no
tairbhe na paise se an asgaidh. Na mealtar duine air bith mar sin,
or cebe nach gcuideochaidh le hIosa an t-ualach iomchar agas an
saothar a dheanamh, ní shealbhochaidh se an ghloir maraon leis.
"Mas ail le heineach misi do leanmhuin, dultaidh se do féin
agas togbhaidh se a chros no a cheasadh agas leanaidh se
misi", adeir Criosda san tseisgeul (Luc.,c.9, v.23). Si quis
vult post me venire, abneget semetipsum et tollat crucem suam et me
sequatur. Mar sin, séan tu féin, a dhuine, séan do
dhrochbheasa, do dhrochchlaonta, agas an antoil mas ail leat Iosa
do leanmhuint. Claoidh do chorp agas do cheadfa le trosgadh, le
treighneas, agas le cradh cuirp, mar righne Criosda agas na naoimh.
Diult do chathaigh an diabhail, an tsaoighil, agas na codla, a
thairaingeas chum peacaidh thu, agas gnathaigh agas cleacht na
subhailceadh agas oibreacha na trocaire; deana trosgadh, deirc,
agas urnaighe; eisd an t-aifrion; deana faoisidin mhinic; cuir
cumaoin air altoir Dé; tabha<i>r cua<i>rt air na daoine tinne agas
sín do lamh don duine bhocht, no mas bochtan thu féin, fuiling
h'anshógh go foighideach air son Chriosda, mar righne seision
air do shonsa.
Go ttugaidh Dia toradh na paise duinn aniodh, grasa comhoibrioghadh
le Criosda, pianta ifrinn do sheachna, agas an bheatha shiordhaidhe
do shealbhughadh. Amen. Finid.
DOM. QUADRAGESIMAE. DON FHAOISIDIN.
Erat Jesus ejiciens daemonium, et illud erat mutum (Luc.,II,14).
"Bhi Iosa ag teilgeint diabhail amach, agas bhi an diabhal balbh."
Cuirean a' diabhal glac a sgórnaigh agas a muinneal an pheacaidh,
dúnan se an croidhe, tochtan se an beul, cuirean se glas agas
toirmeasg air an teanghaidh, air mhodh nach feidir leis a pheacaidh
d'innseadh no d'aidmheal no maitheamhnas d'fhaghail ionta no
go ndibearfar an diabhal amach tré ghrasa na haithrigh, agas is
uime sin a ghoirthear an diabhal balbh de san tsoisgeul aniodh.
Is air shacramaint na haithrigh, .i. air an fhaoisidin, is rún
liom tracht go sunradhach aniodh, ag roinn ma chomhraidh a ndá
chuid. Teisbeanuid san chead roinn gurab iomdha ait agas
easamplair san sgribhin dhiadha agas ann ughdaraibh eile as a
gcruthaighear go bhfuil ughdaras agas cumhachta o Dhia ag an
eaglais maitheamhnas a thabhairt don aithrigheach anna pheacaidh,
agas go bhfuil brigh, riachtanas, agas fearta na faoisidin follas
as na haiteachuibh ceadna. Teisbeanoid san dara roinn creud na
coinnghill ata riachtnach an fhaoisidin a dheanamh go diongmhalta.
Aue Mairia.
O thús, is follas ag Eoin, an 20 caib., v.23, agas ag Matha,
c.18, v.18, go ttug Iosa ughdaras agas cumhachta do na habstoluibh
agas don Eaglais Chatoilice a thainig air a lorg an uile pheacach
a sgaoileadh no a cheangal, a shaoradh agas a shábhail,
maitheamhnas agas absoloid a thabhairt dó, ma bhion na coinghil
riachtanach aige, Quorum remiseritis peccata, remittuntur eis, et
quorum retinueritis, retenta sunt. 'Se an t-atha<i>r faoisidin
léigh sbioradalta an anma, agas mar nach feidir an t-othar do
leighios no go tteisbeanaigh agas go n-aidmheochaidh se an aicid
ata caitheamh air don léigh, is amhlaidh ni leigheasar an t-anam
no go tteisbeanfar agas go n-aidmheochar aicideacha an anma, .i.
na peacaidh, don athair faoisidin. Cebe cheileas aicide an chuirp
air an léigh, gheabha se bás gan amhras; mar an gceadna d'aicide
an anma. Mar sin, ni bhfuil duine air bith a righne peacadh
gniomha, .i. peacadh marbhtha, nach rachaidh go hifrionn air a
shon acht mar ndeana se faoisidin, no go hairridh, run a bheith
aige a dheanamh. Da mbearadh se a mhaoin shaoghalta do
bhochtaibh Dé agas imeacht air feadh an tsaoghail le crábhadh, le
turuis, agas le hoilire, ag deanamh trosgaidh, deirce, agas
urnaighe, agas deaghoibreacha eile, ni bhion acht diomhnas san
iomlan gan faoisidin no rún na faoisidin a dheanamh le sagart aige
mbeith na cumhachta an absoloid a thabhairt dó; gan sin ni
bhfaghan duine air bith tairbhe no toradh a dheighniomharadh;
gan sin ní bhfaghan duine air bith siochainte no maitheamhnas o
Dhia ann a pheacaidh, saoradh no sabhail no flaitheas Dé go
siordhaidhe. Cebe peacaidh a sgaoileas no a mhaitheas an t-athair
faoisidin air a' tsaoghal sa, ataid sgaoilte
maite a lathair Dé air neamh. Ni bhian cuimhne aige orra, agas ni
iarran dioghaltas ionta go trath bheith sior.
Is follas as na briatharadh sa go bhfuil sacramaint na haithrigh
riachtanasach chum an uile pheacach do shábhail. Ata dhá
chinneal riachtanais ann, mar channas na diadhaireadh: necessitas
medii et praecepti, .i. riachtanas meodhain agas aithne. Ata
sacramaint na haithrigh riachtanasach mar mheodhoin, or mar nach
feidir le héun eiteog a dheanamh acht tré mheodhoin na sgiathan,
mar an gceadna ní feidir leis an pheacach maitheamhnas d'fhaghail
no dhul go flaitheas Dé acht tre mheodhoin na haithrigh, .i. na
faoisidin. Is fiaghnaise anso Auguistin naomhtha, hom.59, ex.
50, comhairle ghinearalta Threant, ss.14, c.3, agas comhaonta
coiteanta na hEaglaise Catoilice ag dearbhughadh agas ag deonughadh
gach punc aca so do bheith fírineach, .i. go ccomhoibrighean
sacramaint na haighrigh grasa an Sbiorad Naomhtha san anam, go
leagan sí fearg agas fiorcheart Dé, go sgriosan, go leighiosan, agas
go ndíbrean sí an peacadh, go gclaoidhean sí an diabhal agas a
chumhachta, caithigh an tsaoghail agas claonta na codla. Marbhan
agas muchan an peacadh marbhtha brigh, fearta, agas luaidheacht na
ndeighniomharadh do righneamar an trath bhamar air staid na ngrás.
Lassan agas aithbheothaighean an fhaoisidin na deighniomharadh
arist agas tugan a mbrígh, a bhfeartadh, agas a luaidheacht air
a n-ais. Is iomdha tórtha agas tairbhe eile a thig agas fhásas
as an fhaoisidin mhaith. Is dual teasghradh Dé, fuath na locht
agas na bpeacadh, socraigheacht agas suaimhneas an choinsis agas na
hinntine, umhlacht an chroidhe agas leasughadh na beathadh, is dual,
adeirim, gach subhailce aca so a theacht agas fás as an fhaoisidin.
Anois feuchmuid air chruthughadh, air ughdaras, agas air shamplaibh
an sgribhin diadha a ttaobh na faoisidin. Deir Seamas easbal
san 5 caib.,v.16, Confitemini ergo alterutrum peccata vestra et
orate pro invicem ut salvemini, .i. "deanuigidh faoisidin le
cheile", da chur a gcéil nach lór do dhuine a pheaca<i>dh
d'aidmheal no d'innsin do Dhia amháin acht go ndlighthear a
bhfoillsioghadh do dhaoinibh, .i. don eaglais, aca a bhfuil
cumhachta agas úghdaras na peacaidh do sgaoileadh agas do mhaitheamh.
Da n-aibeoradh duine air bith, "Dheanuid faoisidin an mo
chraoidhe le Dia agas tiocfuidh leis féin mo pheacaidh do
mhaitheamh gan curam a chur ar an eaglais", freagran Auguistin
naomhtha na briatharadh sa ag rádh, "Na mealltar duine air bith mar
sin, or dama lór aidmheal don tsiord sin, ba diomhaoin do Mhac
Dé a rádh leis na heasbail agas leis an eaglais a bpearsain na
n-easbal, "Cebe cheangalfuidh sibh ar talamh, biaidh siod
ceangailte air neamh, agas, cebe sgaoilfe sibh air talamh, biaidh
siod sgaoilte air neamh" (hom.59). Gan amhras, dob fhéidir le
Dia na mirbhilleadh agas na haontais a righneadar na heasbail
agas na naoimh a ndeanamh e féin dam áil leis; gedheadh, niarbh
áil leis a dheanamh acht tre mhinistrileacht na naomh, agas mar
an gceadna, ní hail le Dia an peacach do sgaoileadh acht tre
mhinistrileacht na heaglaise, mar is follas aige Lucas
seibhisgeul, c.17, an tan do leighis Iosa an deichneamhar labhar
go ndubha<i>rt leo imeacht agas iad féin a theisbeanadh do na
sagartaibh agas go raibh siod glann.
Leughtear fioghar roghaolmhar ris an fhaoisidin ag Lucas, an 15
c., air an mhac mhiochomhairleach a chuir a chuid ranna
d'oighrigheacht athara thort go caithmheach. Agas air mbeith an
oireasbhuidh mhór dó a ttír choigcríchigh choimhigh agas é ag
mucuidheacht muc, ló n-aon do smaoinidh se ag féin gurab olc do
chaith se a chuid agas fearg athara do thuilleamh ag deanamh poite
agas striopachuis agas mórolc eile. Do ghaibh aithreachas é, agas
adubha<i>rt, "Eireochad agas rachad d'ionsaigh m'athara agas
dearuid ris, "Athair, do pheacaidh me go trom a bhfiaghnaise Dé
agas do lathairse. Anois ni fiu me do mhacsa a ghairm dhiom;
gegheadh, dean oglach na fear tuarasdail dhiom."" Le sin do
ghlac an t-atha<i>r go luaghaireach é, agas thug se air a
stiobhart no air fheadhmantach eadach agas earradh do chur uime,
agas fos gairdeachas, ceol, agas feasda a dheanamh 'na chuinne.
Go faithchiallach 'sé an milltean mic ud an peacach a chuaidh an
uabhar agas a miochomhairle, ag caitheamh na ngrás agas na
ttiodhlacadh a fuair se o Dhia go diomhaoin. Anois, cebe peacach
ata le fada air dibirt o thigh agas o theaghlach an Athar
neamhdha, eirigh se suas go tapaidh agas triallaigh se d'ionsaigh
an athar faoisidin, fear ionad Dé air a' tsaoghal, agas abraigh leis,
"Atha<i>r, do pheacaidh me go trom an aghaidh Dé agas do
latha<i>rse. Ni fiu me mac Dé no na heaglaise a ghairm dhiom;
cedheadh, gabh riom a mósaine no an oglachas pianoideach na
haithrigh." Cebe dheanas mar sin, eireochaidh dó mar d'eirigh
do mhac na miochomhairle san tsoisgeul, .i. géabhaidh an tAthair
siordhaidhe leis go luaghaireach agas dearaidh lena stiobhart, .i.
leis an oide faoisidin, a nighe agas a ghlannadh, ag tabhairt
maitheamhnas agas absoloide dó, agas ag cur éideadh na ngras
neamha uime.
Leughtar fioghair eile roghaolmhar air an fhaoisidin san naoidheamh
caibidil do Ghniomharadh na n-easbal, .i. go raibh Pól ag dul
go Damascus chum dibirt, géarleanmhuint, agas inghreim a dheanamh
ar an mhuintir a ghabh le Criosda mar mhaistir. Acht ag siobhal
na sligheadh dó, chonairc se dealradh soillseach 'na thimchiol,
air mhodh gur thuit se marbh fa thalamh; acht air n-eirigh as
an neal sin dó, chuala se guth ag rádh, "A Shail, a Shail,
creud fa bhfuil tu dam gheirleanmhuint?" Freagras Pól agas
adubha<i>rt, "A Thighearna, cread is ail leat mise do dheanamh?"
Labhras Criosd agas adubha<i>rt leis, "Imigh asteach go caithrigh
Dhamascus agas inneasaigh an sagart Ananias creud is coir duit
a dheanamh." Do chuaidh se amhlaidh asteach san chaithrigh, agas
air mbeith dall tri haoidhche agas trí ló, bhi se gul agas a'
caoidh fana pheacaidh no go ttainig fa dheoidh an sagart Ananias
da ionsaigh. d'aidimh Pól a pheacaidh don tsagart, an úair a
thóg se a lámh as cion Phoil, thuit bruit da shuilibh agas
chonairc se go glannradharcach.
Gaibhse an teagasg sa Chriosda thugad fein aniodh, a pheacaidh,
ata ag dibirt agas ag geirleanmhuint Iosa mar bhi Pól. Imigh go
caithir na faoisidin, mar chuaidh Pol go caithrigh Dhamascus,
aidimh do pheacaidh le gul agas le caoidh don tsagart mar righne
Pol, no go ttoigeochaidh se a lamh as do chion, go mbearaidh an
absoloid duit, agas go ndeanaidh se do shiochainte le Dia, agas
ma nidh tu mar sin, na bidh amhras agad nach bhfuighidh tu
trocaire mar fuair Pól.
Leughtar san chearamhugh caibidil do Leabhar na nginnealach
gur mharbh Cain mac Adhmha a dhearbhratha<i>r Abel.
d'fhiafraigh Dia do Chain gar ghabh Abel, Ubi est frater
tuus, Abel? Shéan Cain an fheall air Dhia, agas labha<i>r
fós go heasumhal, ag rádh, "An damhsa a d'ordaigh tu a
choimhead?" "Feuch, a Chain," air Dia, "ata fuil Abel ag
eabhuidh suas on talamh am fhiaghnaise." Mhallaigh Dia Cain
agas dhíbir se ona thír, ona mhuintir, agas ona ghaoltaidh é.
Gedheadh, chuir se branda agas comhartha air Chain, agas
adubha<i>rt, "Cebe mharbhas Cain, gheabha se pionoid seacht
ndubla." Adeir St Tomas, dam ail le Cain an peacadh
d'aidmheal do Dhia, go bhfuigheadh se maitheamhnas agas
absolaid ann. Agas ge gur mharbh Lamech Cain, ni dearnadh
coir air bith air. "Creud fá nach dearnadh," adeir na diadhaireadh,
"a ndiaidh Dia a rádh go ndeanfuidh?" Ata, do bhrigh gur aidimh
se fein an choir, agas is amhlaidh fua<i>r absoloid agas
maitheamhnas ann, mar is follas Gen. c.4. Agas creidean Auguistin
naomhtha, da n-aidmheochadh Adhmha fein an peacadh a rinne se, go
bhfuigheadh párdun agas maitheamhnas ann.
Chuaidh an Phairisineach agas an puibliocanach suas don teampol
(Luc., c.18). Sheasaimh an Pháirisineach go dána dóchasach
agas niar aidimh se coir no cain a bheith air fein. Sheasaimh
an puibliocanach bocht a bhfad sios on altoir agas niar leig
eagla no faithcheas dó a shuile a thógbhail suas acht bhuail se
ucht agas d'aidimh se a pheacaidh, ag radh, "A Dhia, cogail
damhsa an peacach." Feuch cread a d'eirigh don dís. An
Phairisineach nachair aidimh a chionta, tugadh breith dhamanta
air, agas saoradh an puibliocanach cion go ndearna faoisidin agas
gur aidimh se e fein a bheith 'na pheacach.
D'aidimh Daibhi an rígh a pheacaidh do Natan an faidh, ag
rádh, Peccavi Domino (2 Reg., c.12, v.13); rinne Muire
Mhagdailean faoisidin le Criosda. Fuair siod araon párdun agas
maitheamhnas o Dhia do thairbhe na faoisidin sin. D'aidimh
gadaigh na laimhe deise a pheacaidh le craoidhebhrughadh agas le
dólas; d'iarr se agas fuair se trocaire, or chuala se Criosd
ag rádh leis, "Beith tu maille riomsa aniodh a bpárdhas." "Feuch",
adeir St Auguistin agas Criosostam, "mar d'fhosgail an gadaigh
geatadh agas doirse nimhe do féin le mead, neart, agas brigh na
faoisidin."
Is follas riachtanas na faoisidin as an leabhar darab ainm
Scala caeli. Deir an leabhar sa go rabhadar dias seanmontaigheadh
lo n-aon ag siobhal na sligheadh. Air mbeith ag imeacht doibh,
tangadar chum caislein áirigh anna raibh bean uasal aice a raibh
leanan peacaidh nachair leig a' náire dhi a chur a bhfaoisidin
air feadh aon bhliaghain deug. Ach an uair a chonairc an bhean
sa an eaglais dheorachta no choimheach ag teacht, do mheas sí
faoisidin a dheanamh leo, do bhrígh nach raibh eolas aca urrtha.
Cinneadh an chomhairle sin le, agas tainig da faoisidin chum fir
aca. Agas air seasamh don dara fear san gcluid eile don teampol,
do chonairc se péist ag teacht amach air a beul re hucht gach
peacaidh dar innis sí agas ag dul tar dhorais an teampoil amach.
Agas a bhfiorchean na faosidin do chonairc se dragun mór ag cur a
chinn amach as a beul agas ag filleadh asteach arisd. Gedheadh,
an tan do loc an bhean an dragun do sgeith, feuch, do fhilleadar
na haithreacha nimhe reamhraite a mbeul agas a mbroinn na mna
arisd, agas d'imigh mar sin gan a peacaidh d'fhaoisidin.
Agas triallas an dias eaglasach san ród rompa, agas ar ndol tri
mhíle on mbaile, d'innis fear aca don fhear eile creud a
chonairc se. Gabhas biogadh an dara fear, agas dubhairt gur
pheacadh éigin do cheill sí, agas fhilleadar san chonair
cheadna tar a n-ais arisd. Agas air tteacht doibh gusan
chaislein, fuaradar an bheann air bhfaghail bháis. Do ghabh
tuirse mhór iad, acht tar eis staideir a dheanamh orra féin,
síneas air throsgadh agas air urnaighe go diochra dithchiolach, da
iarraidh air Dhia foillsioghadh doibh cread a tharla don mnaoi.
Agas a gcion an treas ló do chonchadar an bhean ag marcuidheacht
air dhragun tindrigh agas dhá nathair nimhe a ttimcheal a
muineil, dhá phéist uathmhara air a suile, agas grís dhearg ag
teacht amach air a beul, dha mhadradh chonfadha ag creimneadh a
lamh, dhá shoighead tintigh tréna cluasa, agas arc sleibhe no
luachra fana braghaid. Gabhas biogadh an eaglais aig fechuin urra.
"Na biodh eagla oruibh, a charruid Dé," air síse, "or is mise an
bhean mhallaidh do righne faoisidin an ló fa dheireadh, agas do
bhrigh gur cheillis peacadh trom do rinnis, ataim damanta gan
dóigh fuasglaidh go siordhaidhe."
