AR CHAISLÉAN DHÚIN MATHGHAMHUIN.
Do cuireadh le Searlus Buidhe Toinlighe agus maithibh Sacsain, 14 lá
de mhí na Márta aois an Tighearna, 1641.
Ollamh eigin cct.
I.
Mo dheóigh! Is gruama bhuaileas cloig gach trá,
'S is trom an uaill-ghuth a bhuaireas inn gach lá,
Méadhair no suaimhneas ní dual dhuinn feasta fhághail,
Ó leagadh ar gcuaine níl fuasgailt dhuinn ó'n mbás.
II
A inghean gan rath, nach leat-sa rinneadh an fheall;
Do lustran cealgach meangach 'dtugais geall,
Ar an tsagart gan mhairg, gan cheilg, 's ar phoball gan chlí,
Ar d'athair, 's do mháthair, ar airgis súbh a cíoch!
III
Is ocht liom féin do thréartha a sgríobhadh síos;
'S is ocht liom féin gan aon chum díoghail ar n-íoc;
An Pluinnceada séimh, nár thréig na Gaedhil ar mhaoin,
Faoi dhubh-reacht, mo leun! is is faon ar gcine nar chlaoin!
IV
A Thoinlighe Bhuidhe, an chroidhe mar Pharoah cruaidh,
Nach mór an gníomh a righneadh ar mhaoith-ghin bhuaidh:
Gur mheallais í chum síor-ár chur an tsluaigh,
Ó Shacsanaigh chlí tá d' ghníomhtha sgríobhtha shuas.
V
Feuchaidh, a cháirde, an t-ár do críochnughadh leó,
An chine gan ghrás a ghnáthuigheas síor-chur gleó,
Nár chogail do dháimh, no mná, do phrond a croidhe
Ar d' ghealltaibh tlatha 'mo chradh 'a Thoinlighe Bhuidhe.
VI
A Dhúin Mathghamhain 1 anocht, is ocht é le na radh,
Gur b'iomdha fras go pras fad shíor-chur áir;
Síor-shileadh na rosg gan chosg is truagh do chidh,
'S a Bhaltairigh chóir tá deóra trom' fa d' luighe.
VII
Trí chéad 's a naoi, gan chlaoin, do thionol inn,
De dhaoinibh bhí gan mhian do chluain no mheang,
Do cailleadh go leur, 's a' cléireach cóir maraon,
Tre mheang is sgléip na chlé-mhná tá go faon.
VIII
Nar thathuigh neach fa'n loch ar thábhaidh an fheall,
As crioch do chine bheith meighte síos gan gheall;
A Thoinlighe chlaon d' fhaonaidh sinn de'r gcáirdibh,
Le cnaib cruaidh caol go sraontar tusa 'n-áirde.