SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE
PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh
VIII.
DOMHNALL ÓG.
A Dhomhnaill Óig, má théighir thar fairrge
Beir mé féin leat, is ná déin do dhearmad,
Is beidh agat féirín lá aonaigh is margadh
Is inghean ríogh Gréige mar chéile leabtha agat.
Má théighir-se anonn tá comhartha agam ort:
Tá cúl fionn agus dhá shúil ghlasa agat,
Dhá chocán déag id' chúl buidhe bacallach
Mar bheadh béal na bó nó rós i ngarraithe.
Is déidheannach aréir do labhair an gadhar ort,
Do labhair an naosgach sa churraichín doimhin ort,
Is tú id' chaogaidhe aonair ar fud na gcoillte, —
Is go rabhair gan chéile go bráth go bhfaghair mé!
Do gheallais domh-sa, agus d'innsis bréag dom,
Go mbeitheá romham-sa ag cró na gcaorach:
Do leigeas fead agus trí chéad glaodhach chughat,
'S ní bhfuaras ann acht uan ag méilidh!
Do gheallais domh-sa, nídh badh dheacair dhuit,
Luingeas óir fá chrann seoil airgid;
Dá bhaile dhéag de bhailtibh margaidh;
Is cuírt bhreagh aoldha cois taobh na fairrge.
Do gheallais domh-sa, nídh nárbh' fhéidir,
Go dtabharthá láimhinne de chroiceann éisg dom;
Go dtabharthá bróga de chroiceann éan dom;
Is culaidh de'n tríoda badh dhaoire i nÉirinn.
A Dhomhnaill Óig, b'fhearr dhuit mise agat
'Ná bean uasal uaibhreach iomarcach;
Do chrúdhfainn bó agus do-ghéanainn cuigeann duit,
Is, dá mbadh chruaidh é, do bhuailfinn buille leat.
THE IRISH REVIEW
Och ochón, agus ní le hocras,
Uireasba bídh, dighe, ná codalta,
Fá ndearr domh-sa bheith tanaidh triuchaldha,
Acht grádh fir óig is é bhreoidh go follus me!
Is moch ar maidin do chonnac-sa an t-óigfhear
Ar muin chapaill ag gabháil an bhóthair;
Níor dhruid sé liom is níor chuir ná stródh orm,
'S ar mo chasadh a bhaile dhom 'seadh do ghoileas mo dhóthain.
Nuair théighim-se féin go Tobar an Uaignis
Suidhim síos ag déanamh buadhartha,
Nuair chím an saoghal is ná feicim mo bhuachaill
Go raibh sgáil an ómair i mbarr a ghruadhna.
Siúd é an Domhnach do thugas grádh dhuit,
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásga,
Is mise ar mo ghlúinibh ag léigheadh na Páise
'Seadh bhí mo dhá shuil ag síor-thabhairt an ghrádha dhuit.
Dubhairt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Indiu ná i mbárach ná Dia Domhnaigh, —
Is olc an tráth do thug sí rogha dhom,
'Sé dúnadh an dorais é tar éis na foghla.
Ó a dhe, a mháithrín, tabhair mé féin do,
Is tabhair a bhfuil agat da'n tsaoghal go léir do;
Éirigh féin ag iarraidh déirce
Agus ná gabh siar ná aniar om' éileamh.
Tá mo chroidhe-se chomh dubh le háirne,
Nó le gual dubh do bheadh i gceardchain,
Nó le bonn bróige bheadh ar hallaíbh bána,
Is gur dheinis lionn dubh dhíom os cionn mo shláinte.
Do bhainis soir dhíom, is do bhainis siar dhíom,
Do bhainis romhamh is do bhainis im' dhiaidh dhíom,
Do bhainis gealach is do bhainis grian díom,
'S is ró-mhór m'eagla gur bhainis Dia Dhíom!
GLUAIS. — Is é Tadhg Ó Donnchadha do chuir síos an t-amhrán sin romham. Donnchadha Ó Dargáin,
sean-táilliúir i gCarraig na bhFear i gConntae Chorcaighe, d'aithris dó é. Do chuireamar i gcló
san gcéad chuid de'n Aithriseoir é san mbliadhain 1900.
Do bhain dearmad éigin liom mí ó shoin nuair adubhras go ndubhairt Osborn Ó hAimhirgin
liom gurbh' é Pádraig Stúndún do chum “Nach Aoibhinn do na hÉínínibh.” Deir an tAimhirgineach
liom nár thuig sé riamh gurbh' é an Stúndúnach do ceap an t-amhrán sin. Dár ndóigh is sean-
amhrán é. Is é Hardiman do chéad-chuir i gcló é.