"Cuirim foirceadal ort as ucht Dé", air an t-oide faoisidin, "an dá
cheisd a chuirfid ort d'fhuasgladh dhamh. Air tús, creud
chiallaigheas eagsamhlacht na bpian sin ort? An dara ceisd, Cia
an peacadh is mó a ndamantar daoine air a shon?"
Freagras an bhean agas as eadh adubhairt, "As e adhbhar a
bhfuilead", air sí, "na hairc luachra sa air mo chean, an éirc
a ndeanain do chiorughadh, d'oirneadh, agas d'fholcadh air
ma ghruaig agas air mo chean. Ataid na soighide tintidhe se ann
ma chluasaibh a ndiol an ithiomraidh agas na culchainte a rinnis
agas d'eistin go toileamhuil. Ataid na haithreacha nimhe
se fa ma bhraghaid air son gach soirighe agas gach taghalladh
neamhghlann da ndearnais. Is uime ataid na madraigh se ag
creimneadh mo lamh, tre mhionaca do bhearuin do mhadraidh agas
do ghadhraibh nídh le bhfeadfuin bochta Dé do riar." Freagras
an dara ceisd, ag rádh, "Is iomdha", air sí, "peacadh le a tteid
daoine go hifrion, agas go sunradhach peacadh an diomaois, na
sainte, na druise, etc., agas fa dheoidh, an diud agas a' náire
a chuireas an diabhal orra ag deanamh na faoisidin." Agas an tan
a d'fhiafraigh an t-athair faoisidin di an raibh furtacht
na cabha<i>r le faghail aice, fuadaigheas an dragun maille re
hiomad pian go hifrion iochtrach an bhean.
Is iontuige as an sgeul sa go bhfuil se contabhartach agas 'na
dhamnughadh siordhaidhe trompheacadh air bith a cheilt on oide
faoisidin.
Leughtar stair a Sgathan na sampladh air mhnaoi do mharbh a
leanabh féin gan fios na faoisdine ag duine air bith urra. Acht air
ttuigmheal di gur mhór an peacadh do righne si, do shín sí ag gul
agas ag caoidh, ag deanamh trosgaidh, deirce, agas urnaighe fa
throcaire agas maitheamhnas d'fhaghail o Dhia air son an
pheacaidh sin. Gedheadh, niar leig an náire dhi a chur a
bhfaoisidin. Air mbeith dhi seal aimsire mair sin a gcathair
na Romha, tainig an diabhal a gcruth agas a ndeilbh dhaona agas
innsias d'oificeachuibh an dlighidh an bhean agas an choir
do rinne si agas go ndeanadh se fein fiaghnaise 'na haghaidh.
Do chuadar na hoificidh d'ionsaidh na mna agas do ghabhadar í
agas d'innsiodar an choir do bhi urra. Ghuidh an bhean na
hoificidh agas d'iarr a tabhairt a lathair an phapa. Fuair si
an athchuingidh sin, agas air tteacht a latha<i>r di, d'aidimh si
an choir agas rinne faoisidin. Fuair sí an absoloid, agas tugadh
air a hais a lathair an dlighidh arisd an bhean. d'fhiafraigh
an breitheamh don oglach a bhi
'na haghaidh creud an chúis a bhi aige urra. Freagras an
t-oglach agas as eadh adubhairt, go ndearna an bhean faoisidin
agas uime sin go ndearna seision dearmod da coir; agas le sin
d'imigh se as a bhfiaghnaise 'na sblang teinneadh, or as e an
diabhal a bhi a ndeilbh dhaona ann. Is iontuigthe as so nach
bian cuimhne ag an diabhal air pheacadh ar bith tar eis a chur
a bhfaoisidin.
Tarla do shagart a bheith lo áirigh aig rádh urnaighe laimh
leis an altoir, agas silleadh da ttug seacha, chona<i>rc se bean
ag deanamh crábhaidh air a gluinibh; agas chona<i>rc se fos
deamhan as a cion a gcruth adhuathmhar agas é ag sgig agas ag
fochmoid fuithe. "Foirceadal ort, a dhiabhail," air an sagart.
"Innis damh an ainm Chriosd adhbhar do mhagaidh." "Is e adhbhar
ata agam," air an diabhal, "an bhean sa 'ga snoighe agas 'ga
seargadh fein le caoidh agas le crabhadh agas nach fada uaidhche a
dhul go hifrion, or saoilidh an amaid mhna sa go bhfuidhe si
maitheamhnas ansa pheacadh throm do rinne si gan a chur a
bhfaoisdin, ní nach feidir d'fhaghail, da mbiadh sí gul agas
a' caoidh go lo an bhreitheamhnais, gan faoisidin." Air gclois
sin don tsagart, do ghabh se ag griosacht na mna a dhol chum
faoisidin. Leig an bhean air a glúinibh í a bhfiaghnaise an
tsaga<i>rt agas rinne faoisidin iomlan ghearchaointeach leis agas
fua<i>r an absoloid. Acht an tan do thuig an deamhan go ttainig
da uirghiol fein an bhean d'anacal on diabhal, do ghabh
aithmheal agas eagla mór é. Do sgread agas do sgreach agas do sginn
se 'na mheall teinneadh as bhallaibh an teampoil amach.
Is iontuigthe as a ndubhramar riachtanas agas feidhm na faoisidin.
Agas cebe nach dean an fhaoisidin, a bias balbh agas a cheilleas
a pheacaidh, rachaidh se go hifrion, mar chuaidh an balbhan air
a labhran Criosda san tsoisgeul (Matha, c.22), Amice, quomodo
huc intrasti, non habens vestem nuptialem? "A chompanaigh,
cionas a thainig tusa asteach anso gan eadach bainseamhuil
umad?" At ille obmutuit, acht niar labha<i>r an t-oglach focal;
niar aidimh se an t-abhar a chuir mighleas air. Ba shíod sin
na peacaidh, agas cion nach ndearna an t-aidmheal no an
fhaoisidin mar sin, d'iarr Criosd a cheangal a chosa agas a lamha
agas a theilgint amach a ndorchadas siordhaidhe ifrin.
"Mas maith leat do shaoradh no do shabhail, deana faoisidin",
adeir Auguistin naomhtha. Or mar is dual don pheacadh an t-anam
a thruailleadh agas a shalchadh, is dual don fhaoisidin agas do
na coinghil riachtanasach, orra air gheallais tracht san dara cuid
don chomhradh sa, an t-anam a shaoradh agas a ghlanadh o shal
agas o ghraineamhlacht an pheacaidh agas a dheanamh sgiamhach
taitneamhach a bhfiaghnaise na Trionoid, Confessio et pulchritudo
in conspectu ejus (Psm.,95, v.6).
AN DARA ROIN. Ata se follas sothuigse as a ndubhramar san chead
roinn go bhfuil briatharadh Chriosda o thús, na haithreachadh
naomhtha, na comha<i>rleacha ginerealta, agas comhaonta coiteanta
na heaglaise ag deanamh fiaghnaise air riachtanas, air bhrigh,
agas air fhearta na faoisidin. Anois, teisbeanuid san dara roin
na coinghil agas na daighin ata riachtanasach an fhaoisidin a
dheanamh go diongmhalta.
Ata ceithre coinghil riachtanasach an fhaoisidin a dheanamh go
maith agas mar is coibhe, .i. sgrudughadh an choinsis, an
croidhebhrughadh, aidmheal na gcionta le briatharadh beoil ag
catha<i>r na faoisidin, agas loirghniomh. Is leis an chroidhe,
leis an bheul, agas le gniomharadh a nithear an peacadh; mar sin,
is leis an chroidhe, leis an bheul, agas le gniomharadh is coir
an aithrigh a dheanamh, adeir Auguistin naomhtha agas comha<i>rle
ghinearalta Threant. Leis an chroidhe, ag deanamh tuirse agas
dólais; leis an bheul, ag deanamh na faoisidin; agas le gniomharadh,
ag deanamh trosgaidh, deirce, agas urnaighe, loirghniomh agas
sásaidh do Dhia agas don chomharsain.
DON SGRUDUGHADH COINSIS. Ag trial chum na faoisidin, ata se
riachtanasach ag an uile dhuine aimsir áirigh a ghabhail chum
smaoinioghadh agas cuimhnioghadh air féin, a choinsias a
sgriudughadh agas a ransughadh, agas a pheacaidh a chruinioghadh
air aon latha<i>r an' fhiaghnaise. Ni bhfuil meodhain no
riaghail chum an ransaigh se a dheanamh air an choinsias is féar
no feuchaint agas siobhal air aitheanta Dé agas na heaglaise, agas
fhiafraigh dhíne féin cionnas no ca mheid ua<i>r a bhriseamar
gach aithne aca fa seach. Siobhail arisd air na seacht bpeacaidh
mharbhtha, air pheacaidh gniomha, agas air pheacaidh na faillidh
no na muineachtaigh ansna deighniomharadh a bhi d'fiachaibh
oruin, agas fa dheoidh, is maith an riaghail smaoinioghadh air
gach
ait agas air gach ionad anna rabhamar, air gach gnothaigh agas air
gach comhluadar do bhí aguin, agas mar sin, cuimhneochamoid cionas,
ca mheid uair, creud an modh, an rún, an cháilidheacht no an
chaindigheacht annair pheacaidhmar. Tar éis fechaint agas
smaoinioghadh mar sin air staid air gcoinsis, ata d'fhiachaibh
oruin a theacht chum an dara coinghil, .i. an croidhebhrughadh.
DON CHROIDHEBHRUGHADH. 'Se is craoidhebhrughadh ann, doilgheas
no tuirse a bheith oruin cion gur pheacaidhmear an aghaidh Dé
maille le rún daighean gan a ndeanamh arist. Ata dha chineal
craoidhebhrughaidh ann, da ngoirthear contritio agas a<t>tritio
san Laidin, .i. craoidhebhrughadh iomlan agas craoidhebhrughadh
neimhiomlan. Is ionan contritio agas doilgheas fan pheacadh mar
gheall agas mar ghradh ar Dhia. Is ionan a<t>tritio agas
doilgheas fan pheacadh ar eagla a bheith 'ga losgadh an ifrion,
no aoibhneas na gloire siordhaidhe do chailleadh. Cebe aige a
mbeith an craoidhebhrughadh iomlan sa, da ngoirthear contritio
amoris, 'se sin le rádh, cebe air a mbeith tuirse agas doilgheas
fan pheacadh mar fhiorghradh air Dhia, sábhalfar anam gan
chontabhairt ma bhion se air an staid sin an aimsir an bhais,
sin agas nach biadh foill aige an fhaoisidin féin a dheanamh no an
absoloid d'fhagail. Acht cebe nach mbeith aige acht
a<t>tritio, .i. doilgheas an eagail, ata se riachtanasach ag an té
sin faoisidin a dheanamh agas an absoloid d'fhaghail, sin no
caill na gloire siordhaidhe.
AIDMHEAL NA BPEACADH le briatharadh beoil an treas coingheal a
bhaineas leis an aithrigh. Ata se riachtanasach ag an uile
Chriosdaidhe darab mian dligheadh na heaglaise a choimhlionadh
faoisidin a dheanamh lena shagart cúraim air an chean is lugh
uair san mbliaghain, no le sagart eile le cead agas le cumhachta
an tsagairt cúraim agas an uachtrain, or gan cead mar sin ni bhian
an fhaoisidin dleisteanach. Mar sin, a Chriosdaidhe, aidimh do
pheacaidh don oide faoisidin, na leig don diabhal náire no
cathaigh a chur ort, glas a chur air do theangaidh no balbhan a
dheanamh dhiot, mar rinne leis an oglach san tsoisgeul aniodh.
Aidimh iad go glan sothuigse; innis an peacadh is mó agas is
graineamhla air tús agas is luighide a bhias náire ort beallach a
leigint leis an chuid eile. Na tracht air pheacaidh duine eile
acht air do pheacaidh fein amhain, or is ort féin is coir dhuit
an gearan do dheanamh agas ní air neoch ar bith eile. Na bi
fuireach leis an athair faoisidin gach aon fhocal fhiafraigh
dhiot. Na habair leis, "Ni heol damh an fhaoisidin a dheanamh",
or mar dob eól duit an peacadh a dheanamh, cread fa nach eól duit
a gcur sios san fhaoisidin, muna bhfuil an diabhal balbh sa ag
dúnadh do bheoil?
Ata d'fhiachaibh ort fos ni he amháin an peacadh a chur a
bhfaoisidin acht fós imhir, mead, aicid, naduir, cailidheacht, agas
caindigheacht an pheacaidh a chur sios. Is diobh so a ghoiread
na diadha<i>readh circumstainti, agas áiread seacht n-aicideachuibh
don tsiord sa ann, .i. an té, an tan, an ait, an mead, an modh, an
comhluadar, agas an t-abhar; or reir na n-aicideachaibh se
meadaighear no claochlaighthear an peacadh. Iar ndeanamh na
faoisidin mar so go riaghalta, crom do chean agas buail h'ucht ag
faghail na habsoloide, agas fa dheoidh, eist go tuigseach
staidearach le comha<i>rle, uideas, agas teagasg an oide faoisidin
agas tabha<i>r fa dear an breitheamhnas aithrigh.
DON CHEATHRAMHUGHADH COINGHIOLL, .I. DON LOIRGHNIOMH NO DON
BHREITHEAMHNAS AITHRIGH. An té a nidh faoisidin agas a gheibh an
absoloid, fuasglar agas saorar é on pheacadh agas o phiantaibh
ifrin a dhlighear ar son an pheacaidh, acht 'na dhiaidh sin
mairion pian no cain aimsiora re diol air a' tsaoghal sa no a
bpurgadoir; agas feuch, glacan Dia an loirghniomh no an
breitheamhnas aithrigh, .i. an trosgadh, an deirc, an urnaighe, an
cradh cuirp, agas oibreachadh eile na haithrigh, mar shásadh agas
mar dhioluigheacht air son na canacha aimsiora sin. Is cruthughadh
air so an chain a chuir Dia air Adhmha, .i. a dhibirt amach as
pardhas talmhuigh (Gen., 3, v.24) agas air Dhaibhi an righ a
mhac bás fhaghail mar chanaidh ar son an pheacaidh a rinne se
féin (2 Reg., c.12, v.13,14; Hebr., 12, 6; Rom.8,17; I Cor.5,3;
concil. Trid.). Is don loirghniomh sa sásadh
agas aisioc a thabhairt don chomharsain ar son gach diobhala da
ndearnadh doibh ana maoin, ana gcluthaidh, ana bpearsoin, agas
cebe a gheabhas bás gan an dioluigheacht sa a dheanamh no go
háirigh rún a bheith aige a ndeanamh, beith se 'na ngeall a
ngéabhanuibh agas a nglasaibh purgadora no go saiseochfar
dioghaltas Dé le neoch eigin air a' tsaoghal 'na dhiaidh le
trosgadh, deirc, no urnaigh, le rádh na n-aifrion, no le diol na
bhfiach dleisteanach. Uch, ma thrí thruaidhe an mhuintir a
d'fhag an dioluigheacht sa gan deanamh 'na ndiaidh ag taobhadh
le cloinn, le ceile, no le carruid sásadh agas aisioc a thabhairt a
saothar agas an allas an duine bhocht, a ttuarasdal an
tsaothairigh agas an tseirbhisigh, an ioc na bhfiach dleisteanach,
agas an gach eugcoir no aindligheadh eile don tsiord sin. Rinne
an chlann, an charruid, agas an cheile dearmod diobh; ni deanad
deirc no deaghobuir eile lena n-anam; ataid na fiacha gan ioc agas
an dioluigheacht gan deanamh; gegheadh, ata siod fein 'na gheall,
agas beith a bpriusun phurgadora no go sáiseochfar dioghaltas Dé
agas go n-iocfar an fheoirling dheigheanach do na fiacha, mar
dhearbhas Criosda féin duinn (Math., c.5, v.25,26).
Anois, a cháirde, na cuirthear an loirghniomh, an dioluigheacht,
agas an t-aisioc air cáirde go ham no go húa<i>r an bháis no
fós 'na dhiaidh go pianta purgadora. Mar sin, ceanaidh do pheacaidh
an aimsir do bheathadh re do dheighniomharaibh; diol do chain air
a' tsaoghal sa abhos le trosgadh, deirc, agas urnaighe, le cradh
coirp agas deaghoibreacha eile agas na taobh na neithe se le cloinn
no le carruid go héis do bhais, d'eagla go ndeanuidis dearmod
no faillidh umad. Na leig do leas air cairde. Iarr trocaire air
Dhia anois sul fa ttiocfuidh ló an chuntais. So uideas agas
comha<i>rle na seanmontaigheadh agas na ndiadhaireadh dhuit, a
Chriosdaidhe. Cuir gach nídh aca go dobhain an do chraoidhe, agas
go ttuga Dia grasa duinn uile coimhoibrioghadh leo. An ainm an
Athar, agas an Mhic, agas an Sbiorad Naomha. Amen.
Finis.
DOMINICA 13#a# POST PENTECOSTEN ET QUARTA POST PASCHA. DE PECCATO,
.I. DON PHEACADH.
Ag deanamh mínigh agas craobhsgaoilidh air sheisgeul an lae 'niodh,
is gnás leis na seanmontaigheadh agas leis na diadha<i>readh comhnaigh
agas fuireach a dheanamh, ag foillsiogh agas ag teisbeanadh iomhaidh,
deilbh, agas graineamhlacht an pheacaidh marbhtha. Air an adhbhar
sin, rannfuid an comhradh sa a ttrí rannuibh: san chead roinn
teisbeanuid creud is peacadh ann, naduir, cineal, mead, agas
graineamhlacht an pheacaidh; teisbeanuid san dara cuid cionnas is
coir a sheachna; agas fa dheoidh, cionnas is coir a leigheas.
Agas chum na trí poing se a thabhairt chum criche, iarrmoid grasa
an Sbiorad Naomh, ag radh na hAue Maria. Aue Maria.
AN CHEAD ROIN. Is e is peacadh ann, easumhlacht agas easonoir a
theisbeanadh do Dhia ag briseadh a dhlighidh. Ata dhá chineal
peacaidh ann: peacadh na sinsire agas peacadh gniomha. 'Siod
Ádhmha agas Éabha a righne peacadh na sinsire ag ithe ubhal na
haithne, agas is mar chánaigh ann a thainig an bás, gach dochar,
gach tinneas, agas gach seanmhallacht eile da ttainig orra fein
agas air chine daona 'na ndiaidh. Ata dhá chineal peacaidh
gniomha ann, .i. peacadh marbhtha agas peacadh sologhtha. Nídh an
peacadh sologhtha an t-anam tinn, acht do bheir an peacadh marbhtha
bás iomlan dó, or is naduir don pheacadh marbhtha an t-anam do
shalchadh agas do thruaileadh, grasa Dé, beatha an anma, a
sgarbhuint leis, agas bás siordhaidhe sbioradailte a thabhairt dó.
Is cosamhail an t-anam air staid an pheacaidh le taise duine
mhuirbh san uaidh. An ghnuis agas an deilbh dhaona a bhi
moiseach sgiamhaluin an aimsir na beathadh, eirigheann si dubh
dorcha dathghrana mar ghual gaibhne tamal tar eis an corp adhlacadh.
Ni feidir le súil dhaona feuchaint air an chorp le heagla agas
le
huamhan na hanchuma agas na graineamhlacht a thainig air,
no fós a theacht da ghar no da aice air mhead a mhorgaidh, a
bhreantanais, agas a dhrochbhollaidh.
Teagbhan a' nídh ceadna don anam a bhias marbh air staid an
pheacaidh. Caillean se grasa Dé, dealradh agas sgeimh an anma,
agas ansin eirighean se dubh dorcha diabhlaidh drochbhollaidh a
bhfiaghnaise Dé, ar mhodh go mbian fuath, grain, agas miosta
aige air a radharc agas air a chuideachta.
Probatur exemplis. Bhi Lucifer agas na haingil a bhi a
fhlaitheas Dé, bhi siod cumhachtach glormhar gnuisdhealradhach
fiosach fioreolach dobhásaidh saortholach oireamhnach
coimhfhreagarach do na subhailcibh agas don bheathaidh shiordhaidhe,
capaces omnium virtutum et beatitudinis, acht chomh luath agas
rinneadar an peacadh chailleadar na mórthiodhlacaidh sin agas
díbreadh iad amach as radharc agas as fiaghnaise Dé go priosun
iochtrach ifrinn mar nachairbh áil leis feachaint air uathbhas, air
uamhan, agas air graineamhlacht an pheacaidh, noch do chlaochloigh
agas d'athruigh a ndeilbh agas a <n>gnuis ainglidh chum a bheith
dubh dorcha diabhlaidh adhuathmhar.
Leughthar a Sgathan na sampladh go raibh aingiol agas dithreabhach
uaigneach ló n-aon ag siobhal re cheile no gur theagaibh corp
morgaidh marbh san mbealach orra. Thainig an t-aingeal
d'ionsaidh an chuirp gan fhaitcheas, gan uamhan, gan eagla,
acht niarbh fheidir leis an dithreabhach a theacht da ghar air
ghraineamhlacht agas ar uathbhas an bhollaidh, an mhorgaidh, agas
an amhairc adhuathmhair a chonairc air. Niar chian doibh 'na
dhiaidh sin air chas oganach sgiamhach orra. Gabhas an t-aingeal
biogadh agas eagla ag feuchaint air an oganach, agas niarbh fheidir
leis an drochbholladh a bhi a<i>r d'fhulang. "Creud fá", air
an dithreabhach, "a ngabhan tu miosta leis an oganach sgiamhach
agas nachair ghabh uathbhas thu leis an chorp mhorgaidh mharbh?"
"Cionn go bhfuil anam an oganigh se", air an t-aingiol, "morgaidh,
marbh ansna peacaidh, ce gur aoibhin aluin a chodlan; mar sin
chimse graineamhlacht agas mothaighim morgadh na substainte
sbioradailte, mar is sbiorad me fein, air an modh a mothaighean an
chreafog dhaona bolladh agas breantanas na creafoige eile, cion
gurab ionan naduir agas substainte
doibh." Is iontuige as an easamplair se go gcaochloighean agas go
n-athruighean an peacadh marbhtha séala agas comhartha Dé,
iomhaigh agas deilbh ghlormhar na Trionoid, noch do buaileadh o
thús air an anam, agas go mbuailean branda agas séala dubh dorcha
an bhais agas an diabhail 'na áitigh; agas is amhlaidh, an fad a
chomhnaigheas air an staid sin, bian grain, fuath, agas díbirt ag
Dia agas ag aingioluibh air.
Leughtear ar Auguistin naomhtha go bhfaca se an diabhal aon úair
amhain agas adubha<i>rt se, da bhfaiceadh se arist é, go
bhfuigheadh se bás le heagla, le uathbhas, agas le huamhan an
amhairc sin.
Labhran Antonius naomhtha air dhuine riaghalta a chona<i>rc an
diabhal, agas adubhairt se gurbh fhéar leis a dhul asteach go tigh
teineadh no aon amharc amháin eile d'fhaicsind air, bhi se chomh
uathbhasach adhuathmhar grana agas sin as siocair na hanchuma a
chuir an peacadh air a chruth agas air a dheilbh, a bhi roimhe
sin uilesgiamhach, 'na lochran soillse a bhflaitheas Dé.
Dubha<i>rt an bhannaomh Catriona go ngeabhadh sí do roghuin
siobhal air chabhsa teineadh go ló an bhreitheamhnais nias tuisge
no aon neoch do mhuintir ifrin d'fhaicsind.
An tan a mharbh Cain mac Adhmha a dhearbhrathair Abel,
chlaochlo an trompheacadh sin deilbh agas cruth Chain. Bhuail
Dia comhartha agas branda grana an pheacaidh air, air mhodh nach
ttainig lena mhuintir féin feuchaint air no a fhulang 'na measg,
agas is amhlaidh dhíbreadar air feadh a' tsaoghail uadhfa é 'na
dheoraigh bhocht air seachran a bhfad ona thír agas ona
charruid go feadh a shaoghail (Gen., caib.(4)).
A' nídh ceadna a theagaibh do Chain, teagabhaigh sé don uile
pheacach a lathair Dé. Or caillean an peacach dealradh na ngrás
a bhi aige, caillean se moise agas sgeimh an anma; agas air a' nós
cheadna air chaill Cáin an chead snuadh agas an chead mhoise
a chuir Dia air, air mhodh nach ttainig lena mhuintir no lena
ghaoltaidh féin fheuchaint na fhuilint, mar an gceadna, ni
feidir le Dia, le hainglibh, no le na naoimh an t-anam fheuchaint
no fhulang tar éis a thruaileadh agas a mhilleadh le huamhan agas
le graineamhlacht an pheacaidh agas snuadh na ngrás do chailleadh,
agas amhlaidh díbread uadhfa an t-anam sin a gheibh bás air an
staid sin mar dhibearfuidh fear lobhair no plaighe as meadhan a'
tsluaidh, no caora chlabh as lár agas as meadhan an
tsréd, no mar do dhíbearadh caora a huan féin da bhfaiceadh sí
deilbh no deanamh an uain air n-imeacht uadha agas cuma agas cruth
madraidh no mic tíre air tteacht air.
Is cruthugh air so mar díbreadh na haingil as flaitheas Dé, Adhmha
as párdhas talmhain, agas mar slugadh Sodom agas Gomora sios as
fiaghnaise Dé go hifrion, mar nach ttainig leis a bhfulang no a
bhfeuchaint as siocair an pheacaidh.
Is e an peacadh is ceannsiocair agas is fréamh don uile olc. Is e
an peacadh a thairngeas miosta, fuath, agas fearg Dé oruin; 'se
an peacadh a sgriosas agas a dhallas ainm an fhirein ata sgriobhtha
le méar Dé a leabhar na beathadh air neamh agas chuireas sios an
t-ainm sin a leabhar dorcha an bháis an ifrionn. Is air son an
pheacaidh do hordadh pianta agas lassracha dofhuiling ifrinn agas
purgadora; agas is follas as bhriatharaibh Phoil chum na Romhanach
san 5 caib. gurb e an peacadh is ughdar don bhás fein, Sicut
per unum hominem pec<c>atum intravit in mundum, et per pec<c>atum
mors, "Reir mar is tré aon duine amhain a thainig an peacadh air
a' tsaoghal, is trésan bpeacadh a thainig an bás." Agas mar
beith go ttainig an bás mar sin, is deimhin sothuigse ag an uile
dhuine go mbiaidh na ceadfa corpordha saor air na haicideachaibh
examhla a bhias go coiteanta ag snamhadh agas ag seargadh an
pheacaidh roimhe leis an mbás. Mar sin, is doilghidh olc agas
urchoid an pheacaidh a chur sios. Munab é an peacadh, bhiadh
beatha aoibhin ag an duine, tórtha taitneamhacha na talmhan ag
teacht agas ag fás uadhfa fein, gan allas, gan saothar, gan
mhorghniomh, agas fa dheoidh, bheadh eunlaidh an aeioir, iasg
na marra, agas creatuir examhla eile na cruine faoi umhlacht, faoi
smacht, agas faoi thigheardas aige (Gen.,c.I).
Feuch fós air olc an pheacaidh. Is air son an pheacaidh a bathadh
an saoghal; is air a shon a d'fhuiling Criosda bás na croiche;
agas is mar chánaigh agas mar dhioghaltas san pheacadh a thainig
agas a thiocfas gach plaigh, cogadh, gorta, agas amhgar eile
saoghalta mar sgrios agas mar sguirse o Dhia o thús go crioch an
domhain.
Feuch arisd air urchoid an pheacaidh. Marbhan se an t-anam,
díbrean na grasa, sgriosan se luaidheacht na subhailceadh, .i. an
chreidimh, an dochais, an ghraidh, etc.; ni fhagan neart, brigh,
na luaidheacht a ttrosgadh, a ndeirc, no an urnaighe. Uime sin,
oibreacha marbha gan anam a ghoireas na diadha<i>readh do na
deighniomharadh a nithear air staid an pheacaidh marbhtha.
Chum an pung sa do chriochnughadh, dearc air urchoid an pheacaidh
air a' tsaoghal sa abhos fein, .i. is air a shon a chailleas
lucht na sainte, na gaduigheacht, na druise, agas an chraois a
n-onoir, a meas, agas an chlu shaoghalta a bhfiaghnaise
daoine, a maoin, a mbrígh, agas a slainte, agas an ghloir
shiordhaidhe, fa dheoidh, an am an bháis. Anois, a Chriosdaidhe,
mas ail leat na hoilc se do sheachna, seachain fréamh agas siocair
na n-olc, .i. an peacadh agas na hocoideachadh huige, orra a
labhrar san dara roinn dom chomhradh.
AN DARA PONG. Cia lear mian an phlaigh no an lobhar do
sheachna, na deanad dearmod lucht na plaighe agas an lobhair do
sheachna, d'eagla an aicide do ghabhail no a salchadh leo. Mar
an gceadna, mas ail leat, a Chriosdaidhe, an peacadh do
sheachna, seachain lucht deanta an pheacaidh, or deir an
psailmcheadach nach feidir tathaigh a dheanamh air an
drochchuideachta ata salach gonta le lobhar an pheacaidh gan a
bheith salach gonta maraon leo, Cum perverso perverteris
(Psalm., 17, v.27).
Ma fhiafraighear don duine dhamanta, creud far damnadh é, no don
duine mhiofhortunach adhbhar a mhiofhortuin, freagrad, "An
drochfhoghlaim agas an drochchuideachta na bpeacach a thug chum na
criche se inn." Mar sin, ata d'fhiachaibh oruinn ni he amháin an
t-olc do sheachna acht fós na hocoideachadh agas lucht deanta na
mighniomh do sheachna, mas ail linn a bheith glann no saor orra,
or caillean an fíreun a nimhchiontacht a measg agas a gcuideachta
na bpeacach, mar chailleas an fioruisge a bhlas agas a
mhillseacht ag comeasgadh le searbhuisge na saile no na fairge.
Ma thugan do shúil no do lamh dheas oilbheim no sgannail duit,
teilg uaid iad, or is féarr duit a dhul go flaitheas Dé le
aon suil no le aon laimh no a dhul go hifrion le do dhá shuil no
le do dhá laimh, adeir Criosda (Math.,5,29). Ciallaighean na
briatharadh sa, reir mhínioghadh na n-aithreach naomhtha Aug.,
Hier., Hilar., etc., do lucht gaoil agas pairte, agad a bhfuil
cion orra mar air do shuil no air do laimh, .i. h'atha<i>r, do
mhatha<i>r, do mhac, do inghean, etc., a seachna no a n<d>íbirt
uile nias luaithe no a dhul leo go hifrion, ma bhian siod 'na
n-ocoid peacaidh no sganala agad. Or is fear dhuit a dhul do
dhithreabhach bhocht go flaitheas Dé leat féin no a dhul a
gcuideachta do charrad agas do chompanach go hifrion na bpian.
Venite ad me omnes qui laboratis et onerati estis et ego reficiam
vos (Mat.,II,28). Geintir an peacadh san tuigse, thig on tuigse
gona tola, on toil go gniomh, o ghniomh go cleachtadh, o chleachtadh
go gnás, or bian coimhcheangal eidir na peacaidh air mhodh go
ttairngean peacadh peacadh eile 'na dhiaidh. Is amhlaidh, an tan
a thuit Daibhi an rí a bpeacadh na druise, tharaing an peacadh
sin a bpeacadh eile é, .i. a bpeacadh na feille no an dúnmharbhaidh.
Nua<i>r a shéan Peadar Criosda niar fhan se a mbun an chead
pheacaidh no gur thuit se trí huaire ndiaidh a cheile. Bhrath
Iudas Criosda; tharaing a' peacadh sin é chum peacaidh eile, .i. e
féin a chrochughadh. Tnuth a tharaing Cain chum peacaidh eile,
.i. Abel do mharbhadh.
Ní bhfuil ualach air bith is truime no ualach an pheacaidh. Is
laidre na flaithis as do chionn no práis aithleite; thiocadh leo
na sleibhte iomchar air a muin le neart agas le brígh; cedheadh, ni
thiocfa leo truime aon pheacaidh 'mhain marbhtha iomchar. Criosda
féin, lub se go talamh ag iomchar pheacaidh chine daona, .i. ag
iomchar na croiche. Da ttiocfa leis an diabhal ualach an pheacaidh
a thligeint dhe, dheanadh se; agas thusa, a dhuine, thig
leat an tromualach sa a chur dhiot agas ni dean tu é. Ní dean,
ata tu 'ga iomchar air do ghuailleach mar ualach conaidh le
haghaidh thu féin a losgadh.
DE PACE, ET DE OBEDIENTIA ET REVERENTIA SACERDOTI DEBITA.
A phobuil, deir Criosda libh san tsoisgeul, cebe éisteas leis an
eaglais go n-eistead leis fein, agas cebe bheir tarcuisne, masla,
no sganail doibh, go ttugan siod tarcuisne, masla, agas miomhodh
dhósan, agas fós don Athair siordhaidhe a chuir uadha iad (Luc.,
c.10,v.16). Agas da mbiadh fios ag aon neoch agaibh creud an
t-olc ata ann sin a dheanamh, dob <fh>éar dó an lamh dheas a
ghearradh dhe no a bheith 'na ocoid oilbheime aca, no mar
channas Criosd e fein, cloch mhuilin a chur fana mhuineal agas
a theilgint a lár na fairge (Luc.,17,2). Ni briatharadh fabhail
no falsa iad so acht canamhain agas comhradh Chriosda nach feidir
a mbreagnughadh go saoghal na saoghal. Acht amháin tabhair fa dear
anso gurab air an tí a bheir an tarcuis<n>e no an masla uadha agas
nach leigean an diabhal dó aithreachas no loirghniomh a dheanamh
a labhras Criosd anso.
Mar sin, deantar an tsiochainte, an leasughadh, agas an loirghniomh
an am, oir ni bhfuil trocaire le faghail gan subhailce na
siothchainte. Acht sul fa ttrachtam air an dá phong sa, .i. air
an tsiothchainte is dual a bheith eidir an sagart agas an pobal,
agas ar an onoir is coir don phobal a theisbeanadh don tsagart,
abromuid an Aue Mairia. Aue Mairia.
Is o Dhia fein a thig, a fhásas, agas a gheintear an
tsiothchainte; is toradh do thorraibh an Sbiorad Naomhtha í, agas
is uime sin a ghoireas Criosda san tsoisgeul clann Dé do lucht
dheanta agas chomhdaigh na siothchainte, Beati pacifici, quoniam
filii Dei vocabuntur (Mat.,5,9). Prionsa na siothchainte a ghoireas
an faidh Isaia do Mhac Dé na céadtha bliadhan sul fa ttainig
Criosd a gcodlan daona, Princeps pacis (Isaia, 9), agas adeir
Pól easbal mar an gceadna, "Dia na siothchainte", Deus pacis,
amhail agas adearadh siod, "'Se Dia athair agas prionsa na
siothchainte, agas 'siod clann agas muintir Dé lucht a deanta agas
a sealbhughadh."
Is chum siothchainte a dheanamh eidir Dia agas duine a d'fhuiling
Criosd an phais; agas an oidhche a rugadh é thainig na sloigh
d'ainglibh dealradhacha glormhara neamha d'fhogra na siothchainte
do dhaoinibh na talmhan, ag radh, Gloria in excelsis Deo, et in
terra pax hominibus bonae voluntatis (Luc., 2). Mar sin, thug se
an tsiothchainte leis air a' tsaoghal; 'na dhiaidh sin bhít se
ag teagasg agas ag comhairlioghadh na siothchainte air a' tsaoghal,
mar is follas as sheanmoir Chriosd air a' tsliabh (Mat., 5),
agas ag faghail bhais, niar fhag se airgiod no ór no sbré air
bith aga dheisgiobuil no aga mhuintir acht amhain an tsubhailce
se na siothchainte, Pacem relinquo vobis (Joan.,14,27). Agas fa
dheoidh, an chead uair a thainig Iosa d'ionsaigh na n-easbal
d'éis na heiseirigh, "Siochainte thugaibh" an chead fhocal
adubhairt se leo, Et Jesus stetit in medio discipulorum suorum et
dixit eis, "Pax vobis" (Luc., 24, 36). Mar sin, ata se sothuigse
as a ndubhramar nach bhfuil brontanas no tiodhlacadh o Dhia is
féar no an tsiochainte; siochainte maille re gloir seilbh agas
beatha na naomh a bhflaitheas Dé; siochainte maille re grasa
oighrigheacht na bhfíreun agas lucht deanta tola Dé air talamh;
miochaidreimhe agas fearg Dé seilbh na ndiabhal agas a chloinne
an iffrion.
Ata dhá chineal siochainte ann, siochainte Dé agas siochainte an
tsaoghail. Is ionan siochainte an tshaoghail agas a' saoghal a
bheith ag eirigh linn gan toirmeasg, gan tiobadh. Acht do bhrigh
go bhfeallan an saoghal gearrbhuan breugach cealgach fa dheoidh
oruinn agas na ttugan sioth no suaimhneas iomlan uadha, ní cóir
muinín no dóchas a dheanamh as. Is uime sin adeir Criosda
(Joan.,14,27), Non quomodo mundus dat pacem ego do vobis, "Ní
mar thugas a' saoghal a shiochainte do bheirimsi dhaoibhse."
Na buaidhearthar bhar ccroidhe, agas na biodh eagla air." An
tsiodhchainte a bheir Dia uadha bian sí geinearalta buan marthanach
gan cheilg gan triobloid le Dia, le do choinnsias fein, no le do
chomharsnach.
An ait a mbian a' tsiodhchainte bian séan, sonas, agas rath Dé,
Fiat pax in virtute tua et abundantia in turribus tuis, agas an
ait nach bian sí, theid an uile ní chum sgrios, báin, agas fásaigh,
Omne regnum in se divisum desolabitur; omnis civitas vel domus
divisa contra se desolabitur et non stabit (Luc.,11,17; Mat.,12,25),
eadhon an uile rioghachd, an uile chathair, an uile thigh,
theaghlach, no phobul nach umhlaighean, nach n-éisdean, nach
géillean, agas nach glacan comha<i>rle an cheanuirde, an uachtrain,
no an mhaighistir cille no tuaidhe, an athara, na mathara, an
tsagairt poraiste, etc., noch do chuir Dia os a gcean mar oide
muinte agas foghlama, rachad sin uile chum sgrios agas báin, agas
ni feidir leo seasamh. Agas air an adhbhar sin, adeir Pól easbal,
ag sgriobhadh chum an phobail Abhra, "Tugaidh umhlacht no urraim
do lucht bhur dtreóruighthe agas islighe sibh fein doibh, oir bid
siod aig foire bhur n-anmann mar an lucht a bheuras cuntas
uathfa", Obedite praepositis vestris et subjacete eis, etc. (Hebr.,
13, 17). Agas is amhlaidh a bheir an teagasg agas an chomha<i>rle
sin ocoid damh tracht air an onoir a dhlighthear don tsagart agas
is dual don phobal go sunradhach a theisbeanadh don tsagart
poraiste no cúraim, a' nídh air air gheallais labhairt san dara
roin don chomhradh sa.
Ata d'fhiachaibh air an phobal trí nídh a theisbeanadh don
tsagart, .i. onoir da phearsuinn, eisteacht lena bhriatharaibh,
agas a bheith cinnte air a leisgeul.
Ma ta sibh ag iarraidh cruthaigh anso, ata se follas nach raibh
treibh no naision air bith ariamh an ait air bith nach raibh a
n-eaglais féin a gcát<a>, a gceim, agas an onoir aca, .i. ag
na Romhanaigh, ag na Greugaigh, na Turcaigh, na paganaigh, na
geintealaigh, agas fós na heircidh, on rígh no on impire is uirde
céim agas gradam go nuige an labanaigh is lugha agas is isle meas.
Leughtear air an impire Alastran uaibhreach go ndeacaidh se le
harm cumhachtach an aghaidh chathair Ierusalem chum a sgrios
agas leagadh agas a haitreabhadh agas a muintir a marbhadh agas
a ndicheannadh. Acht air chualaidh an t-árdshagart a bhí 'na
cheanphurt orra na sgeula sin, chuir se eideadh an tsaga<i>rt
uime agas chuaidh se a gceann an tsloigh an aircis an impire.
Air bhfaicsind don ímpire aibid agas éideadh an tsagairt,
thuirling se don each a bhi faoi agas thaisbein umhlacht agas
onoir dó. Ba mhór an t-aontas lena mhuintir é sin do dheanamh.
Ach fhreagair seisean iad, ag radh, "A bpearsain an tsagairt ud
adhraim agas onoraighim an Dia aga bhfuil se 'na sheirbhis no
a bhfeamadas" (Josep.,lib.II Antiquitatis; lege vitam S.Leonis
papae, Aprilis die II#ma#).
Leughtear go ttug Criosda fein onoir do na sagairt a measg na cinne
Iudaigh (Mat.,8), Vade, ostende te sacerdoti, (Joan.,18).
D'ordaighe Ananias an t-easbal Pól a bhualadh air a bheul
ar mbeith 'na lathair dó. Agas air bhfreagra do Phól, adubhairt
se, "Buailfidh Dia thusa." Ach adubhradar an mhuintir a bhí
laimh re Pól, "An bhfuil tu aig imdheargadh áirdshagairt Dé?"
Agas adubhairt Pól, "Ní raibh fios agam, a bhraithreacha, gurab
é an sagart a bhí agam, or ata se sgriobhtha, "Ni aibeora tu olc
le uachtran do phobuil"", 'ga chur a gcéill gan an onoir no an
meas a dhlighear don eaglais a ladughadh.
Leughtar air an bhannaomh Caitriona gur gnás leiche an talamh a
phogadh air a siobhladh an eaglais.
Agas adeir St Proinsias, da gcasmhughadh aingeal as párrthas
agas sagart do mhuintir Dé air, go ndeanadh se umhlacht air tus
don tsagart agas 'na dhiaidh sin don aingeal.
Agas cruthaighear an sgeul sa ag Eoin, Apoc.,19,v.10, an uair a
theisbein an t-aingeal e fein dó gur bhac se d'Eoin
sleachtain no adhradh a dheanamh, ag radh, Vide ne feceris,
conservus tuus sum, .i. "na deana sin, or ní bhfuil annamsa ach
do choimhsheirbhiseach", amhail agas mar dearadh, "Ata tusa do
shagart agas ni bhfuilimse amhlaidh; bian corp Chriosda eidir do
lamha agas ni bhfuil na cumhachta sin agamsa; bian tusa da shuidhe
air aon bhord le Criosda agas mise ma sheasamh aga chosaibh"
(Dan.,7,10; Job,12,15; Isaia,6,2; Mat.,19). Agas is amhlaidh
a d'umhlaigh an t-aingeal gur mhó céim agas onoir an t<s>agairt
no a cheim agas a ghradam féin; agas dob fhiar don aingeal sin,
or is mó an cumhachta ata ag an eaglais no ag prionsadh na talmhan
no ag ainglibh nimhe. Ni bhfuil cumhachta an rígh ach air talamh;
ata cumhachta an tsagairt air neamh agas ar talamh (Mat.,18,18;
Joan.,20, 23); agas ni thiocadh le haingle flaithis Dé uile
naomhchorp Chriosda a thabhairt air an altoir
san abhlain, maitheamhnas a thabhairt an aon pheacadh marbhtha,
no a<o>n anam amhain a sgaoileadh as ingnibh no as crubaibh a'
diabhail agas a thairbhirt re siodhchainte do Dhia 'risd, agas
feuch a nídh an eaglais na neithe se uile tre mhorchumhachta Dé.
Anois, ó ta se follas as a ndubhramar go ttug Criosda, go ttug
na heasbail, na naoimh, na haingil, na righthe, agas na prionsadh
onoir don eaglais, creud fa nach ttugan an pobul coiteanta a' ní
ceadna doibh? Och fa-raor, cion gur chuir siod eagla Dé as a
gcroidhibh, go ttug siod cúla le crabhadh agas gur chuir siod na
neithe coisreaga faoina gcosaibh, Qui vos spernit, me spernit,
etc.
An dara ní ata d'fhiachaibh air an phobal, eisteacht lena
theagasg agas lena chomha<i>rle agas géilleadh dona bhriatharaibh.
Ach dearaidh daoine ainbhfiosacha, "Ni dean siod fein na neithe iaran
siod oruinne." Ach eistigidh le Criosd e fein, ag tabhairt freugra
uadha anso, Quaecunque dixerint vobis, facite; secundum, vero,
opera eorum, nolite facere (Mat.,23, v.3).
An maith an chial don othar no don duine thinn gan comhairle a
léighthe do ghabhail cion nach dean se féin a' ní ceadna, no don
chloin gan comha<i>rle athara no mathara do ghabhail fan abhar
cheadna? Mar an gceadna don phobal no don chloinn sbioradailte,
oir ní cionn an sagart a bheith go holc no go maith ann fein is
cóir geilleadh dhó acht cionn go bhfuil lúireach Chriosd uime,
cionn gurb e fear ionad Dé air a' tsaoghal e, buabhal agas
galltrompa an tsoisgeil, seanmontaigh agas oide muinte agas foghlama
an phobuil; amhail agas mar adhrar tigh no teampol Dé, an altoir,
an ceasadh no an iomhaigh, ni cionn iad a bheith d'ór no
d'airgiod no d'ámad acht cionn iad a bheith naomhtha coisreaga
agas ordaighthe chum seirbhis Dé.
San treas ait, ata d'fhiachaibh air an phobal a bheith cinnte
air leisgeul an tsaga<i>rt, pec<c>ata sacerdotis tegenda sunt.
Is cóir lochta na heaglaise a muchadh agas a bhfalach d'eagla
ocoid peacaidh no sganala a thabhairt don phobal. Air an abhar
sin, deireadh an t-impire Constantinus, Si propriis oculis
vidissem sacerdotem pec<c>antem, chlamydem meam expoliarem et
cooperirem eum ne ab aliquo videretur. Ach fa-raor, ní mar sin
ata an saoghal anois; togan agas séidean siod an áirde an locht is
lugha. Creud fa sin? Ata, d'easbhuidh subhailce na carranacht
agas creidimh.
Nach bhfaicear smúid, gruaim, eclips, agas dorchadas air uairibh
air an ngréin dhealradhaigh agas ar an ghealaigh?
Anois, tugaidh fa dear an raod adubha<i>rt me o thus, .i. an
mhui<n>tir thugas tarcuisne no masla don eaglais go ttugan siod
do Chriosda é, agas gur dual sgrios, aontas, agas seanmhallacht a
theacht orra. Tiocaidh fuil na bhfireun orra, a sanguine Abel
justi usque ad sanguinem Zachariae, etc. (Mat.,23,35), eadhon an
peacadh a righneadh mile bliaghan o shoin, tuitfa se air lucht
geurleanmhuinte agas mhaslaighthe na heaglaise, mas cóir
briatharadh Chriosd a chreidmheal (Mat.,23,37), Jerusalem,
Jerusalem, qui occidis prophetas, etc. Ecce relinquetur vobis
domus vestra deserta (vers.38), eadhon "fuigbhar mar ttigheacha
agas bhur n-aiteachadh 'na bhfásach", .i. gan sliocht, gan
gheall, gan lorg, gan mhac, gan inghion, gan mhaoin, gan uirid
agas cill no teampol coisreaga chum seirbhis Dé fein, mar channas
an psailimhcheadach, Et in tabernaculis eorum non sit qui
inhabitet.
Agas monuar, ata an fhirine se le faicsind go soilleir ansa tír
bhocht sa na hEirion (vid. Pag. 9#m#, 10#m# hujus libri). Vide
Deuteronomi, c.28, air an bheanacht no air na mallachtadh
faobhracha a fhograr agas is dual tuitiom air an mhuintir nach
géillean agas nach gcoimhlionan dligheadh agas aitheanta Dé agas
na heaglaise no choimhlionas iad (vid. Granada's Sinners Guide,
pag. 260).
DOMINICA SEPTUAGESIMA. SUPER EVANGELIUM.
I PARS.
Is cosamhail an rioghacht neamhdha re fear tighe airighthe do chuaidh
amach re heirigh an laoi do chur lucht oibre air tuarasdal anna
fhineamhuin. Agas tar eis réighioghadh risan
lucht oibre air phighin sa ló, do chu<i>r sé ana fhineamhuin iad.
Agas air ndul amach dhó timchioll an treas uair, do chonna<i>rc se
drong eille diomhuineach 'na seasamh air an margadh agas adubhairt
se riu, "Imdhighsi, leis, don fhineamhuin agas gebe ni bhus ceart
do bheura mé dhibh é." Agas do imdhigheadarsan. Arís, ar
n-imeacht amach dó a dtimchioll an seiseadh agas an naomhadh uair,
do rinne se mar an gceadna. Agas air ndul amach dó a dtimchioll
an t-aonmhadh huair deug, fuair se dream eile 'na seasamh
diomhuineach agas adeir se leo, "Creud fa bhfuiltisi bhar
seasamh anso feadh an laoi diomhuineach?" Agas adeir siodsan
ris, "Air son nar choingimh duine air bith air tuarasdal sin<n>."
Adeir seisean riu, "Imdhigidhsi, mar an gceadna, don fhíneamhuin
agas cebe ní bhus coir do gheubhaoi é." Agas air tteacht an tranona,
adeir tighearna na fíneamhna rena sdiobhard, "Goir an lucht oibre
agas tabhair doibh a ttuarasdal, ag tosughadh on lucht thainig fa
dheireadh go soithe na cead <d>aoine." Agas air d<t>eacht don
druing ud thainig a ttimchioll an aonmhadh huair deag, fuair
gach duine diobh pighin. Agas ar dteacht don chead <d>ream, do
shaoileadar go bhfuighidis féin ni budh mhó; acht cheana, fuair
gach aon diobh mar an g<c>eadna pighin.
Agas airna ghlacadh dhoibh, do rinneadar monabhar an aghaidh fhir
an tighe, ag radh, "An dream so thainig fa dheireadh, ní dearnadar
obair acht aon ua<i>r amháin agas do chuirisi iad a gcoimhmeas
rinne a d'iomcha<i>r muiridhin agas teasbhach an laoi." Agas air
bhfreagra dhosan, adubhairt se re fear dhiobh, "A chompanaigh,
ni bhfuilim ag deanamh eagora ortsa. An e nar reidhigh tu riom
air phighin? Tog leat do chuid fein agas imdhigh. As i mo
thoilse a thabha<i>rt don te se thainig fa dheireadh mar thug
me dhuitsi. An é nach ceaduigh dhamhsa a' ní is toil leam fein
do dheanamh rem chuid féin? An bhfuil do shuilsi go holc
air son go bhfuilimsi maith? Is mar sin beid na daoine
deighionacha air tosach agas na cead <d>aoine ar deireadh, oir ata
moran airna ngairm agas beagan arna dtogha."
Is antuigthe as an tsoisgeul sa go ttugan Dia cuireadh agas failte
an ainm an fhir tighe do na huile dhuine a theacht asteach a
bhfíneamhuin na heaglaise, air maidin, fan mheadhan lae, agas
trath nona, .i. a ttosach do shaoghail, a lár agas a ndeireadh
do
bheathadh, chum leas a n-anma do dheanamh le gniomh agas
oibreachadh an chrabhaidh agas na troca<i>re, ionas go bhfuighidis
an ghloir shuthain mar thuarasdal air son a saotha<i>r fa
choineasgar, .i. an ua<i>r an bháis.
Feuch, ata Criosda sgairtigh ort aniodh, a phaiste agas a dhuine
oig, a theacht anois go much an úrthosach do shaoghail agas leas
h'anma dheanamh. Foghlaim anois an t-olc do sheachna agus an
maith do dheanamh. Foghlaim do phaidreachadh, an urnaighe, an
teagasg Criosdaighe; tabha<i>r onoir dod athair agas do mhatha<i>r;
cleacht an t-aifrion d'eisteacht; na cath do shaoghal go
diomhuin agas gheabha tu tuarasdal maith oidhche an bhais.
Et egressus circa horam tertiam, sextam, nonam, vidit alios
stantes in foro otiosos et dixit illis, ite et vos in vineam.
Chuaidh se amach aris an treas uair, an seiseamh uair, agas a'
naomhadh ua<i>r agas chona<i>rc dronga eile 'na seasamh diomhuin.
'Siod sin an mhuintir a chath a saoghal le fighthe bliaghan, 30,
na dha fhighthid bliaghan go diomhuineach fallsa, nach dearna lón
deaghoibreacha doibh fein an seal sin a chuaidh thort da saoghal.
Ite et vos, adeir Criosd. Imighidhsi fos an seal ata agaibh do
mar saoghal a' deanamh oibreacha na haithrigh; imighidh fa dhéin
na faoisidin, na gcumuinneach, an aifrin, agas na seanmora.
Deanuigidh trosgadh, deirc, agas urnaighe, agas gheabhuidh sibh
trocaire uair an chuntais. Quid statis hic otiosi tota die?,
adeir se an haonmhadh uair deag don ló, .i. leis an mhuintir a
ttainig a n-aois agas a chath a saoghal go diomhuin. Thusa, a
dhuine aosda, air liathaigh do chean agas fheasog, quid hic
statis otiosi tota die; creud fa air chuir tu do shaoghal thort
mar so go diomhuin, gan lón, gan saothar, gan gniomharadh an aircis
na hoidhche deighionaigh? Ite et vos in vineam meam. Imigidhsi
fos agas deanuigidh ni eigin, mar bhfuil ach aon ua<i>r amhain do
mar saoghal le teacht; ata Dia go maith agas dheanaigh troca<i>re
air an ti thig go mall fein.
Cebe air bith a dheanas an duine og, is déisteanach agas is
adhuathmhur duine aosda air bruach na huaidhe a bheith diomhuineach
uallach eadtrom no egceiligh. Is uime sin adeireadh Sala mhac
Daibhi go raibh fuadh ag a chroidhe air dhui<n>e bhocht
bhrodamhuil no uaibhreach, air dhuine shaidhbhir bhreugach no
chealgach, agas air sheanduine eigceilidh,
pauperem superbum, divitem mendacem, et senem fatuum et insensatum
(Eccles.,15).
Feuch, ata Criosda ag iarraidh agas a' gairm ort, a dhuine, o
mhaidin go hoidhche, o thus go deireadh do shaoghail, an uile ní
'ga da theagas, an t-aingeal coimheideacht, an seanmontaigh, an
t-oide faoisidin 'gad spreagadh an ainm Chriosd agas a' fiafraigh
creud fa bhfuil tu diomhuin, Quid statis hic tota die otiosi?
Agas ma dearar an uird sin le lucht an diomhnais, creud adearfar le
lucht deanta na mioghniomh, .i. an diomais, na sainte, etc. ata ag
deanamh saotha<i>r a bhfineamhuin a' diabhail? Dearfar leo,
Discedite a me maledicti (Mat.,25,41).
II PARS.
Et accip<i>entes murmurabant. Agas arna ghlacadh doibh,
do rinneadar monabhar an aghaidh fhir an tighe, ag tnugh leis an
mhuintir nach ttainig go deireadh an lae agas a fua<i>r uirid leis
an mhuintir a thainig le heirigh an lae. Is mor an peacadh an
tnuth, agas is uime a spreag Criosd an fear sa aniodh, ag radh,
An oculus tuus nequam est quia ego bonus sum? Is le peacadh
na tnutha a chuir an diabhal cathaigh air Adhbh; 'se peacadh na
tnutha thug ar Chain a dhearbhrathair fein Abel do mharbhadh;
'se thug ar Esau gearleanmhuint a dheanamh air Iacob agas a
dhiol Ioseph don Egipte; 'se thug air Shaul cogadh a chur
ar Dhaibhi an righ; 'se thug air an chinne Iudaigh Criosda a
chur chum bais. 'Se leannan an diabhail an tnuth agas a chuir
go hiffrion é, agas ni saint no druis no craos, or ní thig leis
a<o>n pheacadh aca sin do dheanamh. Ni maith le lucht deanta an
pheacaidh se ceim, no onoir, no subhailce a bheith ag duine ar
bith acht aca fein, agas mar sin, ni bhian cion no gradh aca air
dhuine ar bith no ag duine ar bith orra.
III PARS.
Multi vocati sunt, pauci vero electi, .i. "Ata moran arna ngairm,
agas beagan airna dtogha." Niar sabhaladh ach ochtar do chinne
daona uile an aimsir na díliona. d'fhag sé chead míle do
chloinn Iserael talamh na hEigipte agas ní dtainig acht dís
aca asteach go talamh an ghealltanais. Sin agas nach sabhaltaigh
acht duine as a' mhíle, bidh dochas aige gach aon gurb e é fein an
duine sin. Lata est via quae perducit ad perditionem, arcta est
via quae ducit ad vitam, .i. "Is leathan an tslighe a
threoraigheas go hifrion agas is mor a shiobhlas urrtha, acht is
cumhann doras agas is caol an tslighe threóraigheas chum na beatha,
agas is beag a gheibh eolas urrtha" (Mat.,7, 13-14). Lucht
uabhair agas aoibhnis saoghalta a bhias air an bhealach fhairsing;
lucht caointe dear agas cradh cuirp, etc. a geibhear air an
bhealach aimhréigh. Ata an bheatha agas sólas siordhaidhe rompa air
son a ndólais, a ttrosgaidh, etc., agas dólas agas amhgar gan
chrioch ag lucht sólais agas uabhar a' tsaoghail.
Ata Dia a' glaoidh oruin a mhaidin go hoidhche; ni hail leis bás
an pheacaidh. Ni diúltan se cong<n>amh na ngrás air dhuine air
bith, ni threigean se duine air bith no go ttreigean siod é air
tús, agas is air son an iomlain a d'fhuluing Criosd an phais.
Mar sin, creud fa a tteid nias mo air bhealach ifrin no air
bhealach fhlaitheamhnas De? Theid trena gcionta fein, cion
nach bhfreag<r>an siod don ghairm, go bhfuil an toil shaor
airna truaileadh agas airna milleadh, go ndiultan siod na grasa,
go leanan siod a n-antola fein, nach gcuirean srian lena
gclaonta, nach geillean siod do dhligheadh Dé, agas go bhfaghan
siod bás gan loirghníomh gan aithrigh. Mar sin, nidh aontas nias mo
a dhul go hifrion no go flaitheas Dé agas sin tréna gcionta agas
na lochta fein. Perditio tua ex te, Israel, "Is uaid fein ata
do dhamnughadh, agas is uaimse ata do shlanughadh" (Osee, 13).
"Creud ata d'easbhuigh ort, no creud a thainig liom a dheanamh
nach ndearnais air do shon" (Isaia, 5). Trachtar anso air na
grasa agas na tiodhlacaidh thug Dia don duine.
Finis.
AN CHEAD DOMHNACH DON CHARGHAS. DON TROSGADH.
Leughtar a soisgeal an lae 'niodh gur threoraigh an Sbiorad
Iosa air an bhfasach ionas go gcuireadh an diabhal cathuigh air.
Agas an tan do throisg se dha fhighid lá agas dha fhighid
oidhche, do ghabh ocras 'na dhiaigh sin é. Agas air tteacht don
aidhbhirseoir chuige, adubhairt se, "Mas tusa Mac Dé, aithin do na
clochaibh se a bheith 'na n-aran." Acht do fhreaga<i>r seision
agas adubha<i>rt, "Ata se sgriobhtha, "Ní le haran amhain mhairfeas
duine, acht le gach uile da ttig o bheul De."" Rug an diabhal
leis é an tan soin don chaithrigh naomhtha agas do chuir se air
bheinn an teampuil é agas adubhairt se leis, "Mas tu Mac Dé,
teilg thu fein sios, oir ata se sgriobhtha go ttiobhruigh se
aithne da ainglibh ad thimchiol agas toigeabhuidh siod thu ana
lamhuibh dochum nach buailfea do chos fa chloich." Adubha<i>rt
Iosa ris, "Ata se sgriobhtha mar an gceadna, "Ní chuirfidh tu
cathughadh air an Tighearna do Dhia fein."" Rug an diabhal aris
é dochum sleibhe ro-á<i>rd agas do theisbein se dó rioghachta an
domhain uile agas a ngloir agas adubhairt se ris, "Do bhearuidh
mise iad so uile dhuit ma shleachtan tu dhomh dom onorughadh."
Adubha<i>rt Iosa ris ansoin, "Imigh romhad, a chathuightheoir, or
ata sgriobhtha, "Onorfuidh tu an Tighearna do Dhia féin, agas is
dó 'na aonar do dheana tu seirbhis."" Do fhagaibh an diabhal é an
tan soin, agas feuch, tangadar na haingil agas do rineadar
friogholamh dó (Math.,caib.4).
Is air throsgadh an charghais is run liom tracht aniodh. An
carghaos deachmhugh na bliaghna a chuir an eaglais go sunradhach
air leith le húdaras Chriosd agas na n-easbal chum trosgaidh,
treaghnais, cradh coirp, agas oibreachadh pianoideach na haithrigh
do chleachtadh, chum feirge agas fiorcheart Dé do shasughadh agas
do ládughadh, chum buaidh agas bisseach do thabha<i>rt ar neart, ar
cheilg, agas ar chathaighe an diabhail, chum ceadfa, claonta, agas
ainmhianta na codla do chlaoidh agas do mhoirtnioghadh, loirghniomh
a dheanamh air a' tsaoghal sa air son an pheacaidh, agas fa
dheoidh, pianta agas teine ifrin agas phurgadora do mhuchadh agas
do sheachna. Acht sul fa ttosacham na neithe se no an chuisi
se do mhionspionadh, abromuid sios anso an Aue Mairia.
Ma fhiaghfraighear ca hua<i>r do tionsgnadh an trosgadh, freagrar,
an uair a d'aithin Dia d'Ádhamh gan uabhal na haithne ithe a
ngáirdin phárdhaois (Gen.,c.2,v.17). Leughthar isan
mBiobla go bhfuair na paitriairceadh agas aithreachadh an
tseanrachta saoghaltaidh romhora, .i. corradh agas naoi gcead
bliaghan. Deir Hieronimus agas Basil naomhtha gurab uime a
fuairadar an uird sin do shaoghal, cionn nachair thruaileadar a
leantuigh le craos no ainmheasaracht air bith eile. Oir annsna
trathaibh sin, ní raibh eolas aca ach air thórraibh simplidh na
talmhan mar oileamhuin agas air srothaibh fuara fioruisge mar ól
agas mar anlan. Air an adhbhar sin, ni raibh aicideacha euxamhla
tinnis no galair orra go héis na diliona, do bhrigh nach raibh
fíon no feoil no beóir an úsoid no a gcleachtadh go nuige sin.
Agas anois féin, ata se le faiceal gur faide agas gur fallaine
saoghal lucht an trosgaidh, an treaghnais, an chradh cuirp, etc.
no lucht an chraois, na meisge, agas na hainmheasaracht, mar is
follas as beathaigh na naomh agas na n<d>ithreabhach. Bacan an
léigh féin oileamhuin bhorramhuil no laidir a thabhairt don othar
no don duine thinn a gheall shlainte agas riaghail an choirp
do chomhdach.
Leugh an treas caibidil do leabhar an fháidhe Ionas agas chifir
gur filleadh fearg agas dioghaltas Dé on chaithrigh mhiriaghalta
Ninive le comhachta, neart, agas brigh an trosgaidh. Throisg
Maoise dha fhighid oidhche agas dhá fhighid ló, da ulmhughadh
fein, sul fa bhfua<i>r se an dligheadh sgriobhtha le meur Dé ann
ndá chlár cloiche air Sliabh Sinai (Deut.,c.9, v.9). Rinne
an faidh Elias an nídh ceadna ag triall do air neamh (3 Reg.,
c.19). Righne Criosda fein mar an gceadna sul far thionsguin se
an soisgeul do theagasg go puiblidh (Mat., c.4). Teisbeanan gach
easamplair aca so go bhfuil d'fhiachaibh air sheirbhiseach Dé
e féin ulmhughadh leis an trosgadh sul fa ngeabhuidh as laimh
morghniomh air bith maith do dheanamh. Is uime sin an aimsir an
trosgaidh a gheibh an eaglais óg na gradha coisreaga. Is a'
tóruigheacht air throsgadh Chriosd agas na naomh riomhraite a
d'ordaigh na heasbuil, na haithreacha naomhtha, agas an Eaglais
Chatoilice trosgadh beanaighe an chargais, mar dhearbhaigheas
Tertulian, Ieoram, agas Greoghoir naomhtha duin.
Ma fhiafraighear créd an bhrigh no an tairbhe ata san trosgadh,
freagrar, go bhfillean fearg agas fiorcheart Dé uain, mar rinne
muintir Ninive (Joanas, c.3). Arisd, fosglan an doras agas an
tslighe go flaitheas Dé (Judith, c.12). San treas feacht, díbrean
an trosgadh na diabhail agas a gcumhachta, eadhon na cathaighe
(Mat., c.17). Fa dheoidh, claoidhean an trosgadh agas leigheasan
ceadfa agas claonta na codla (vide)(pag. 91). Agas is uime sin
adeir Criosd ana sheanmoir air a' tsliabh, Beati qui esuriunt et
sitiunt (Mat.,c.5), eadhon "is beanaighe an drong orra a bhfuil
ocras agas tart air son na córacha, oir saiseochar iad", amhuil
agas mar dearadh, "Ata sólas agas sásadh síordhaidhe air a' tsaoghal
eile ag feathamh air lucht an trosgaidh agas an chradh coirp air a'
tsaoghal sa."
II PARS.
Anois, tar eis gach cruthugh aca so, cred an leisgeul ata ag duine
air bith ana shlainte an carghaos a bhriseadh? Da mbiadh gan
úghdaras a bheith ann ach amhain aithne na heaglaise, .i. Troisg
an carghaos go glan, etc., ata d'fhiachaibh air an uile a
choingmheal réir ordughadh Dé féin, adeir ag Matha, c.18, v.18,
"Gidhbé air bith neithe cheangoltaoi air talamh, biaidh siod
ceangailte air neamh, etc."
Ma deir duine air bith nachair cleachtadh e féin le trosgadh no le
turach, agas mar sin, nach ttig se lena naduir no lena shlainte
trosgadh, treidhneas, no cradh cuirp a dheanamh, freagran an righ
Daibhi an cheisd se, oir ge gur uasal agas gur onorach a fuair
se a thogbhail, leightear gur chuir se eadach garbh saic air a
chorp agas luaithreadh anna chean, ag deanamh trosgaidh agas ag
fliuchadh a chuid arain lena dhearaibh goirte searbha fein (Psl.,
101). Agas leightear a' nídh ceadna air an phaitriarc Ioseph,
ce go raibh se a gcát<a> agas a gcéim ag an righ Phárro san
Eigipte agas go raibh an uile nídh aige air a thoil.
Agas créd an leisgeul ata agadsa aniodh, a Chriosdaidhe, gan a'
nídh ceadna do dheanamh, mar rinne Maoise, Elias, Daibhi,
agas Ioseph, mar righne Eoin Baiste, Criosda féin, agas na
heasbail, mar deir Pól, in vigiliis multis.
Feuch air bheatha na naomh agas na ndithreabhach agas na
n-ancoireadh uaigneacha; do sheachain siod sógh agas sólas a'
tsaoghail mar gheall air Dhia, 'ga snoidhe agas 'ga gcathamh
féin le fuacht, tart, agas ocras, le turusaibh agas le hoiliribh
thuirseacha chlaoiteacha agas lena n-uile chineal cradh cuirp.
Mas mar sin a shaothraidear agas fuaradar na daoine naomhtha sa
rioghachta Dé, .i. go fuilteach creachtach doiliosach docrach, etc.,
an saoilean duine air bith go bhfuighidh se fein é go socrach
suaimhneach saimhchodlatach? Is uime sin adeir Criosda, Si quis
vult post me venire, abneget semetipsum et tol<l>at crucem suam et
me sequatur (Luc.,9,23). Ar an adhbhar sin, séan thu féin, a
dhuine, séan do dhrochnaduir, do dhrochbheusa, do dhrochchlaonta
agas h'antoil, agas iomcha<i>r do chéasadh a ndiaidh Chriosd,
mar rinne na naoimh. Fuiling go foighideach amhgar agus anshógh a'
tsaoghail; fuiling go foighideach bochtaine agas tinneas, bás fein
agas caill coda no carad, etc. Claoidh do chorp agas do cheadfa
le trosgadh agas le treighneas agas is amhlaidh a dhiultas tu
dhuit fein agas iomcharas tu cros no ceasadh Chriosda 'na dhiaidh.
Rinne Criosda na neithe se air son an duine, agas creud fa nach
deanadh an duine na neithe ceadna ar a shon féin? Is éadtrom gach
nídh aca a bhfarradh pianta iffrin no purgadora d'fhulang go
siordhaidhe.
EASAMPLAIR LÁSARUS (Luc.,c.16). Leughtar gur fhuiling se fuacht,
iota agas ocras, amhgar agas anshógh air a' tsaoghal sa, acht creud
a d'eiridh dhó ag faghail bhais? d'eiridh go ttangadar aingle
dealradhacha Dé a g<c>uine anma agas gur iomchair siod go
haoibhneas na gloire siordhaidhe é, .i. a bhfochras Abraham, an
ait nach bian fuacht na ocras, aois no urchra go trath bheith sior,
agas an ait a mbeith cainticeadh agas ceileamhar ceolmhara
binnghothacha na naomh agas na n-aingeal ag moladh Dé go saoghal
na saoghal. Sin an luach saothair a fua<i>r se ar son a throsgaidh
agas a chradh cuirp ar a' tsaoghal sa.
Feuch, air an taoibh eile, créd a d'éiridh don chraosa<i>re
shaidhbhir shásta, air a raibh an sgárloid chorcardha agas an
t-eadach uasal purpuir, nach dearna trosgadh, deirc, no daonacht, cradhbhadh no
cradh coirp acht do chath a shaoghal le poit,
le meisge, agas le craosól fiona, etc. Air bhfaghail bhais dó,
d'fhuadaighdear na diabhail go hifrean é, an ait a mbeith se
'ga losgadh agas 'ga phianadh go siordhaidhe (Luc.,16,23).
DOMINICA 8#a# POST PENTECOSTEN. DON DÉIRC.
(luc.,caib.16).
Teisbeanan soisgeul an lae 'niodh dhuinn gurab é Criosd an
tighearna saibhir a bhearas an uile dhuine chum cuntais an aimsir
an bhais agas an bhreitheamhnais air son gach tiodhlacadh, gach
taluinn, agas gach maoin da ttug se dhó air a' tsaoghal sa a
ttaoibh anma no cuirp. Redde rationem villicationis tuae,
"tabhair cuntas an fheadhmada<i>s", adeir se leis an duine saibhir
agas chumhachtach, leis an easbog, leis an uachtran, agas leis
an athair faoisidin, leis an tsagart agas leis an phobul, leis
an athair agas leis an chloinn, leis an mhaistir agas leis an
tseirbhiseach, leis an lanamhain phósda agas gach neoch eile,
cionas a d'iomchair gach aon diobh an saoghal, an cúram, agas
an t-ualach a bhí orrtha.
'Se is caoinchiall mhoralta don tsoisgeul sa, go bhfuil se
d'fhiachaibh oruin lón agas caradas a dheanamh duinn féin leis
na tiodhlacaidh, leis an mhaoin agas leis na cumhachta a thug Dia
dhuinn air a' tsaoghal sa sul fa ttiocfaidh lo an chuntais,
sul fa gcaillfidh sin an feadhmadas, eadhon gach cumhachta na gach
tiodhlacadh a tug Dia dhuinn, oir d'eis sin do chailleadh, ni
bhian cumas no cumhachta ag neoch ar bith olc no maith, leas no
aimhleas féin do dheanamh. Aue Mairia.
Is leis an déirc go sunradhach agas le deaghoibre eile na trocaire
is coir an caradas agas an lón sa a dheanamh. "Deana ciste no
taisge re haghaidh na h<a>imsiora ata teacht chum na beathadh
marrthanuigh do ghnothughadh", adeir an t-easbal (Tim., c.6,
v.19). "Deanuigidh ciste air neamh, .i. an déirc, an ait nach
feidir a mhilleadh no thruailleadh", adeir Criosd (Luc.,12, v.33;
Mat.,6,v.20).
Redde rationem villicationis tuae. Feuch anois, a dhuine, sin
thu ag teacht a lathair ló an chuntais d'eis dhaifhighid, tri
ighid, no ceithre fighid bliaghan do chaitheamh, creud ata agad le
teisbeanadh? An bhfuil beanacht na mbocht agas na ndíleachtadh
leat, trosgadh, déirc no urnaighe no oibreacha na trocaire? Ca
bhfuil do shaothar no do lón, no an bhfuil tu do chrann
chrionn gan toradh leis an fhad sa? Ma ta, dearaidh Criosd, "An
uile chrann nach iomchrann toradh maith, gearrthar é agas tleigear
san teinidh é" (Mat.,7,19). Agas arisd adeir se, "Ataim le trí
bliaghna ag iarraidh toraidh air an gcrann figi si agas ni
bhfuarais. Gearr e. Créd fa gcungmhan se an fearan go
neamhtharbhach?" (Luc.,c.13, v.7; Mat.,21, 19; Marc.,11, 13, 20).
Dearaidh se, mar an gceadna, leis an pheacach, "Ataim ag iarraidh
toraidh air an bhfear so, ni he amhain le trí bliaghna ach le
trí fighid bliaghain agas ní bhfuarais. Gearrar é agas teilgear
é a tteinidh ifrin."
d'eis do bhais leanfaigh do dhéirc agas do dheaghoibre thu.
Beith an bocht agas an nocht, an t-iotach agas an t-ocrach ag
pleid agas ag adhbhcoideacht air do shon a latha<i>r na Trionoid,
mar is iontuigthe as an stair se anso.
Sgriobhan Joannes Damascenus, duine naomhtha, air rígh airighthe
do ghoir air fheadhmadach a theacht chum cuntais leis. Air
gcloistin don fheadhmadach sin ghabh criothnughadh agas eagla é.
D'imigh se d'ionsaigh triur carad do bhi aige ionas go rochaidis
leis chum teagra air a shon. Air tteacht d'ionsaigh an chead
fhir d'iarraidh a chuidigh, freagras dó, ag radh, "Bheara me
culaidh éadaigh dhuit; air son a dhul leat a latha<i>r do righ,
ni leigidh eagla dhamh, oir is duine aidhbheil feargach é." Air
tteacht gusan dara fir adubhairt, "Ni leige eagla dhamhsa fós a
dhul a latha<i>r, acht rachoid go doirsibh no geataibh na cúirte
leat." Chuaidh d'ionsaidh an treas fir agas innsios an sgeul do.
"Gabh croidhe agas uchtach", air an treas fear. "Rachadsa leat mar
bhannaigh agas ni sgarfuid leis gun párdun duit."
Minighean an naomh ceadna an chomhchosamhlacht sa mar so, .i. an
chead fhear a thug an chulaidh éadaigh uadha, 'se sin an saoghal
a threigeas an duine an aimsir an bhais agas nach
gcuirean leis ach taisleine mar eadach. An dara fear, .i. na
daoine muinteardha nach tteid nias faide no geataibh no doirsibh
an phálais, .i. go bruach no beul na huaidhe, agas treigead agas
fagad annsin leis fein é. An treas fear, 'se sin an déirc agas na
deaghoibre eile adubhairt, "Glac croidhe agas uchtach; rachadsa leat
sios ansan uaigh agas a ttaoibh anun don bhás. Ni threigfid
thu ag beul na huaidhe no ag geataibh an phálais; rachaid asteach
san gcuirt agas beid ag teagra agas ag adhbhcoideacht ar do shon
go siordhaidhe no go bhfuidh me pardun duit." Sin agad brigh agas
fearta na deirce, etc. uair an bhais (vid. 123).
Iarran an faidh Daniel air an rígh Nebucodonosor a pheacaidh
agas a chionta do cheannach lena dheirc agas lena throcaire air
na bochtaibh (Dan.,c.4). Deir Ecclesiasticus, c.3, go muchan an
deirc an peacadh mar mhuchas an t-uisge an teine. Deir an
psailmcheadach Daibhi, "Beanaighe an té do bheir aire do riachtnas
na mbocht, or sabhalaidh an Tighearna e lo an amhga<i>r." (Pslm.,
40).
Air an adhbhar sin, dearaidh Criosda lo an bhreitheamhnais le
lucht na deirce agas na trocaire, "Tigidh, a dhaoine beanaighe
m'Atharasa, gabhuidh thugaibh oighreacht na rioghachta ata airna
ullmhughadh dibh o thosach an domhuin" (Mat.,25, v.34).
Creud fa ndeachaidh an craoisa<i>re saibhir go hifrionn, ar a
leughtar ag Lucas, c.16? Chuaidh cionn gur dhiult se déirc no
daonacht a dheanamh air Lasarus, an duine bocht a bhi 'na luidhe
ag an gheata, cion gur chuir se cuid na mbocht amugha; oir as e an
fuilleach agas an bharruigheacht seilbh agas oighreacht dhíleas na
mbocht (Luc.,16).
Fodere non valeo, mendicare erubesco. Dearaigh an peacach a' nídh
ceadna an úa<i>r agas an aimsir an bháis. Och fa-raor, adeir se,
ni thig liom obuir a dheanamh feasda, oir d'imigh mo neart agas
mo bhrigh; ata an ló caite agas an ghrian a luighe; ata snaidhe ma
bheathadh sniomhtha agas coineal ma shaoghail ag dul as; ni bhfuil
a latha<i>r agam anois ach an uaigh, an ait nach feidir trosgadh,
deirc, no obuir mhaith air bith eile a dheanamh, agas air nach
ndearna me, mar sin, ní air bith no lón damh fein, cia bhearas
cuid da lón no da ola fein damh? Ite potius ad vendentes et emite
vobis (Mat.,c.25). Och, ní
thugan duine air bith, oir d'imigh am na truaidhe agas na trocaire
agas thainig am breitheamhnais, feirge, agas fiorcheart an Tighearna.
An tí nach bian lón no ola aige fein an uair sin, an beagan a
bhias aige, beanfar de agas bhearfar don te aige a bhfuil moran.
Facite vobis amicos de mamona iniquitatis, "Deanuigidh cáirde
dhibh fein", adeir Criosda, "le saibhreas na heugcora." "Na
tuigear anso", adeir St Auguistin, "go bhfuil maith ansa deirc a
nithear leis an mhaoin no leis an spré a gheibhear go heugcorach,
go cealgach, no go neimhdhleisteanach on mhuintir eile. Ni bhfuil
air aon chor maith air bith isan deirc sin. Mar sin, 'se is cial
do na focail se, deirc a dheanamh leis an mhaoin a chaitear go
heugcorach diomhaoin le lucht an diomuis, etc. a chuireas cuid na
mbocht amugha 'ga n-oirnioghadh agus 'ga ndeasughadh fein le
neithibh greibhilleacha gréagacha beagfhoighinteacha. Mar an gceadna
lucht na druise agas an chraois a chuireas cuid na mbocht thort le
craosól, poit, etc. Agas is amhlaidh a níthear caradas le saibhreas
na heugcora.
Creud a dheanas an tí nach bhfuil saidhbhreas aige no acmhuin
an deirc do dheanamh? Deirim o thús nach bochtaighean an deirc
duine air bith, Qui dat pauperi non indigebit (Proverb.,28). Is
cosamhuil an deirc le tobar fioruisge a lionas a réir an mheasur a
bhearar as. Air mhodh gur dual sonas, séan, agas rath saoghalta
féin a bheith air lorg na deirce, mar is follas as an iomad sampladh.
Cedheadh, an tí aga bhfuil beagan maoine, ata d'fhiachaibh air
a bheith measardha san uile chinneal dosgaidh acht an deirc amhain.
San dara hait, deirim go bhfuil dhá chinneal deirce ann, eadhon
oibreachadh corpordha agas sbioradalta na trocaire; agas ní bhfuil
duine air bith nach bhfuil ana chumas cuid aca do dheanamh. An
tí aige nach bhfuil biadh no eadach, airgiod no ór no earradh no
sógh air bith corpordha le tabha<i>rt don duine bhocht thinn no
leatromach, tuguidh se deirc sbioradalta dhó, .i. comha<i>rle,
uideas, no urnaighe, etc.
Leughtar ag an c.3 Act. Apost. go ndubhairt Peadar leis an duine
bhocht a bhi 'na luighe air an tslighe ag dul suas do féin agas
d'Eoin don teampol, "Ni bhfuil airgiod no ór agamsa, acht a'
ní ata agam do bheirim dhuitse é: An ainm Iosa Criosda
Nasarrdha eirigh agas siubhail." Agas air mbreith air a
laimh dheis dó, do thog se suas é, agas air an mball do
neartuigheadh mudharnaigh agas bonnaidhe a chos, agas do leim se
suas, do sheas agas do shubhail se agas do chuaidh se riu asteach
don teampoll, ag siobhal agas ag leimnidh agas ag moladh Dé (Act.,
3,v.I). Mar sin, ata se soilleir gurab iomdha cinneal deirce ann
taobh amuigh d'a<i>rgiod agas d'ór, etc.
Anois, duine air bith air a bhfuil doilgheas no leisge deirc no
daonacht a dheanamh mar gheall no mar ghradh air Dhia no ar anam
féin, cuirigh se gcás aige fein go bhfuil ochtar no naonmhar
cloinne aige, agas fos da mbearadh Dia duine eile dhó gurab eigin
roinn a dheanamh leis. Ansa chása sa cuirar Iosa Criosd an ionad
an duine sin nach bhfuil ann agas ansin tabhrar a chuid ranna dó,
.i. do na bochtaibh. Tugar fos doibh an meid a chuirar san dosgadh,
san diomhnas, etc. agas beith go lór aca.
Fa dheoidh, a Chriosdaidhe, tuig nach bhfuil deirc no daonacht
da ndeanair air a' tsaoghal sa nach lón agas oirchisde aromhad a
bhflaigheas Dé é, or treigfe do shollar agas do shaothar
saoghalta thu an aimsir do bhais agas ni fhuireochaidh ní ar bith
agad an ua<i>r sin acht a' deirc agas na deaghoibreacha, agas ni
sgaran siodsan leat acht leanfad gusan tsaoghail eile thu. Beati
qui in Domino moriuntur, opera enim illorum sequuntur illos (Apoc.,
c.14) (vide pag.140). Beatus qui intel<l>igit super egenum et
pauperem, in die mala liberabit eum Dominus (Pslm., 40). Junior fui,
etenim senui, et non vidi justum derelictum, nec semen ejus quaerens
panem (Pslm.,36). Finis.
DOMINICA PALMARUM, 10#a#, 16#a# POST PENTECOSTEN, ET DIE NATIVITATIS
DOMINI.
DO PHEACADH AN DIOMAIS AGAS DO SHUBHAILCE NA HUMHLACHT.
Bhi drong airighthe a measg na cinne Iudaigh darbh ainm
Phairisineachadh, .i. daoine dealuighthe leo féin, san teanguidh
Chaldaic, cionn nach tteabhruidist cuideachta do chách as siocair
a ttarcuisne agas a ndrochmheas orra agas a mórmheas orra féin.
Bhí drong eile ann darbh ainm puibliocanaigh orra nach raibh meas
ag na Phairisineachuibh. Is air dhís don mhuintir se a labhras
Criosd san tsoisgeul aniodh, ag radh, "Do chuaidh dias do dhaoinibh
suas don teampoll do dheanamh urnaighe, aon aca 'na Phairisineach
agas an fear eile 'na phuibliocanach. Air seasamh don Phairisineach
do bhi se guidhe mar so leis fein, "A Dhia, bheirim buidheachas
riot nach bhfuilim mar ataid daoine eile, 'na lucht fuadaigh
eugcorach adhaltranach, no fós mar an phuibliocanach sa. Troisgim
fa dhó annsa tseachtmhuin; do bheirim deachmhudh as gach ní da
sealbhuighim." Agas air seasamh don phuibliocan a bhfad uadh,
niarbh aill leis fiú a shul do thogbhail suas chum neimhe, acht
do bhuail se a ucht, ag radh, "A Dhia, deana trocaire oramsa an
peacach." Adeirim ribh go ttainig an te se anuas da thigh fein
'na fhíreanach nias mo no an fear ud, or, cebe airdeochas e féin,
isleochar é, agas, cebe isligheas e fein, airdeochar é. Quia omnis
qui se exaltat humiliabitur, et qui se humiliat exaltabitur" (Luc.,
c.18, v.14). Teisbeanan an soisgeul sa dhá ní go sunradhach dhuin,
.i. peacadh an diomais na an uabha<i>r agas na hárdanacht an chead
nídh, agas subhailce na humhlacht an dara nídh. Acht sul fa
ndeanfuid craobhsgaoilidh orra abramuid an Aue Mairia.
'Se an diomas an chead pheacadh do na seacht bpeacaidh
mharbhtha. Is de a goirear peacadh an uabhair, na straice, na
hardanacht, agas na haindreime, agas is uime adeirear é, on
dithmeas a bhias ag fear an diomais air chach agas an mormheas a
bhias aige air fein as cionn cáich; is uime sin adeirear peacadh
an diomais. Deir na hughdair dhiadha gurb e an peacadh sa
baintighearna, matha<i>r, agas tiobroid mhoran peacadh eile. Do
bhrigh go bhfreamhaighean agas go siolaighean siod on diomas, .i.
úaill agas allas, sgléip agas bród, etc., is on diomas a shiolaigheas
an fuarchrabhadh, easumhlacht, imriasun, agas aighneas; cogadh, catha,
agas creacha; corruidh, fearg, agas bruighean; sbíd, tarcuisne,
etc., or is on dithmeas a bhias ag fear an diomais air chách
agas an mórmheas a bhias aige air féin a fhásas na peacaidh sin.
Non sum sicut ceteri hominum. Bhi meas anmhór ag an Pharisineach
air féin, "Ní bhfuilimse", adeir se, "mar dhaoine eile, ma
ghadaigh, no m'fhear fuadaigh, etc." Na deansa airis air, a
Chriosdaidhe, d'eagla tuitim mar eisean, no Dia breitheamhnas a
thabhairt ort mar thug airsean. Na tabhair tarcuisne, sbíd, no
imdheargadh don duine ud eile, cionn nach bhfuil tiodhlacaidh no
talluinn anma, cuirp, no shaoghalta aige mar ta agad féin, .i.
ciall, sgéimh, no saidhbhreas saoghalta, etc., oir tuig nach bhfuil
na tiodhlacaidh sin ceangailte d'aon neoch agas air n-imeacht
dóibh, go mbeatha féin do bhall sampuil agas t'ábhar tarcuisne ag
an phobul uile. Na héirigh dhuit mar d'éirigh do Lucifer
ifrinn. Bhí se 'na aingeal ghlormhar, ag iomchar lochran na
soillse a bhflaitheas Dé ni badh dealradhaigh no míle grian an
aoinfheacht, acht air ttuitim dó a bpeacadh an diomais, air shaoil
se a bheith as cionn Dé féin a ngloir agas an onoir, teilgeadh
sios go hifrion é féin agas na hainghil easumhal a ghabh páirt
leis. Qui se exaltat humiliabitur (Luc.,18, v.14).
Creud a d'eirigh d'Adhamh an ua<i>r a thuit se a bpeacadh an
diomais, an úair a shaoil se a bheith eagnaidh eólach mar Dhia
féin? Eritis sicut dii, sc<i>entes bonum et malum. D'éirigh
go ttainig doille agas mearughadh air a chéill agas air intinn
agas an ait eolas úr d'fhaghail, chaill se an t-eolas agas
an fhoghlaim a bhi aige agas fa dheoidh, dibreadh e féin agas a
bhean amach as gairdin phárdhais agas uadh gach aoibhneas da
raibh ann. Qui se exaltat humiliabitur.
Feuch mar thuit Goillias uaibhreach árdanach, an gaisgidheach
eifeachtach a bhi ag na Philistineachadh, agas a bhi chomh laidir
go raibh a bhata chomh tlachtmhar le béim fiodora. Shaoil se nach
raibh duine ar bith a bhearadh barr air a neart agas air a threise,
acht feuch mar leag Daibhi an righ é le hurchur méaroige bige
go talamh (I Reg.,c.17).
Chonairc Nabuchodonosar, righ cumhachtach na Babilon, aisling,
.i. crann toirteach tóramhuil áirdbheadhanach ag éirigh suas annsna
sbéiribh agas é ag follach na talmhan lena úirgheuga doilleogacha,
ag deanamh dídean agas fasgaidh d'eunlaidh an aeir agas do
bheathachuibh alta na talmhan agas chona<i>rc se fós neoch ag
teacht anuas o neamh agas dubha<i>rt an neoch, "Gearrthar an crann
agas leagar go talamh é acht amhain comhdaighear na freamha a
measg na mbeathach fiadhain go ceann sheacht
mbliaghan. Thug an faidhe Daniel breith air an aisling agas
adubha<i>rt, "A rígh agas a thighearna, is tu féin an crann agas is
ort a thiocfas an aisling asteach, or as sioca<i>r an diomais, an
uabhair, agas an mheas mhór anmheasartha a bhí agad ort féin os
cionn cáich, thug Dia breitheamhnas ort, .i. teilgfear amach as do
rioghacht thú. Beith h'ionad comhnaigh a measg na mbeathach
fiadhain a bhfad o chomhluadar daoine, agas fér na mbó mar
bhiadh agad agas driucht an aeir ag luidhe ort no go mbeara
tú fa dear gurab é Dia Tighearna agas Rígh na rígheach agas go
bhfuil cumhachta aige an stúir a bhuain na a tabha<i>rt mar is
ail leis." Agas is amhlaidh a theagaibh (Dan.,c.4).
Agas anois fa dheoidh, chum gan na sampla sa a chur a bhfad,
chímid na neithe ceadna, ma thugmuid fa dear iad, a' teagbhal go
laeamhuil, .i. lucht an diomais agas an uabha<i>r, lucht na
hárdanacht agas na honora as a ttiodhlaicibh féin agas na
tarcuisne air an mhuintir eile, 'ga leagadh agas 'ga n-íslioghadh
gach aon ló. Or mar adubha<i>rt me shuas, ni bhfuil tiodhlacaidh
na tabhartuis anma, cuirp, no saoghalta ceangailte d'aon neach
acht réir tola Dé, etc. Mar sin, ni hé an té a mheasas no a
mholas e féin ata ionmheasta no ionmholta acht an té a mheasas no
a mholas Dia. Non enim qui seipsum commendat, ille probatus est,
sed quem Deus commendat (2 Cor.,c.10, v.18). Ce learab mian na
peacaidh reamhraite a sheachna no smachtughadh, deanaigh se
tathaigh agas cleachtughadh air shubhailce na humhlacht, ar a
ttrachtar san dara roinn.
PARS 2#a#.
DON UMHLACHT.
Claoitear peacadh an diomuis le subhailce na humhlacht. Mar sin,
ce learb áill subhailce na humhlacht fhoghlaim, dearcaidh se air
bheatha Chriosda, Mhuire, agas na naomh agas chife se go soilleir
iomhaigh agas deilbh na humhlacht agas na húirisle ionta. Taobhan
Criosda lena dheisgiobail an leighion sa fhoghlaim uadha fein
(Mat.II,v.29), mar a n-abair, Discite a me, quia mitis sum et
humilis corde, et invenietis requiem animabus vestris, "foghlamuigidh
uaimse, oir ataim ceansaighe agas umhal a gcroidhe, agas do gheabha
sibh suaimhneas do bhur n-anmaibh." So an leighion agas an
t-uideas a thug Criosda da lucht leanmhanta. Niar thaobh se leo
na mirbhilleadh euxamhla a righne se 'na bhfiaghnaise
d'fhoghlaim, .i. an radharc a thabhairt don dall, an t-easlán
do leighios, no an marbh aithbheodhughadh, etc. acht amhain uideas
agas eolas na humhlacht, adeir St. Auguistin.
Deir na diadhaireadh gurb í an umhlacht baintighearna, mathair, agas
buime na subhailceadh eile, agas amhail mar chrionaigheas an crann
gan freamha agas mar thriomaigheas an sruth nach ttig on
fhiorthobur, is amhlaidh gan subhailce na humhlacht crionaighean
agas triomaighean na subhailceadh eile. Is o easbhuidh na humhlacht
fhásas an uile chinneal eirceacht, siosma, agas miochomha<i>rle,
agas fós an uile chinneal sgrios, báin, agas fásaigh (vide pag.76).
Leughtar air Mhuire gur gineadh agas gur rugadh í gan pheacadh na
sinsire; agas ni dhearna sí fein peacadh ariamh. Bhi si lán do
sgeimh anma agas cuirp, .i. lán do ghrasaibh, etc. Cedheadh, an
ua<i>r a mhol an t-aingeal í ni hat no séideadh a rinne sí anna
hintin féin acht umhlughadh agas uirisliughadh, ag radh agas ag
tabhairt buidheachuis do Dhia gur dhearc se air a humhlacht,
Quia respexit humilitatem ancillae suae, etc. (Luc.,cap.I#mo#,
vers.48).
Leughtar a mbeathaidh na naomh go ttainig an diabhal a chur
cathaighe air an bhannaomh Caitriona, ag radh nach raibh
riachtanas aice a bheith 'ga seargadh fein le crabhadh agas gan
peacadh urrtha. Acht freagras an bhannaomh, ag radh, "Bhi
Eoin Baiste beannaighe a mbroinn a mhathara agas ni dearna
peacadh e fein; cedheadh, niar loc se crabhadh a dheanamh agas
creud fa nach ndeanuinse mar an gceadna?" Acht air chona<i>rc an
t-ainsbiorad nach ttainig leis an bhannaomh a chur an uabhar le
mórmheas air a beathaidh fein, d'fheuch se ar mhodh eile í,
eadhon thainig da hionsaigh anna bhfeaghair eile agas
adubha<i>rt, "Chaitriona, ni bhfuil acht diomhnas an do
chrabhadh falsa gan bhrigh gan meas. Na saoil go gcuirfir cluain
mar sin ar Dhia le fuarchrabhadh." Labhras an bhannaomh agas
adubha<i>rt, "Ni ann mo chrabhadh amhain ata muinin no dochas agam
acht a mórthrocaire Dé." "Ma mhallacht ort," air an diabhal,
"or sháruigh tu mo ghliocas. An ua<i>r a shaoil me do shéideadh
suas a bpeacadh an diomais, luidhe tu sios faoi choimirce na
humhlacht, agas air thug me iarraidh do leagadh sios le heudochas,
d'eirigh tu suas le dochas a bhfocha<i>r do Thighearna."
Deir an faidh Isia go n-ísleochar na cnuic agas go n-áirdeochar na
gleantain, .i. leagfar uabhar agas árdanacht na ndaoine móra an trath
thógfar suas na fíréin bhochta uiriseal a ngloir agas an onoir.
Is amhlaidh a thóg Criosd iasgaireadh agas labanaigh chum a bheith 'na
n-easbluibh aige fein chum soillse an tsoisgeul a theisbeanadh agas a
theagasg do cheithre cearnadh na croinne, etc. Deposuit potentes
de sede et exaltavit humiles (Luc.,I,52).
"Creud mar fhoghlamar an umhlacht?" adeir naomh airighthe. "Nithear ag
tabhairt do lochta fein fa dear agas ag ceilt lochta na muintir eile." Is
cosamhuil le sin a' nídh adeir St Bernard, .i. "Cuir eolas ort fein air
tús, a dhuine. Feuch ort fein air an uile thaoibh agas chifir creud an
meas no an onoir a dhlighear duit. Feuch mar rugadh thu a bpeacadh na
sinsire re pianaidh agas re dochar, nach bhfuil ionad fein acht tumba
fionaolaithe a ttaobh amuigh, lan gallar agas easlainte a ttaobh astuigh,
nach bhfuil an do shaoghal acht amhgar no an do chrigh acht biadh cnumh
agas ciarog, morgadh agas breantnas, nach bhfuil agad do do chuid fein
acht luige agas anbhfaine, nach bhfuil uaisle, céim, no uachtranacht san
uaigh, nach geillean an bás, na cnumha, no an diabhal do cheachtar aca,
nach bhfuil an do neart, an do bhrigh, agas an do thiodhlacaibh eile
acht sgaile bréige nach mairean órlach. Tar éis an mioneólas <s>a a chur
ort fein chife tu go soilleir creud an t-abhar uabhair ata agad no creud
an meas no an onoir a dhlighear duit." Is amhlaidh a fhoghlamar subhailce
na humhlacht.
Bhi fallsunach eagnaidh san nGreig darbh ainm Tales agas an ua<i>r a
fiafradh dhe cia an fhoghlaim no an leighion badh chruaidhe air bith,
"Ata", air se, "duine eolas a chur air fein." Agas dearbhaighean St
Auguistin agas St Bernard a' nídh ceadna, ag radh, "Is árd, is domhuin,
agas is foghlama an staideir suidheamhan na bhflaitheas, cúrsa na greine,
na gealaigh, agas na rialtog, agas neithe diamha<i>r dothuigse eile a
ransughadh, mar niad fallsunaigh agas lucht sgriudaigh na naduir, acht is
uirde agas is cruaidhe no sin uile duine eolas a chur ar fein, do bhrigh go
tteisbeanan an t-eolas sin a luige, a lochta, agas anbhfaine fein dó, agas
as sin fasan an umlacht agas an uirisle an ait a n-atan agas a séidean
árdleighion eile an duine suas le mórdhail agas le mormheas air fein."
Leughtar air naomh eile a d'iarr mar athchuinge air Dhia amharc a
thabha<i>rt dó air féin. Fua<i>r se sin, agas an tráth a chonairc se
amharc air a lochta, air a luige, agas air anbhfaine, lion se lán fuadh agas
drochmheas air féin, ar mhodh go ndubha<i>rt, "Och, a Dhia, beir uaim an
t-amharc sa arisd, or ni feidir liom ma ghraineamhlacht fein fhulang
nias faide." Agas is amhlaidh an uile dhuine a chuireas eolas air a
luige agas ar a lochta fein, bian, mar an gceadna, fuath agas drochmheas
aige orra. Mar sin, ni iarran se meas no moladh no onoir shaoghalta air
dhaoinibh agas fa dheoidh, bian se ni he amhain umhal ach luathaireach,
mar bhi na heasbail, an uile tharcuisne, masla, agas miothmhuibh d'
fhulang mar gheall air Chriosda (2 Cor.,12,10). Quoniam digni habiti
sunt pro nomine Jesu contumeliam pati.
Finis.
AN CUIGEAMHUGH DOMHNACH D'ÉIS NA CASGA.
DON URNAIGHE.
Si quid petieritis Patrem in nomine meo, dabit vobis (Joan.,c.5,7,16,23).
"Cebe air bith neithe iarrfuidhe air an Athair an m'ainmse, do bheara se
dhibh é" (Mat.,7,v.7; Marc,II,24; Luc.,II,9; Jacob,I,6; Mat.,21,22).
Domhnach agas seachtmhuin na rógoide, .i. na hurnaighe agas na hathchuinge
a bheir an eaglais air an aimsir se, do bhrígh
gur gnás urnaighe shollumoid a dheanamh na trí ló atá romhuin maille re
cátaoine no trosgadh, ag iarraidh air Dhia tórtha na talmhan do
bheanughadh.
Ag mínioghadh an tsoisgeil se aniodh, is rún liom tracht air shubhailce
na hurnaighe, ag roinn ma chomhraidh a ndá chuid. San chead chuid
teisbeanuid créd is urnaighe ann, maille re na coinghil agas le na fearta
a bhaineas lia. San dara roinn, air ghné no air chineal na hurnaighe,
air an áit agas air an aimsir annair cóir a deanamh. Acht ar tús iarrmoid
cong<n>amh an Sbiorad Naomh tré impighe na Maidine Muire, ag radh Failte an
Aingil. Aue Mairia.
Is iontuige o thús annso gur tré mheodhoin na hurnaighe iarrar agas a
gheibhear cong<n>amh agas grása an Sbiorad Naomh. Is lena ghrásaibhsin
a bhiodhgaighear, a neartaighear, agas a chlaonar toil shaor an duine
an maith a dheanamh agas an t-olc do sheachna, oibreachadh agas aitheanta
Dé do chur a ngniomh. Oir mar nach ttig leis an duine thin no lag
siobhal no asdar a dheanamh gan cuideamh, is amhlaidh ni thig leis an
pheacach atá tinn truaillidh le peacadh na sinsire no gniomha toil Dé no
leas anma do dheanamh muna mbeith grása an Sbiorad Naomhtha cuideamhudh
agas a' coimhoibrioghadh leis. As a ndubhramar, atá sothuigthe gurb e
gloir Dé tuarasdal na ndeighniomh, gurb e na gniomharadh malle re creideamh,
etc. tórtha na ngrás, agas na grása toradh na hurnaighe. Mar sin, ata se
roriachtnach a mhínioghadh no a theisbeanadh creud is urnaighe an.
Is ionann urnaighe agas athchuinge no iarraidh. Mar sin, gach ua<i>r a
ttógan an duine a chroidhe go craibhtheach caondurachtach ag guidhe no
ag iarraidh neithe dleisteanacha air Dhia, is feidir urnaighe a ghoirm
don ghuidhe sin.
Ata cuig coinghil go prionsapailte riachtnasach an urnaighe a dheanamh mar
is cuibhe. An cead choinghiol aca, an intinn a bheith uaigneach agas saor,
sgarrtha o smaointibh seachranacha agas o ghnothaibh saoghalta, mar bhi ag
Criosd a ngairdin Gethsemani (Mat.,c.26). Agas deir se fós ag Mat.,6,
v.6, Tu autem cum oraveris, intra in cubiculum tuum, etc., eadhon díbir
uaid buaidhreadh agas triobloid shaoghalta, or is le Dia amháin is coir
duit a bheith caint no comhradh ag deanamh na hurnaighe.
An umhlacht an dara coinghioll. 'Se is umhlacht ann, adeir St Bernard,
subhailce a bheir do dhuine a bheith umhal uiriosal beagmheasamhail air
fein as siocair a lochta, a luige, agas anbhfaine. Bhi an tsubhailce se
ag an phuibliocanach a chuaidh suas don teampol a dheanamh na hurnaighe
(Luc.,c.18). Niar leig an umhlacht agas an úirisle dó a theacht a ngar
na haltora; sheasaimh se a bhfad sios; bhuail se ucht agas chrom se
cheann, ag radh, "A Dhia, deana troca<i>re oramsa an peacach", Deus
propitius esto mihi pec<c>atori. D'éist Dia leis agas cuireadh saor
air siobhal é.
Dóchas no muinin a nDia an treas coinghioll. Cebe iarrmuid san urnaighe
le creideamh agas le dóchas atá se air faghail aguin, adeir Mat.,c.21,
v.21,22, agas Eoin absdal, an chead epistil ghinearalta, c.5, 14-15.
Bhi an dochas <s>a ag an centurion (Mat.,8,5), aige prionsa na suinigoige
(Mat.,9,18), ag an mnaoi urra a raibh a' géarrach fola (Mat.,9,20),
agas ag an mnaoi Chananea (Mat.,15,22). Na neithe a d'iarr síod re
dóchas, fua<i>r siod o Chriosda iad.
Deaghoibreachadh an ceathramhughadh coinghioll, agas go sunradhach trosgadh
agas déirc. Gan iad so, bian an urnaighe bacach, mar laoidh gan seól no mar
éun gan sgiathain. Ni fhosglan aon eocha<i>r amhain trí doirse fhlaitheas
Dé, .i. doras an chreidimh, an dochais, agas an ghraidh, muna a mbeith na
trí heochrachadh ann a n-einfheacht, .i. trosgadh, deirc, agas urnaighe.
Leightear a mbeathaidh na naomh air ab airighthe darbh ainm Lucius. Ar
tteacht do chuid do na daoine riaghalta da ionsaidh, d'fhiafraigh se
creud an cheird bheathaidh a bhi aca. Adubhradarsan na raibh do cheird
aca acht an urnaighe. "Cia a nídh an urnaighe ar mar son", ar an seanoir,
"an ua<i>r a bhian sibh ag ithe, ag ól, no mar gcodladh?" Acht an trath
nach ttainig leo an cheisd se fhreagra, labhras an t-ab, ag radh, "Go
deimhin, a dhearbhraithre, ni dean sibh an urnaighe mar deir sibh, reir
Phoil, I Thess., c.5. Le deanamh basgoid a thigimse a ttír," air
an t-ab, "agas ce go mbiam go laetheamhuil ag obuir, ní locam trocaire
iarraidh air Dhia tré mheodhoin
na hurnaighe, agas air ndíol na hoibre damh, tugam cuid da luach do na
bochtaibh agas cealaighim féin an chuid eile. Bian a' chuid sin a thugam
do na bochtaibh a' deanamh na hurnaighe air ma shon an trath a bhiam
fein ag ithe, ag ól, no ma chodladh." 'Ga chur a gceill gurb e an déirc
agas na deaghoibre a bheir neart agas brigh don urnaighe, agas go bhfuil
an creideamh agas na subhailce marbh d'easbhuigh na ngniomh, mar deir
Seamus easbal, c.2, v.17; 26.
An cuigeamh coinghioll, a bheith búansheasmhach inte. Mar sin, ni cóir
gearan a dheanamh fa gan na neithe iarrmoid d'fhaghail air a' bpong;
ni ttainig an tan fós; is féar a' fios atá ag Dia no aguinn fein cia an
úa<i>r is cóir freagra dhuinn. Mar sin, ni cóir diultadh a ghabhail acht
a bheith ag sioriarraidh, gan stad, gan sgith, gan chomhnaigh. Acht ma
deir duine air bith, "Is fada agas is cian ag iarraidh mé agas ni bhfua<i>r
me freagra no toradh fós, creud fa?" Atá, cionn nach raibh na coinghil
riachtnach aige, no cionn nach raibh air staid na ngrás (Joan., 15,7),
or ni éisdean Dia le hurnaighe an pheacaidh, no cionn nachair iarr se mar
ba choir (Jacobi, 4, 3) na neithe a bhain le toil Dé no leas anma.
'Siod sin na hadhbhair nach bhfúair freagra no toradh, or da mbiadh na
coinghil cheart aige, .i. creidiomh, dochas, agas gradh, umhlacht,
deaghoibre, etc., gheabhadh se an cnuc no an sliabh áthrach as ait gan
amhras, gan chontabha<i>rt, da n-iarra é (Marc.,II,v.23; Mat.,21,v.21).
Leughtar ag lib.4 Reg., c.6, gur chuir rígh na Sorcha no na Siria
leigir no sige leis an chathair anna raibh an faidh naomhtha Eliseus.
Air n-eirigh go much air maidin da ghiolla agas air bhfaicsind an
tsluaidh fan mbaile, do ghabh eagal é. Righne an naomh urnaighe, agas
da thairbhe, fua<i>r se suile an ghiolla fhosgladh. Feuchas an giolla
agas chona<i>rc se sluadh aingeal ag cosg agas ag comhdach na caithreacha
ba mo go mór agas ba lionmhara no na daoine a bhi 'na haghaidh. A haile
sin, thóg an faidhe naomhtha a shuile suas, ag deanamh urnaighe, agas
d'iarr se air Dhia na sloite sin uile do dhalladh, agas fua<i>r an duine
naomhtha an athchuinge sin le brigh agas le feartadh na hurnaighe.
Leughtar aríst a leabhar Iosue, c.6, go raibh dóchas agas uchtach ag
muintir Ierico as dhaighneach na ttor, na gcaisleán, na ndún, agas na
mballadh a bhi timchial na caithreacha aca. Ach an tan a thainig Iosua
agas a shloite da hionsaigh thimchill siod í seacht n-uaire, agas an
seachtamhughadh uair do ghabhadar an eaglais seacht ngalltrompa agas
thogadar a nguth suas agas choimhfhreagair an pobal iad d'aon ghlor
amhain ag eabhaigh air Dhia, agas feuch, air a' bpong thuit dúin agas
daighnidh an bhaile go talamh agas niar fagadh duine le cheile aca gan
mharbhadh no ruagadh idir fhear agas mhnaoi, on leanban go nuige an
seanoir. Ciallaighean na seacht ngalltrompa sin na seacht
n-athchuingeacha ata san Phaidir, an urnaighe is fear air bith, inte a
bhfuil iarraidh an uile nídh a ttaoibh an anma agas an chuirp, agas nidh
haonadh sin an uair as e tiobroid na heagna agas na hinntlidheacht, .i.
beul Dé fein, do chum agas do dhealbh í agas d'ordaigh do gach aon a
radh mar urnaighe (Mat.,6; Luc.,II). Agas adeir St Auguistin, an te
adearas an Phaidir air staid na ngrás go bhfuighidh se an uile nídh, mas
e sin leas anma.
Leughtar go ttug Iosua air an ngrein stad agas seasamh air an aeir le
cumhachta, fearta, agas brigh na hurnaighe, Stetit sol in medio caeli
(Josua,c.10). An aon fhocal, ni bhfuil maith nach ndeantar le
hurnaighe na bhfireun, eocha<i>r fhlaitheas Dé fhosglas doirse nimhe,
clavis caeli, dhibreas an diabhal (Mat.,17, v.20), agas dhúnas agas
mhuchas geataidh agas teine ifrinn agas phurgadora gan tracht air mhile
leigheas agas muirbhille saoghalta a righne agas a nidh na naoimh go
laethamhuil, mar is follas as bheathaidh Chriosd agas na n-easbal,
etc.
AN DARA PUNG.
Ata dhá chinneal urnaighe ann, .i. urnaighe an chroidhe no na meanmna,
agas urnaighe an bheil no na mbriathar. Roinntear arist í a nda chinneal
eile, .i. urnaighe chomhair agas urnaighe air leith no leataobhach. Ata an
dá chinneal urnaigh se ionmholta fa seach, mar dhearbhas Criosda san
scrioptuir. Ag tracht air an urnaighe chomha<i>r adeir se, "An ait a
mbeith dís no triur cruinn ag moladh Dé an m'ainmse, ataimse annsin
ana lár. Mar sin, an ceann tighe no teaghluidh a chruinnigheas a mhuintir
a gceann a cheile ag radh an Phaidrin Phairtidh no urnaighe eile
chomha<i>r, na bidh amhras aige nach mbeith Criosda agas na haingil ana
lár agas ag cuideamhugh leo (Mat.,18,20). Ag tracht air an urnaighe
uaignidh no leataobhuidh, adeir Criosda, Tu autem cum oraveris intra in
cubiculum tuum, etc. (Mat.6, v.6). Air sgath na haite no na h<a>imsire
annar coir an urnaighe a dheanamh, ni bhfuil ait no aimsir chomhgrach
toirmeasga, Oportet semper orare (Luc.18, v.I), Sine intermissione orate.
(Thes.,5,17), acht go sunradhach air maidin agas tranona, ag eirigh agas
ag luidhe, ag an altoir, ag do leabaidh, abair an urnaighe go craibheach
caondurachtach air do ghluinibh. Finis.
Appendix, .i. cong<n>amh no leasamhugh.
Leugh beatha na naomh agas chífe tu creud an toradh a thug Dia air urnuighe
na naomh agas na n-easbal agas creud na muirmhilleadh a rinneadh le brigh
agas feartadh a nguidhe. Feuch god é righne Maoise san Eigipte agas
air an bhfásach no an faidh Elias agas a dheisgiobal Eliseus, et alii
multi. Is leis an eochair se a d'osgail siod doirse fhlaitheas Dé agas
dhún siod geatadh ifrinn, a thug siod buaidh orra fein, air a' diabhal,
agas air a' tsaoghal, ut supra, pag.126. (Hic nar<r>antur exempla).
DOMINICA 8 ET 24 POST PENTECOSTEN VEL PRO QUACUNQUE ALIA INDISCRIMINATIM
DOMINICA.
Non omnis qui dicit mihi, Domine, Domine, intrabit in regnum caelorum, sed
qui facit voluntatem Patris mei qui in caelis est, etc. (Math.,cap.7,ver.21;
Rom.,2,13; Jacob.,I,22).
"Ní he gach uile neach adeir riomsa, a Thighearna, a Thighearna,
rachas asteach sa rioghacht neamhdha, acht an té do ní toil m'Atharasa
ata air neamh."
Ni bhfuil duine air bith, fíreun no peacach, nachair mhaith leis a dhul
go flaitheas Dé ag uair an bhais. Cedheadh, adeir Criosd san tsoisgeul
ata latha<i>r nach tteid aon neach ann acht an te do ní toil an Athara ata
ar neamh. Acht ceist anso, Cia he sin do ní an toil sin go sunradhach?
Go coitchionta, saoilean agas breanaighean an chuid is mo do chinne daona
gur féarr an comhgar agas an tslighe a bhias ag gach aon duine no ag fein
leas anma agas toil Dé do dheanamh air a' tsaoghal sa, .i. saoilean an
duine óg nach bhfuil air aire no le deanamh ag an tseanoir aosda acht a
bheith ag deanamh anma; saoilean an duine aosda gur imigh a bhrigh fein
agas a mheisneach agas gur fusa don duine og trosgadh, déirc, agas
oibreachadh eile na haithrigh agas an chradh chuirp a dheanamh no do
fein. Deir na tuatadh ainbhfiosacha gur furas do na daoine foghlama, .i.
don eaglais, do na braithre riaghalta, agas do na dithreabhuigh uaigneacha
leas a n-anma a dheanamh seacha iad fein. Deir an duine bocht amhgrach
a' nídh ceadna leis an duine shaidhbhir, agas amhlaidh gach aon eile mar sin
sios. Acht ataid uile meallta ansna smaointi se, or ata se a ccumhachta an
uile dhuine ana staid bheathadh fein a dhul go flaitheas Dé, mas e thoil
fein é. Is taitneamhach a' nídh a bheith ag éisteacht le teagasg, le
comhradh, no le seanmoir air mhórdhacht no air mhaitheas no air throcaire
Dé, air náduir agas air dhealradh na n-aigheal, na naomh, agas na gloire
siordhaidhe, air shuidheamhuin na bhflaitheas, ar chursa no ar chlaochlo
na ndúl, na gréine, na gealaigh, na rioltog, agas neithe eile mar sin, etc.,
acht is féarr siobhal agas imeacht go díreach air an tslighe agas air an
bhealach a threóraigheas ann, ag deanamh go haighearra tola Dé, no sin
uile. "Or ní hiad lucht éisdeachta an dlighidh acht lucht a dhéanta no
choimhlionta a shaorfuidhear", adeir Pól chum na Romhanach (Rom., c.2,
v.13). Creud an mhaith a bheith ag amharc no ag feuchuin air thír
aoibhin a bhfad thall muna mbeith eólas no cumas an bealach ann do
ghabhail? Is air an ghléas agas air an tslighe ar leith atá ag na huile
dhuine ana staid bheathadh féin a dhul chum na
tíre aoibhne sin flaitheas Dé agas ní air aoibhneas na air ghloir na
tíre féin is rún liom tracht anso, acht air tus, abramoid an Aue
Mairia. Aue Mairia.
Na saoilidh duine air bith nach bhfuil grása no trocaire Dé le faghail
acht ansa Roimh, air Sliabh Cailueri, ag Sruth Iordain, a Loch Dearg,
a mullach sleibhe no an aiteachaibh uaigneacha naomhtha eile amháin.
Dearbhaighean an psailmcheadach a chontrardha sin, ag radh, Prope es tu
Domine, et omnes viae tuae veritas, .i. "a Thighearna, atá tu garamhuil
ag ar láimh, agas atá do bhriatharadh uile fírineach", amhail agas mar
dearadh, cebe air bith ait no staid bheathadh ana bhfuil tu, a dhuine,
ní bhfuil agad acht do lámh a shíneadh air Dhia, mas ail leat féin.
Mar sin, ní leithsgeul a rádh go bhfuil comhgar ag duine nias féar no ag
duine eile. d'fhuiling Criosda an pháis air ar son uile, agas mar is
áil leis air slanughadh uile, ni bhfuil staid no slighe beathadh ar a'
tsaoghal sa, óg no ársaigh, saidhbhir no daidhbhir, tuaigh no eaglais, nach
bhfuil Dia ag a láimh, mas ail leo feuchaint air no a lámh a shíneadh dó,
mar ní an leanabh don bhanaltruin an tráth a bhias baol tuitim a<i>r. Atá
tiodhlacadh na ngrás air faghail ag gach aon a chuidios agas a
chomhobrigheas leis an toil saor toil agas aitheanta Dé a chur a ngniomh
no a gcoimhlionadh, ní nach ttig le neach a dhéanamh lena neart no lena
bhrígh nádura féin. Or mar nach ttig leis an duine thinn no lag ualach
iomchar no siobhal a dhéanamh gan leataca, is amhlaidh ní thig leis an
pheacach atá tinn truailidh on pheacadh an tslighe a threóraigheas go
flaitheas Dé a ghabhail gan leathtaca na ngrás mar chong<n>amh aige (vid.
pag. 121, 88).
Ni bhfuil fear no bean, óg no ársaigh, aois no ealadhuin air a' tsaoghal
sa nach ttugan Dia grása specialta doibh a n-ualach féin iomchar, mar
deir Pol, Unusquisque enim onus suum portabit (Gal. 6,5). Mair sin,
atá se chumh furas don ghreasuigh no don fhear tighe ag iomchar an ualaigh
atá d'fhiachaibh air féin go cneasda ansa tslighe beathadh ana bhfuil
se, atá se chumh furas dó, adeirim, a dhul go flaitheas Dé leis an
dithreabhach a theid le crábhadh go Loch Dearg no na Romha.
Agas ní bhfuil aois, oific, no ealadhuin faoi neamh na neall nach bhfuil
duine don ealadhuin cheadna 'na naomh a bhflaitheas Dé; agas atá na grása
agas na cumhacht céadna ag gach aon eile, mas e a thoil an úsoid cheadna a
dhéanamh leo.
Venite ad me omnes qui laboratis et onerati estis, et ego reficiam vos.
Tollite jugum meum super vos; jugum meum enim suave est et onus meum leve
(Mat.,c.II), "tigidh chugamsa uile, a lucht an tromshaothair, oruibh a
bhfuil anualach agas bhearaidh me furtacht dhaoibh", adeir Criosd.
"Tógbhuidh m'ualachsa oruibh, or atá ma chuingse gan dochar agas
m'ualach eadtrom" (Mat.,c.II). Is follas anso go bhfuil ualach Chriosd
eadtrom agas ualach an pheacaidh trom (pag. 69). Cuirean a' diabhal, an
saoghal, agas an chodlan anualach air an pheacach, acht do bheir Criosd
cuireadh doibh an t-anualach sin a chuir diobh agas ualach eadtrom féin
a chuir orra.
Ní bhfuil duine ar bith nach bhfuil ualach agas cúram ar leith air le
hiomchar a bheanas go specialta don oific atá aige. Sin an t-ualach
eadtrom iarras Criosd air an uile dhuine iomchar seacha ní ar bith ar tús.
Or muna mbeith an uile sheirbhiseach a mbun na hoibre ordaighear dó,
creud an buidheachas a bhias a<i>r (sin agas biodh go raibh ag déanamh
foghnaimh eile féin)? Ma theid a ghnothaidh féin amogha, is seirbhiseach
nimhdhíleas é. Iomchraigh gach duine úalach agas a chúram féin go specialta
agas tuguidh se aire dó tar ní ar bith. Bí gach aon ansan ait, ansa<n>
oific, agas ansa phosta a hórdadh do féin, gan ait no oific dhuine eile
iarra<i>dh no shantughadh, .i. an sagart agas an pobal, an t-atha<i>r
agas an chlann, an maistir agas an t-oglach, gach aon aca ag coimhlionadh
agas ag iomchar a chúruim agas ualaidh féin go specialta. Bí se a ngleas
agas an órdughadh aige, no dunfar an doras air teacht lo an Tighearna,
adearas, Redde rationem villicationis tuae (Luc., 16), mar righneadh ar
na maighdeanuibh amuideacha aca nach raibh ola ana lochranaibh féin.
Míneocham gach ní aca so ar leith ionas goma féar a thuigeas gach a<o>n
duine creud an t-ualach no an cúram atá aige le cuntas a thabha<i>rt air
a son ló an Tighearna, .i. uair an bháis agas an bhreitheamhnais.
Unusquisque enim portabit onus suum (Gal.,c.6,v.5), "iomchoruigh gach
aon ualach fein." Ni theid anam air sgath a cheile, .i. an t-atha<i>r
ar son na cloinne no an chlann air son an athara ló an bhreitheamhnais ach
gach a<o>n duine ar a shon fein. Or an chead cheist fhiafrachas an
breitheamh, Cionas a choimhlion tu do chúram féin, cionas a sheasaimh tu
do phosta, an ait, an cheird no an ealadhuin a bhi agad air a' tsaoghal?
A lanamhuin phosta, tugaidhse aire da bhur gcúram agas do bhur n-ualach
fein, don cheangal coisreaga dosgaoilte a chuir an eaglais oruibh agas don
ghealladh dhearbhtha, nach mbristear go nuige an bás, a thug sibh a
bhfiaghnaise Dé da cheile cion agas siothchainte a bheith eadruibh, etc.,
mar chuireas an sgribhin diadha sios duin (Eph.,c.5; Collos.,3; Pet.,3)
gach oibligoid agas ualach da bhfuil d'fhiachaibh air an lanamhuin
phosta.
Aithreacha agas a mhaithreacha, tógbhuidh suas bhur gclann reir na
riaghlacha a bheir Pol easbal duin (Col.,3, 21; Eph.,6, 4). Na
caomhnuigidh an tslat no an teanga orra agas teisbeanuigidh sompla maithe
doibh, .i. munadh le slait, uideas no teagasg le teanguidh, agas sompla
maithe le gniomh. Reir dligheadh Dé agas na nadura ata uirid d'oibligoid
air an athair a chlann a mhunadh agas ata air a mbeathughadh, smacht agas
riaghail a chur orra gan diomhnas no drochuideachta do chleachtadh no reim
a ttola fein a leigint leo. San darra hait, ni riachtnasaigh beatha an
chuirp no beatha an anma, .i. eolas an chreidimh, a gheibhear san teagasg
Criosdaidhe, tathaigh na sacramainteadh agas na subhailceadh, tathaigh ar an
aifrionn, air an urnaighe, agas ar an chrabhadh, eagla agas gradh Dé agas na
comharsain, fuath na locht, graineamhlacht an pheacaidh agas phiantaibh
ifrinn a chur in umhail doibh, agas fa dheoidh, sompla agas deaghniomharadh
a thabhairt doibh. 'Siod so na neithe prionsapailte a dhlighear don
chloinn. So an cúram agas an t-ualach iarras Criosd go sunradhach air an
atha<i>r agas an mhathair a choimhlionadh agas iomchar, agas is air son an
oibligoid se go specialta a shaorfar no dhaorfar iad ló an bhreitheamhnais.
"A chlann, bigidh umhal da bhur n-aithribh agas do bhur maithribh", adeir
an t-easbal Pol (Eph.,6). Tuguidh onoir
doibh ionas g<o> mbiadh rath agas fad saoghail agaibh (ibidem). Réir
aitheanta Dé, ata d'fhiachaibh air a' chloinn gradh, onoir, agas umhlacht
a theisbeanadh don athair agas don mhathair, agas fós réir dligheadh na
nadura. Thug siod ar a' tsaoghal iad, thog siod suas go cúramach iad
agas fagan a solar saoghalta aca an ló deigheanach. Air an adhbhar sin, ata
d'fhiachaibh air an chloinn imirt chuitighidh a thabha<i>rt doibhsion
arist, .i. an aimsir a' riachtnais, an aosa, agas a' leatroim, agas go
specialta an aimsir a' bhais friogholughadh na heaglaise fhaghail doibh,
maille re hadhlacadh Criosdamhuil, aifrin, trosgadh, deirc, agas urnaighe
d'eis a mbáis. So oibligoid agas fiacha sunradhach na cloinne; so a'
t-ualach ata chúram orra chum tola Dé a shásadh agas rioghachta na gloire
fhaghail. Non omnis qui dicit mihi Domine, Domine, etc. A' chlann a
dhiolas na fiacha sa no choimhlionas an dligheadh sa Dé agas na nadura is
dual doibh beanughadh Dé, rath saoghalta, saoghal fada le hagh, etc.
d'fhaghail, reir geallaidh Dé fein, ag Eph.,c.6, 3v. Acht creud
eirigheas do chloinn na miochomhairle agas na heasumhlacht a bheir
tarcuisne, aithis, no drochtheanga don atha<i>r no don mhathair, a
bhuaileas, a mhaslaigheas, no a mhallaigheas iad, nach ttugan cabhair no
furtacht doibh, ut supra? Mallaighean Dé an chlann sin, Qui maledixerit
patri vel matri morte moriatur (Mat.,15, v.4), agas is dual doibh an uile
sgrios agas seanmhallacht tuitiom orra, mar innsios an sgrioptuir duin
(Pr<o>verb.,30; Ec<c>les.,3).
A dhaoine oga, fhir agas a mhna, ata mar n-ualach fein agaibhse le
hiomchar a bheanas le mar staid féin. 'Se an chead ualach ata
d'fhiachaibh oruibh, eolas a chur air Dhia agas air mar gc<r>eidiomh,
Quaerite primum regnum Dei (Mat.,6). Is maith, adeir briathara Dé, don té
a chleachtas cuing an Tighearna iomchar a ttus oige (Lam.,c.3), eadhon
an dligheadh a d'ordaigh Dia agas an eaglais do choimhlionadh. An chuid
eile do mar n-ualach, deighbheatha, iomchar geanmnaigh gan earroid,
diomhnas agas drochuideachta do sheachna. Is furas an oige a
mhúnadh, a chleachtadh, agas a chlaonadh chum deighniomharadh no
drochghniomharadh, mar is furas a' tslat a shniomh air ta si maoth. Cebe
iomcharas ualach na hoige, 'se sin an cupan ata lán slainte, uabhair,
agas anbhras an aois na hoige, slan a' diabhail faoi o sin sios go trath
bheith sior (vid. pag. 85).
Ata cíos air leith ag Dia air a' tsaidhbhir agas ar a' bhocht, ar a'
mhaighistir agas ar a' ghiolla, ar an bhaintreabhaidh agas air an mnaoi
dhiomhain, air an té ata ceangailte agas air an té ata sgaoilte, etc.; mar
sin, tugaidh gach duine aire da chúram agas da ualach fein, reir na
hoifice, na ceirde, no na staide beathadh ata aige, or is air son
fheadhmadais fein agas ní ar son fheadhmadais an fhir ud eile iarrfar
cuntas an ló deigheanach air.
Leughtar air gach ní aca so air leith san sgrioptuir (I Tim.,5; de viduis;
Col.,4; Eph.,6, de magistris; Eph.,6; Col.,3; Tit.,2; Pet.,2, de servis;
de divitibus et pauperibus, I Tim.,6; Luc.,6; Heb.,14).
Vigilate et orate (Mat.,26), "bigidh air mur gcoimhead." Ata an diabhal
a' seilg oruibh, agas fós an bás, air an og agas ar an ársaigh. Ata naimhde
eile fós ar mar sídh, .i. an saoghal cealgach agas claonta domhúinte na
codla. Is beanaighe an searbhfhoghantaighe nach bian 'na shuan no 'na
chodladh acht 'na dhusgadh, air a choimhead, agas air fhurachas ag
teacht a mhaistir no a thighearna, Beatus ille servus, quem cum venerit
dominus ejus et pulsaverit januam, invenerit vigilantem (Luc.,12, v.37).
An té iarras oruin faire agas coimhead a dheanamh, iarran se oruin fós an
urnaighe dheanamh d'eagla tuitim ionsna caithighe, ut non intretis in
tentationem, or is leighios air na cathuighthe an urnaighe. Is coir go
specialta maidin agas trath nona, tug agas deireadh an lae a chaitheamh
san urnaighe. Tre urnaighe na mainne iarrmoid grása air gcomhdach air olc;
tre urnaighe na hoidhche iarrmoid párdun air son gach olc da ndearnamar
(vid. pag.120, de oratione).
Is companach agas guaillighe don urnaighe an trosgadh agas an deirc (vid.
123). Beagan o fhear a' bheagain agas moran o fhear an mhorain. A
Chriosdaidhe, feuch, amhairc suas air an ait as a ttainig do shaidhbhreas,
do thalluin, agas do thiodhlacaidh,
agas cuir mír bheag no roinn do na tiodhlacaidh cheadna suas arist, agas na
deana dálta na muice nach bhfeuchan suas air fhear a beathaigh, .i. ar
fhear leagadh na ndearcan. Agas tuig nach le haghaidh troda an aghaidh Dé
no fós le haghaidh do chur go hifrionn no an uabhar no air earroid a fuair
tu, a Chriosdaidhe, gach prontanas, gach maoine, agas gach tabhartas da
bhfuil agad; ni headh acht le haghaidh a gcur air rath agas biseach dod
h'anam, le haghaidh a ranna, le haghaidh do riachtanais fein agas do
chomharsain, agas mar sin, le haghaidh iad a bheith 'na meodhoin, 'na
gceinnsioca<i>r, agas 'na ndreimire agad suas go flaigheas Dé. Agas
breathnaigh agad fein go gcluin tu Dia ag caint agas ag radh na ttrí
bhfocal sa leat, .i. accipe, redde, cave, "glac, fill, coimheid", sin
le radh, glac an talluin se uaimse, cuir air biseach é, tabha<i>r no fill
a luach sócail oram fein arist. Agas muna ndeana tu sin, cuimhnigh agas
tabhair dod aire go n-ioca tu go daor da cheann ansan ait agas ansan
úa<i>r na ttig leat thu fein do leasughadh agas nach bian neach air do
leisgeul, agas fa dheoidh, tuig, cebe air bith staid beathadh ata agad, go
bhfuil se d'fhiachaibh ort leis an ealadhuin no leis an oific sin, .i.
le do sheól, le do sheisrigh, no le do thuaigh, ni he amhain saothar
agas lón saoghalta a dheanamh dhuit féin acht fos lón siordhaidhe a chur
suas duit fein san tsaoghal eile (vid. pag. 99, etc.).
Theisbein me dhaoibh go ttugan Dia grasa air leith do gach uile anam fein
a shlanughadh, agas arist deirim go mbian a dhoigh agas a ghaiste fein
ag an diabhal ag iarraidh an t-anam sin do dhamnughadh.
Is námhuid ghlic an diabhal agas tugan se iarraidh a dhul asteach a
gcomhnaigh ar a' duine an ait is lugha a bhfuil se air a choimhead no a
bhfuil neart no daighneach roimhe. Feuchan se go mín agas go garbh é, go
bog agas go cruaidh, air a chaoin agas air easgcaoin no go ttiocfuidh se
air a' taobh is anbhfaine, is luige, agas is soibhriste dhe. Ni bhfuil
dul asteach agam air an fhear so acht an uair a bhias fearg air, no air an
fhear ud eile acht an ua<i>r a bhian se air meisge, no cebe air bith leanan
peacaidh a bhias aige; go nuige sin is deaca<i>r a chlaoidh, acht an uair
sin feudam ma rogha cleas a dheanamh leis, or ni fhanan brigh no meisneach
ann an ua<i>r sin. Caillean se grasa Dé,
slainte anma agas a chuirp, a chiall agas a riasun, a mhaoin shaoghalta
agas a shubstainte, agas ni bhian cás leis olc no urchoid air bith a
dheanamh o sin amach (hic varia pec<c>ata et vitia referuntur). Creud
mar gheabha<i>r an chneadh sa a leighios arist? Gheabhair gárda,
daighnioghadh, agas coimhead dubalta a dhéanamh air an ait sin dhiot fein
a bhídh lag, anbhfan, no sobhriste, agas gan a' comhgar ceadna no an ocoid
cheadna a thabha<i>rt dod namhaid leagadh no tuisleadh a bhean asad, no
an ait sin a leonadh no a leagadh achoidhche 'rist.
DOMINICA NONA POST PENTECOSTEN. SUPER EVANGELIUM, Luc., 19, 41.
Do bhí cathair darbh ainm Ierusalem a ttaobh shoir don domhan, a
gcriochaibh na cine Iudaigh, san rann don domhan da ngoirthear an Áisia.
Is annsa chathair se a bhí ionad comhnaigh ag an rígh Dáibhi, aig a mhac
Solamh, agas aig na righthe eile a thainic air a lorg. Bhí an baile se
fós anmnaiteach oireirc air feadh na cruinne air éfeacht a thor agas a
dhaighnidh, air mhéad a shaidhbhris, air imhir agas air líonmhuireacht a
dhaoine, agas go sunradhach ar son an teampoil mhóir, nach raibh a
shamhail san domhan, a thóg Salamh an onorachas an fhíorDhia, ionnas
go ndeanaidis an pobal iodhbairt agas adhradh ann. An tan a thainic
Iosa air amharc na caithreacha móire se ghuil se uimpe cionn nach ttug sí
fa ndear an comhgar a bhi aice agas gar dhiult si a leas agas a maith
féin do dheanamh an tan sin a bhí Criosda air cuairt aice. Si cognovisses
et tu, et quidem in hac die tua quae ad pacem tibi; nunc autem abscondita
sunt ab oculis tuis, "O, da n-aithneochfa an lá sa a fuair tu dhuit
féin agas na neithe a bheanas réd shiothchainte; acht ataid siod anois
foluighthe o do shuilibh", .i. O, da n-aithneochfa gur aniodh a thainic
Criosda ar cuairt thugad le sochar agas maith
dhuit fein agas gan do shuile a dhrud roimhe acht a' t-am agas a'
comhgar sa a fhreastal, ní thiocfadh an sgrios ort atá triall thugad.
Quia venient dies in te, et circumdabunt te inimici tui vallo, "oir
tiocfuidh laethe ort anna dteilgfid do naimhde díog ad thiomchioll agas
iona dtimchiollfaid agas anna gcuibhreochaid air gach ean taoibh thú,
agas do dheanuid comhchothrom ris an talamh thú agas do chlann ionnad
astigh agas ní fhuigfid cloch air muin cloiche ionnad tré nachair aithnigh
tu aimsir do chúarta, eo quod non cognoveris tempus visitationis tuae.
Agas feuch, do thainic an targair se asteach an agha<i>dh na caithreacha
miofhortunaigh se a dhiult mar so don chomhgar a thug Criosda doibh. Oir
dhá fhighid bliaghan d'eis Criosda a chur chum báis, thainic Títus
Vespaisian, mac don impire bhí an uair sin san Roimh, malle re harm
rochumasach agas chuir se leigir no sige fan chaithrigh agas le rith
teineadh agas claoidhimh leag se na ballaidh, loisg se na tigheach agas an
teampal, agas mharbh se an 11,000 fear le faobhar an chlaoidhimh. Bhi
gorta chomh mór an aimsir an tsiege gur ithe na maithreachadh a gclann
agas a leanba féin. Agas is amhlaidh a thainic dioghaltas agas dibhfeirge
Dé air an mhuintir se a chuir Criosda chum báis, a mharbh agas a dhíbir
na faidhe, na naoimh, agas na heasbail, agas nachair aithnigh an t-am a
ttug Criosda cuairt orra, na an comhgar a fhreastal le a maith agas a leas
fein do dheanamh. Agas fós atá clann agas treibh na muintir se o sin a
leith fúagara díbeartha coimheach san uile ait air feadh na cruinne agas
fuath agas miosgais aig na huile orra.